Welcome to Scribd, the world's digital library. Read, publish, and share books and documents. See more
Standard view
Full view
of .
Look up keyword
Like this
1Activity
0 of .
Results for:
No results containing your search query
P. 1
Déan plé ar an léiriú a thugann saothar an Rathailligh dúinn ar mheon an fhile féin i leith chúrsaí polaitiúla agus sóisialta a linne. Bíodh tagairt chruinn agat do shaothar an fhile mar thaca le do fheagra.

Déan plé ar an léiriú a thugann saothar an Rathailligh dúinn ar mheon an fhile féin i leith chúrsaí polaitiúla agus sóisialta a linne. Bíodh tagairt chruinn agat do shaothar an fhile mar thaca le do fheagra.

Ratings: (0)|Views: 46 |Likes:
An essay for the 2011 Undergraduate Awards (Ireland) Competition by Catherine Curtin. Originally submitted for Arts (Joint Honours) at University of Limerick, with lecturer An Dr. Tríona Ní Shíocháin in the category of Celtic Studies and Irish
An essay for the 2011 Undergraduate Awards (Ireland) Competition by Catherine Curtin. Originally submitted for Arts (Joint Honours) at University of Limerick, with lecturer An Dr. Tríona Ní Shíocháin in the category of Celtic Studies and Irish

More info:

Published by: Undergraduate Awards on Aug 31, 2012
Copyright:Attribution Non-commercial

Availability:

Read on Scribd mobile: iPhone, iPad and Android.
See more
See less

10/27/2013

 
Déan plé ar an léiriú a thugann saothar an Rathailligh dúinn ar mheon an fhile féin ileith chúrsaí polaitiúla agus sóisialta a linne. Bíodh tagairt chruinn agat do shaotharan fhile mar thaca le do fheagra.
File ab ea Aogán Ó Rathaille (c.1670-1729) a mhair ‘i saol agus i sochaí a bhí ag athrú ó bhonn’ (Ó Buachalla, 2007: 1). Rugadh an Rathailleach i rith ré na n-uaisle agus na pátrúnachta in Éirinn, nuair a bhí ionad lárnach ag na filí agus meas mór ar a saothar. Bhísé mar fhinné don dóchas a mhúsclaíodh in Éirinn nuair a chorónadh an rí CaitliceachSéamas II i Sasana. Bhí sé mar fhinné arís do na cathanna a fógraíodh ar a shon in Éirinntar éis a dhíbeartha ó Shasana, agus dá theitheadh i ndiaidh Cath na Bóinne chomh maith.Mhair sé i sochaí éiginnte na hÉireann tar éis an teithe chomh maith, sochaí ina raibh nahuaisle á ndíshealbhú agus córas na pátrúnachta ag dul i léig, ach áit ina raibh dóchas fós áchothú.Cad iad na smaointí a bhí ag an Rathailleach i leith na n-eachtraí siúd? Tá sé mar aidhm agan aiste seo staidéar a dhéanamh ar an léiriú a thugann saothar an Rathailligh dúinn ar mheon an fhile féin i leith chúrsaí polaitiúla agus sóisialta a linne. Díreofar ar na dánta seoa leanas óna shaothar:
‘Is fada liom Oíche Fhírfhliuch,’ 
Gile na Gile,’ ‘An Aisling,’ ‘Macan Cheannaí,’ ‘Vailintín Brún’ 
agus
‘Cabhair ní Ghairfead.’ 
Ar dtús, déanfar scrúdú ar anléargas a fhaighimid ar dhearcadh an fhile maidir leis na nuachoilínigh agus an Rí Uilliam.Ina dhiaidh sin, déanfar staidéar ar na tuairimí a nochtar dúinn maidir le seanchóras na n-uaisle agus na pátrúnachta, agus le todhchaí na hÉireann agus an rí ceart [nó dleathach] thar lear.1
 
Is léir agus is rí-léir ó shaothar an Rathailligh go ngoilleann gníomhartha na Sasanach inÉirinn go géar air. Déanann sé trácht ar na nuachoilínigh mar ‘d[h]iabha[i]l iasachta,’ mar ‘m[h]adaí,’ mar ‘s[h]luaghaibh Gall’, agus mar fhoireann ‘ó chrích Dhóbhair’ ag a bhfuilsaibhreas na hÉireann ‘i ngeall le pinginn’(Ó Tuama, 1981:164). Nascann sé a chruachás pearsanta féin le céasadh muintire na tíre, mar shampla, sa dán
‘Is fada liom Oíche Fhírfhliuch,’ 
snaidhmeann sé bochtaineacht agus ainnis a shaoil nua i ndiaidh na gcathannale cás na n-uaisle díshealbhaithe, treascartha. Murach na Sasanaigh, bheadh suaimhneasaige, i bhfad ón ‘anfa ar toinn’ atá taobh leis, agus ‘go dealbh i dtír Dhuibhneach níor  bhuan mo [a] chlann’ ach an oiread. Ba theicníc thar a bheith éifeachtach í seo chun asmaointí agus a sheirbhe féin i leith cúrsaí polaitiúla na tíre a chur in iúl don léitheoir comhaimseartha, toisc gur mhúsclaíodh mothúcháin chomhbhraitheachta agus bhá in aignean léitheora. Ag deireadh an dáin, briseann tonn láidir isteach ar a smaointí, agus i línte ina bhfuil ‘dásacht bhuile’ le sonrú (Ó Tuama, 1978: 98), maíonn sé: ‘Cabhair dá dtíodh arís ar Éirinn bhán,/ do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid’ (Ó Tuama, 1981: 140). Mar a mhíníonn Corkery dúinn, ní éiríonn leis an Rathailleach na mothúcháin láidre seo anochtadh don léitheoir go dtí go gceanglaíonn sé a chruachás féin le géarchéim na tíre agusle fulaingt a chine (Corkery, 1967). Is suntasach í íomhá na farraige chomh maith, toisc go bhfuil sí nasctha leis an gcoincheap dóchasach a bhí ann go dtiocfadh cabhair ón iasacht (isé sin le rá, trasna na farraige) chun na hÉireann. Pléfear an dóchas sin sa dara chuid denaiste seo. Chomh maith leis sin, dealraítear go bhfuil comparáid á déanamh ag anRathailleach idir neart na toinne, atá mar chuid den anfa farraige lasmuigh, agus cumhachtna Sasanach, atá freagrach go neamhdíreach as an anfa meanman istigh.2
 
Treisítear an íomhá seo de na Sasanaigh agus a rí ‘mícheart’ mar neach olc,fíorchumhachtach go minic in aislingí an Rathailligh. Mar shampla, cruthaítear íomhá denRí Seoirse I mar ‘shlibire slimbuartha,’ agus mar éigneoir Éireann (Ó Buachalla, 2007: 69).Mar an gcéanna, cruthaítear íomhá de na Sasanaigh mar lucht féachana nimhneach sa dán
Gile na Gile.
‘Brisfid fá scige go scigeamhail buíon ghruagach….’s mo bhruinneal ar  broinnibh ag broinnire broinnstuacach’ (Ó Tuama, 1981: 150). Is féidir leis na línte seocreathán déistine a chur trí cholainn an léitheora mar thoradh ar an uaim gharbh agus anmeadaracht fhíor-éifeachtach ata iontu.Is suntasach é chomh maith go bhfuil bundealbh na haislinge traidisiúnta, is é sin le rá,ainnir álainn ag teacht i dtreo file i mbrionglóid, le sonrú sa dán seo (Williams agus NíMhuiríosa, 1979). Nascann an Rathailleach a theachtaireachtaí polaitiúla go minic letéamaí sinseartha na filíochta Gaeilge, agus b’fhéidir le filíocht na Fraince chomh maith,mar shampla, filíocht Ronsard (Ó Tuama, 1978), ach tá na téamaí curtha in oiriúint ‘dochúrsaí a linne féin’ (Williams agus Ní Mhuiríosa, 1979:272). Ba theicníc an-éifeachtach íseo, toisc go raibh meas mór ag muintir na hÉireann ar na traidisiúin liteartha ársa. Inatheannta sin, ba choitianta é téama na tairngreachta san aisling, gné a lig don Rathailleach achuid tuairimí i leith thodhchaí na hÉireann agus an rí ‘ceart’ a chur in iúl don léitheoir chomh maith. Mar a mhíníonn Breandán Ó Buachalla dúinn, bhí údarás ag baint lecoincheap na tairngreachta in Éirinn, agus bhí an coincheap sin ceangailte go dlúth lefiniméan na Meisiasachta (Ó Buachalla, 1983). De réir an Bhuachallaigh, tá tagairtíforleathana i bhfilíocht pholaitiúil na Gaeilge ó 1200 anuas do shlánaitheoir éigin, dodhuine amháin a thiocfadh agus a chabhródh le hÉirinn; agus ‘bhí na tairngreachtaí sin ann3

You're Reading a Free Preview

Download
/*********** DO NOT ALTER ANYTHING BELOW THIS LINE ! ************/ var s_code=s.t();if(s_code)document.write(s_code)//-->