Welcome to Scribd, the world's digital library. Read, publish, and share books and documents. See more
Standard view
Full view
of .
Look up keyword
Like this
1Activity
0 of .
Results for:
No results containing your search query
P. 1
Ag Briseadh na rialacha: Scríbhneoireacht Chruthaitheach na Gaeilge do dhéagóirí na linne seo

Ag Briseadh na rialacha: Scríbhneoireacht Chruthaitheach na Gaeilge do dhéagóirí na linne seo

Ratings: (0)|Views: 10 |Likes:
An essay for the 2011 Undergraduate Awards Competition by Meadhbh Ní Eadhra. Originally submitted for Gaeilge at National University of Ireland Galway, with lecturer Micheál Mac Craith in the category of Celtic & Irish Studies
An essay for the 2011 Undergraduate Awards Competition by Meadhbh Ní Eadhra. Originally submitted for Gaeilge at National University of Ireland Galway, with lecturer Micheál Mac Craith in the category of Celtic & Irish Studies

More info:

Published by: Undergraduate Awards on Aug 29, 2012
Copyright:Attribution Non-commercial

Availability:

Read on Scribd mobile: iPhone, iPad and Android.
See more
See less

04/19/2014

 
Ag Briseadh na Rialacha: Scríbhneoireacht Chruthaitheach na Gaeilge doDhéagóirí na Linne Seo
An bhfuil déagóirí ag léamh leabhair Gaeilge? An bhfuil siad ag léamh leabhair ar bith?Tá. Sin freagra na ceiste sin. B’fhéidir nach bhfuil an oiread céanna déagóirí ag léamhleabhair agus a bhíodh. B’fhéidir go bhfuil níos mó spéise acu a bheith ag léamh leabhair ‘éadroma’ ná leabhair ‘liteartha’, ach nach cuma? Tá déagóirí ann i gcónaí a lorgaíonnscéalta, agus a lorgaíonn leabhair taitneamhacha agus soléite. Tá sé ró-éasca a bheith aggearán faoin easpa léitheoirí óga Gaeilge atá ann. In ionad a bheith ag gearán, ba cheartdo scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do gach duineamuigh ansin, a bheith ag spreagadh na léitheoireachta i measc na ndéagóirí, agus a bheith ag cuidiú leo dul i ngleic le saothair Gaeilge, fiú mura bhfuil mórán muiníne acuina gcumas féin. Is scríbhneoirí rathúla iad Ré Ó Laighléis agus Iarla Mac Aodha Bhuí,agus tá rud éigin a cheanglaíonn le chéile iad go léir – na scéalta atá scríofa agus foilsitheacu do dhaoine óga, i nGaeilge. Beidh mé ag díriú ar thuairimí an triúr scríbhneoir seomaidir le cás na litríochta Gaeilge do dhaoine óga agus ag cíoradh cuid de namórcheisteanna a thagann leis. In ionad léargas a thabhairt ar shaothair na scríbhneoiríseo, gheobhaidh mé amach cé atá taobh thiar de na leabhair agus cén barúil atá acu ar léitheoirí óga agus ar an rud a lorgaíonn siad i leabhar ar bith.Mar scríbhneoir, caithfidh tú a bheith macánta. Le bheith macánta, caithfidh tú anfhírinne a insint. Aithníonn déagóirí an mhacántacht sin, agus níl eagla orthu roimpi.Fágann muid go léir lorg difriúil ar na scéalta a scríobhann muid, is cuma cén teanga ina bhfuil siad scríofa. Is fíor go bhfuil dúshlán roimh scríbhneoirí na Gaeilge, ach tá andúshlán céanna roimh scríbhneoirí an Bhéarla, agus na Fraincise, agus na Spáinnise. Isfíor, fosta, go bhfuil sé tábhachtach gearrscéalta agus úrscéalta, agus litríocht fiúntach, a
1
 
chur ar fáil do dhéagóirí agus do dhaoine óga, i nGaeilge. Ach ar cheart dúinn caitheamhle scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge ar bhealach difriúil ná mar a chaitheannmuid leis an Bhéarla? Ní chreidim gur cheart. Is léir domsa go bhfuil an Ghaeilge agathrú mar theanga agus go bhfuil gá do litríocht na Gaeilge an athrú seo a aithint agus aúsáid mar bhuntáiste. Is mionteanga í an Ghaeilge, agus tá margadh teoranta léitheoiríaici, ach ní hé sin le rá nár cheart do shaothair litríochta na Gaeilge a bheith ar anchaighdeán céanna is atá litríocht an Bhéarla, nó mórtheanga eile. Tá an baol ann nach bhfuil scríbhneoirí na Gaeilge ag bogadh chun cinn a ndóthain agus go bhfuil siadsáinithe sa stair, go bhfuil siad sáinithe i dtraidisiún atá beagnach imithe, agus go bhfuilsiad ag iarraidh teanga a úsáid nach dtuigtear a thuilleadh nó nach bhfuil taitneamhach doléitheoirí a bheith ag léamh. I gcás déagóirí, tá sé riachtanach go bhfuil na scéalta a léannsiad taitneamhach. Thar rud ar bith eile, caithfidh an gearrscéal nó an t-úrscéal, nó cibérud atá ann, a bheith soléite. Tá Ré Ó Laighléis, duine de na scríbhneoirí Gaeilge isréabhlóidí agus is iontaí dár linne, den tuairim céanna. Ní dhéanann an Laighléiseachidirdhealú idir scéal Gaeilge agus scéal i dteanga ar bith eile. Deir sé go bhfuil dhá príomhrud i gceist le scéal de shaghas ar bith – go dtabharfaí taitneamh don léitheoir,agus go dtabharfaí dúshlán don léitheoir:
Mura bhfuil siad sin ag saothar, ní litríocht é; tá rud éigin ar lár. Ba cheart dúshlán a bheith ann gohintleachtach, ach freisin ó thaobh teanga de. (In agallamh le Ré Ó Laighléis, 2010)
Tá sé spéisiúil go mbíonn Ó Laighléis meabhrach ar an chumas teanga i gcónaí,cuma más i nGaeilge nó Béarla, do dhéagóirí nó do dhaoine fásta a bhíonn sé ag scríobh:
 Nuair a táim ag scríobh i mBéarla, tá mé meabhrach ar an gcumas teanga, cuma daoine fásta nódéagóirí … Ar bhealach, mura shíneann tú an léitheoir, níl tú ag freastal ar an léitheoir ar an bhealach gur chóir freastal ar léitheoir. Ag an am gcéanna, caithfear a chinntiú nach gcailleann túan léitheoir toisc teanga. (Ó Laighléis, 2010)
Tá sé soiléir, mar sin, go bhfuil Ó Laighléis ag dul le mo thuairim go bhfuil anGhaeilge ag athrú mar theanga. Tá sé sách deacair ar scríbhneoirí na Gaeilge
2
 
cothromaíocht a fháil idir scéal dúshlánach a scríobh agus teanga soléite, simplí go leor aúsáid. Aontaíonn Ó Laighléis leis an tuairim seo, cé go dtuigeann sé do dhaoine a bhíonnina mbun sin. Bíonn dúshlán i scéalta Uí Laighléis i gcónaí, áfach, agus mar sin is léir go bhfuil scil ar leith aige i gceird na scríbhneoireachta do dhaoine óga. Tá sé ráite aige féingur mhaith leis dúshlán a thabhairt don léitheoir i gcónaí. Ach uaireanta, bíonn sé féinairdeallach ar an teanga, agus admhaíonn sé go bhfuil sé “deacair a dhóthain rudfíorspéisiúil a scríobh agus an teanga a choinneáil uafásach simplí.” (Ó Laighléis, 2010).Ach an gá don teanga a bheith “uafásach simplí?” Caithfear a bheith cúramach leis antéarmaíocht áirithe seo. Ní hionann simplíocht agus caighdeán íseal, agus tá an baol anngo meascfaidh scríbhneoirí an dá rud sin. Má tá an teanga soléite, déanfaidh sin cúis.Ar an ábhar seo, deir Ó Laighléis go bhfuil muid ag breathnú ar dhá rud go príomha – foclóir agus sintéis. Má tá an foclóir agus an sintéis róshimplí, ní thugtar aon síneadh donléitheoir:
B’fhéidir gurb é is fearr ná an foclóir a bheith réasúnta simplí agus an sintéis a bheith sáchsofaisticiúil, agus go meallann sé sin an léitheoir. Sé sin, nach gcuimhníonn an léitheoir go bhfuilsé ag léamh, nó má chuimhníonn sé go bhfuil sé ag léamh, gur gníomh taitneamhach ar fad é. (ÓLaighléis, 2010)
Sin an áit a bhfuil an difríocht le Gaeilge nó le mionteanga ar bith. Labhair Ó Laighléis le daoine eile, sa Bheilg agus san Ísiltír, agus dar leis, tá an fhadhb chéannaann. Áit go bhfuil mionteangacha i gceist, tá an deacracht seo ann – níl na scileanna ag nadaoine a thugann faoin scríobh. Ceapann siad gurb é is comhair a dhéanamh ná a bheithleanbaí. Ní aithníonn siad é seo iad féin, ar ndóigh, ach sin é a tharlaíonn. An bhfuil cúisleis seo?
Bhuel, is daoine iad a thagann ag an scríobh trínn múinteoireacht, nó trí rud éigin eile, ach nachscríbhneoirí iad
 per se
… Nuair a scríobhann tú i mionteanga, agus déarfaidh duine atá ag scríobh imionteanga ar bith é seo, caithfidh tú i bhfad níos mó a thabhairt san áireamh agus tú ag breathnúar an bpobal léitheoireachta, ná mar is gá i gcás mórtheanga. (Ó Laighléis, 2010)
3

You're Reading a Free Preview

Download
scribd
/*********** DO NOT ALTER ANYTHING BELOW THIS LINE ! ************/ var s_code=s.t();if(s_code)document.write(s_code)//-->