Welcome to Scribd, the world's digital library. Read, publish, and share books and documents. See more
Standard view
Full view
of .
Save to My Library
Look up keyword
Like this
1Activity
0 of .
Results for:
No results containing your search query
P. 1
An tArdeaspag Mac Éil

An tArdeaspag Mac Éil

Ratings: (0)|Views: 10 |Likes:
An essay for the 2011 Undergraduate Awards Competition by Máire Mahon. Originally submitted for Togra Taighde-Irish at National University of Ireland Galway, with lecturer Gearóid Denvir in the category of Celtic & Irish Studies
An essay for the 2011 Undergraduate Awards Competition by Máire Mahon. Originally submitted for Togra Taighde-Irish at National University of Ireland Galway, with lecturer Gearóid Denvir in the category of Celtic & Irish Studies

More info:

Published by: Undergraduate Awards on Aug 29, 2012
Copyright:Attribution Non-commercial

Availability:

Read on Scribd mobile: iPhone, iPad and Android.
See more
See less

02/18/2014

 
AN T-ARDEASPAG SÉAN MAC HÉIL Níl ach an cnócan idir an teach inar rugadh an t-eaglaiseach iomráiteach agus an teach inar rugadh mé féin. Cnocán idir féar, fraoch agus raithneach. Sliabh mhaorga Néifin, a thaithighna Fianna ag amharc anuas ar an dá ghabháltas. Loch Conn a mbreac ag síneadh thíos fúinn.Muintir m’athar féin agus muintir mhic Héil, ba ar scáth a chéile a mhair siad. D’fháisceadhsiad an rámhann an úim agus an díon ar an tigh. Chnuacharaigh siad an mhóin ar an t-aonréimse portaigh chun an fhuacht a ruaigeadh as na cnámha aimsir fheannaideach gheimhridh.Tá macalla a ainm i gcluasa na n-ógánach. An chraobh peile de chuid Cumann LúthchleasGael atá ins an paróise, ainmníodh í in ónóir an eaglaisigh. Ní h-amháin sin ach an ceann atáins an Dún Mór i gCo na Gaillimhe baisteadh í g’cuimhne dó. Bhí gnaoi agus gean chomhmór sin ag muintir na dúiche ar Mhac Héil a bhí istigh i mBaile Thuama gur rinne siadneamhaird ar Mhac an Mhíligh, an Sagart mór a bhí acu féin. Meastar go roghnófái é inachéad phátrún ar an eagraíocht sa bhliain 1884 ach go ndeachaigh sé ar shlí na fírinne cupla bliain roimhe sin. Ní féidir a shéanadh ach gur mhúscail an fear seo mórtas cine i muintir an pharóiste agus ionam féin, ach go h-áirithe.Le h-imeacht aimsire tagraíodh dó mar “leon cróga a phobail”. N’fheadar an raibh tréithe anainmhí ann? An mbeadh an teideal “Aoire” níos feiliúnaí? Ar aon nós, ní raibh míne ná laigean uain ann. B’fhear i measc na bhfear é a rinne a sheacht ndícheall do leas an phobail dóibhsiúd a bhí ar an ngannchuid, ach go h-áirithe. Tráchtfaidh mé san aiste seo ar a mhuintir, ar an tógáil a fuair sé, ar na tréimhsí a chaith sé ina easpag agus níos deanaí ina Ardeaspag,ar an lorg a d’fhág sé ar an pholaitíocht nuair a bhí sé féin agus an fuascailteoir ag obair aslámha a chéíle chun cumhacht na nGall a bhriseadh sa tír.De réir na beathaisnéise Bourke (1882, leath.15 – 20), ba in earrach na bliana 1789 faoi scáthsléibhe Néifin, a tháinig Seán Mac Héil ar an saol. B’e an cúigiú mac le Pádraig mór MacHéil agus a bhean Máire Ní Mhaolchiaráin A Tír Chonaill, muintir a mháthar, a theith go dtían iarthar de bharr Plandáil Uladh. Taobh thiar de Chathair na Mart a bhí cónaí ar mhuintir aathar go dtí gur bhog siad go dtí gleann Néifin. Bhí tuairim ag Mac Firbis go raibh baint agan sloinne le Hoel nó Howel agus gur tháinig siad as An Bhreatain Bheag. Ar Mháirt na h-Inide, baisteadh an leanbh i dteach a athar i dTobar na bhFiann. An t-Athair Aindríu Ó
1
 
Conaire an sagart mór a bhí ann ag an am. Ag fás aníos dó, thug an stócach cluas ghéar donseanchas a bhí timpeall air. Cuireadh é go dtí an scoil scairte a bhí cóngarach dó, iLeathardán agus d’fhoghlaim sé conas léamh agus scríobh, chomh maith leis an Béarla.Tugann Bourke (1882, leath.32-37) le fios dúinn, gur Gaeilge amháin a labhraíodh sa bhaileag an teallach. Ach ag an am chéanna bhí barúil ag a athair Pádraic Mór go rabh tábhacht ag baint leis an Béarla, mar theanga chun dul chun cinn a dhéanamh ins an saol. Bhí sériachtanach an Béarla a fhoghlaim sa scoil agus an Ghaeilge a choinnéail beo ag an amchéanna. Bhí taithí pearsanta aige agus é fíor – óg ar na h-iarrachtaí a rinneadh chun an cultúr dúchasach a chur faoi chois. Béigean don scoláire óg an bata scoir a chaitheamh. Thug séseo le fios don máistir cé chomh minic is a labhair sé an teanga dhúchais sa bhaile.Ba mhinica tugadh léasadh maith dó dá bharr. An leatrom seo a d’fhulaing sé ar son na teangan, chuir sé nimh sa bhfeoil ann do rialtas na Breataine agus do na h-iarrachtaí a bhí á ndéanamh acu anteanga a scriosadh. Músclaíodh grá agus dílseacht ann don Ghaeilge, in ainneoin an bhata.Bhí sé fós sa scoil scairte agus gan é ach ocht mbliana d’aois, nuair a tháinig teachtairí an bealach ag fógairt go raibh fórsaí na Fraince tagtha i dtír i gCill Choimín, ar chósta MhaighEo.Cuireadh é féin agus a chuid deirfiúracha i bhfolach ar shleasa Néifin nuair a bhí Humbertagus a chuid saighdiúrí ag dul thar dhoras a thí go gairid ina dhiaidh sin. Tharla rud suntasachins an paróiste a chuaigh i gcionn go mór ar an ógánach. An sagart ceanann céanna a bhaist éina theach féin – An t-Athair Ó Conaire, crochadh é i gCaisleán an Bharraigh toisc gur thacaigh sé le Humbert. Ghoill an marú seo go mór ar an ngasúr. B’fhianaise é ar  bharbaracht na nGall sa tír seo. I rith a shaoil, ba ghráin le Mac Héil réabhlóidí d’aon saghas.Mhaigh Gearóid Ó Tuathaigh (1981, p 73) gur dream gustalach é muintir Mhic Héil. Chomhmaith le giota bréa talún a bheith acu, bhí siad ag díol is ag ceannach earraí a bhain le déantúslínéadaigh. Bhí sé ar a gcumas an t-ógánach a chur go dtí Scoil Clasaiceach I gCaisléan anBharraigh. D’fhoghlaim sé Laidin agus Gréigis ón Máistir Ó Standún ins an áit seo.Ba thréimhse cinníunach é na h-ochtóidí a chuir casadh eile ina shaol. Sa bhliain 1800,reachtáladh Acht na h-Aontachta a chuir Parlaimint na tíre seo ar neamhní. Sa bhliain 1807,
2
 
thug Mac Héil aghaidh ar Mhaigh Nuadhat, ar mhuin capaill. Dúirt Bourke (1882, p.48 – 51)gurb é an chéad easpag Éireannach, ó reachtáladh na Péindlíthe, a fuair a chuid oideachais inEirinn amháin. Ní raibh air an bád bán a thógáil go dtí áiteanna i bhfad i gcéin maSalamanca, Loubháin agus an Róimh. De réir Andrews (2001, L. 22) chaith sé ocht mblianadéag I Maigh Nuadhat mar mhacléinn, mar léachtóir agus mar ollamh. Bhí Diagacht,Fealsúnacht, Litríocht, Uimhríocht Eolaíocht, Béarla, Fraincís, Eabhrais, Laidin agus Gréigisidir lámha aige – liosta a thugann le fios chomh cliste éirimiúil is a bhí sé. Oirdníodh inaShagart é 1814.Cuireann Mac Aoidh (1981, leath. 16) in iúl dúinn go mbíodh Mac Héil i gcónaí agdianmhachnamh ar an-chaoi na h-Eireann, ar Chréachta Chríche Fódla agus gurb é a bharúilriamh gur treise an peann ná an claíomh i gcoinne na h-éagóra. Faoin ainm cleite“Hierophilos”, d’fhoilsigh sé sraith dréachtanna poiblí. Bhí trí príomhthéamaí aige agus é imbun pinn:-(a)Conas ab fhéidir córas bunoideachais a bhunú do chaithicigh, córas nach mbeadhdá laghad den bhíoblóireacht ag baint leis(b)Conas fuascailt iomlán do chaithicigh a bhaint amach. Laincisí a borthu achur ar ceal agus pé príbhléidí a bhí ag an Eaglais Bhunaithe in Éirinn a bhaint di.(c)Conas ceist na bochtaineachta a mhaolú. Ní féidir a shéanadh ach gurb eisean guth na mbocht agus guth na gCaitliceach. Ag an am seochomh maith, chuireadh rialtas na Breataine a ladhar isteach i gceapúchán Easpag Caitliceachin Éirinn. Is léir ó na litreacha a scríobh sé gur chuir sé seo go mór as do Mhac Héil. Nalitreacha seo, caitheann siad solas ar a dhílseacht féin agus ar dhílseacht na gCaitliceach donChoróin. B’aisteach mar a bhí sé chomh fíochmhar I gcoinne Rialtas na Breataine agus ag amchéanna bhí sé chomh dílis don Rí. Chuir sé I leith an Rialtais nar deineadh infheistíocht inÉirinn riamh agus mheabhraigh sé dóibh na buntaistí a bhí ag an Eaglais Ghallda sa tír seo.
3

You're Reading a Free Preview

Download
/*********** DO NOT ALTER ANYTHING BELOW THIS LINE ! ************/ var s_code=s.t();if(s_code)document.write(s_code)//-->