Professional Documents
Culture Documents
&
The Law
Know your responsibilities for taking action against litter
LITTER
The Litter Pollution Act, 1997 introduced tougher litter laws to combat the problems of litter pollution more
effectively. This leaflet is intended as a practical guide to these litter laws. For further information you should
contact South Dublin County Council Environmental Services, phone 01 4149000. A copy of the Litter
Pollution Act may be purchased from Government Publications Postal Trade Section, 51 St. Stephens
Green, Dublin 2. Phone 01 6476834.
FINES
Leaving or throwing litter in a public place is an offence which can be subject to an on the spot fine of €150
or a maximum fine of €3000 in court. The definition of litter is quite wide and extends beyond casual pieces
of paper or cigarette ends to anything large or small which is, or is likely to become unsightly. A person
convicted of a litter offence may also be required by the court to pay South Dublin County Council’s costs
and expenses in investigating the prosecution.
PUBLIC PLACES
If you are the owner or the person responsible for a place to which the public has access you are obliged to
keep the place litter free, regardless of how the litter got there. This applies to any public place which may
include the precincts of a shopping centre, a school campus, a public park, a train or bus station or a public
road.
PRIVATE PROPERTY
The owner or occupier of property which can be seen from a public place is obliged to keep it free of litter.
Basically, any outdoor area on your property that is visible from a public place must be kept free of litter.
MAJOR EVENTS
The promoters or organisers of major events are required to ensure that they have litter control measures in
place at the venue and in the surrounding vicinity before, during and after the event. This applies to
football matches and other social and sporting events at which large crowds attend. It is possible that this
task can be undertaken by the Council but the promoter / organiser must bear the costs involved.
School/sports grounds
Parks
RECYCLING
Recycling “bring centres” are located all around South Dublin County including at most shopping centres.
Environmental Services, South Dublin County Council, County Hall, Tallaght, Dublin 24.
Phone 01 4149000 or Email: info@sdublincoco.ie
www.southdublin.ie
www.dublinwaste.ie
Bruscar
&
An Dlí
Bíodh na freagrachtaí atá ort maidir le gníomhú in aghaidh
an bhruscair ar eolas agat
BRUSCAR
Tugadh dlíthe bruscair níos déine isteach faoin mBille um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 chun na fadhbanna a
ghabhann le truailliú ó bhruscar a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Treoir phraiticiúil maidir leis na
dlíthe bruscair atá i gceist leis an mbileog seo. Má tá a thuilleadh eolais uait ba chóir duit dul i dteagmháil le
Seirbhísí Comhshaoil Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, uimhir theileafóin 01 4149000. Is féidir cóip
den Litter Pollution Act a cheannach ó: Foilseacháin Rialtais, An Rannóg Post-Trádála, 51 Faiche Stiabhna,
Baile Átha Cliath 2. Uimhir Theileafóin 01 6476834.
FÍNEALACHA
Is cion é bruscar a fhágáil nó a chaitheamh in áit phoiblí gníomh a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ag fíneáil ar
an láthair de €150 nó ag fíneáil uasta de €3000 sa chúirt. Sainmhíniú an-leathan is ea an sainmhíniú ar
bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó bunanna toitíní mar go n-áirítear leis rud ar bith
mór nó beag atá, nó gur dóigh go mbeidh sé mímhaiseach. D’fhéadfadh go gceanglódh an chúirt ar dhuine
a chiontófaí i gcion bruscair costais agus speansais Chomhairle Contae Átha Cliath Theas a íoc as an
ionchúiseamh a imscrúdú.
ÁITEANNA POIBLÍ
Más tusa an t-úinéir ar áit nó más tú atá freagrach as áit ar féidir leis an bpobal dul isteach ann tá sé de
dhualgas ort an áit a choinneáil saor ó bhruscar, beag beann ar an tslí ar tharla don bhruscar a bheith ansin.
Tá feidhm aige seo maidir le háit phoiblí ar bith lena bhféadfadh go n-áireofaí líomatáistí ionad
siopadóireachta, campas scoile, páirc phoiblí, stáisiún traenach nó bus nó bóthar poiblí.
MAOIN PHRÍOBHÁIDEACH
Tá sé de dhualgas ar úinéir nó ar áititheoir maoine ar féidir í a fheiceáil ó áit phoiblí an mhaoin a choinneáil
saor ó bhruscar. Go bunúsach, ní mór áit ar bith taobh amuigh ar do mhaoin ar féidir í a fheiceáil ó áit
phoiblí, a choinneáil saor ó bhruscar.
DUMPÁIL NEAMHDHLEATHACH
Thug na dlíthe bruscair níos mó cumhachtaí d’údaráis áitiúla dumpáil neamhdhleathach dramhaíola agus
bruscair a chomhrac. I gcás go dtiocfaidh an Chomhairle ar ábhar a dumpáladh go neamhdhleathach agus
go bhfaighidh siad amach cé hé nó cé hí úinéir an ábhair, beidh cás le freagairt ag an duine sin agus ní gá
go dtiocfaí ar an duine sin agus é nó í i mbun gnímh. Tá cumhachtaí breise ann trínar féidir le húdaráis
áitiúla a cheangal ar shealbhóirí tí nó ar dhaoine atá i mbun gnó a thaispeáint cén chaoi agus cén áit a
ndéanann siad an dramhaíl a bhíonn acu a dhiúscairt. Tá sé tábhachtach go háirithe mura bhfuil na
sealbhóirí tí nó na daoine atá i mbun gnó ag baint úsáide as seirbhís bhailithe bruscair nó ag tabhairt a
gcuid dramhaíola chuig ionad diúscartha údaraithe. Má fheiceann tusa duine ag dumpáil ábhair go
neamhdhleathach, cuir tuairisc chuig Rannán na Seirbhísí Comhshaoil a thabharfaidh faoi imscrúdú agus a
ghlacfaidh cibé gníomh forfheidhmithe is gá.
IMEACHTAÍ OLLMHÓRA
Ceanglaítear ar thionscnóirí nó eagraithe imeachtaí ollmhóra a chinntiú go mbíonn bearta rialaithe bruscair i
bhfeidhm acu ag an ionad agus sa chomharsanacht máguaird, roimh an imeacht agus lena linn agus ina
dhiaidh. Tá feidhm aige seo maidir le cluichí peile agus imeachtaí eile sóisialta agus spóirt ar a
bhfreastalaíonn sluaite móra. Is féidir go ndéanfadh an Chomhairle an obair seo ach beidh ar an tionscnóir /
eagraí na costais a bheidh i gceist a íoc.
SALACHAR MADRAÍ
Ní mór d’úinéirí madraí an salachar a fhágann a madraí ina ndiaidh a ghlanadh as áiteanna poiblí anois
agus fáil réidh leis sa chaoi cheart. Tá feidhm ag an dualgas leis na háiteanna seo a leanas:
Fearainn scoile/spóirt
Páirceanna