Welcome to Scribd, the world's digital library. Read, publish, and share books and documents. See more
Standard view
Full view
of .
Look up keyword
Like this
1Activity
0 of .
Results for:
No results containing your search query
P. 1
Tá Peig ar cheann de na leabhair is luaithe, i nGaeilge nó i mBéarla, atá againn ó bhéal mná de ghnáthaicme na tuaithe in Éirinn”. Déan an ráiteas seo a mheas i gcomhthéacs na tábhachta a bhaineann leis mar shaothar litríochta”.

Tá Peig ar cheann de na leabhair is luaithe, i nGaeilge nó i mBéarla, atá againn ó bhéal mná de ghnáthaicme na tuaithe in Éirinn”. Déan an ráiteas seo a mheas i gcomhthéacs na tábhachta a bhaineann leis mar shaothar litríochta”.

Ratings: (0)|Views: 2|Likes:
An essay for the 2011 Undergraduate Awards (Ireland) Competition by Ursula McCarthy.
An essay for the 2011 Undergraduate Awards (Ireland) Competition by Ursula McCarthy.

More info:

Published by: Undergraduate Awards on Aug 31, 2012
Copyright:Attribution Non-commercial

Availability:

Read on Scribd mobile: iPhone, iPad and Android.
See more
See less

05/13/2014

 
OLLSCOIL ULADH
Mĺ NA SAMHNA 2009
Tá Peig ar cheann de na leabhair is luaithe, i nGaeilge nó i mBéarla, atá againn ó bhéal mná de ghnáthaicme na tuaithe in Éirinn”. Déan anráiteas seo a mheas i gcomhthéacs na tábhachta a bhaineann leis mar s haothar litríochta”. 
Iníon Léinn:Ursula Nic CárthaighModúilIRS 501Léachtóir:Nóilín Nic Bhloscaidh
1
 
“A scéal féin scéal gach aon éinne! “
(P.114
). Sin seanfhocal a aithrisíonn PeigSayers i gcroílar a dírbheathaisnéis cháiliúil “
Peig 
” a bhfoilsíodh den chéad uair sa bhliain 1936. Ar ndóigh is beag seans a bhíodh ag duine ar bith deghnáthaicme na tuaithe in Éirinn, bean nó fear, a scéal féin a chur faoi bhráidan phobail roimh tús an fichiú haois. I seanlitríocht na Gaeilge, mar a thugannNollaig Mac Congail faoi deara,“chan fhaightear léargas ar an ghnáthdhuine, ar a shaol, ar a dhóigh, ná ar a chás, ach amháin de thaisme ar uair annamh........Faoin tseanchóras bhí na daoine rannta deréir aicme agus céimíocht ag baint leo dá réir. Bhíardchéimíocht ag siúl le lucht an léinn agus ó tharla sinamhlaidh thug lucht an léinn léargas ar a saol féin amháin,choir a bheith, ina gcuid scribhneoireachta aguscumadóireachta”
1
.Tar éis imeacht na nIarlaí agus titim an seanord Gaelach ag tús an 17ú haoistháinig litríocht i bhfeidhm ina bhfaighimid léargas níos cruinne ná riamh inti ar ghnáthaicme na tuaithe in Éirinn ach mar sin féin, mar a chuireann Thomás ÓFiaich ar ár súile.Ní raibh sé de chuspóir ag an fhile riamh cur síos adhéanamh d’aonthuras ar ghnáthchúrsaí an lae; de bhrísin beimid ag brath.....ar na
 petits riens
a sciorann ónapheann agus é ag plé le ceisteanna eile
2
 Ach ní hiad ” na
 petits riens
”a fhaighmid ó Pheig Sayers ach cuntascuimsitheach ar shaol, ar dhóigh agus ar chás bhean chéile iascaire ónaBlascaodaí, amach ó chósta Chiarraí, in iardheisceart na hÉireann ag deireadhan naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois. Foinse thábhachtach atá saleabhar seo don staraí araon leis an Ghaelgeoir. Faighimid cur síos inti ar shaol nár athraigh beag ná mór le dhá mhíle bliain agus cuirtear an scéal sin ós
1
 
Mac Congail, Nollaig
. Máire – Clár Saothair 
. (Coiscéim 1989) Lch1
2
Ó Fiaich, Tomás,
 Art Mac Cumhaigh, Dánta
. (An Clochmhar Teoranta. 1973) Lch55/56
2
 
ár gcomhair i nGaeilge ghlan a bhí i bhfad ar shiúl ó thionchar an Bhéarla.Foilsíodh dírbheathaisnéis Peig cúpla bliain tar éis teacht ar an fhóddírbheathaisnéisí eile óna Blascaodaí, mar atá
 An tOileánach
” le Tomás ÓCriomhthain [1926] agus
Fiche Bliain ag Fás
” le Muiris Ó Súilleabháin [1933].Ba hiad na Daoine Léannta, Carl Marstrander agus Robin Flower ina measc, atháinig chuig an oileán ar cuairt a spreag muintir na háite chun dul i mbun pinn.Faighimid ó na leabhair seo, den chéad uair riamh, cuntas ar an saol a bhí ágcaitheamh ag cosmhuintir na hÉireann. Mar a deir Peig í féin, “Daoine bochtaab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airde an tsaoil againn”
(P;183
). Dearbhaíonn Máirín Nic Eoin an pointe seo;Ba gnáthdhaoine de chuid an phobail formhór na n-údar. Badhaoine iad nach raibh aon rud suaithinseach ag baint leo achgo raibh éirím aigne thar an gcoitiantacht ag cuid acu.Eispéireas an ghnáthdhuine a léirtear ina gcuid saothar másea
3
.  Ach is eard atá in
Peig 
ná cuntas níos annaimhe fós i litríocht na Gaeilge ag anam sin, leiriú ar eispéireas mná, ó bhéal na mná fhéin. Ar ndóigh ní hí Peig anchéad bhan a foilsíodh a scéal féin. Foilsíodh leabhrán beag, cinn lae BhrighidStac ó Chorca Dhibhne dar teideal “
Mí dem shaol 
sa bhliain 1918.
Caoineadh Airt Uí Laoghaire
againn ó pheann a bhean chéile, Eibhlín Dubh NiChonaill ach bhain Eibhlín le hardaicme na tíre. Lena cois sin tá cuntascruthaitheach againn ón ochtú haois déag ar chruachas mná óga deghnáthaicme na tuaithe nach bhféadfadh fear óg ar bith a fháil lena bpósadhach is ó pheann fhIr an cuntas sin, sé sin an file Bhrian Merriman sa dán
Cúirt an Mheán Oíche
 
3
Nic Eoin, Máirín
 An Litríocht Réigiúnach
. (An Clóchomhar Tta, 1982) Lch. 61
3

You're Reading a Free Preview

Download
scribd
/*********** DO NOT ALTER ANYTHING BELOW THIS LINE ! ************/ var s_code=s.t();if(s_code)document.write(s_code)//-->