VOLTAIRE CANDIDE

Alan Mac an Bhaird a aistrigh ón bhFraincis

RÉAMHRÁ
Tá leabhar ann a mhaireann toisc gur scáthán é ar linn a údair. Ní mór é a léamh chun teacht ar meon na linne sin. Tá leabhar eile ann a mhaireann toisc gur scáthán é ar an duine, pé duine é. Ní mór é a léamh chun teacht orainn féin mar dhaoine, mar ainmhithe sóisialta. Tá fo-leabhar ann, agus is beag atá, nach mór a léamh ar an dá chúis. Ina measc so atá Candide. Duine fíordhaonna ab ea François-Marie Arouet (1694-1778) a bhaist Voltaire air féin. Duine a linne féin agus a shochaí féin ab ea é. Bhí saol fada aige agus lena linn is beag iad na himeachtaí poilitiúla nó sóisialta ná raibh méar aige iontu ar shlí éigin. Tá carn ábhalmhór scríbhinní fanta againn ina dhiaidh chun é sin a chruthú. Is beag a léitear a bhformhór inniu agus, chun na fírinne a rá, ní mór an chailliúint í. Tá a leithéidí le fáil go flúirseach óna lán peanna eile de chuid na hochtú haoise déag. Ní mar sin do Chandide, áfach, a scríobhadh i 1759 nuair a bhí a dhóthain den tsaol feicthe ag Voltaire chun cúpla focal ar fónamh a rá faoi. Dála a lán sároibreacha, níl sé fada ach tá sé mór. Más mian leat féachaint conas a bhí Iarthar na hEorpa san ochtú haois déag laistiar den stair phoilitiúil "oifigiúil", seo agat é go gairid gonta. Más mian leat féachaint conas a bhíon na daoine mar aonaid shóisialta - inné, inniu agus (má mhairimíd) amáireach - seo agat iad. Nuair a cuireadh córas daonlaitheach na hInde ar ceal le déanaí, sular thuit cúirtín na cinsireachta ar an bpreas, mhol duine de cheannairí na freasúra do na mic léinn Voltaire a léamh ionnas ná cuirfeadh bolscaireacht an stáit dallamullóg orthu. Níl aon dabht ná gurbh é Candide an leabhar a raibh sé ag smaoineamh air. Más ea, níorbh aon bhréag an chaint sin uaidhe. Ní dócha gur chóir aon leithscéal a ghabháil as leagan Gaeilge an leabhair seo a sholáthar. Sa chéad dul síos, níl a leithéid le fáil i measc fhoilseacháin na Gaeilge agus más mall ann é is mithid. Sa tarna háit, is deacair teacht ar leagan Béarla de fiú amháin agus na leaganacha atá i gcló, sean-aistriúcháin is ea iad ná hoireann do léitheoir an lae inniu ar a lán cúiseanna (cinsireacht gan admháil ina measc). Ní gheobhaidh mé mo leithscéal ach le Voltaire ar eagla go mbeadh feall déanta agam air dem neamhthoil agus

i gan fhios dom féin. Baile Átha Cliath, Eanáir 1976.

CANDIDE nó AN DÓCHASÚLACHT
arna aistriú ó Ghearmáinis an dochtúir Ralph leis na haguisíní a fuarthas thíos i bpóca an dochtúra nuair a cailleadh i Minden é i mbliain an ghrásta 1759

CAIBIDIL 1 ina n-instear conas a tógadh Candide i gcaisleán álainn agus conas a cuireadh amach as é.
Sa Veistfáil, i gcaisleán bharún uasal Thunder-ten-tronckh, bhí buachaill óg dár thug an nádúr scoth na mbéasanna sáimhe. D'fhógair a aghaidh a anam. Bhí tuiscint cuíosach ceart aige agus spioraid fíorshimplí - b'shin é an chúis, gan dabht, gur baisteadh Candide air. Bhí tuairim ag searbhóntaí críonna an tí gur mhac é le deirfiúr an bharúin uasail agus le duine uasal macánta de na comharsain ná raibh an iníon uasal sásta a phósadh toisc nár éirigh leis ach aon cheann déag is trí fichid de cheathrúna uaisleachta a theaspáint agus go raibh an méid eile dá ghinealach imithe le sruth na haoise. Bhí an barún uasal ar na tiarnaí ba mhó cumhacht sa Veistfáil, mar bhí doras agus fuinneoga ina chaisleán. Bhí a halla mór faoi thaipéis, fiú amháin. In am gátair dhéanadh sé conairt de mhadraí a chlóis, maoir laisce de bhuachaillí a stábla agus séiplíneach de viocáire an tsráidbhaile. Bhíodh gach éinne ag gairmeadh "tiarna uasal" dó agus ag gáire nuair a dhéanadh sé greann. Bhí suas le trí chéad go leith de phúint mheáchain i gcéile uasal an bharúin agus anamheas uirthi dá bharr. Théadh sí i mbun chúram an tí le dínit a chuireadh lena measúlacht. Bhí a hiníon Cunegonde seacht mbliana déag d'aois agus í dathúil, úr, ramhar, blasta. Déarfá gurbh fhiú an barún a mhac, ar gach slí. B'é oracal an tí an teagascóir Pangloss agus d'éisteadh Candide beag lena theagasc súd le dearún a aoise agus a nádúir. Bhíodh Pangloss ag múineadh na cosmeolaíochta metifisiciúla diagasúla. Chruthaíodh sé ar fheabhas ná bíonn aon éifeacht gan chúis agus, ós é seo an saol is fearr de na saolta inbheithe, gurbh é caisleán an bharúin uasail an caisleán ab áille agus gurbh í an banbharún uasal an banbharún ab fhearr de na banbharúin inbheithe. "Agus tá sé léirithe," a deireadh sé, "ná féadfadh na rudaí a bheith ar aon tslí eile. Ó cumadh gach éinní le haon chuspóir amháin, ní foláir ná gurb é an cuspóir is fearr. Chíonn sibh go maith gur cumadh na srónacha le spéaclaí iompar: agus tá spéaclaí againn. Is léir gur cuireadh na cosa ar bun le bheith clúdaithe: tá agus stocaí againn. Dealbhaíodh na clocha le gearradh chun caisleáin a thógaint: tá agus caisleán fíorálainn ag an tiarna uasal. Is cóir an lóistín is fearr a bheith ag an mbarún is mó sa cheantar agus, ó deineadh na muca le n-ithe, ithimíd muiceoil ó cheann ceann na bliana. Dá bhrí

sin, an té a dúirt go mbíonn gach aon rud go maith, is mór an tseafóid a dúirt sé. Ba chóra a rá go mbíonn gach aon rud ar fheabhas." Chuireadh Candide cluas air agus chreideadh le neart simplíochta, mar cheap sé go raibh an iníon uasal Cunegonde fíorálainn, bíodh is ná raibh sé riamh de mhisneach aige é rá léi. Chonclúidigh sé gurbh í céad chéim an tsonais duine á bhreith ina bharún Thunder-ten-tronckh, gurbh í an tarna céim duine a bheith ina hiníon uasal Cunegonde, gurbh í an tríú céim ná í féin fheiscint gach aon lá agus gurbh í an ceathrú céim ná éisteacht leis an máistir Pangloss, an fealsamh ba mhó sa phroibhinse agus, dá bhrí sin, ar an saol. Lá dá raibh Cunegonde ag siúlóid in aice leis an gcaisleán, sa choill bheag a dtugaidís an Pháirc uirthi, chonaic sí an dochtúir Pangloss i measc na gcraobhacha ag tabhairt rang fisice praicticiúla do chailín aimsire a máthar, cailín donn anadheas anashíbhialta. Ó bhí an iníon uasal Cunegonde anathugtha don eolas, d'fhéach sí gan chorraí ar na trialacha iolracha ar a raibh sí ina fínné. Chonaic sí go soiléir réasún imleor an dochtúra, na héifeachtaí agus na cúiseanna, agus d'fhill ar a sála agus í lán mothúcháin, smaointí agus tnúth eolais, ag smaoineamh léi féin go bhféadfadh sí bheith ina réasún imleor ag Candide óg agus go bhféadfadh seisean bheith ina réasún imleor aici féin. Le linn dí filleadh ar an gcaisleán, casadh Candide uirthi. Las sí. Las agus Candide. Bheannaigh sí dó le guth múchta agus labhair Candide léi gan tabhairt faoi ndeara cad a bhí á rá aige. Lá arna mháireach, tar éis an dínnéir, nuair a bhíothas ag éirí ón mbord, casadh Cunegonde agus Candide ar a chéile laistiar de scáthlán éigin. Thuit ciarsúir Chunegonde. Phioc Candide suas é. Gan smaoineamh ghlac sí a lámh. Gan smaoineamh thug an t-ógánach póg do láimh an chailín óig le scoth bríomhaire, corraitheachta agus grásta. Casadh a mbeola ar a chéile, las a súile, chrith a nglúine. Tharla don bharún uasal imeacht in aice leis an scáthlán. Nochtadh dó an chúis seo agus an t-éifeacht úd. Agus chuir sé Candide as an gcaisleán le neart cic sa tóin. Thuit Cunegonde i laigí agus ní túisce tháinig sí chuici féin ná fuair sí sceilp ó chéile uasal an bharúin. Agus bhí gach aon rud trí chéile sa chaisleán ab fhearr agus ab aoibhinne de na caisleáin inbheithe.

CAIBIDIL 2 ina n-instear cad a deineadh de Chandide i measc na mBulgáireach
Arna dhíbirt ó chríoch Pharrthais, shiúl Candide go ceann i bhfad gan aon chur amach aige cá raibh sé ag gabháil ach é ag gol, ag ardú a dhá shúil chun na spéire, á ndíriú go minic ar togha na gcaisleán mar a raibh togha na mbanbharúiníní. Chodail sé gan shuipéar i lár goirt, idir dhá iomaire. Bhí sé ag cur shneachta go trom. Lá arna mháireach tharraing Candide a chorp reoite go dtí an baile mór dárbh ainm Waldberg Hoff-trarbkdikdorff agus é gan phingin rua, ag fáil bháis den ocras agus den tuirse. Stad sé go brónach ag dorach tigh ósta. Beirt fhear a raibh culaith ghorm orthu a thug faoi ndeara é. "Féach, a bhuachaill," arsa duine acu, "sin ógánach anois atá déanta go maith agus an airde éigeantach sroiste aige."

Dhruideadar le Candide agus thugadar cuireadh go deabhéasach dó dínnéar a chaitheamh ina dteannta. "A dhaoine uaisle," arsa Candide leo go cúlánta cúthail, "is mór an onóir a dhéanann sibh dom ach níl aon rud agam le díol as mo chuid." "A dhuine maith," arsa duine de na culaithí gorma, "an té a mbíonn do chuma air agus do bhua aige, ní dhíolann sé in aonchor. Ná fuil cúig troithe agus trí hórlaigh d'airde ionnat?" "Tá, a dhaoine uaisle, sin í m'airde," a dúirt sé ag umhlú dóibh. "Suigh isteach ag an mbord, a dhuine uasail," ar siadsan, "ní hamháin díolfaimíd as do chuid ach ní leigfimíd go deo go mbeadh do leithéid d'fhear gan airgead. Tá na daoine déanta le chabhair a thabhairt dá chéile." "Tá an ceart agat," arsa Candide, "sin é an rud a deireadh an duine uasal Pangloss liom riamh agus chím go maith go mbíonn gach aon rud ar fheabhas." D'iarradar air cúpla scilling a thógaint. Thóg sé iad agus theastaigh uaidh admháil a dhéanamh. Níor glacadh leis an admháil agus suíodh isteach. "Ná fuil grá mór agat do ...." "Ó tá," ar seisean, "tá grá mór agam don iníon uasal Cunegonde." "Ní hea," arsa duine de na daoine uaisle, "táimíd ag fiafraí díot ná fuil grá mór agat do rí na mBulgáireach?" "Diabhal aon ghrá," ar seisean, "mar ní fhaca riamh é." "Conas é sin? Sé an rí is taitneamhaí ar an saol agus ní foláir a shláinte ól." "Ólfad agus fáilte, a dhaoine uaisle," ar seisean. Agus d'ól. "Tá go maith," at siadsan, "tá tú id thaca, id chosantóir agus id laoch ag na Bulgáirigh feasta. Tá t'fhoirtiún déanta agus do ghlóir cinnte." Cuireadh laincide ar a chosa gan mhoill agus tugadh go dtí an reisimint é. Cuireadh air iompó ar dheis, an tslat ardú, an tslat a chur síos, luí ar a ghrua, lámhach, an choiscéim a dhúbailt - agus tugadh tríocha buille slaite dó. Lá arna mháireach dhein sé an drileáil beagáinín níos fearr agus ní bhfuair ach fiche buille. Amanathar níor tugadh dó ach deich gcinn agus cheap a chompánaigh gurbh iontach an mac máthar é. Bhí Candide ar mire agus níor thuig go fóill canathaobh ar laoch é. Lá breá earraigh rith leis imeacht ag siúlóid, ag siúl díreach roimhe amach, mar cheap sé gur phribhléid na ndaoine é, chomh maith leis na beithígh, a gcosa úsáid ar a suaimhneas. Ní raibh sé dulta dhá léig gur tháinig ceathrar laoch eile aniar aduaidh air, a cheangail agus a thug leo isteach sa phríosún é. Iarraidh air go dlisteanach cé acu ab fhearr leis sciúirseáil fháil sé huaire déag is fiche ón reisimint go léir nó dhá philéar dhéag fháil sa cheann d'aon lámhach. Bhí fuar aige a rá go mbíonn an toil saor agus ná raibh ceachtar den dá rud ag teastáil uaidh. Chaith sé rogha dhéanamh. De réir na bua Dia-thugtha dárb ainm an tSaoirse, bheartaigh sé ar dul sé huaire déag is fiche tré na slata. D'fhulaing sé dhá thuras. Bhí dhá mhíle fear sa reisimint. Sé sin le rá go bhfuair sé ceithre míle buille slaite a nocht a fhéitheanna ó chúl go tóin. Nuair a bhíothas le tosnú ar an tríú turas, níor fhéad Candide a thuille fhulang agus d'iarr ar mhiste leo a cheann a bhriseadh air mar ghrásta. Fuair sé an grásta san agus cuireadh bindealán ar a shúile. Cuireadh síos ar a

dhá ghlúin é. Ag an neomat san tharla do rí na mBulgáireach dul thart. D'fhiafraigh sé cion an trú agus, ós rud é go raibh tuiscint mhór ag an rí seo, thuig sé óna bhfuair sé de scéal Chandide gur mheitifisicí óg é a bhí fíoraineolach ar chúrsaí an tsaoil seo. Bhronn sé a phardún air le trócaire a mholfar go bráth sna nuachtáin agus sna haoiseanna. Leighis máinlia maith Candide laistigh de trí seachtaine leis na maothlaigh a theagaisc Dioscorides. Bhí beagáinín athchroicinn fásta air cheana agus bhí sé ábalta ar siúl, nuair a chuir rí na mBulgáireach cath ar rí na nAbáireach.

CAIBIDIL 3 ina n-instear conas d'imigh Candide ó ranganna na mBulgáireach agus cad a deineadh de.
Ní fhéadfadh aon rud bheith chomh deas, chomh haicillí, chomh niamhrach, chomh hordaithe leis an dá arm. Dhein na trompaí, na píoba, na drumaí, na gunnaí móra comhcheol nár chualathas riamh a leithéid in ifreann. I dtúis báire leag na gunnaí móra timpeall is sé mhíle fear ar ceachtar den dá thaobh. Ansan ghlan na muscaoidí timpeall is a naoi nó a deich míle de chladhairí ó aghaidh scoth na ndomhan a raibh a dhromchla sailithe acu. B'iad na beaignití réasún imleor bhás cúpla míle fear. San iomlán bhí tríocha míle anam i gceist, is dócha. Bhí Candide ar crith ar nós fealsaimh agus chuaigh i bhfolach chomh maith agus d'éirigh leis le linn na búistéireachta laochúla so. Sa deireadh thiar, nuair a bhí an dá rí ag cloisint Te Deum, gach éinne ina longfort féin, bheartaigh sé ar imeacht in áit éigin eile leis na cúiseanna agus na héifeachtaí phlé. D'imigh sé roimhe in airde ar cháirne na marbh agus na leathmharbh go dtí an baile ba chóngaraí. Bhí luaithre déanta de. Baile Abáireach ab ea é a dhóigh na Bulgáirigh de réir dhlíthe an chirt phoiblí. Thall, seandaoine a pholl piléir a bhí ag féachaint ar a mná stracaithe ag fáil bháis agus a leanaí ar a gcíní lán fola; abhus, bhí an puth ag imeacht as chailíní a raibh a mbolg gearrtha tar éis riachtanaisí nádúrtha roinnt laoch a shásamh. Roinnt eile a bhí leathdóite, bhíodar ag iarraidh an bháis. Bhí inchinní scaipthe ar an talamh in aice le géaga agus cosa gearrtha. Theich Candide go dtí baile eile chomh luath agus d'éirigh leis. Ba leis na Bulgáirigh é seo agus bhí an íde chéanna fachta aige ó na laoich Abáireacha. Sa deireadh thiar, le neart satailt ar baill ar crith agus gabháil tré na fothracha, d'imigh Candide ó láthair an chogaidh gan aige ach beagáinín lóin a bhí thíos sa mhála aige agus cuimhne dodhearmadta na hiníne uaisle Cunegonde. Theip ar a lón nuair a bhain sé amach an Olóinn. Ach ó chuala sé trácht ar an tír sin go raibh gach éinne saibhir inti agus gur Chríostaithe iad, bhí sé cinnte go bhfaigheadh sé íde inti a bheadh chomh maith lena bhfuair sé i gcaisleán an Bharúin sular cuireadh as é ar son súile áille na hiníne uaisle Cunegonde. D'iarr sé déirc ar roinnt daoine sollúnta. Dúradar go léir leis, dá leanadh sé ar an gceird sin, go ndúnfaí i smachtlainn é leis na deabhéasanna fhoghlaim. Ansan dhírigh sé ar fear a bhí tar éis uair an chloig a chaitheamh ag cur síos ar an déirc do thionól mór. D'fhéach an t-óráidí sin faoi na súile air agus dúirt:

"Cad a thug anso tú? An bhfuil tú ar son na cúise maithe?" "Níl aon éifeacht gan chúis," d'fhreagair Candide go cúthail, "ní foláir ná go mbíonn gach aon rud slabhraithe le chéile agus ordaithe ar fheabhas. Níorbh fholáir dom bheith curtha ó radharc na hiníne uaisle Cunegonde agus dul tré na slata. Agus ní foláir dom mo lón iarraidh go dtí go bhféadfaidh mé é thuilleamh. Ní fhéadfadh na rudaí gan bheith mar sin." "A chara," arsa an t-óráidí leis, "an gcreideann tú gurb ionann an pápa agus Ainchríost?" "Níor chuala é sin go fóill," arsa Candide, "ach más ionann nó murab ionann, teastaíonn arán uaim." "Ní oireann sé dot leithéid!" arsa an fear, "Imigh, a chladhaire! Imigh, a thruáin! Agus ná tar ag triall orm go deo arís!" Chuir bean an óráidí a ceann amach tríd an bhfuinneoig agus, ó chonaic sí fear ná raibh cinnte gurbh ionann an pápa agus Ainchríost, d'fholmhaigh sí anuas ar a cheann áras lán .... A Thiarna, cá stadfadh na mná agus iad faoi anáil dhíograis an chreidimh? Chonaic fear nár baisteadh riamh, Anbhaisteach maith dárbh ainm Séamas, an íde neamhthrócaireach mhaslach a fuair a dheartháir, créatúr déchosach gan chleití a raibh anam ann. Thug sé leis abhaile é, ghlan é, thug arán agus lionn dó, bhronn dhá fhlóirín air agus thairg dó a phrintíseacht a dhéanamh ina mhonarcha ar éadaí na Peirse a dhéantar suas san Olóinn. Is beag nár thuit Candide ar a ghlúine ós a chómhair. "Is maith a dúirt an máistir Pangloss liom," ar seisean, go mbíonn gach aon rud ar fheabhas ar an saol so, mar is mó a chorraigh do mhórfhéile mé ná cruas fhear an chóta dhuibh agus a chéile." Lá arna mháireach, nuair a bhí sé amuigh ag siúlóid, casadh bacach air a bhí puchóideach marbhshúileach srónchnaíte cambéalach dubhfhiaclach slóchta agus é céasta ag casachtach fíochmhar agus ag caitheamh amach fiacail le gach greas.

CAIBIDIL 4 ina n-instear conas casadh a iarmháistir fealsúnachta, an dochtúir Pangloss, ar Candide agus cad a lean den teangmháil sin.
Is mó de thruaighe a mhothaigh Candide ná d'uafás, mar thug sé don bhacach scanrúil sin an dá fhlóirín a fuair sé óna Anbhaisteach macánta Séamas. Stán an sprid air, shil na deora agus léim ar a mhuineál. Chúlaigh Candide leis an scanradh. "Mo léan is mo chreach," arsa an truán lena chéile, "ná fuil aithne agat ar do Phangloss dílis?" "Cad a chloisim? An é tusa mo mháistir dílis? Tusa faoin gcuma uafásach san? Nó cén timpiste a chuir ansan tú? Canathaobh ná fuil tú sa chaisleán is áille? Cad a imigh ar an iníon uasal Cunegonde, péarla na gcailíní, sárobair an nádúir?" "Táim i ndeire na preibe," arsa Pangloss. Thug Candide leis láithreach é agus chuir i stábla an Anbhaistigh é, áit ar thug sé blúire aráin le n-ithe dó. Agus nuair a tháinig Pangloss chuige féin, "Sea," ar seisean, "cad mar gheall ar Cunegonde?"

"Tá sí marbh," arsa an duine eile. Ar an bhfocal so thuit Candide sna laigí. Spreag a chompánach a chéadfaí le beagáinín drochfhínéagra a tharla bheith sa stábla. D'oscail Candide a shúile arís. "Tá Cunegonde caillte! A scoth na ndomhan, cá bhfuil tú? Nó cén galar a mharaigh í? Mise fheiscint am chur amach as chaisleán breá a athar uasail le neart ciceanna, an ea?" "Ní hea," arsa Pangloss, "d'oscail saighdiúirí Bulgáireacha a bolg tar éis í éigniú an oiread is a d'fhéadfaí duine éigniú. Bhriseadar ceann an bharúin a bhí ag iarraidh í chosaint orthu. Gearradh an banbharún uasal ina píosaí beaga. Fuair mo dhalta bocht an íde chéanna is a fuair a dheirfiúr. Mar leis an gcaisleán, ní fhanann cloch ar a chéile ann ná feirm ná caora ná lacha ná crann. Ach díoladh go breá sinn, mar dhein na hAbáirigh an rud céanna i mbarúntacht chóngarach a bhí faoi sheilbh thiarna Bhulgáirigh." Leis an gcaint seo thuit Candide sna laigí arís. Ach nuair a tháinig sé chuige féin agus dúirt gach aon rud ba chóir dó a rá, d'fhiafraigh sé cén chúis agus cén t-éifeacht, cén réasún imleor a chuir ar Phangloss an chrot thruach a bhí air. "Mo léan," arsa an duine eile, "sin é an grá - an Grá, sólás na ndaoine, caomhnaitheoir na cruinne, anam gach créatúra chéillí, an grá mín maoth." "Chuireas aithne ar an ngrá san," arsa Candide, "ar tiarna na gcroíthe, ar anam ár nanma. Ní bhfuaireas riamh dá bharr ach póg amháin agus scór cic sa tóin. An chúis álainn sin, conas a thug sí éifeacht chomh gránna san ort?" "A Chandide dhílis," arsa Pangloss, "bhí aithne agat ar Paquette, cailín deas aimsire ár mbanbharúin uasail. Ina baclainnse bhlaiseas áthas an pharrthais a ghein ionnam pianta an ifrinn seo a chíonn tú am ithe. Bhí an galar uirthi, b'fhéidir go bhfuil sí marbh aige. Fuair Paquette an bronntanas so ó Phroinsiascánach fíoreolach a lean siar go dtína fhoinse é, mar fuair seisean ó bhaniarla críonna é, fuair sise ó chaptaen marcach é, fuair seisean ó bhanmharcas é, thug giolla dí siúd é tar éis é fháil ó Íosagánach a fuair gach ndíreach é ó dhuine de chompánaigh Chríostóir Columbus é le linn a nóibhíseachta. Mar liom féin, ní bhronnfad ar éinne é mar táim ag fáil bháis." "A Phangloss," arsa Candide, "nach ait an ginealach é seo agus nach é an Diabhal féin a phréamhaigh é!" "Ní hé in aonchor," arsa an fear mór, "mar is rud riachtanach do scoth na ndomhan é, comhábhar éigeantach. Mar, mura bhfuair Columbus in oileán Mheiriceá an galar so a nimhníonn foinse na giniúna, a chuireann cosc minic go leor ar an nginiúint féin agus atá glan i gcoinnibh aidhm mhór an nádúir, ní raibh seacláid ná carnaid againn. Ní foláir a thabhairt faoi ndeara leis gur sainghalar dúinne é seo - ar nós na hargóna - go dtí so. Níl aon chur amach ag na Turcaigh, na hIndiaigh, na Peirsigh, na Sínigh, na Siamaigh, na Seapánaigh air go fóill. Ach tá réasún imleor le ceapadh go dtiocfaidh a sealsan faoi cheann cúpla céad bliain. Idir dhá lín, tá dul chun cinn iontach air inár meascne, i measc na n-arm móra so ach go háirithe atá déanta suas de thuarastalaigh mhacánta dheathógtha a réitíonn cinniúint na stát. Bí cinnte, nuair a bhíonn tríocha míle fear ag cur cath rangach ar a gcomhuimhir de thrúpaí, go mbíonn timpeall is fiche míle bolgaithe ar ceachtar den dá thaobh." "Sin rud iontach anois," arsa Candide, "ach caithfear tusa leigheas."

"Conas é sin?" arsa Pangloss, "níl pingin rua agam, a dhuine. Agus ar leithead an domhain seo ní fhéadfá foladóireacht ná gliostaire fháil gan díol as nó gan duine éigin bheith sásta díol as thar do cheann." Na focail dheiridh seo a dhein suas aigne Chandide. Chuaigh sé ar a dhá ghlúin roimh a Anbhaisteach fial Séamas agus chuir síos chomh corraitheach san dó ar an gcuma a bhí ar a chara ná raibh aon leisce ar an duine maith fáilte chur roimh an dochtúir Pangloss. Dhein sé a leigheas ar a chostas féin. De bharr an leighis sin níor chaill Pangloss ach leathshúil agus leathchluas. Bhí an scríobhadh go maith aige agus bhí cur amach iomlán aige ar an gcomhaireamh. Dhein an tAnbhaisteach Séamas a fhear cuntais de. I gcionn dhá mhí chaith sé dul go Lisboa le haghaidh gnóthaí agus thug leis a dhá fhealsamh ar bord a árthaigh. Mhínigh Pangloss dó conas a bhí gach aon rud ar fheabhas. Níor aontaigh Séamas leis. "Ní foláir ná go bhfuil an nádúr truaillithe beagán ag na daoine, mar níor thángadar ar an saol ina mactírí ach tá mactírí déanta díobh. Níor thug Dia gunnaí móra ná beaignití dóibh agus dheineadar féin beaignití agus gunnaí móra lena chéile scrios. D'fhéadfainn na féichiúnais a chur san áireamh chomh maith leis na cúirteanna a leigeann a méar ar earraí na bhféichiúnach le bac a chur ar na creidiúnaithe." "Tá na rudaí sin go léir riachtanach," arsa an dochtúir caoch, "agus de na hoilc phríobháideacha déantar an mhaith choitianta. Dá bhrí sin, dá mhéid oilc phríobháideacha sé is mó a bhíonn gach aon rud go maith." Le linn dó bheith ag argóint, dubhadh an t-aer, shéid na gaotha as na ceithre hairde agus d'ionsaigh stoirm fíoruafásach an t-árthach ós cómhair chalafort Lisboa.

CAIBIDIL 5 ina n-instear scéal stoirm, longbhá agus crith talún agus cad a tharla don dochtúir Pangloss, do Chandide agus don Anbhaisteach Séamas.
Bhí a leath de na paisinéirí lagaithe, ag fáil bháis den imní scanrúil a chuireann rolladh báid ar na neirbhis agus ins gach aon fhéith den chorp a luasctar ins gach treo; ní raibh neart iontu eagla bheith orthu roimh an gcontúirt fiú amháin. An leath eile, leigeadar screadanna astu agus bhíodar ag paidreoireacht. Scriosadh na seolta, briseadh na crainn, osclaíodh an t-árthach. Ní raibh ag obair ach an té a bhí ábalta air, níor thuig éinne a chéile, ní raibh an glaoch ag éinne. Bhí an tAnbhaisteach ar an deic ag cabhrú beagáinín leis na mairnéalaigh. Bhuail mairnéalach ar mire go láidir air agus shín ar na cláracha é. Ach leis an mbuille a thug sé dó, fuair sé féin sá láidir a chuir bun ós cionn amach as an árthach é. Rug sé greim ar chuid crainn bhriste agus d'fhan ansan ar crochadh. Rith Séamas maith ag cabhrú leis agus tharraing aníos é ach ón iarracht a dhein sé, caitheadh isteach sa bhfarraige ós cómhair an mhairnéalaigh é, duine a leig dó bás fháil gan féachaint air fiú amháin. Chuaigh Candide ag triall orthu agus chonaic a shlánaitheoir ag teacht aníos neomat agus á bhá go deo ina dhiaidh san. Theastaigh uaidh é féin a chaitheamh sa bhfarraige ar a lorg ach chuir an fealsamh cosc air, ag cruthú dó nár cumadh cuan Lisboa ach leis an Anbhaisteach a bhá. Le linn dó é sin a

chruthú a priori, osclaíodh an t-árthach ar fad agus cailleadh gach éinne ach amháin Pangloss, Candide agus an mairnéalach brúidiúil a bháigh an tAnbhaisteach suáilcheach. D'éirigh leis an gcladhaire an tráigh a bhaint amach ar snámh, áit ar tugadh Pangloss agus Candide isteach ar chlár. Nuair a thángadar chucu féin beagán, shiúladar i dtreo Lisboa. Bhí roinnt airgid fágtha acu agus bhí súil acu go gcosnódh sé sin ar an ngorta iad ó bhíodar imithe ón stoirm. Ní túisce a chuireadar cos sa chathair agus iad ag caoineadh bhás a slánaitheora ná bhraitheadar an talamh ag crith faoina gcoiscéim. D'éirigh an fharraige ar beiriú sa chalafort agus bhris na hárthaí a bhí ar ancaire ann. Chlúdaigh cuilithí lasracha agus luaithe na sráideanna agus na háiteanna poiblí. Thuit tithe as a chéile, leagadh díonta anuas ar na láithreacha agus scaipeadh na láithreacha féin. Scriosadh tríocha míle áitritheoir gach aoise agus gach aicme faoi na fothracha. Dúirt an mairnéalach ag feadaíl agus ag eascaine: "Beidh rud éigin le tuilleamh anso!" "Cad é réasún imleor an fheiniméin seo?" arsa Pangloss. "Sin Luan an Bhrátha!" arsa Candide. De phreab rith an mairnéalach i lár na treascarnaí, d'imir a anam le teacht ar airgead, fuair, rug greim air - agus d'ól é. Nuair a bhí a mheisce de, cheannaigh sé bá an chéad chailín deathola a casadh air i bhfothracha na dithe scriosta i lár na marbh agus na leathmharbh. Rug Pangloss greim ar a mhuinchille: "A chara," ar seisean, "níl san go maith. Tá tú ag teip ar an réasún uilíoch. Níl tú ag caitheamh t'ama ar fónamh." "Th'anam 'on diabhal," arsa an fear eile, "is mairnéalach mé a rugadh i mBatavia. shatlaíos ceithre huaire ar an gcrois le linn ceithre thuras go dtí an tSeapáin. Nach maith a fuairis do dhuine led réasún uilíoch!" Bhí Candide gortaithe ag roinnt sceilpeanna cloiche. Bhí sé sínte ar an sráid faoi chlúdach treascarnaí. "Fairíor," ar seisean le Pangloss, "fagh beagán fíona agus ola. Táim ag fáil bháis." "Ní rud nua an chrith talún so," arsa Pangloss, "i Meiriceá d'fhulaing Lima na critheanna céanna anuraidh. Más ionann na cúiseanna, is ionann na héifeachtaí. Cinnte go bhfuil lorg sulfair faoin talamh ó Lima go Lisboa." "Is dóichí é sin ná aon rud eile," arsa Candide, "ach i gcuntas Dé tabhair beagáinín ola dom agus fíon!" "Conas is dóichí?" arsa an fealsamh, "déanaim amach gur rud deimhin é." Chaill Candide a chéadfaí agus thug Pangloss beagáinín uisce dó ó thobar a bhí in aice leo. Lá arna mháireach tháinig a thuille neart iontu nuair a bhí lón fachta acu anso is ansúd i measc na bhfothrach. Ina dhiaidh san shaothraíodar ar nós gach éinne ag cabhrú leis na háitritheoirí a bhí éalaithe ón mbás. Dream cathróirí a fuair cabhair uathu, thugadar dínnéar dóibh a bhí chomh maith agus a d'fhéadfaí ina leithéid de chás. Is fíor gur bhrónach an béile é. Bhíodar ag sileadh na ndeor ar a gcuid aráin. Ach thug Pangloss sólás dóibh ag áiteamh ná féadfadh na rudaí tarlachtaint ar aon tslí eile.

"Mar," ar seisean, "tá an scéal so go léir ar fheabhas, mar má tá vulcán in Lisboa, ní fhéadfadh sé bheith in aon áit eile, mar ní fhéadfadh na rudaí bheith in áit ná fuilid, mar bíon gach aon rud go maith." Firín dubh, brathadóir na Cúistiúnachta, a bhí láimh leis, a dúirt go deabhéasach: "De réir dealraimh ní chreideann an duine uasal go bhfuil peaca an tsinsir ann, mar má tá gach aon rud ar fheabhas, ní raibh tuitim ná pionós ann." "Gabhaim go fíorumhal pardún do Shoilse," arsa Pangloss níos deabhéasaí fós, "mar is éigean do thuitim an duine agus dá mhallacht toilleadh i scoth na ndomhan inbheithe." "An amhlaidh ná creideann an duine uasal sa tSaoirse?" arsa an brathadóir. "Maithfidh do Shoilse dom," arsa Pangloss, "ach is féidir an tSaoirse réiteach leis an riachtanas absolóideach, mar bhí sé riachtanach sinn a bheith saor, mar i ndeireadh na dála sí an toil a cinneadh ..." Bhí Pangloss i lár a abairte nuair a dhein an brathadóir comhartha chinn dá ghiolla gualann a bhí ag freastal fíon Porto air.

CAIBIDIL 6 ina n-instear conas a deineadh autodafe breá le stop a chur leis na critheanna talún agus conas a greadadh mása Chandide.
Tar éis an chrith talún a scrios trí ceathrúna Lisboa, ní bhfuair saoithe na tíre leigheas ba fhearr le hollscrios a sheachaint ná autodafe breá thabhairt don phobal. D'eisigh Ollscoil Choimbra breithiúnas ag rá gur cleas neamhsheachránach le cosc a chur ar na critheann talún is ea roinnt daoine a bhogloscadh leis na sollúntachtaí oiriúnacha. Sin é an chúis go rugadh ar fhear Bhiscaya a phós a mháthair bhaistí agus air bheirt Phoirtingéalach a ith sicín tar éis na geire a bhaint de. Tar éis an dínnéir thángathas le greim a bhreith ar an dochtúir Pangloss agus ar a dhalta Candide, air seo toisc gur labhair sé agus air siúd toisc gur éist sé gan cháineadh. Cuireadh an bheirt acu ar leith i seomraí fionnuara, áit ná cuirfeadh an ghrian isteach ar éinne. I gceann seachtaine cuireadh sanbenito orthu agus mítéir pháipéir ar a gceann. Bhí lasracha ceann síos agus deamhain gan earball gan chroibh ar mhítéar agus ar shanbenito Chandide ach bhí earball agus croibh ar dheamhain Phangloss agus bhí a lasracha díreach. Dheineadar próisisiam faoi na héadaí sin agus chualadar seanmóin fíorchorraitheach. Ansan tháinig ceol breá le faux-bourdon. Greadadh mása Chandide de réir rithim na cantaireachta, loisceach an Biscayach agus an bheirt ná raibh sásta geir ithe agus crochadh Pangloss, bíodh is nárbh é sin an nós a bhíodh acu. An lá céanna tháinig crith talún arís le fothrom uafásach. Bhí Candide scanraithe, stadaithe, ar seachrán, lán fola agus crithíní. "Más é seo an saol is fearr de na saolta inbheithe," ar seisean leis féin, "conas a bheadh na cinn eile? Is cuma liom greadadh mo dhá mhás, ghread agus na Bulgáirigh iad. Ach, a Phangloss, a chroí, a scoth na bhfealsamh, arbh éigean dom do chrochadh fheiscint gan teacht agam ar fios a chúise? A Anbhaistigh, a chroí, a scoth na bhfear, arbh éigean do bhá sa chuan? A iníon uasal Cunegonde, a phéarla na gcailíní, arbh éigin do chiorrú?"

Bhí sé ag filleadh ar a shála agus é ina sheasamh ar éigin, seanmónaithe, greadaithe, aspalóidithe agus beannaithe, nuair a dhruid cailleach leis. "A dhailtín," ar sise, "bíodh misneach agat agus lean mé."

CAIBIDIL 7 ina n-instear conas d'fhreastail cailleach ar Candide agus conas a bhuail sé arís leis an rud a raibh grá aige air.
Ní raibh aon mhisneach ag Candide ach lean sé an chailleach go dtí bothán. Thug sí dó pota uinniminte le cimilt air féin, d'fhág bia agus deoch aige. Theaspáin sí leaba bheag cuíosach glan dó. Bhí culaith éadaigh in aice leis an leaba. "Ith, ól agus codail," ar sise leis, "agus go raibh do chúram ar láimh Mhuire Atocha, Naomh Antoine Padua agus San Séam Compostella. Tiocfaidh mé arís amáireach." Ba mhian le Candide póg a thabhairt dá láimh, mar bhí sé ar mire fós lena raibh feicthe agus fachta aige agus níos mó le carthanacht la caillí. "Ní dom láimhse ba chóir duit póg a thabhairt," arsa an chailleach, "tiocfaidh mé arís amáireach. Cimil an uinnimint ort, ith agus codail." D'ainneoin na dtimpistí go léir, d'ith Candide agus codail. Lá arna mháireach tháinig an chailleach lena lón, scrúdaigh a dhrom, chimil uinnimint eile air. Tháinig sí arís lena dhínnéar. Tráthnóna deireannach tháinig sí arís lena shuipéar. Ar maidin dhein sí na rudaí céanna arís. "Cé hí tusa?" a deireadh Candide léi, "cé spreag chun a leithéid seo de charthanacht tú? Nó conas a d'fhéadfainn buíochas a ghabháil leat?" Ní thugadh an tseanbhean aon fhreagra dó. Tháinig sí arís istoíche ach gan aon tsuipéar léi. "Tar im theanntasa," ar sise, "gan focal a rá." Thóg sí a lámh ina láimh féin agus shiúladar timpeall is ceathrú míle faoin tuaith. shroiseadar tigh a bhí leis féin i lár gairdíní agus canálacha. Chnag an chailleach ar doraisín. Threoraigh sí Candide suas staighre rúnda go dtí seomraín órga, d'fhág ina shuí ar tolg brócáide é, dhún an doras agus d'imigh. Shíl Candide gur ag taibhreamh a bhí sé. Dar leis ba dhrochthaibhreamh a shaol go léir go dtí san gan aon deathaibhreamh ann acht an neomat san féin. Níorbh fhada gur tháinig an chailleach tharnais agus í ag tabhairt taca (bíodh is ar éigin) do bhean a bhí ag criotharnaigh. Bhí sí seo maorga, soilseach le seoid agus clúdaithe le caille. "Bain an chaille di seo," arsa an chailleach le Candide. Tháinig an fear óg ag triall uirthi agus bhain an chaille le láimh chúthail. Nár mhór an tionadh a bhí air! Shíl sé gurbh í an iníon uasal Cunegonde a bhí aige. Agus bhí, mar b'í féin a bhí ann. Theip a neart air, d'fhan sé gan focal agus thuit ag a cosa. Thuit Cunegonde ar an tolg. Bháigh an chailleach le cumharshalann iad agus thángadar chucu féin. Labhraíodar le chéile. Focail leathbhriste ar dtús, ceisteanna agus freagraí ar crosadh, osnaíocha, deora, béiceanna. Mhol an chailleach dóibh gan an oiread san

fothrom a dhéanamh agus d'fhág fúthu féin iad. "Conas? An í sin tusa?" arsa Candide, "Maireann tú. Castar orm arís sa Phoirtingéal tú! Nár éigníodh tú? Nár gearradh do bholg faoi mar a dhearbhaigh an fealsamh Pangloss dom?" "Deineadh go deimhin," arsa Cunegonde álainn, "ach ní fhaghtar bás i gcónaí den dá thimpiste sin." "Ach maraíodh t'athair agus do mháthair?" "Maraíodh, fairíor," arsa Cunegonde agus í ag sileadh na ndeor. "Agus do dheartháir?" "Maraíodh agus é." "Agus canathaobh a bhfuil tú sa Phoirtingéal? Nó conas a fuairis amach go rabhas féin ann? Nó cén eachtra aisteach faoi ndeara duit mise thabhairt sa tigh seo?" "Neosaidh mé an méid sin duit," arsa an iníon uasal, "ach ar dtús caithfidh tú a rá liom cad d'imigh ort ón bpóg neamhurchóideach a thugais dom agus ó na ciceanna a fuairis anuas." Dhein Cancide rud uirthi go hurramach. Bíodh is go raibh sé trí chéile, go raibh a ghuth lag agus ar crith agus go raibh pian ar a dhrom go fóill, d'inis sé dí ar an slí ba shimplí gach ar thuit amach dó ón neomat a scaradar le chéile. D'ardaigh Cunegonde a dhá súil chun na spéire, shil deora faoi bhás an Anbhaistigh mhaith agus Phangloss. Agus ina diaidh sin dúirt sí le Candide, leis an té nár chaill focal de agus a bhí á hithe lena shúile:

CAIBIDIL 8 ina n-instear scéal Chunegonde.
"Bhíos im leaba agus im chodladh go sámh nuair a thoiligh an Spéir ar na Bulgáirigh a chur inár gcaisleán breá Thunder-ten-tronckh. Mharaíodar m'athair agus mo dheartháir agus níor fhágadar dem mháthair ach na blúiríní beaga. Strapaire Bulgáirigh a bhí sé troithe in airde, thug sé faoi ndeara go rabhas tuitithe i laigí leis an radharc san agus chrom ar mé éigniú. Baineadh geit asam - thánag chugam féin, screadas, throdas, thugas alpa, scrabhas, ba mhian liom na súile phiocadh amach as aghaidh an Bhulgáirigh mhóir úd, mar ní raibh fhios agam gur rud anachoitianta an méid a bhí ag tuitim amach i gcaisleán m'athar. Sháigh an bhrúid scian im thaobh chlé agus tá an mhairc orm go fóill." "Ba mhaith liom í fheiscint," arsa Candide simplí. "Chífir agus í," arsa Cunegonda, "ach leanam orainn." "Lean ort," arsa Candide. "Tháinig captaen Bulgáireach isteach," ar sise, "agus chonaic lán fola mé. Ní raibh an saighdiúir bodarálta faoi sin. An easpa measa a theaspáin an bhrúid sin dó, chuir sí fearg ar an gcaptaen agus mharaigh sé in airde ar mo chorp é. Ansan d'ordaigh sé mé leigheas agus thug leis go dtína cheathrú im phríosúnach cogaidh mé. Bhínn ag ní pé léine a bhí aige agus ag déanamh na cócaireachta. Caitear a admháil gur cheap sé go

rabhas fíorálainn. Admhaím leis go raibh sé féin déanta go sármhaith agus go raibh a chroiceann bán agus séimh. Ar an taobh eile de, gannchúiseacht ghrinn agus fealsúnachta. Bhí sé le feiscint nárbh é an dochtúir Pangloss a thug teagasc dó. I gcionn ráithe, nuair a bhí a chuid airgid go léir caillte aige agus a dhóthain fachta aige díom féin, dhíol sé le Giúdach mé. Don Issacar ab ainm dó súd agus bhíodh sé ag déanamh gnóthaí san Olóinn agus sa Phoirtingéal. Bhí sé anathugtha do na mná leis. Dhein an Giúdach so a seacht ndíchill le mé mhealladh ach níor bhuaigh orm. Is fearr a chosnaíos mé féin air siúd ná ar an saighdiúir Bulgáireach. Duine onórach, b'fhéidir go n-éigneofar uair amháin é, ach daingníonn an eachtra a neart. Le mé mhealladh, thug an Giúdach leis faoin tuaith mé go dtí an tigh seo a chíonn tú. Cheapas go dtí san ná raibh aon rud ar domhan chomh hálainn le caisleán Thunder-tentronckh. D'fhoghlamaíos ná raibh an ceart agam. Lá amháin thug an tArdchúistiúnaí faoi ndeara ag an aifreann mé. Stán sé mórán orm agus chuir fios orm, ag rá go raibh gnóthaí rúnda le plé aige liom. Tugadh go dtí a phálás mé, dúrt leis cérbh í mé féin agus cérbh iad mo mhuintir. Mhínigh sé dom cé chomh mí-oiriúnach is a bhí sé dom rang sóisialta bheith ag Giúdach. Dúradh le Don Issacar gur mhaith an rud é mé thabhairt suas don Oirmhinneach. Ós rud é gurb é Don Issacar baincéir na cúirte agus fear creidiúna, níor ghéill sé in aonchor. Bhagair an Cúistiúnaí autodafe air. Tháinig eagla ar mo Ghiúdach ansan agus dheineadar margadh - bheidís páirteach a mbeirt sa tigh agus ionnam féin, bheadh an Luan, an Chéadaoin agus an tSabóid ag an nGiúdach agus bheadh an méid eile den tseachtain ag an gCúistiúnaí. Tá an conradh san i bhfeidhm le sé mhí anuas - ach ní gan argóint, mar is minic na rabhthas cinnte an mbainfeadh oíche an tSathairn leis an Seanreacht nó leis an Reacht Nua. Mar liom féin, d'éirigh liom go dtí so cur in aghaidh an bheirt acu agus déanaim amach gurb é sin an chúis go bhfuiltear i ngrá liom go fóill. Sa deireadh thiar, le plá na gcritheanna talún a chur uainn agus le Don Issacar a scanrú, bheartaigh an Cúistiúnaí oirmhinneach ar autodafe dhéanamh agus tugadh cuireadh dom féin bheith i láthair. Bhí suíomh maith agam, tairgíodh sólaistí do na mná uaisle idir an t-aifreann agus bású na ndaor. Chun na fírinne rá bhí scanradh orm féachaint ar loscadh an dá Ghiúdach agus an Bhiscayaigh mhaith sin a phós a mháthair bhaistí. Ach is mó an méid ionadh, eagla agus imní a bhí orm nuair a chonac duine a bhí anachosúil le Pangloss agus sanbenito agus mítéar air. Chimlíos mo dhá shúil agus d'fhéachas go maith. Chonac a chrochadh. Thuiteas i laigí. Ní túisce a thánag chugam féin ná chonac tusa agus tú id gheilt. B'shin líon an uafáis, na halltachta, an dubróin agus an éadóchais. Gan an fhírinne cheilt ort, deirim leat go bhfuil do chroiceann níos báine agus níos sodhealbhaí fós ná croiceann mo chaptaein Bhulgáirigh. Mhéadaigh an radharc san na mothúcháin a bhí am bhrú, am ithe. Leigeas scread asam, ba mhian liom a rá: Stadaigh, a bharbaraigh! Ach theip an guth orm agus, ar aon nós, is beag a chabhródh mo screadanna. Nuair a bhí greadadh maith fachta agat, "Conas is féidir," arsa mise liom féin, "go bhfuil Candide dílis agus Pangloss ciallmhar anso i Lisboa, duine acu le céad slais fháil leis an bhfuip agus an duine eile le crochadh ar ord an Chúistiúnaí oirmhinnigh, gur mise a leannán? Is amhlaidh a dhein Pangloss feall neamhthrócaireach orm nuair a dúirt sé liom go mbíonn

gach aon rud ar fheabhas!" Bhíos trí chéile, ar seachrán, uair ar mire agus uair eile ar tí bás fháil den laige. Bhí mo cheann lán cuimhní - dúnmharú m'athar, mo mháthar, mo dhearthár, sotal mo stracaire de shaighdiúir Bulgáireach, an sá scine a thug sé orm, mo dhaoire, mo chócaireacht, mo chaptaen Bulgáireach, Don Issacar gráiniúil agus mo Chúistiúnaí déistineach, crochadh an dochtúir Pangloss, an miserere mór san le faux-bourdon a bhí ar siúl le linn do ghreadaithe ... agus an phóg, ach go háirithe, a thugas duit laistiar de scáthlán an lá deireannach a chonac tú. Mholas Dia a chuir chugam tú i ndiaidh an oiread san eachtraí. Dúrt lem sheanbhean freastal ort agus tú thabhairt léi anso chomh luath agus d'fhéadfadh sí. Is maith a lean sí m'oird. Bhí áthas do-inste orm tusa fheiscint arís, tusa chloisint, labhairt leat. Cinnte go bhfuil ocras fíochmhar ort, tá goile mhaith agamsa leis. Tosnaímís leis an suipéar." Seo isteach ag an mbord iad agus tar éis an tsuipéir shuíodar arís ar an tolg breá a luamar cheana. Bhíodar ann go fóill nuair a tháinig Don Issacar, duine de mháistrí an tí. B'é sin lá na Sabóide agus tháinig sé lena chearta chur i bhfeidhm agus lena ghrá mín maoth a chur in iúl dí.

CAIBIDIL 9 ina n-instear cad a tharla do Chunegonde, do Chandide, don Ardchúistiúnaí agus do Ghiúdach.
Bhí an tIssacar so ar an nGiúdach ba fheargaí dá bhfacthas in Israel ó linn Bhroid na Baibealóine anuas. "Conas, a lánmheirdrigh Chríostaí," ar seisean, "nach leor leat an Cúistiúnaí oirmhinneach? Nó an gcaithfidh an cladhaire seo bheith páirteach liom leis?" Ar na focail sin thóg sé amach scian fhada a bhíodh leis i gcónaí agus, ó cheap sé ná raibh aon arma ag a pháirtí, léim sé ar Chandide. Ach seachas an chulaith éadaigh bhí claíomh breá fachta ón gcailleach ag ár Veistfáileach maith. Bíodh is go raibh béasanna fíorshéimhe aige, thóg sé amach an claíomh so agus shín an Giúdach righin marbh ar na leacáin ós cómhair Chunegonde álainne. "A Mhuire mháthair," ar sí siúd, "cad a dhéanfaimíd? Fear marbh im thighse. Má thagann na gardaí, beimíd caillte." "Murar crochadh é," arsa Candide, "thabharfadh Pangloss comhairle mhaith dúinn san eachtra so, mar ba mhór an fealsamh é. Dá cheal san, téimís i gcomhairle leis an gcailleach." Bhí sí sin anachiallmhar agus thosnaigh ag nochtadh a tuairime, nuair osclaíodh doraisín eile. Bhí sé uair an chloíg i ndiaidh mheánoíche, tosach an Domhnaigh. Ba leis an gCúistiúnaí oirmhinneach an lá san. Bhuail sé isteach, chonaic ann Candide an Greadaithe, claíomh ina láimh sin, fear marbh sínte ar an urlár, Cunegonde ar mire agus an chailleach ag comhairliú. Seo an smaoineamh a rith le Candide ag an neomat san: "Má ghlaonn an fear naofa so ar an gcúnamh, loiscfidh sé mé gan aon dabht agus

b'fhéidir go loiscfidh sé agus Cunegonde. Chuir sé greadadh neamhthrócaireach orm. Sé mo chomhshuiríoch é. Táim ag marú daoine. Leanam orainn." Smaoineamh glan tapaidh ab ea é seo agus, gan aon am a thabhairt don Chúistiúnaí éirí as an ionadh, chuir sé poll tríd agus shín i dteannta an Ghiúdaigh é. "Agus sin ceann eile," arsa Cunegonde, "níl aon leigheas air. Táimíd coinnealbháite agus tháinig ár n-uair dheireannach. Ach conas a dheinis, tusa a rugadh coimh séimh sin, le Giúdach agus préaláid a mharú laistigh de dhá neomat?" "A chailín álainn," arsa Candide, "duine a bhíonn i ngrá, in éad agus greadaithe ag an gCúistiúnacht, cuirtear óna aithint féin é." Ansan labhair an chailleach: "Tá trí capaill Andalúiseacha sa stábla," ar sise, "lena n-iallaití agus lena srianta. Cuireadh Candide maith i gcóir iad. Tá píosaí óir agus diamaint ag an mbean uasal. San iallait linn, bíodh is nach féidir liomsa suí ach ar leathmhás, agus téimís go Cadiz. Tá an aimsir go breá agus is áthasach an rud é taisteal le friseáltacht na hoíche." Chuir Candide iallait ar na capaill gan mhoill. Idir Chunegonde, an chailleach agus é féin, chuadar tríocha míle gan stad. Nuair a bhíodar ag cur bóthair díobh, tháinig an Bhráithreacht Naofa go dtí an tigh. Cuireadh an tOirmhinneach i séipéal breá agus caitheadh Issacar amach ar carn aoiligh. Bhí cathair bheag Arscana i lár shléibhte Sierra Morena bainte amach ag Candide, ag Cunegonde agus ag an gcailleach cheana agus bhíodar ag rá le chéile i dtigh ósta:

CAIBIDIL 10 ina n-instear an cruachás ina raibh Candide, Cunegonde agus an chailleach nuair a shroiseadar Cadiz agus conas a chuadar ar bord árthaigh.
"Ach cé ghoid orm mo chuid airgid agus na diamaint?" arsa Cunegonde agus í ag gol, "Nó conas a mhairfimíd? Cad a dhéanfaimíd? Cá n-aimseoimíd na Cúistiúnaithe agus na Giúdaigh lena thuille thabhairt dom?" "Mo léan is mo chreach," arsa an chailleach, "tá drochamhras orm faoi athair oirmhinneach Proinsiascánach a fhan in aon óstán linn i mBadajoz aréir. Dia eadrainn agus an breithiúnas gan mhachnamh - ach bhuail sé isteach inár seomra dhá uair agus d'imigh sé tamall maith rómhainn." "Fairíor," arsa Candide, "is minic a chruthaigh Pangloss maith dom go mbíonn na daoine go léir páirteach in earraí an tsaoil agus go mbíonn cearta cothroma ag gach éinne orthu. De réir an phrionsabail sin níor mhór don Phroinsiascánach ár ndóthain fhágaint againn lenár dturas a chríochnú. Más ea, níl faic fágtha agat, a Chunegonde álainn?" "Níl ná pingin rua," ar sise. "Conas a dhéanfaimíd?" arsa Candide. "Díolaimís ceann de na capaill," arsa an chailleach, "raghaidh mise in iallait laistiar den bhean uasal, bíodh is nach féidir liom suí ach ar leathmhás, agus sroisfimíd Cadiz." Bhí prióir Beinidicteach san óstán céanna. Cheannaigh sé an capall ar praghas íseal. Chuaigh Candide, Cunegonde agus an chailleach tré Lucena, tré Chillas, tré Lebrija agus

sa deireadh thiar bhaineadar amach Cadiz. Bhíothas ag ullmhú cabhlaigh ann agus ag cruinniú trúpaí le haithreacha oirmhinneacha Íosagánacha Pharaguay a chur faoi smacht, mar cuireadh ina leith siúd go raibh ceann dá mórthreabhachais spreagtha acu le héirí amach in aghaidh ríthe na Spáinne agus na Poirtingéile, in aice le cathair San Sacramento. Ó bhí Candide ina shaighdiúir leis na Bulgáirigh, dhein sé an drileáil Bhulgáireach ós cómhair ghinearál an airm bhig leis an oiread san grásta, luas, aicillíocht agus uabhar gur tugadh ceannaireacht chomplacht coisithe dó. Seo againn ina chaptaen é. Chuaigjh sé ar bord i dteannta na hiníne uaisle Cunegonde, na cailí, beirt ghiollaí agus an dá chapall Andalúiseacha a bhí seal ag Ardchúistiúnaí na Poirtingéile. Le linn an turais dheineadar a lán díospóireachta ar fealsúnacht Phangloss bhoicht. "Táimíd ag dul go domhan eile," arsa Candide, "agus gan dabht tá gach aon rud go maith sa cheann nua so, mar caitear a admháil go bhféadfaí cúpla gearán a dhéanamh faoin méid a thuiteann amach inár gceann-ne, idir fisic agus mhóráltacht." "Tá grá óm chroí agam ort," arsa Cunegonde, "acht tá m'anam brúite go fóill ag an méid atá feicthe agus fachta agam." "Beidh gach aon rud ceart." arsa Candide, "Tá farraige an domhain nua so níos fearr cheana ná farraigí na hEorpa. Tá sí níos ciúine agus tá na gaotha níos seasmhaí. Cinnte gurb é an domhan nua an domhan is fearr de na domhain inbheithe." "Le cúnamh Dé," arsa Cunegonde, "ach bhíos chomh huafásach míámharach im dhomhansa gur beag ná fuil mo chroí dúnta ar an dóchas." "Tá sibhse ag gearán," arsa an chailleach, "ach ní bhfuaireabhar riamh timpistí faoi mar a fuaireassa." Is beag nár dhein Cunegonde scarta gáirí agus shíl sí go raibh an tseanbhean so fíorghreannmhar nuair a dhearbhaigh sí bheith níos míámharaí ná í féin. "A bhean bhocht," ar sise léi, "murar éignigh beirt Bhulgáireach tú, mura bhfuairis dhá shá scine sa bholg, murar leagadh dhá cheann de chaisleáin ort, murar maraíodh ós do chómhair dhá mhathair agus dhá athair, mura bhfacaís do bheirt leannán á ngreadadh in autodafe, ní thuigim conas a bhuafása orm. Cuir san áireamh san go rugadh im bhanbharún mé agus dhá cheathrú dhéag is trí fichid d'uaisleacht agam agus gur chaitheas seal im chócaire." "A bhean uasal," arsa an chailleach, "níl fhios agat cé hiad mo mhuintir. Agus dá dteaspánfainn mo thóin duit, ní labhrófása mar sin ach do bhreithiúnas a chur ar cheal." Spreag an chaint seo fiosracht mhór i gCunegonde agus i gCandide. Labhair an chailleach mar leanas:

CAIBIDIL 11. ina n-instear scéal na caillí.
"Fadó ní raibh mo shúile ruaimneach deargimleach ná ní rabhas im shearbhónta. Iníon leis an bpápa Urban X agus le banphrionsa Phalestrina is ea mé. Go dtí gur shlánaíos ceithre bliana déag, tógadh i bpálás mé ná hoirfeadh caisleáin bhur mbarún

Gearmánacha go léir mar stáblaí dó. Agus ba luachmhaire ceann dem chuid ghúnaí ná mórshaibhrisí na Veistfáile go léir. Chuas in áilleacht, i ngrásúlacht, i mbuanna i lár na bpléisiúr, an mheasa agus an dóchais. Bhíos ag múscailt an ghrá cheana agus bhí mo bhrollach ag fás. Nárbh shin é an brollach agus é bán daingean agus cuma bhrollach Venus na Medici air! Agus mo shúile! Agus m'fhabhraí! Agus mo mhailí dubha! Nárbh iad na lasracha a bhíodh ag dó im dhá mhac imreasan, ag múchadh spalpadh na réiltíní mar a deireadh filí an cheantair liom. Na mná a chuireadh na héadaí orm agus a bhaineadh díom iad, bhíodh sceitimíní orthu nuair a d'fhéachaidís orm thoir agus thiar - agus ba mhian leis na fearaibh go léir bheith ina n-áit. Gealladh le pósadh mé do fhlaith Mhassa Carrara. Nárbh é sin an prionsa agus é chomh hálainn liom féin, lán séimhe agus deabhéasanna, fíordheisbhéalach agus sárghrámhar! Bhíos i ngrá leis faoi mar a bhítear den chéad uair - le m'anam féin, le híoladhradh. Bhí an pósadh ullamh. Mustar agus niamhracht gan mhacasamhail ab ea é. Féastaí, carúis agus opera buffa gan stad. Chum an Iodáil go léir dánta dom gan aon cheann díobh a bheith ach cuíosach maith. Bhíos ar tí greim a bhreith ar m'áthas nuair a fuair mo phrionsa cuireadh chun seacláide ó sheanbhanmharcas a bhí seal ina leannán. Cailleadh é laistigh de dhá uair an chloig ins na trithí dubha. Ach níorbh fhaic é sin. Mo mháthair, a bhí in éadóchas agus leath chomh buairthe liom féin, ba mhian léi éaló go ceann tamaill ó áit chónaithe a chonacthas a bheith fíormhíshláintiúil. Bhí talamh anabhreá aici in aice le Gaeta. Chuamar ar bord loinge a bhí órga ar nós altóir San Peadair sa Róimh. Seo chugainn foghlaí mara as Sale a tháinig ar bord. Chosain ár saighdiúirí iad féin orthu ina bhfíorshaighdiúirí an Phápa - thuiteadar go léir ar a dhá nglúin, ag caitheamh uathu a gcuid arm agus ag iarraidh aspolóid in articulo mortis ar an bhfoghlaí. Gan mhoill bhíodar ina ngeilt ar nós moncaithe. Nochtadh agus mo mháthair. Nochtadh ár gcailíní coimhdeachta. Nochtadh agus mé féin. Is iontach an aicillíocht a bhíonn ag na daoine uaisle sin leis na héadaí bhaint de na daoine. Ach rud a chuir níos mó ionadh orm fós, chuireadar a méar orainn go léir in áit ná cuirimídne na mná de ghnáth ach ga. B'ait liom an tsollúntacht so - ach sin é mar a mheasann gach aon rud an té ná raibh riamh sa bhaile. Is gearr go bhfuaireas amach gur le haghaidh féachaint an raibh aon diamaint curtha i bhfolach ansan againn a deineadh é - is gnáthnós le fadó riamh é i measc na náisiún síbhialta a ghabhann bóithre na farraige. D'fhoghlamaíos ná déanann ridirí cráifeacha uaisle Mhalta aon dearmad air nuair a ghabhann siad Turcaigh agus Turcacha. Ceann de chearta na náisiún is ea é nár diúltadh riamh. Ní neosaidh mé díbh cé chomh cruaidh is a thagann sé ar bhanphrionsa óg a breith ina daor go Maracó i dteannta a máthar. Is fuiriste díbh a shamhailt a raibh le fulang againn ar bád na bhfoghlaithe. Bhí mo mháthair anaálainn fós. Is mó de ghrásta a bhí ag ár gcailíní coimhdeachta, ag ár gcailíní aimsire fiú amháin, ná mar a gheobhfá san Afraic go léir. Mar liom féin, bhíos draíochtach, bhíos im áille agus im ghrásta agus bhíos im mhaighdean. Ní fada a bhíos. An bláth a cuireadh i gcoimeád do phrionnsa álainn Mhassa Carrara, thóg captaen na bhfoghlaithe uaim é. Fear gorm déistineach ab ea é agus cheap sé a lán onóra thabhairt dom. Cinnte nárbh fholáir do bhanphrionsa Phalestrina agus dom féin bheith analáidir le cur suas leis an méid ar chuamar tríd sular

bhaineamar amach Maracó. Ach leanam orainn. Tá a leithéid chomh coitianta san nach fiú tagairt a dhéanamh dó. Nuair a shroiseamar Maracó, bhí an tír ag snámh sa bhfuil. Bhí leithchéad mac ag an impire Muley-Ismael agus a dhream féin ag gach aon mhac acu - sé sin le rá go raibh leithchéad cogadh cathartha ar siúl: goirm in aghaidh gorm. goirm in aghaidh donn, doinn in aghaidh donn, mulataigh in aghaidh mulatach. Bhí búistéireacht ar siúl ar fud na himpireachta. Ní túisce a bhíomar ar an tír ná tháinig fir ghorma a bhain le dream a bhí in aghaidh an fhoghlaí seo againne, thángadar ag triall orainn lena chreach a bhaint de. I ndiaidh na ndiamant agus an óir, ba sinne an rud ba luachmhaire dá raibh ann. Bhíos im fhínné ar chath ná feicfeása a leithéid go deo i dtíortha na hEorpa. Níl fuil the a ndóthain ag pobail an tuaiscirt. Níl gealtanas na mban iontu faoi mar a bhíonn de ghnáth san Afraic. Déarfása ná fuil i gcuisleanna na nEorpach ach bainne; sé an vitríol, sé an tine atá i gcuisleanna áitritheoirí an Atlais agus na gceantracha atá ina ghiorracht. Trodadh le fíoch leoin, tíogair agus nathracha na háite. féachaint cé acu leis a mbeimís. Rug Múrach amháin greim ar láimh dheis mo mháthar, choimeád leifteanant mo chaptaein a ghreim ar a láimh chlé, ghabh saighdiúir Múrach cos amháin, bhí a cos eile idir lámha dhuine de na faoghlaithe. Ag an neomat san is beag dár gcailíní ná raibh á dtarraingt mar sin idir ceathrar saighdiúirí. Choimeáad mo chaptaen laistiar de i bhfolach mé. Bhí a chlaíomh ina láimh agus é ag marú gach éinne dár chuir in aghaidh a fheirge. Sa deireadh thiar chonac go raibh ár mná Iodáileacha go léir stracaithe óna chéile agus mo mháthair - iad gearrtha agus dúnmharaithe ag na brúideanna a bhí in aighneas le chéile fúthu. Na príosúnaigh, mo chompánaigh, na daoine a ghabh iad, saighdiúirí, mairnéalaigh, goirm, doinn, báin, mulataigh, mo chaptaen fiú amháin - maraíodh gach mac máthar acu agus fágadh mé féin in airde ar carn na marbh agus mé leathmharbh. Mar is eol don tsaol, bhí a leithéid de radharc le feiscint ar gach taobh go ceann trí chéad léig, gan gur deineadh dearmad ar cúig phaidir an lae a d'ordaigh Mahomed. D'imíos le mórshaothar ó shlua na gcorpán a bhí ina gcáirne lán fola agus tharraingíos mé féin faoi chrann mór oráiste a bhí in aice liom ar bhruach srutháin. Thuiteas le heagla, le tuirse, le huafás, le héadóchas agus le hocras. Is gearr gur thuit mo chéadfaí lánscriosta i gcodladh a bhain níos mó leis na laigí ná leis an bhfaoiseamh. Bhíos sa tsuíomh lag fantaiseach san, idir an bás agus an saol,nuair a mhothaíos rud éigin ag bogadh agus ag brú ar mo chorp. D'osclaíos mo shúile agus chonac fear bán a raibh cuma mhaith air agus é ag osnaíl agus ag rá idir a fhiacla: "O che sciagura d'essere senza coglioni!"

CAIBIDIL 12 ina leantar ar scéal thimpistí na caillí.
Ó bhí ionadh agus áthas orm mo theanga dhúchais a chloisint (ná níor lú an t-ionadh a chuir focail an fhir seo orm), d'fhreagraíos é ag rá go raibh timpistí ann ba mhó ná cúis a ghearáin. Le beagán focal d'insíos dó na huafáis a bhí fulaingthe agam. Agus thuiteas i laigí arís. D'iompair sé go tigh cóngarach mé, chuir i leaba mé, thug bia dom,

d'fhreastail orm, thug sólás dom, mhol agus mheall mé, dúirt liom ná faca sé riamh aon rud ar chomháille liom féin agus ná raibh riamh an oiread san cumhadh air i ndiaidh an rud ná féadfadh éinne a thabhairt tharnais dó. "Rugadh i Napoli mé," ar seisean, "áit a gcoilltear a dó nó a trí mhíle de pháistí gach aon bhliain. Faghann cuid acu bás, faghann cuid eile guth is áille ná guth na mban, imíonn an chuid eile leis na Stáit a riaraidh. Deineadh an obráid sin orm agus d'éirigh go hiontach léi. Bhíos im cheoltóir i séipéal bhanphrionsa Phalestrina ..." "I séipéal mo mhátharsa!" a dúrtsa. "I séipéal do mháthair?" ar seisean agus é ag gol, "an í tusa an bhanphrionsa óg a thógas go dtí a sé bliana agus an chuma uirthi cheana go mbeadh sí chomh hálainn is atá tú féin?" "Is mé. Tá mo mháthair ceithre chéad slat ón áit seo ina ceathrúna faoi charn na marbh ..." D'insíos dó gach ar tharla dom. D'inis sé domhsa a chuid eachtraí go léir. Chuir flaith Críostaí ina theachtaire go rí Mharacó é le conradh dhéanamh: bheadh púdar, gunnaí móra agus árthaí le fáil aige siúd ach cabhrú le trádáil na gCríostaithe eile scrios. "Tá deireadh lem theachtaireacht," arsa an coillteán macánta, "raghaidh mé ar bord an árthaigh i Ceuta. Tabharfaidh mé liom san Iodáil tú. Ma che sciagura d'essere senza coglioni!" Ghabhas buíochas leis agus mé ag sileadh deora grámhara agus in áit mé thabhairt san Iodáil, thug sé leis go dtí an Ailgéir mé agus dhíol le dey na tíre sin mé, Ní túisce a bhíos díolta ná bhris amach faoi lánréim san Ailgéir an phlá fhorleata a bhí dulta timpeall na hAfraice, na hÁise agus na hEorpa. Chonaicís na critheanna talún, a bhean uasal, ach an bhfaicaís riamh plá fhorleata?" "Ní fhaca," arsa Cunegonde. "Dá bhfeicfeá," arsa an chailleach, "d'admhófá gur measa í ná crith talún. Bíonn sí anachoitianta san Afraic. Thógas í. Samhail duit iníon phápa gan ach cúig bliana déag slánaithe aici a fuair bochtanas, daoire agus éigniú beagnach laethúil, a chonaic ceathrúna á ndéanamh dá máthair,a d'fhulaing gorta agus cogadh agus a bhí ag fáil bháis den phlá san Ailgéir - agus gach aon rud laistigh de ráithe. Ní bhfuaireas bás, áfach. Ach fuair mo choillteán agus an dey agus a bhformhór de chúirt na hAilgéire. Nuair a bhí céad scrios na plá uafásaí seo thart, díoladh daoir an dey. Cheannaigh ceannaí mé agus thug leis go Tunis mé. Dhíol sé le ceannaí eile mé a dhíol i dTripoli mé. Ó Thripoli díoladh go hAlexandria mé, ó Alexandria go Smyrna agus ó Smyrna go Constantinople. Sa deireadh thiar bhíos ag aga Geanasóirí a fuair ord, tamaillín ina dhiaidh san, dul ag cosaint Azov ar na Rúisigh a raibh léagar curtha acu ar an áit. Fear mór ban ab ea an t-aga agus thug leis a háram go léir. Thug sé lóistín dúinn i ndún beag ar bhruach Mhuir Azov faoi choimeád beirt choillteán agus fiche saighdiúir. Maraíodh an t-uafás Rúiseach ach is maith a dhíoladar orainn é. Chuaigh Azov tré thine agus tré fhuil gan mhaitheamh d'aois ná d'aicme. Ní raibh fágtha ach ár ndúinín. Ba mhian leis na namhaide sinne ghabháil leis an ngorta. Bhí an scór Geanasóir faoi mhóid gan géilleadh go deo. De bharr an mhórocrais a bhí orthu, chaitheadar ár mbeirt

choillteán ithe d'eagla teip ar a móid. I gcionn cúpla lá bheartaíodar ar na mná ithe leis. Ach bhí imam fíorchráifeach fíorthrócaireach againn a thug seanmóin bhreá dóibh ag rá leo gan sinne mharú ar fad. "Ná gearraigh," ar seisean, "ach leathmhás ar gach éinne de na mná uaisle seo. Beidh béile breá agaibh. Má chaithfidh sibh a thuille ithe, beidh an leath eile agaibh i gcionn cúpla lá. Beidh an Spéir buíoch den ghníomh carthanach so agus cabhrófar libh." Bhí deis a labhartha aige. Dheineadar rud air. Deineadh an obráid uafásach orainn. Chuir an t-imam orainn an uinnimint chéanna is a chuirtear ar na páistí tar éis iad a thimpeallghearradh. Bhíomar go léir láimh leis an mbás. Ní túisce a bhí ár gcuid ite ag na Geanasóirí ná tháinig na Rúisigh i mbáid réthónacha. Níor éalaigh aon Gheanasóir. Ba chuma leis na Rúisigh an suíomh ina rabhamar ach bíon máinlianna Francacha ins gach aon áit. Duine acu súd - agus é fíoraicillí - a dhein ár gcúram. Leighis sé sinn agus cuimhneoidh mé go deo, nuair a bhí mo chneánna dúnta ar fad, gur dhein sé cúpla tairiscint dom. Ar aon nós, dúirt linn sólás a bheith againn mar thuit a leithéid amach ina lán léagar agus dlí an chogaidh ab ea é. Chomh luath is a bhí mo chompánaigh ábalta ar siúl, cuireadh go Moscú iad. Tháinig sé ar mo chrann féin bheith ag boyar a dhein gairdínéir díom agus a thugadh fiche slais leis an bhfuip dom in aghaidh an lae. Ach ó fuair an duine uasal san bás ar an roth i gcionn dhá bhliana i dteannta scór go leith de bhoyair eile toisc comhcheilg éigin na cúirte, bhaineas tairbhe as an eachtra san. Theicheas liom. Chuas treasna na Rúise go léir. Go ceann i bhfad bhíos im shearbhónta óstáin i Riga, i Rostock, i Wismar, i Leipzig, i Kassel, in Utrecht, i Leiden, san Hág, i Rotterdam. Chuas in aois sa bhochtanas agus sa náire, ar leathmhás, agus ba chuimhin liom i gcónaí gur iníon phápa mé. Céad uair ba mhian liom mé féin a mharú ach b'fhearr liom an saol. Is dócha go bhfuil an laige áiféiseach sin ar na claontaí is measa dá bhfuil orainn. Nach seafóideach an rud é leanúint ag iompar ualaigh a d'fhéadfá caitheamh uait pé uair is mian leat? Fuath a bheith agat dot shaol agus do shaol a chothú? Bheith ag cimilt ar an nathair a bhíonn at ithe nó go n-íosaidh sí do chroí? Ins na tíortha ar chuir an chinniúint mé agus sna hóstáin inar fhreastalaíos, chonac an t-uafás daoine arbh fhuath leo a saol - ach ní fhaca ach dosaen a chuir clabhsúr go lántoilteanach ar a n-ainnise: triúr fear gorma, ceathrar Sasanach, ceathrar Ginéiveach agus ollamh Gearmánach dárbh ainm Robeck. Sa deireadh thiar bhíos im shearbhónta ag an nGiúdach Don Issacar. Chuir seasan id theanntasa mé, a bhean uasal álainn, ghlacas led chinniúintse agus ba mheasa liom do chuid eachtraí ná mo chuidse. Ní luafainn mo thimpistí leat in aonchor ach amháin gur tháinig cochall orm agus gur nós na mbád é scéalta insint leis an am a ghiorrú. Tá taithí agam ar an saol, a bhean uasal, agus aithne. Bíodh spórt agat - iarr ar gach aon phaisinéir a scéal féin insint duit agus, má tá duine amháin ina measc nár mhallaigh a shaol go minic, ná dúirt leis féin go minic gurbh é an duine ba mhíámharaí é, caith i ndiaidh mo chinn sa bhfarraige mé!"

CAIBIDIL 13 ina n-instear conas ab éigean do Chandide scarúint le Cunegonde álainn agus leis an

gcailleach.
Nuair a bhí scéal na cailí cloiste aici, chuir Cunegonde an chóir chúirtéiseach uirthi a oir do dhuine a gradaim agus a fiúntais - agus ghlac lena tairiscint. D'iarr sí ar na paisinéirí a n-eachtraí insint dí i ndiaidh a chéile. D'admhaigh sí agus Candide go raibh an ceart ag an gcailleach. "Is mór an truaighe," arsa Candide, "gur crochadh an scoláire Pangloss in autodafe a bhí i gcoinnibh an nóis, mar déarfadh sé rudaí iontacha linn i dtaobh an oilc fhisiciúil agus an oilc mhórálta a chlúdaíonn talamh agus muir - agus leomhfainn féin cúpla agóid a chur go hurramach sa scéal air." Le linn do gach éinne a scéal féin insint, bhí an t-árthach ag dul ar aghaidh. Thángadar isteach i gcuan Bhuenos Aires. Chuaigh Cunegonde, an captaen Candide agus an chailleach ag tabhairt cuairte ar an ngobharnóir, Don Fernando de Ibaraa y Figueora y Mascarenes y Lampurdos y Suza. Bhí móraíocht ag an duine uasal so faoi mar oirfeadh d'fhear a mbeadh an oiread san sloinntí air. Bhíodh sé ag caint leis na fearaibh le dímheas fíoruasal, ag ardú a shróna agus a ghotha, ag labhairt de ghlór tábhachtach, ag siúl go sáruaibhreach - ionas go mbíodh fonn ar an té a bheannaíodh dó greadadh thabhairt dó. Bhí sé as a mheabhair le grá do na mná. Dar leis ní fhaca sé riamh bean chomh hálainn le Cunegonde. An chéad rud a d'fhiafraigh sé ná an raibh sí pósta leis an gcaptaen. An tslí ar chuir sé an cheist sin a scanraigh Candide. Ní leomhfadh sé a rá gurbh í a dheirfiúr mar níorbh í ach oiread - agus, bíodh is go mbíodh an bhréag neamhoifigiúil sin anafhaiseanta sa tSeanshaol agus go bhféadfadh sí bheith fíorúsáideach faoin Reacht Nua, bhí a anam róghlan le feall imirt ar an bhfírinne. "Tá an iníon uasal Cunegonde," ar seisean, "le honóir a láimhe bhronnadh orm agus impímíd do Shoilse ár bpósadh dhéanamh." D'ardaigh Don Fernando de Ibaraa y Figueora y Mascarenes y Lampurdos y Suza a chroiméal, dhein miongháire shearbh agus d'ordaigh don chaptaen Candide léirbhreithniú a chomplachta dhéanamh. Dhein Candide rud air. D'fhan an gobharnóir i dteannta na hiníne uaisle Cunegonde. D'fhógair sé a ghrá dí, dhearbhaigh go bpósfadh sé amáireach faoi bhráid na hEaglaise nó ar pé nós ab fhearr lena hÁille í. D'iarr Cunegonde ceathrú uair an chloig air le machnamh, le dul i gcomhairle leis an gcailleach agus le beartú dhéanamh. Dúirt an chailleach le Cunegonde: "A bhean uasal, tá dhá cheathrú dhéag is trí fichid d'uaisleacht agat ach diabhal aon phingin. Ní bhraitheann sé ach ortsa bheith nó gan a bheith id bhean ag an tiarna uasal is mó cumhacht de chuid deisceart Mheiriceá, fear a bhfuil croiméal fíorálainn aige. An leomhfá maíomh as dílse go bun an angair? D'éignigh na Bulgáirigh tú, fuair Giúdach agus Cúistiúnaí t'áille, tugann timpistí cearta. Admhaím, dá mbeinn it áitse, ná beadh aon bhac ormsa an Gobharnóir uasal a phósadh agus foirtiún an chaptaein Candide a dhéanamh." Nuair a bhí an chailleach ag labhairt leis an gcéill a bhronn an aois agus an taithí uirthi, chonacthas árthach beag ag teacht isteach sa chuan. Bhí breitheamh agus constáblaí ar bord agus seo agaibh an rud a bhí tuitithe amach:

Is maith a shíl an chailleach gurbh é Proinsiascánach na muinchille leathaine a ghoid airgead agus seoid Chunegonde i gcathair Badajoz nuair a bhí sí ag teicheadh i dteannta Chandide agus fuadar fúthu. Theastaigh ón mbráthair sin cuid de na clocha dhíol le seodóir. D'aithin an ceannaí na seoid, gur leis an Ardchúistiúnaí iad. Sular crochadh é, d'admhaigh an Proinsiascánach go rabhadar goidithe aige. Dúirt sé cérbh iad na daoine agus cén bóthar a bhí á gabháil acu. Bhí teicheadh Chunegonde agus Chandide ar eolas cheana. Leanadh go Cadiz iad. Gan aon am a chailliúint cuireadh árthach ar a dtóir. Bhí an t-árthach ar ancaire i gcuan Bhuenos Aires cheana. Tháinig ráflaí go raibh breitheamh ar bord agus go rabhthas ag lorg na ndaoine a mharaigh an tArdchúistiúnaí oirmhinneach. Chonaic an chailleach chiallmhar gan mhoill cad a bhí le déanamh. "Ní fhéadfása teicheadh," ar sise le Cunegonde, "agus ní baol duit aon rud. Ní tusa a mharaigh an tOirmhinneach. Pé scéal é, ní bheadh an gobharnóir sásta go bhfaghfása aon drochíde ó tá sé i ngrá leat. Fan." Rith sí ag triall ar Candide: "Teich," ar sise, "nó loiscfear faoi cheann uair an chloig tú." Ní raibh neomat le cailliúint aige - ach conas scarúint le Cunegonde agus cá bhféadfadh sé teicheadh?

CAIBIDIL 14 ina n-instear conas a chuir Íosagánaigh Pharaguay fáilte roimh Chandide agus Cacambo.
Giolla den tsaghas is minic a faghtar ar chóstaí na Spáinne agus sna cóilínteachtaí is ea thug Candide leis as Cadiz. Ceathrú Spáinnigh a bhí ann, mac meascaigh a rugadh i dTucuman. Bhí tamallacha caite aige ina chléirichín, ina sacraisteoir, ina mhairnéalach, ina mhanach, ina aidhbhéardaí, ina shaighdiúir agus ina shearbhónta. Cacambo ab ainm dó agus bhí sé anamhór lena mháistir toisc go raibh a mháistir ina fhear fíormhaith. Chomh luath is ab fhéidir leis, chuir sé iallait ar an dá chapall Andalúiseacha. "Téanam ort, a mháistir," ar seisean, "déanam rud ar an gcailleach. Bailímís linn ag teicheadh gan féachaint siar!" Bhí Candide ag sileadh na ndeor: "A Chunegonde na páirte," ar seisean, "an éigean dom tusa thréigint nuair atá an gobharnóir uasal ar tí ár bpósadh dhéanamh? I bhfad ón áit gurb as tú, a Chunegonde, cad a dhéanfar díot?" "Déanfar di pé rud a féadfar," arsa Cacambo, "bíonn caoi ag na mná i gcónaí. Beidh Dia ina cúram. Téanam ort!" "Cá stiúrfaidh tú mé? Cá raghaimíd? Cad a dhéanfaimíd gan Chunegonde?" arsa Candide. "Dar San Séam," arsa Cacambo, "bhís le cogadh chur ar na hÍosagánaigh - raghaimíd á chur ar a son. Tá cur amach agam ar na bóithre agus tabharfaidh mé liom go dtína dtír tú. Beidh áthas ceart orthu captaen fháil a dheineann an drileáil Bhuilgáireach. Gheobhaidh tú saibhrisí móra. Nuair ná faghann duine a thairbhe ar saol amháin, faghann sé ar saol eile é. Is mór an sásamh rudaí nua fheiscint agus a dhéanamh." "An rabhais cheana i bParaguay?" arsa Candide.

"Bhíos go deimhin," arsa Cacambo, "bhíos im chócaire i gcoláiste Asunción agus tá cur amach chomh cruinn agam ar rialtas na n-aithreacha is atá agam ar shráideanna Chadiz. Rud iontach is ea an rialtas céanna. Tá an tír níos mó ná trí chéad léig ar leithead agus tá sí roinnte i ndeich gcinn fichead de phroibhinsí. Tá gach rud ag na haithreacha agus faic ag an bpobal - sárobair an réasúin agus an chirt is ea é. Ní fheicim go bhfuil aon rud chomh diaga leis na haithreacha - cuirid cogadh ar rí na Spáinne agus ar rí na Poirtingéile abhus agus cuirid faoistine ar na ríthe céanna san Eoraip thall. Maraíd na Spáinnigh abhus agus i Madrid cuirid go flaithis Dé iad. Téanam ort, táim ríshásta. Beidh tú ar na fearaibh is ámharaí ar domhan. Agus nach mór an sásamh a bheidh ag na haithreacha nuair a gheobhaidh siad amach go bhfuil captaen chucu a bhfuil an drileáil Bhulgáireach ar eolas aige!" Nuair a shroiseadar an chéad phost teorann, dúirt Cacambo leis an réamhgharda go raibh captaen ag iarraidh labhairt leis an gceannfort uasal. Chuathas á rá san leis an ngarda mór. Rith oifigeach Paraguayach go cosa an cheannfoirt leis an nuaíocht a chur in iúl dó. Baineadh a n-airm de Chandide agus de Chacambo ar dtús. Beireadh greim ar an dá chapall Andalúiseacha a bhí acu. Ansan cuireadh an bheirt stróinséirí idir dhá líne shaighdiúirí. Bhí an ceannfort ag an gceann eile den líne, hata trí beann air, an chasóg fillte aníos, claíomh ar a bheilt, píce ina láimh. Dhein sé comhartha: tháinig cúpla dosaen saighdiúir láithreach timpeall na beirte a bhí tar éis teacht. Dúirt sáirsint leo go gcaithfidís fanacht, ná féadfadh an ceannfort labhairt leo, mar ní cheadaíodh an proibhinsial oirmhinneach d'aon Spáinneach a bhéal oscailt ach amháin ós a chómhair féin ná fanacht níos mó ná trí huaire an chloig sa tír. "Agus cá bhfuil an proibhinsial oirmhinneach?" arsa Cacambo. "Tá sé sa pharád tar éis a aifrinn a rá," arsa an sáirsint, "ní fhéadfaidh sibh póg a thabhairt dá spoir ach i gcionn trí huaire an chloig." "Ach tá an captaen uasal ag fáil bháis den ocras chomh maith liom féin," arsa Cacambo, "agus ní haon Spáinneach é ach Gearmáineach. Ná féadfaimís lón ithe agus sinne ag fanacht lena Oirmhinneacht?" Chuaigh an sáirsint ag cur síos ar an díospóireacht so don cheannfort gan mhoill. "Buíochas le Dia," ar sé seo, "ós Gearmáineach é, leomhfaidh mé labhairt leis. Tugtar go dtí mo phuball é." Láithreach bonn stiúradh Candide go dtí grianán ina raibh sraith aoibhinn cholúin mharmair ghlais agus óir agus cásanna pearóidí, dordéan, cuilsealgairí, ginithe agus éanlaithe neamhchoitianta eile. Bhí sárlón réidh i miasa óir. Fágadh na Paraguayaigh amuigh ag ithe arbhair indiaigh i miasa adhmaid i lár na páirce faoi theas na gréine agus tháinig an t-athair oirmhinneach ceannfort isteach faoin bpuball. Ógánach fíorálainn ab ea é - aghaidh lán, bán go leo, gruanna corcra, mailí dubha, súil bheo, cluas dhearg, beola craorac, cuma uasal - ach bhí uaisle ag baint leis nárbh aon uaisle Spáinnigh ná Íosagánaigh. Tugadh tharnais do chandide agus do Chacambo na hairm a bhí bainte díobh agus an dá chapall Andalúiseacha. Thug Cacambo coirce dóibh siúd in aice leis an bpuball gan a shúil fhágaint uathu ar eagla na heagla.

Ar dtús thug Candide póg do ghustal an cheannfoirt agus ansan shuíodar isteach. "Deirtear gur Gearmáineach tusa," arsa an tÍosagánach leis as Gearmáinis. "Is mé, a athair oirmhinnigh," arsa Candide. Ar na focail seo d'fhéachadar ar a chéile agus ionadh an domhain orthu agus mothúchán nár éirigh leo a smachtú. "Cén tír de chuid na Gearmáine arb as tú?" arsa an tÍosagánach. "As phroibhinse shalach na Veistfáile," arsa Candide, "mar rugadh i gcaisleán Thunderten-tronckh mé." "A Thiarna, an féidir é sin?" arsa an ceannfort. "A mhíorúilt!" arsa Candide. "An é sin tusa?" arsa an ceannfort. "Ní facthas a leithéid riamh!" arsa Candide. Thuit an bheirt acu ar aghaidh idir lámha a chéile agus shileadar srutháin na ndeor. "Conas, an é sin tusa, a athair oirmhinnigh?" arsa Candide, "An tusa deartháir Chunegonde áille? An é tusa a bhí marbh ag na Bulgáirigh? An é tusa mac an bharúin uasail? It Íosagánach i bParaguay! Caithfimíd a admháil gur ait an mac an saol. A Phangloss, a Phangloss, ná beifeása sásta anois murar crochadh tú!" Chuir an ceannfort amach na sclábhaithe gorma agus na Paraguayaigh a bhí ag freastal deochanna orthu i gcuacha criostail. Thug sé míle buíochas le Dia agus le San Iognáid. Gabh sé Candide idir a dhá láimh agus bhí cioth deor ar a n-aghaidh. "Bheadh a thuille ionadh ort go mór agus a thuille mothúcháin," arsa Candide, "dá ndéarfainn leat go bhfuil an iníon uasal Cunegonde, do dheirfiúr, atá ciorraithe dar leatsa, dá ndéarfainn leat go maireann sí fós agus scoth na sláinte aici." "Cá bhfuil sí?" "Id chomharsanacht - i dtigh ghobharnóir uasal Bhuenos Aires. Agus thánag ag cur cogaidh oraibh." I rith an chomhrá fhada so bhí gach aon fhocal dá ndúradar ag carnadh ionadh ós cionn a chéile. D'eitil a n-anam féin ar a dteanga, d'éist lena gcluais, thaitnigh ina súil. Ós rud é gur Ghearmáinigh iad, chaitheadar tamall fada ag an mbord ag fanacht leis an bProibhinsial oirmhinneach. Agus is amhlaidh a dúirt an ceannfort lena Chandide muirneach:

CAIBIDIL 15 ina n-instear conas a mharaigh Candide deartháir a Chunegonde dílse.
"Cuimhneoidh mé go deo ar an lá uafásach a chonac dúnmharú m'athar agus mo mháthar. Nuair a bhí na Bulgáirigh imithe, ní raibh mo dheirfiúr aoibhinn le fáil in aon áit agus cuireadh mo mháthair, m'athair, mé féin, dhá chailín aimsire agus triúr buachaillíní, cuireadh i dtrucail sinn le dul ár gcur i séipéal de chuid na nÍosagánach a bhí dhá léig ó chaisleán mo thuismitheoirí. Chaith Íosagánach uisce coisricthe orainn. Bhí sé uafásach goirt agus chuaigh cúpla braon isteach im shúile. Thug an t-athair faoi ndeara go raibh m'fhabhra ag bogadh beagáinín. Chuir sé a lámh ar mo chroí agus

d'airigh go raibh sé ag bualadh. Cabhraíodh liom agus i gcionn trí seachtaine bhíos slán folláin. Tá fhios agat, a Chandide dhílis, go rabhas fíorálainn. Fuaireas níos áille fós agus dá bhrí sin mhothaigh an t-athair oirmhinneach Krust, uachtarán an tí, páirt mhín mhaoth liom. Bhronn sé aibíd na nóibhíseachta orm agus is gearr ina dhiaidh san gur cuireadh go dtí an Róimh mé. Bhí earcaigh Íosagánacha Ghearmáineacha óga ag teastáil go géar ón athair ginearálta. Ní ghlacann tiarnaí Pharaguay le haon Íosagánaigh Spáinneacha ach an méid nach féidir leo a sheachaint. Is fearr leo na stróinséirí mar ceapann siad gur dílse dóibh féin iad. Mheas an t-athair oirmhinneach go rabhas oiriúnach le dul ag saothrú an ghoirt seo. D'imíomar rómhainn - mé féin, Polóinneach agus fear as Tyrol. Nuair a thánag anso, fuaireas onóir fodhéagánachta agus leifteanantachta; anois táim im choirnéal agus im shagart. Cuirfimíd aghaidh bhríomhar ar trúpaí rí na Spáinne. Geallaimse duit go gcoinnealbháfar iad agus go mbuafar orthu. Sé Dia a chuir anall tú le cabhair a thabhairt dúinn. Ach an amhlaidh go bhfuil mo dheirfiúr dhílis inár ngiorracht, i dtigh ghobharnóir Bhuenos Aires?" D'fhág Candide lena uacht ná raibh fírinne go dtí é. Thosnaigh a ndeora ag sileadh arís. Níor fhéad an barún gan póg a thabhairt do Chandide. Dúirt sé gurbh é a dheartháir, a shlánaitheoir. "Á, b'fhéidir," ar seisean, "a Chandide dhílis, go bhféadfaimíd ár mbeirt dul isteach sa chathair inár mbuaiteoirí le mo dheirfiúr fhuascailt." "Níl uaim ach san," arsa Candide, "mar cheapas í phósadh agus ceapaim fós." "Tusa an ea, a bhodaigh?" arsa an barún, "An mbeadh sé de shotal agat mo dheirfiúr a phósadh agus dhá cheathrú dhéag is trí fichid d'uaisleacht aici? Am baiste, nach mínáireach an duine tú lena leithéid de cheanndánaíocht a luadh liom!" Bhí Candide fágtha ina chloch ag an gcaint seo: "A athair oirmhinnigh," ar seisean, "is cuma ann nó as ceathrúna uaisleacht an domhain. Shábhálas do dheirfiúr ó lámha Giúdaigh agus Cúistiúnaí. Tá fiacha go leor agam uirthi agus tá sí féin sásta mé phósadh. Dúirt an máistir Pangloss liom le fadó riamh go mbíonn na daoine go léir ar aon dul le chéile. Agus bí cinnte go bpósfad í." "Sin rud a chífimíd, a chladhaire!" arsa an tÍosagánach barún Thunder-ten-tronckh, agus ag an am céanna thug sé sceilp mhór dó ar a aghaidh le bos a chlaímh. Tharraing Candide a chlaíomh féin láithreach agus sháigh isteach i mbolg an bharúin Íosagánaigh go dtí an dorn é. Ach nuair a tharraing sé amach é agus é craorac, chrom sé ar gol. "A Dhé na trócaire," ar seisean, "tá m'iarmháistir, mo chara, deartháir mo chéile marbh agam. Is mise an fear is fearr ar an saol agus féach go bhfuil triúr fear marbh agam cheana. Agus tá dhá shagart ar an triúr." Tháinig Cacambo isteach tar é is a bheith ag faire amach ag doras an phubaill. "Níl le déanamh againn," arsa a mháistir leis, "ach ár saol a dhíol go daor. Beifear ag teacht isteach anso gan dabht. Caithfimíd bás fháil agus ár n-airm inár láimh." Bhí a leithéid feicthe cheana ag Cacambo agus níor chuaigh sé as a mheabhair. Thóg sé an aibíd Íosagánach a bhí ar an mbarún, chuir ar corp Chandide í, thug bairéad an mhairbh dó agus chuir in iallait é. Deineadh gach aon rud i bpreabadh súl. "Ar aghaidh linn, a mháistir," ar seisean, "ceapfaidh gach éinne gur Íosagánach tú atá ag

dul le teachtaireacht. Agus beidh an teora sáraithe again sula bhféadfar rith ar ár dtóir." Bhí sé ag eitilt cheana ar na focail seo agus é ag glaoch as Spáinnis: "Áit! áit! don choirnéal oirmhinneach!"

CAIBIDIL 16 ina n-instear cad a tharla don dá thaistealaí i dteannta beirt chailíní, dhá mhoncae agus na ndaoine fiáine dárbh ainm Orejones.
Bhí Candide agus a ghiolla lastall de na postanna teorann agus ní raibh fhios ag éinne sa longfort fós gur cailleadh an tÍosagánach Gearmáineach. Bhí a mhála líonta ag Cacambo cúramach le harán, seacláid, bagún, orthaí agus cúpla cárt fíona. In iallait a gcapall Andalúiseacha dheineadar slí i gceantar anaithnid, áit ná fuaireadar aon bhóthar. Faoi dheireadh thángadar amach i machaire álainn a raibh srutháin ag dul trasna air. Scaoil an dá thaistealaí a gcapaill le hinbhear. Thairg Cacambo bia dá mháistir agus thug an eiseamláir dó. "Conas is mian leat," arsa Candide, "go n-íosainn bagún nuair atá mac an bharúin uasail marbh agam, nuair atáim daortha gan Cunegonde álainn fheiscint go deo arís? Cén tairbhe domhsa mo laethanta ainnise fhadú, nuair a chaithfidh mé iad a tharraingt i bhfad uaithi sa chathú agus faoi dhubrón? Nó cad a déarfaidh Nuachtán Trevoux?" Níor stad sé d'ithe agus na focail seo á rá aige. Chuaigh an ghrian faoi. Chuala an dá sheachránaí roinnt bhéiceanna beaga a leig mná astu, de réir dealraimh. Ní raibh fhios acu an béiceanna bróin nó áthais iad ach d'éiríodar ina seasamh de phreab leis an imní agus an eagla a mhúscalaíonn gach aon rud i dtír anaithnid. Tháinig na screadanna ó bheirt chailíní dearglomnochta a bhí ag rith go héadrom ar imeall na machaire agus dhá mhoncae ar a lorg a bhí ag tabhairt alpadh ar a mása ó am go chéile. Bhí truaighe ag Candide dóibh. Bhí lámhach gunna foghlamtha aige le linn dó bheith ag na Bulgáirigh agus leagadh sé cnó choill ar an gcrann gan bileog a bhogadh. D'ardaigh sé a ghunna Spáinneach dhá urchar, lámhaigh agus mharaigh an dá mhoncae. "Buíochas le Dia," ar seisean, "a Chacambo dhílis, gur fhuasclaíos an bheirt chréatúirí bochta san ó chontúirt mhór. Má dheineas peaca nuar a mharaíos Cúistiúnaí agus Íosagánach, dheisíos go maith é ag sábháil saol an dá chailín seo. B'fhéidir gur cailíní uaisle iad agus gur mór an tairbhe a bhainfimíd as an eachtra sa cheantar so." Bhí sé ag leanúint air nuair a stad a theanga. Chonaic sé na cailíní ag tabhairt póg do dá mhoncae go grámhar, ag sileadh deora ós cionn a gcorp agus ag líonadh an aeir le gártha fíordhubrónacha. "Níor cheapás go mbeadh an oiread mhaitheas anma acu," ar seisean le Cacambo faoi dheireadh. "Sárobair a dheinis ansan, a mháistir," ar seisean, "nuair a mharaís leannáin na gcailíní uaisle sin." "A leannáin?" arsa Candide, "Conas d'fhéadfadh san bheith fíor? Tá tú ag magadh fúm, a Chacambo. Nó conas a chreidfinn duit?" "A mháistir dhílis," arsa Cacambo, "cuireann gach aon rud ionadh ort. Canathaobh arbh

ait leat go mbeadh moncaithe le fáil i dtíortha áirithe agus iad ina leannáin ag mná? Tá ceathrú fhir iontu súd faoi mar atá ceathrú Spáinnigh ionnamsa." "Mo léan is mo chreach," arsa Candide, "is cuimhin liom an máistir Pangloss a rá gur thuit a leithéid amach fadó agus gur mar sin a tháinig éigiopain, fánais agus saitirí ar an saol, créatúirí a chonaic roinnt daoine mór le rá sa tSeanshaol. Ach cheapas ná raibh ann ach scéalta." ""Bíodh fhios agat anois," arsa Cacambo, "nárbh aon bhréag é. Agus chíonn tú conas a dhéanann na daoine ná fuair aon oideachas. Sé an t-aon rud a chuireann imní orm ná go mbeadh na mná uaisle sin ag imirt droichchleas éigin orainn." Spreag na smaointí daingeana so Candide leis an machaire fhágaint agus bualadh isteach sa choill. D'ith sé a chuid suipéir ansan i dteannta Chacambo agus, tar éis Cúistiúnaí na Poirtingéile, gobharnóir Bhuenos Aires agus an barún a mhallú, chodail an bheoirt acu ar an gcaonach. Nuair a dhúisíodar, bhraitheadar nárbh fhéidir leo bogadh. Is amhlaidh a bhíodar ceangailte le súgáin rúisc i rith na hoíche ag na hOrejones, áitritheoirí na tíre lenar sceith an bheirt mhná uaisle orthu. Bhíodar i lár leithchéad Orejón a bhí lomnocht ach saíde, bataí agus tuanna cloiche bheith acu. Bhí cuid acu ag adhaint tine faoi chorcán ábhalmhór agus cuid eile ag déanamh suas bioranna agus iad go léir ag béicigh: "Íosagánach is ea é, Íosagánach is ea é! Beidh díoltas againn agus béile breá leis. Ithimís Íosagánach, ithimís Íosagánach!" "Ná dúrtsa leat, a mháistir dhílis," arsa Cacambo go brónach, "go n-imreodh an dá chailín sin droichchleas orainn?" Thug Candide faoi ndeara an corcán agus na bioranna. "Cinnte go gcuirfear ag róstáil nó ar beiriú sinn," ar seisean, "ach cad a déarfadh an máistir Pangloss dá bhfeicfeadh sé conas a bhíonn an nádúr glan? Bíodh orm go mbíonn gach aon rud ar fheabhas, caithim a admháil gur cruaidh an chinniúint í an iníon uasal Cunegonde a chailliúint agus críochnú ar bior na nOrejones." Nó théadh Cacambo riamh as a mheabhair. "Ná bíodh aon éadóchas ort," ar seisean le Candide doilíosach, "tuigim cúpla focal de theanga na ndaoine seo agus labhróidh mé leo." "Ná déan dearmad," arsa Candide, "gur uafásach an danarthacht í daoine chur ar beiriú agus nach gníomh Críostaí in aonchor é." "A dhaoine uaisle," arsa Cacambo, "an amhlaidh go gceapann sibh Íosagánach ithe inniu? Tá san go fíormhaith. Níl aon rud níos córa ná an íde sin a thabhairt ar na namhaide. Go deimhin, múineann an ceart nádúrtha dúinn ár gcomharsa mharú agus déantar mar sin ar fud an domhain. Mura gcuirimídne i bhfeidhm an ceart atá againn lena ithe, is amhlaidh atá caoi eile againn ar béile breá dhéanamh. Ach níl an acmhainn chéanna agaibhse is atá againne. Agus cinnte go bhfuil sé i bhfad níos fearr na namhaide ithe ná toradh na caithréime thabhairt suas do na préacháin agus do na fiacha. Ach, a dhaoine uaisle, níor mhaith libh bhur gcairde ithe. Ceapann sibh Íosagánach a chur ar bior nuair is é bhur gcosantóir agus namhaid bhur namhaide a bheadh sibh ag róstáil. Mar liom féin, rugadh in bhur dtír féin mé. An duine uasal a

chíonn sibh, sé mo mháistir é agus ní haon Íosagánach é. A mhalairt, mar tá sé tar éis Íosagánach a mharú agus sí a chreach atá mar éadaí air. Sin cúis bhur ndearmaid. Tógaí a aibíd le mo ráiteas a chruthú agus tugaí libh í go dtí céad phost thiarnas na naithreacha. Cuirigh ceist orthu ar mharaigh mo mháistir oifigeach Íosagánach. Ní theastódh uaibh ach tamall gairid. Má chífear díbh go ndúrtsa bréag libh, beidh sibh in am lenár n-ithe. Ach más í an fhírinne a deirim libh, tá an iomad cur amach agaibh ar phrionsabail an chirt phoiblí, ar na nósanna agus ar na dlíthe, gan grásta dhéanamh dúinn." Mheas na hOrejones go raibh an chaint sin anaréasúnta. Chuireadar beirt shaoithe uathu leis an bhfírinne fháil amach gan mhoill. Choimhlíon an dá fheisire a dteachtaireacht go tuisceanach agus ní fada go dtángadar tharnais le scéala maithe. Shaor na hOrejones a bpríosúnaigh, thugadar gach aon saghas urraim agus meas dóibh, thugadar sólaistí dóibh agus thugadar leo go dtí teora a stáit iad agus iad ag béicigh go háthasach: "Ní haon Íosagánach é, ní haon Íosagánach é!" Ní raibh aon teora leis an ionadh a chuir a shaoradh ar Candide. "Cén saghas pobal é seo?" ar seisean, "Nó cén saghas daoine? Nó cad iad na nósanna atá acu? Mura raibh sé d'ádh agam mo chlaíomh a chur tré chorp dheartháir na hiníne uaisle Cunegonde, bhíos ite gan trócaire. Ach i ndeireadh na dála tá an nádúr glan go maith, mar - in áit mé ithe - thug na daoine seo míle onóir dom chomh luath is a fuaireadar amach nárbh aon Íosagánach mé."

CAIBIDIL 17 ina n-instear conas a shrois Candide agus a ghiolla tír Eldorado agus cad a chonaiceadar inti.
Nuair a bhíodar ar teorainn thír na nOrejones, "An bhfeiceann tú," arsa Cacambo, "nach fearr an leathdomhan so ná an leath eile? Creid dom, fillimís ar an Eoraip ar an mbóthar is giorra." "Ach conas filleadh uirthi?" arsa Candide, "Nó cá raghaimís? Má théim go dtí mo dhúthaigh féin, tá gach aon rud marbh ag na Bulgáirigh agus ag na hAbáirigh. Má fhillim ar an bPoirtingéal, loiscfear mé. Má fhanaimíd sa tír seo, d'fhéadfaí sinn a chur ar bior aon am. Agus conas beartú ar cheantar an domhain a thréigint ina bhfuil an iníon uasal Cunegonde?" "Iompaímís ar Cayenne!" arsa Cacambo, "Tiocfaimíd ar Francaigh san áit sin. Téann siad san ar fud an domhain agus b'fhéidir go gcabhróidh siad linn. B'fhéidir go ndéanfaidh Dia trócaire orainn." Níorbh fhuiriste an rud dul go Cayenne. Bhí fhios acu a bheag nó a mhór cén treo ba chóir dóibh a ghabháil ach bhí bac uafásach orthu ins gach aon áit - sléibhte, aibhnte, faillteacha, bithiúnaigh agus daoine fiáine. Cailleadh a gcapaill le tuirse. Ídíodh a lón. Mhaireadar mí iomlán ar torthaí fiáine. Agus faoi dheireadh bhíodar ar bhruach abhann bige a raibh crainn chnó cócó ar a dhá taobh, rud a thug taca dá saol agus dá ndóchas. Bhíodh Cacambo ag tabhairt comhairlí chomh maith leis an gcailleach.

"Fuaireamar ár ndóthain," ar seisean le Candide, "tá ár ndóthain siúlta againn ach go háirithe. Chím go bhfuil naomhóg fholamh ar an mbruach. Líonaimís le cnóanna cócó í, téimís inti agus leanaimís an sruth. Gabhann abhainn go háit áitrithe éigin i gcónaí. Mura bhfaghaimís rudaí taitneamhacha, casfar rudaí nua orainn ar a laghad." "Téanam ort," arsa Candide, "agus go rabhaimíd faoi bhrat Dé." Chuadar roinnt léig idir dhá bhruach a bhí torthúil seal agus seal lom, seal réidh agus seal géar. Bhí an abhainn ag dul i leithead gan stad. Faoi dheireadh d'imigh sí as radharc faoi dhíon carraigeacha uafásacha a bhí chomh hard leis an spéir. Bhí sé de mhisneach san dá thaistealaí iad féin a scaoileadh leis an uisce faoin díon so. Bhí an abhainn cúng san áit sin agus d'iompair le luais agus le fothrom uafásach iad. I gcionn lá agus oíche chonaiceadar solas an lae arís - ach briseadh a naomhóg ar na fochaisí. Chaitheadar iad féin a tharraingt ó charraig go carraig ar feadh léige. Faoi dheireadh d'aimsíodar bun ábhalmhór na spéire agus sléibhte dodhreaptha mar teorainn air. Bhí an talamh saothraithe ionas go mbainfí pléisiúr as chomh maith le tairbhe. Ins gach aon áit ba mhar a chéile an rud úsáideach agus an rud taitneamhach. Bhí na bóithre clúdaithe - nó ornáidithe, ba chóra a rá - le feithiclí a raibh cuma iontach orthu agus ábhar niamhrach iontu agus iad á dtarraingt ag caoire móra dearga a sháraigh luas na gcapall is fearr a gheobhfá san Andalúis, i dTetuan nó i Meknes. "Sin tír anois," arsa Candide, "atá níos fearr ná an Veistfáil." Stad an bheirt acu sa chéad shráidbhaile a bhaineadar amach. Bhí roinnt páistí na háite ag imirt caidhtí i gceann an bhaile agus iad clúdaithe le brócáidí giobalacha óir. Stad ár mbeirt ón ndomhan eile ag stánadh orthu. Siad na rudaí a bhí ina gcaidhtí acu ná píosaí cruinne buí, dearga, glasa a bhí ag caitheamh solas iontach. Tháinig fonn ar na taistealaithe cúpla ceann a phiocadh suas - ór, smaragaidí agus rúibíní a bhí iontu a gcuirfeadh an ceann ba lú maise ar ríchathaoir an Ardmhogail. "Gan dabht," arsa Candide, "clann rí na tuaithe seo is ea na páistí atá ag imirt caidhtí." Ag an neomat san tháinig múinteoir an tsráidbhaile le hiad a chur tharnais sa scoil. "Sin teagascóir theaghlach an rí," arsa Candide. D'fhág na rudaí beaga a gcluiche agus d'fhan a gcaidhtí ar an talamh agus gach a raibh acu le súgradh. Phioc Candide suas iad, rith i ndiaidh an mhúinteora agus thug do cúthail dó iad, ag cur in iúl dó le comharthaí go raibh a gcuid óir agus clocha luachmhara dearmadaithe ag a Mórgachtaí óga. Dhein múinteoir an tsráidbhaile miongháire agus chaith ar an talamh iad, d'fhéach neomat ar aghaidh Chandide le hionadh agus lean ar a shlí féin. Níor dhein na taistealaithe dearmad gan an t-ór, na rúibíní agus na smaragaidí phiocadh suas. "Cá bhfuilimíd?" arsa Candide, "ní mór do chlann rí na tuaithe seo bheith deamhúinte nuair a fhoghlamaíonn siad dímheas an óir agus na gcloch luachmhara." Bhí an oiread ionadh ar Cacambo is a bhí ar Candide. Faoi dheireadh chuadar ag triall ar chéad thigh an bhaile. Bhí sé déanta ar nós páláis na hEorpa. Bhí mathshlua ag an doras agus a thuille istigh. Bhí ceol breá binn le cloisint agus boladh iontach cócaireachta le fáil. Chuaigh Cacambo suas go dtí an doras agus thug faoi ndeara go rabhthas ag caint

as Quechua. B'í seo a theanga dhúchais féin mar tá fhios ag an saol gur i dTucuman a rugadh Cacambo, i mbaile beag ná tuigthí ach an teanga san ann. "Beidh mise im aistritheoir agat," ar seisean le Candide, "raghaimíd isteach - tigh ósta is ea é seo." Gan mhoill tháinig beirt bhuachaillí agus beirt chailíní an óstáin a raibh éadaí óir orthu agus a ngruaig ceangailte le ribíní. Thugadar cuireadh dóibh suí isteach ag bord fhear an tí. Tháinig ceithre anairthí a raibh gach aon cheann acu maisithe le dhá phearóid, condor beirithe a raibh dhá chéad púnt meáchain ann, dhá mhoncae róstaithe fíorbhlasta, trí chéad dordéan ar méis amháin agus sé chéad cuilsealgaire ar méis eile, ragúanna fíormhaithe, pastaetha sobhlasta - agus gach aon rud i miasa a bhí déanta as saghas criostail. Bhí buachaillí agus cailíní an tí ag freastail deochanna éagsúla a bhí déanta suas ó shiúicre cána. Ceannaithe agus carraeirí ab ea a bhformhór de lucht an bhoird agus iad go léir fíordheabhéasach. Chuireadar roinnt ceisteanna ar Cacambo le discréid absolóideach agus d'fhreagraíodar go sásúil a cheisteanna féin. Nuair a bhí an béile thart, cheap Cacambo chomh maith le Candide díol go maith as a gcuid tré dhá phíosa mhóra den ór a bhí bailithe acu a chaitheamh ar an mbord. Dhein fear an tí agus a bhean scarta móra gáirí ag breith greim ar a gcliatháin. Faoi dheireadh tháinig ciúineas orthu arís. "A dhaoine uaisle," arsa fear an tí, "chímíd go maith gur daoine iasachta sibhse. Níl aon taithí againn ar a leithéidí fheiscint. Gabhaigh ár bpardún má dheineamar gáirí nuair a thairgíobhar cloichíní bhóthar an rí dúinn le díol as an mbéile. Gan dabht níl airgead na tíre seo agaibh ach ní gá é le béile chaitheamh anso. Díolann an rialtas as na hóstáin atá curtha ar bun le freastal ar an trádáil. Níor mhaith an lón a fuaireabhar anso mar tá an sráidbhaile seo go bocht - ach beidh an fháilte a oireann díbh le fáil agaibh ins na háiteanna eile." Mhínigh Cacambo focail fhear an tí do Chandide agus chuala Candide iad leis an meas agus leis an ionadh céanna is a bhí ar Cacambo á n-aistriú. "Ach cad í an tír seo?" ar siadsan le chéile, "a bhfuil an méid eile den domhan dall uirthi agus a bhfuil a nádúr go léir chomh héagsúil lenár nádúrne? Is dócha gurb í seo an tír a mbíonn gach aoin rud go maith, mar ní foláir dá leithéid a bheith ann. Agus, pé rud a déarfadh an máistir Pangloss, is minic a thugas faoi ndeara go raibh gach aon rud cuíosach dona sa Veistfáil."

CAIBIDIL 18 ina n-instear cad a chonaiceadar i dtír Eldorado.
Nocht Cacambo a fhiosracht go léir do fhear an tí. "Táim féin fíoraineolach," ar sé siúd, "agus is cuma liom. Ach tá seanduine anso atá scortha as an gcúirt. Sé an fear is eolaí sa ríocht é agus an fear is cumarsáidí." Thug sé leis Cacambo ag triall ar an seanduine gan mhoill. Ní raibh ach an tarna háit ag Candide feasta agus lean sé a ghiolla. Chuadar isteach i dtigh fíorshimplí ná raibh ina dhoras ach airgead ná i bpainéil a sheomraí ach ór ... ach iad déanta leis an oiread san

blas ná sáródh na painéil ba shaibhre iad. Is fíor ná raibh an forsheomra clúdaithe ach le rúibíní agus smaragaidí ach bhí an tsimplíocht san deisithe ag an ord a bhí ar gach aon rud. Chuir an seanduine fáilte roimh an mbeirt stróinséirí agus é súite ar tolg le tocht cleití dordéin agus thairg deochanna dóibh i gcupáin dhiamaint. Ina dhiaidh san shásaigh sé a bhfiosracht mar leanas: "Tá dhá bhliain déag is trí fichid agus céad slánaithe agam," ar seisean, "agus sé m'athair, trócaire air, a bhí ina scuibhéir ríoga, d'inis dom scéal réabhlóidí allta na Peiriú, ar a raibh sé ina fhínné. Sí an tír ina bhfuilimíd seandúthaigh na nIoncaí. Ní maith a d'fhágadar súd í le cuid den domhan a chur faoi smacht, mar scrios na Spáinnigh iad sa deireadh thiar. Ba chiallmhaire prionsaí a muintire d'fhan ina ndúthaigh féin. Le cead an phobail d'ordaíodar gan aon áitritheoir a dhul amach as ár dtírín go deo, rud a shábháil ár soineantacht agus ár sonas. Bhí tuairim ag na Spáinnigh go raibh a tír seo ann agus bhaisteadar Eldorado uirthi. Sasanach dárbh ainm an ridire Raleigh a tháinig inár ngiorracht timpeall is céad bliain ó shoin. Ach ó tá carraigeacha doshroiste agus faillteacha timpeall orainn, go dtí so bhíomar i bhfuithin ó chraos náisiúin na hEorpa a bhfuil saint gan mhacsamhail acu chun cloichíní agus laitheach ár dtíre agus a mharódh go dtí an duine deireannach sinn le hiad fháil." Bhí an comhrá fada. Cuireadh síos ar an rialtas, ar na nósanna, ar na mná, ar na teaspántaisí poiblí, ar na healaíona. Faoi dheireadh, ó bhí suim aige sa mheitifisic le fadó riamh, d'iarr Candide ar Cacambo a fhiafraí an raibh aon chreideamh sa tír. Las an seanduine beagáinín: "Conas, " ar seisean, "d'fhéadfá bheith in amhras faoi sin? Nó an gceapann tú ná fuilimíd buíoch?" D'fhiafraigh Cacambo go cúthail cad é creideamh Eldorado. Las an seanduine arís. "An bhféadfadh dhá chreideamh a bheith ann?" ar seisean, "Déanaim amach go bhfuil creideamh na ndaoine go léir againn. Molaimíd Dia ó mhaidin go hoíche." "Ná molann sibh ach aon Dia amháin?" arsa Cacambo agus é ina aistritheoir ar cheisteanna Chandide. "Gan dabht," arsa an seanduine, "níl beirt ná triúr ná ceathrar ann. Caithim a rá go mbíonn muintir bhur ndomhainse ag cur ceisteanna aite." Níor stad Candide de cheisteanna chur ar an seanduine maith. Ba mhian leis a fháil amach cén saghas paidreacha a bhí in Eldorado. "Ní deirimíd aon phaidreacha," arsa an seanóir measúil, "mar níl aon rud againn le hiarraidh ar Dia. Thug sé dúinn an méid atá uainn. Gabhaimíd buíochas Leis gan stad." Bhí fonn ar Candide na sagairt fheiscint. D'fhiafraigh sé cá rabhadar. Dhein an seanduine maith miongháire. "A dhaoine na páirte," ar seisean, "is sagairt sinn go léir. Bíonn an rí agus taoisigh na dteaghlach go léir ag cantaireacht iomainn bhuíochais go sollúnta gach aon mhaidin agus a cúig nó a sé mhíle de cheoltóirí ina dteannta," "Conas? Ná fuil aon mhanaigh agaibh le bheith ag teagasc, ag argóint, ag riaradh, ag faicseanaíocht agus ag loscadh na ndaoine ná fuil ar aon tuairim leo?" "Chaithfimís bheith as ár meabhair lena leithéid a bheith againn," arsa an seanduine,

"táimíd go léir ar aon tuairim agus ní thuigimíd cad is brí leis na manaigh a luais." Chuir na ráiteasaí sin sceitimíní ar Candide agus dúirt sé leis féin: "Is mór an deifir idir an áit seo agus an Veistfáil agus caisleán an bharúin uasail Dá bhfeicfeadh Pangloss na páirte tír Eldorado, ní dúirt sé gurbh é caisleán Thunder-ten-tronckh an rud ab fhearr ar an domhan. Cinnte go gcaitheann duine taisteal a dhéanamh." Tar éis an chomhrá fhada so, d'ordaigh an seanduine maith sé chaora cheangailt le cóiste a thug dosaen dá chuid shearbhóntaí don bheirt taistealaithe le hiad a threorú ar an gCúirt. "Gabhaigh mo phardún," ar seisean leo, "ó bhaineann an aois díom onóir bhur dtreoraithe. Cuirfidh an rí fáilte rómhaibh ná beidh sibh míshásta léi agus gan dabht maithfidh sibh do nósanna na tíre má tá cuid acu ná taitneoidh libh." Chuaigh Candide agus Cacambo sa chóiste. D'eitil na caoire agus faoi cheann ceithre huaire an chloig shroiseadar pálás an rí a bhí suite i gceann na príomhchathrach. Bhí fiche troigh agus dhá chéad d'airde ina dhoras agus céad troigh de leithead. Ní fhéadfaí a rá cén t-ábhar a bhí ann. Tuigtear gan stró gur sháraigh sé i bhfad na cloichíní agus an ghainimh ar a dtugaimídne ór agus seoid. Chuir fiche cailín álainn an gharda fáilte romh Chandide agus Chacambo nuair a thángadar anuas den chóiste, thugadar leo dtí na folcadáin iad, chuireadar éadaí orthu a bhí fite le clúmh dordéin. Ina dhiaidh san threoraigh oifigigh agus banoifigigh mhóra na Coróine go halla a Mhórgachta iad, idir dhá líne a raibh míle ceoltóir ins gach aon cheann acu, de réir an nóis. Nuair a bhíodar i ngiorracht halla na ríchathaoireach, d'fhiafraigh Cacambo d'oifigeach mór conas ba chóir dóibh a dhéanamh le beannú dá Mhórgacht: tuitim ar a dhá nglúin nó ar a mbolg, a lámha chur in airde ar a gceann nó ar a dtóin, ar chóir dóibh deannach an halla líorac ... le focal gairid, cad é an nós. "Sé an nós," arsa an t-oifigeach mór, "ná barróg a thabhairt don rí agus póg a thabhairt dá dhá ghrua." Léim Candide agus Cacambo ar muineál a Mhórgachta. Chuir sé siúd fáilte fíorchaoin rómpu agus d'iarr orthu go deabhéasach suipéar a chaitheamh ina theannta. Idir dhá linn teaspánadh dóibh an chathair, na foirgintí poiblí a bhí chomh hard leis na scamaill, na margaí a bhí maisithe le míle colún, na tobair fhíoruisce, na tobair uisce bhándeirg, na tobair dheochanna cána siúicre a bhíodh ag síor-rith i gcearnóga móra a bhí pábhálta le saghasanna cloch agus boladh cosúil le clóbh agus cainéal astu. D'iarr Candide orthu cúirt an dlí agus an phairlimint a theaspáint dó. Dúradh leis ná raibh a leithéid ann mar ní bhíodh aon chúis dlí acu. D'fhiafraigh sé an raibh aon phríosúin acu agus dúradh leis ná raibh. An rud a chuir níos mó ionadh fós air agus is mó a chuir áthas air, b'é pálás na heolaíochta ina bhfaca sé áiléar dhá mhíle coiscéim a bhí lán gléasanna maiteamaitice agus fisice. Tar éis cuairt a thabhairt ar timpeall is míliú cuid den chathair i rith an tráthnóna, tugadh tharnais go dtí an rí iad. Shuigh Candide idir a Mhórgacht, a ghiolla Cacambo agus roinnt mná uaisle. Ní raibh riamh bia chomh breá ná deisbhéalaí shuipéir chomh maith lena raibh ag bord a Mhórgachta. Mhínigh Cacambo léaspairtí an rí do Chandide agus bhíodar ina léaspairtí go fóill d'ainneoin a n-aistrithe. De na rudaí go léir a chuir

ionadh ar Candide, níorbh é sin an rud ba lú. Chaitheadar mí ar an aíocht san. Níor stad Candide de rá le Cacambo: "Is fíor, a chara, agus is rífhíor é ná fuil an caisleán ina rugadh mé chomh maith leis an tír seo. Ach i ndeireadh na dála níl an iníon uasal Cunegonde anso agus gan dabht tá meannán éigin agatsa san Eoraip. Má fhanaimíd anso, ní bheimíd ach ar nós na ndaoine eile. Ach má fhillimíd ar ár ndomhan féin, gan againn ach dosaen caora agus iad ualaithe le cloichíní Eldorado, beimíd níos saibhre ná na ríthe go léir, ní bheidh aon Chúistiúnaithe ár scanrú agus is fuiriste a thiocfaimíd ar an iníon uasal Cunegonde." Thaitnigh na focail sin le Cacambo. Is breá leis na daoine tír a sciúirseáil, teaspántas a dhéanamh ós cómhair na gcómharsan, cur síos a dhéanamh ar gach aon rud dá bhfacadar le linn a dturasanna. Sin é an chúis gur bheartaigh an bheirt shona ar a sonas a thréigint agus gur iarradar a gceiliúradh ar a Mhórgacht. "Tá dearmad á dhéanamh agaibh," arsa an rí leo, "tá fhios agam gur beag an rud é mo thírse ach nuair a bhítear réasúnta maith in áit éigin, is fearr fanacht ann. Cinnte ná fuil aon cheart agamsa na stróinséirí a choimeád. Tíorántacht ab ea é sin ná fuil inár nósanna ná inár ndlíthe. Tá na daoine go léir saor. Imígí pé uair is mian libh ach ní fuiriste an turas a bheidh rómhaibh. Ní féidir dul suas an abhainn luath lena dtángabhar de thaisme agus a ritheann faoi dhíon na gcarraigeacha. Na sléibhte atá timpeall mo thíre ins gach aon aird, táid deich míle troigh in airde agus chomh díreach le múr; tá gach aon cheann acu níos mó ná deich léig ar leithead; ní féidir teacht anuas díobh ach tré na faillteacha. Ina dhiaidh san is uile, ós mian libh imeacht pé ar domhan é, tabharfaidh mé ord do mhaoir na maisíní ceann a dhéanamh le sibhse iompar go compordach. Nuair a bheidh sibh treoraithe lastall de na sléibhte, ní fhéadfaidh éinne dul in bhur dteannta, mar thug mo mhuintir móid gan imeacht as a dtír go deo agus táid róchiallmhar lena móid a thréigint. Ach iarraigh orm pé rud is mian libh." "Ní iarrfaimíd ar do Mhórgacht," arsa Cacambo, "ach cúpla caora agus iad ualaithe le lón agus le cloichíní agus laitheach na tíre." Dhein an rí gáirí. "Ní thuigim," ar seisean, "cén blas a fhaghann muintir na hEorpa ar ár laitheach buí. Ach beirigh libh pé méid is mian libh agus bíodh ar bhur leas." D'ordaigh sé dá innealtóirí maisín a dhéanamh gan mhoill leis an mbeirt aisteach so ardú amach as an tír. Chuaigh trí mhíle fisicí maith i mbun oibre air. Bhí sé ullamh faoi cheann coicíse agus níor chosain sé ach fiche milliún púnt Sasanach in airgead na tíre. Cuireadh Candide agus Cacambo in airde ar an maisín; bhí dhá chaora mhóra dhearga acu lena n-iallaití agus lena srianta mar bheithígh mharcaíochta dóibh nuair a bheidís lastall de na sléibhte, fiche caora iompair agus iad ualaithe le lón, deich gcinn is fiche a bhí ualaithe le bronntanaisí de na rudaí ba mhó suim sa tír - agus leithchéad eile a bhí ualaithe le hór, le seoid agus le diamaint. Thug an rí póg cheanúil don bheirt sheachránaí. Seó breá ab ea a n-imeacht toisc na slí intliúla inar cuireadh idir iad agus a gcaoire in airde ar na sléibhte. D'fhág na fisicithe slán acu tar éis iad a chur in áit shábhálta agus ní raibh aon chuspóir ag Candide ach dul ag bronnadh a chaorach ar an iníon uasal Cunegonde.

"Tá ár ndóthain againn," ar seisean, "lena praghas a thabhairt do ghobharnóir Bhuenos Aires, más féidir praghas a thabhairt an ar iníon uasal Cunegonde. Gabhaimís bóthar Chayenne, téimís ar bord árthaigh agus chífimíd ina dhiaidh san cén ríocht a d'fhéadfaimís a cheannach."

CAIBIDIL 19 ina n-instear cad a tharla dóibh i Surinam agus conas a chuir Candide aithne ar Martin.
An chéad lá bhí turas ár dtaistealaithe maith go leor. Fuaireadar spreagadh ón smaoineamh gur mhó de stór a bhí faoi sheilbh acu ná a bhféadfadh an Áis, an Eoraip agus an Afraic a chur le chéile. Bhí sceitimíní ar Candide agus scríobh sé ainm Chunegonde ar na crainn. An tarna lá chuaigh dhá cheann de na caoire síos i bportach agus cailleadh ansan iad chomh maith lena n-ualaí. Cailleadh dhá chaora eile cúpla lá ina dhiaidh san leis an tuirse. Cailleadh a seacht nó a hocht díobh leis an ngorta i bhfásach. I gceann roinnt laethanta thuit cuid eile acu le faill. Faoi dheireadh, i gcionn turas céad lá, ní raibh fágtha acu ach dhá chaora. "A chara," arsa Candide le Cacambo, "an bhfeiceann tú díomuaine shaibhrisí an tsaoil seo? Níl aon rud daingean ann ach an tsuáilche agus áthas na hiníne uaisle Cunegonde fheiscint arís." "Admhaím é," arsa Cacambo, "ach tá dhá chaora fágtha againn go fóill agus níos mó de stór ná a mbeidh go deo ag rí na Spáinne. Agus chím cathair i bhfad uainn. Ceapaim gurb í Surinam í - cathair na nOlóinneach is ea í. Táimíd ag deireadh ár saothair agus ag tosach ár sonais." Nuair a bhíodar i ngiorracht na cathrach, thángadar ar fear gorm a bhí sínte ar an talamh gan ach leathéadach air, sé sin le rá leathbhríste canbháis ghoirm. Bhí an chos chlé agus an lámh dheis in easnamh ar an bhfear bocht so. "A Thiarna," arsa Candide leis as Olóinnis, "cad a thug ansan tú, a chara, agus an chuma uafásach san a chím ort?" "Táim ag fanacht lem mháistir, an duine uasal Vanderdendur, an ceannaí cáiliúil," arsa an fear gorm. "An é an duine uasal Vanderdendur," arsa Candide, "a thug an íde sin ort?" "Sé, a dhuine uasail," arsa an fear gorm, "sé an nós é. Tugtar bríste canbháis mar éadach dúinn dhá uair sa bhliain. Nuair a bhímíd ag obair sa mhuileann siúicre, má bheireann an bhró greim ar ár méar, gearrtar an lámh dínn. Nuair is mian linn teicheadh, gearrtar an chos dínn. Bhíos féin san dá chás. Sin é an praghas a bhíonn ar an siúicre a itheann sibhse san Eoraip. Dá ainneoin sin, nuair a dhíol mo mháthair ar deich sciling na Patagóine mé ar chósa na Guine, dúirt sí liom: A linbh dhílis, beannaigh ár bhfeitisí, mol go deo iad mar tabharfaidh siad saol sonasach duit. Gheobhaidh tú an onóir bheith id sclábhaí ag ár máistrí bána agus déanfaidh tú dá bharr foirtiún t'athar agus do mháthar. Ochón, ní fheadar ar dheineas a bhfoirtiúnsan ach cinnte nár dheineadar m'fhoirtiúnsa. Bíonn na madraí, na moncaithe agus na pearóidí míle uair níos ámharaí ná sinne. Na feitisí Olóinneacha a d'iompaigh im Chríostaí mé, deir siad gach aon Domhnach gur

clann Ádhaimh sinne go léir, idir bháin agus ghoirm. Ní fear mór ginealach mé féin ach más fíor do na ministrí sin is gaolta sinne go léir. Anois, admóidh tú ná féadfaí íde ba neamhthrócairí thabhairt ar na gaolta." "A Phangloss," arsa Candide, "níor shamhlaís an t-uafás so! Sin deireadh na dála anois. Ní mór dom do dhóchasúlacht a chaitheamh uaim." "Cad is dóchasúlacht ann?" arsa Cacambo. "Mo léan," arsa Candide, "saghas gealtanas is ea í a spreagann na daoine le rá go bhfuil gach aon rud go maith nuair ná bíonn ann ach an donas." Shil sé na deora ag féachaint ar an duine gorm agus chuaigh isteach i Surinam agus é ag gol. An chéad rud d'fhiafraíodar ná an raibh aon bhád thíos sa chalafort a d'fhéadfaidís a chur go Buenos Aires. An duine ar chuireadar an cheist sin air, captaen Spáinneach ab ea é agus thairg sé margadh macánta dóibh. Thug sé coinne dóibh i dtigh tábhairne. Chuaigh Candide agus Cacambo dílis ann ag fanacht leis agus an dá chaora ina dteannta. Bhíodh croí Chandide ar barr a theanga i gcónaí agus d'inis sé a eachtraí go léir don Spáinneach agus d'admhaigh dó gur mhian leis an iníon uasal Cunegonde fhuadach. "Ní thabharfaidh mé liom in aonchor go Buenos Aires tú," arsa an captaen, "mar chrochfaí mé féin chomh maith leatsa. Sí Cunegonde álainn príomhleannán a Shoilse." B'shin caor aniar aduaidh ar Candide. Ghoil sé ar feadh i bhfad. Ansan dúirt sé ar leathtaobh le Cacambo: "A chara dhílis," ar seisean, "seo é an rud ba chóir duit a dhéanamh. Tá diamaint thíos sa phóca ag an mbeirt againn agus luach a cúig nó a sé mhilliún orthu. Is aicillí tusa ná mé féin. Téir ag triall ar Buenos Aires agus beir leat an iníon uasal Cunegonde. Má dhéanann an gobharnóir aon deacracht, tabhair milliún dó. Mura ngéilleann sé ansan, tabhair dhá mhilliún dó. Ní tusa a mharaigh aon Chúistiúnaí - ní bheidh aon drochmheas ag éinne ort. Fostóidh mise árthach eile agus raghaidh mé ag fanacht libh sa Veinéis. Tír shaor is ea í sin, áit nach baol do dhuine Bulgáirigh ná Abáirigh ná Giúdaigh ná Cúistiúnaithe." Mhol Cacambo an smaoineamh ciallmhar so. Bhí sé faoi dhobrón ag scarúint ó mháistir maith a raibh dlúthchara déanta de. Ach bhuaigh áthas seirbhís a thabhairt dó ar bhrón a fhágtha. Thugadar póg dá chéile agus iad ag sileadh na ndeor. Dúirt Candide leis gan dearmad a dhéanamh ar an seanchailleach mhaith. D'imigh Cacambo an lá san féin agus fear fíormhaith ab ea é. D'fhan Candide i Surinam go ceann tamaill ag fanacht go mbeadh captaen eile sásta é thabhairt leis san Iodáil - é féin agus an dá chaora a bhí fágtha aige. D'fhostaigh sé searbhóntaí agus cheannaigh pé rud a bheadh riachtanach do thuras fada. Faoi dheireadh tháinig an duine uasal Vanderdendur, máistir árthaigh mhóir, ag triall air. "An mó a theastódh uait," arsa Candide leis, "le mé thabhairt leat gach ndíreach go dtí an Veinéis - mé féin, mo shearbhóntaí, mo chuid bhagáiste agus an dá chaora a chíonn tú anso?" Luaigh an captaen deich míle piastar. Ghlac Candide leis láithreach.

"Sea," arsa Vanderdendur cliste leis féin, "tugann an stróinséir seo deich míle piastar mar sin! Ní foláir ná go bhfuil sé anashaibhir." D'fhill sé i gcionn neomait agus dúirt ná féadfadh sé imeacht gan fiche míle ar a laghad. "Maith go leor," arsa Candide, "beidh siad agat." "An mbeid anois!" arsa an captaen leis féin, "tugann an fear so fiche míle piastar chomh fuiriste le deich míle." Tháinig sé arís agus dúirt ná féadfadh sé é thabhairt leis go dtí an Veinéis gan tríocha míle piastar ar a laghad. "Más ea, beidh tríocha míle agat," arsa Candide. "Sea anois," arsa an ceannaí Olóinneach leis féin an babhta so, "is cuma leis an bhfear so tríocha míle piastar. Gan dabht tá stór ábhalmhór ualaithe ar an dá chaora. Ná habraimís a thuille. Tugadh sé tríocha míle piastar ar dtús agus chífimíd ina dhiaidh san." Dhíol Candide dhá dhiamant bheaga ar mhó luach an chinn ba lú díobh ná an méid airgid a bhí ón gcaptaen. Dhíol sé as an turas roimhré. Cuireadh an dá chaora ar bord. Lean Candide i mbád beag le dul ar bord an árthaigh sa chuan. Thóg an captaen a aimsir, chuir suas an seol agus d'imigh. Chabhraigh an ghaoth leis. Níorbh fhada go raibh sé imithe ó radharc Chandide a d'fhan ina stangaire ceart. "Mo léan," ar seisean, "sin cleas a oireann don tseandomhan!" D'fhill sé ar an tráigh agus brón air, mar an méid a bhí caillte aige, dhéanfadh sé foirtiún fiche rí. Chuaigh sé ag triall ar an mbreitheamh Olóinneach agus, ós rud é go raibh sé beagáinín trí chéile, chnag sé go garbh ar an doras. Chuaigh sé isteach, d'inis a dtarla dó agus leig beagáinín níos mó béiceanna as ná mar ba chóir. Thosnaigh an breitheamh ag gearradh fíneáil deich míle piastar air toisc an fhothroim a dhein sé. Ansan d'éist sé go foighneach leis, gheall sé go scrúdódh sé a chúis chomh luath agus d'fhillfeadh an ceannaí agus thóg deich míle piastar breise ar son costaisí na héisteachta. Chuir an tslí oibre seo clabhsúr ar éadóchas Chandide. Is fíor go raibh eachtraí a bhí míle uair níos pianmhaire ná san fulaingthe aige - ach fuarchúiseacht an bhreithimh agus an chaptaein a robáil é, ghoill sí ar a dhomlas agus chuir galar dubhach air. Chonacthas dó donas na ndaoine lena ghráinneacht go léir. Ní raibh aige ach smaointí dubha. Faoi dheireadh bhí árthach Francach ar tí imeacht go Bordeaux. Ós rud é ná raibh a thuille caoire le cur ar bord aige agus iad ualaithe le diamaint, d'fhoistaigh sé seomra de chuid an árthaigh ar an bpraghas ba chóir agus d'fhógair sa chathair go ndíolfadh sé as phasáiste duine macánta a bheadh sásta an turas a dhéanamh ina theannta, go ndíolfadh sé as a bheathú agus go mbronnfadh sé dhá mhíle piastar air leis - ach gurbh é an fear san an duine ba mhíshástaí lena shaol agus ba mhíámharaí sa phroibhinse. Tháinig slua ag triall air ná toillfeadh i gcabhlach. Theastaigh ó Chandide a rogha dhéanamh i measc na ndaoine ba mhó dealramh. Phioc sé fiche duine a raibh cuma cuíosach cumarsáideach orthu agus iad go léir ag áiteamh na tosaíochta. Bhailigh sé i dtigh tábhairne iad agus thug suipéar dóibh, ar choinníollacha go dtabharfadh gach éinne a mhionn go neosadh sé a scéal go fírinneach. Gheall sé féin go dtoghfadh sé an duine a cheap sé féin a bheith ar an duine ba mhíámharaí agus ba mhó cúis

mhíshásaimh lena shaol ... agus go dtabharfadh sé bronntanas éigin do na daoine eile. Lean an cruinniú go dtí a ceathair an chloig ar maidin. Le linn dó éisteacht lena neachtraí go léir, chuimhnigh Candide ar an méid a dúirt an tseanchailleach leis ar bhóthar Bhuenos Aires agus ar an ngeall a dhein sí, ná raibh éinne ar bord an árthaigh ná raibh timpistí anamhóra tuitithe amach dó. Le gach scéal a hinsíodh dó, smaoinigh sé ar Pangloss. "An Pangloss so," ar seisean, "bheadh fuar aige a chóras a chruthú. Ba mhian liom é bheith anso. Cinnte, má tá gach aon rud ar fheabhas, is in Eldorado atá - agus ní sa mhéid eile den domhan." Faoi dheireadh thoigh sé scoláire bocht a bhí ag obair deich mbliana do shiopaí leabhar Amsterdam. Mheas sé ná raibh ar an saol aon cheard is mó a chuirfeadh déistean ar duine. An scoláire seo - agus é ina fhear maith - bhí sé robálta ag a bhean, greadaithe ag a mhac agus tréigthe ag a iníon a bhí imithe i dteannta Poirtingéalaigh. Bhí sé tar éis an post bog ar a mbíodh sé ag maireachtaint a chailliúint. Agus bhí sé ag fulang géirleanúint ó thaobh mhinistrí Shurinam toisc gur cheapadar gur duine de lucht Shocinius é. Ní foláir a admháil ná raibh na daoine eile aon phioc ní ba ámharaí ná é ach bhí súil ag Candide go ngiorródh an scoláire an turas air. Cheap a pháirtithe go léir go raibh Candide ag déanamh éagóir mhór orthu - ach chiúnaigh sé iad ag tabhairt céad piastar go gach éinne.

CAIBIDIL 20 ina n-instear cad a tharla do Chandide agus do Mhartin ar an bhfarraige.
Is amhlaidh a chuaigh an seanscoláire, dárbh ainm Martin, ar bord i dteannta Chandide agus iad ag déanamh ar Bordeaux. Bhí a lán feicthe agus fulaingthe ag an mbeirt acu agus, dá gcaitheadh an long dul ó Shurinam go dtí an tSeapáin ar shlí Cheann an Dóchais, bheadh ábhar cainte a ndóthain acu ar feadh an turais ag cur síos ar an olc mórálta agus ar an olc fisiciúil. Bhí buntáiste amháin ag Candide ar Mhartin, áfach, mar cheap sé an iníon uasal Cunegonde fheiscint go fóill, nuair ná raibh aon ábhar dóchais ag Martin. Bhí ór agus diamaint ag Candide leis. Bíodh is go raibh céad ceann de chaoire móra dearga caillte aige a bhí ualaithe le mórstór an tsaoil, bíodh is go raibh lúbaireacht an chaptaein Olóinnigh ag goilliúint air go fóill, nuair a chuimhnigh sé ar an méid a bhí thíos sna pócaí aige fós agus nuair a luaigh sé Cunegonde, i ndeireadh béilí ach go háirithe, bhí sé i bhfábhar shistéam Phangloss. "Ach, a dhuine uasail," ar seisean le Martin, "cad é do thuairimse faoi na rudaí seo go léir? Cad a mheasann tú den olc mórálta agus den olc fisiciúil?" "A dhuine uasail," arsa Martin, "tá curtha im leith ag na ministrí gur duine de lucht Shocinius mé. Ach chun na fírinne rá, is Mainicéach mé." "Tá tú ag magadh fúm," arsa Candide, "níl aon Mhainicéach fágtha ar an saol." "Tá," arsa Martin, "mé féin. Is beag an tairbhe dom é ach ní fhéadfainn teacht ar a mhalairt de thuairim."

"Tá an diabhal ort, cinnte," arsa Candide. "Bíonn sé féin chomh gnóthach i gcúrsaí an tsaoil seo," arsa Martin, "go bhféadfadh sé bheith orm leis, mhuis, chomh maith le haon áit eile. Ach admhaím, nuair a fhéachaim ar liathróid an domhain seo, ar an liathróidín seo ba chóra a rá, go gceapaim go bhfuil sé tabhartha suas ag dia do dhrochbheith éigin ... ach amháin Eldorado, ar ndóigh. Is ar éigin atá cathair feicthe agam nár mhian léi léirscrios na céad chathrach eile ná ní fhaca teaghlach nár mhaith leis teaghlach éigin eile bhrú síos. Ins gach aon áit is fuath leis an dream gan chumhacht dream an chumhachta agus ins gach aon áit bítear ar dhá ghlúin roimh dhream an chumhachta a thugann an íde chéanna ar na daoine eile is a thabharfadh ar stoc olla agus feola. Ritheann milliún dúnmharaitheoir reisimintithe ó cheann ceann na hEorpa ag marú agus ag creach go hoilte lena gcuid aráin a thuilleamh, toisc ná fuil ceard is onóraí le fáil ar an saol. Agus na cathracha ina bhfuil na healaíona faoi bhláth agus cuma na síochána orthu, is mó d'éad agus d'imní a itheann na daoine iontu san ná a mbíonn de phlánna i gcaithair faoi léagar. Is fíochmhaire fós an brón faoi rún ná an timpiste poiblí. Le scéal gairid a dhéanamh de, tá an oiread san feicthe agus fachta agam gur Mainicéach mé." "Tá an maitheas ann mar sin féin," arsa Candide. "B'fhéidir é," arsa Martin, "ach má tá, ní fhacasa fós é." I lár na díospóireachta so, chualathas glór gunnaí móra. Chuaigh an fothrom i méid in aghaidh an neomait. Ghlac gach éinne a ghloine fhéachana. Chonacthas dhá árthach suas le trí mhíle i bhfad uathu agus iad ag troid le chéile: thug an ghaoth i ngiorracht an bháid Fhrancaigh iad nó go raibh sé d'ádh acu an troid fheiscint ar a suaimhneas. Sa deireadh thiar scaoil ceann de na hárthaí urchar chomh híseal agus chomh cruinn sin leis an gceann eile gur chuir go tón poill é. Bhí radharc soiléir ag Candide agus ag Martin ar suas le céad duine ar deic an árthaigh a bhí á shuncáil. Bhíodar ag ardú a lámh chun na spéire agus ag déanamh gártha uafásacha. Ar ball bhí gach aon rud thíos agus thart. "Sea," arsa Martin, "nach sin í an íde a thugann na daoine ar a chéile!" "Cinnte," arsa Candide, "go bhfuil rud éigin diabhlaí sa scéal so." Ar na focail sin thug sé faoi ndeara rud éigin dearg a bhí ag snámh in aice lena árthach. Cuireadh báidín amach ag féachaint cad a bheadh ann: ceann dá chaoire ab ea í. Ba mhó d'áthas a bhí ar Chandide nuair a fuair sé an chaora so arís ná mar a bhí de ghruaim air nuair a chaill sé céad ceann acu agus iad ualaithe go barr le diamaint mhóra Eldorado. Is gearr gur thug an captaen Francach faoi ndeara gur Spáinneach captaen an árthaigh a shuncáil agus gur phíoráid Olóinneach captaen an árthaigh a suncáladh - b'shin é an duine céanna d'imir an feall ar Chandide. Na mórshaibhrisí a ghoid an lúbaire sin air, cuireadh ina theannta go tón farraige iad agus níor sábháladh ach caora amháin. "An bhfeiceann tú," arsa Candide le Martin, "go smachtaítear an ciontach uaireanta? Fuair an lúbaire sin de chaptaen Olóinneach an deireadh a bhuí tuillte aige." "Fuair," arsa Martin, "ach arbh éigean do phaisinéirí a bháid bás fháil ina theannta? Smachtaigh Dia an ciontach, bháigh an diabhail an méid eile." Ach lean an bád Francach agus an t-árthach Spáinneach ar aghaidh agus lean Candide ar a chomhráite le Martin. Bhíodar ag cur agus ag cúiteamh go ceann coicíse gan stad

agus i gcionn an tamaill sin ní sia a bhíodar chun cín ná an chéad lá riamh. Ach, i ndeireadh na dála, bhíodar ag caint, bhíodar ag nochtadh smaointí, bhíodar ag tabhairt sóláis dá chéile. Chimil Candide bos dá chaora: "Ó fuaireas tharnais tú," ar seisean, "b'fhéidir go bhfaghaidh mé Cunegonde leis."

CAIBIDIL 21 ina n-instear conas a dhruid Candide agus Martin le cósta na Fraince agus iad ag díospóireacht.
Faoi dheireadh chonacthas cósta na Fraince. "An rabhais riamh sa bhFrainc, a Mhartin?" arsa Candide. "Bhíos," arsa Martin, "ghabhas trína lán proibhinsí. In áiteanna bíonn a leath de na daoine baoth, in áiteanna eile bítear róchliste, in áiteanna eile bítear cuíosach séimh agus cuíosach simplí, in áiteanna eile fós bítear deisbhéalach - ach ar fud na tíre sé príomhghnó na ndaoine ná an grá, sé an tarna gnó an chúlchaint agus sé na tríú gnó an ráiméisíocht." "Ach, a Mhartin, an bhfacaís riamh Páras?" "Chonac agus é - tá gach aon saghas ansan. Praiseach cheart is ea é - mórshlua agus fuadar faoi ar lorg an phléisiúir, rud ná faghann éinne ann go bhfios domhsa ach go háirithe. Is beag an seal a chaitheas ann. Nuair a thánag, ghoid gadaithe mo chuid orm ag aonach Shaint Germain. Cuireadh gadaíocht im leith féin fiú amháin agus chaitheas seachtain sa phríosún. ansan chuas ag ceartú promhthaí do na foilsitheoirí le mo dhóthain a thuilleamh chun filleadh ar chois ar an Olóinn. Chuireas aithne ar daoscar na litreacha, ar daoscar na bhfaicsean cráifeacha agus ar daoscar na misteach tuitimeacha. Deirtear go bhfuil daoine anshíbhialta sa chathair sin. Ba mhaith liom é chreidiúint." "Mar liom féin," arsa Candide, "is cuma liomsa an Fhrainc. Tuigeann tú go maith, nuair a chaith duine mí in Eldorado, is cuma leis aon rud eile ar an domhan ach an iníon uasal Cunegonde. Raghaidh mé go dtí an Veinéis ag fanacht léi. Raghaimíd tríd an bhFrainc ar bóthar na hIodáile. An dtiocfása im theannta?" "Thiocfainn agus fáilte," arsa Martin, "deirtear ná hoireann an Veinéis in aonchor ach do uaisle na Veinéise ach go gcuirtear fáilte fíormhaith roimh na stróinséirí - má tá a lán airgid acu. Nill pingin rua agamsa ach tá agat. Leanfaidh mé tú pé bóthar a gheobhaidh tú." "Dála an scéil," arsa Candide, "an gcreideann tu go raibh an talamh ina fharraige uair amháin - faoi mar a deimhnítear sa leabhar mór úd atá ag captaen an árthaigh seo?" "Ní chreidim focal de," arsa Martin, "ná aon cheann eile de na brionglóidí a scaoiltear chugainn le tamall anuas." "Ach más ea, canathaobh ar cumadh an domhan so?" arsa Candide. "Le sinn a chur as ár meabhair," arsa Martin. "An gceapann tú," arsa Candide, "gur le fadó riamh a mharaíonn na daoine a chéile faoi mar a dheinid inniu? Gur le fadó riamh atáid ina mbréagadóirí glice fealltacha

míbhuíocha, ina mbithiúnaigh laga giodalacha meata éadmhara craosacha, ina meisceoirí sprionlaithe uaibhreacha fuilteacha cúlchainteacha agus ina mbodairí fanaiceacha béalchráifeacha gan chéill?" "An gceapann tú," arsa Martin, "gur le fadó riamh a itheann na seabhaic na colúir nuair a bheireann siad orthu?" "Ceapaim gan dabht," arsa Candide. "Mhuise," arsa Martin, "más é an rud céanna is dual do na seabhaic le fadó riamh, canathaobh ar mian leat go mbeadh athrú tagaithe ar na daoine?" "Ach," arsa Candide, "ní mar a chéile in aonchor iad, toisc go bhfuil an tsaorthoil ..." Ar na díospóireachtaí sin thángadar isteach i gcuan Bhordeaux.

CAIBIDIL 22 ina n-instear cad a tharla do Chandide agus do Mhartin sa bhFrainc.
Níor fhan Candide i mBordeaux ach an tamall a bhí riachtanach le cúpla cloch Eldorado dhíol agus cathaoir iompair chompordach dhá áite fhostú. Mar ní shásódh aonrud é ach a fhealsamh maith Martin bheith ina theannta. Ach bhí brón mór air scarúint lena chaora a d'fhág sé ag Acadamh na heolaíochta i mBordeaux. Mar ábhar dhuais na bliana san d'iarr an tAcadamh ar na heolaithe a fháil amach canathaobh a raibh olann na caorach dearg. Bronnadh an duais ar eolaí an Tuaiscirt a theaspáin tré A móide B lúide C ar Z nárbh fholáir don chaora bheith dearg agus bás fháil den bholgach. Idir an dá lín, na taistealaithe go léir a casadh ar Candide i dtithe ósta an bhóthair, bhíodar ag rá leis "Táimíd ag dul go Páras". Faoi dheireadh chuir an fuadar coitianta so fonn air an phríomhchathair fheiscint. Ní raibh sé i bhfad ó bhóthar na Veinéise. Chuaigh sé isteach ann tré fhochathair shaint Marceau agus cheap sé go raibh sé sa tsráidbhaile ba ghráinne sa Veistfáil. Ní túisce a bhí Candide curtha faoi ina óstán ná tháinig aicíd éadrom air de dheascaibh thuirse a eachtraí. Ó bhí diamant ábhalmhór ar a mhéir agus ó chonacthas bosca anathrom i measc a chuid bhagáiste, níorbh fhada go raibh dhá dhochtúir in aice leis gan aon fhios orthu, roinnt dlúthchairde nár imigh in aonchor agus beirt mná cráifeacha a bhíodh ag téamh a chuid anairthe. Dúirt Martin: "Is cuimhin liom go rabhas féin tinn nuair a bhíos i bPáras le linn mo chéad thurais. Bhíos fíorbhocht. Dá bhrí sin, ní raibh cara ná bean chráifeach ná dochtúir agam - agus leigheasadh mé." Lena linn sin, le neart leigheasanna agus cuisleorachta, chuaigh tinneas Chandide i ndonas. Tháinig gnáthóir an pharóiste ag triall air go séimh ag iarradh banna seachadóra air le haghaidh an tsaoil eile. Ní raibh Candide sásta géilleadh. dhearbhaigh na mná cráifeacha gurbh é sin an nós nua. D'fhreagair Candide nárbh aon fhear faiseanta é. Theastaigh ó Mhartin an gnáthóir a chaitheamh amach tríd an bhfuinneoig. D'fhág an cléireach lena uacht ná cuirfí in aon uaigh. D'fhág Martin lena uacht go gcuirfeadh sé féin an cléireach dá leanfadh sé ag cur isteach orthu. Chuaigh an argóint i dteocht. Rug Martin ar a dhá ghualainn agus chuir amach gan séimhe é, rud ba chúis le scannal

mór ar ar tugadh tuairisc oifigiúil. Leigheasadh Candide agus le linn a othrais bhíodh comhluadar maith ag suipéar aige. d'imrítí ar geall ard. Bhí ionadh ar Candide ná fuair sé riamh aon aon in measc a chuid cártaí agus ní raibh aon ionadh ar Martin. I measc na ndaoine a bhíodh ag freastal ar Candide sa chathair, bhí eaglaiseach beag as Perigord, duine de na daoine seirbhíseacha san a bhíonn síorchúramach síorúsáideach míchúthail plámásach oibleagáideach agus a bhíonn ag síorfhaire amach ar na stróinséirí le scannail na cathrach insint dóibh agus gach aon saghas pléisiúr a thairiscint dóibh. Ar dtúis thug sé seo leis Candide agus Martin go dtí an Comedie. Bhíothas ag tabhairt tragóide nua. Bhí Candide suite in aice le dream deisbhéalach galánta, rud nár chuir aon chosc air deora shileadh le linn radharc a bhí déanta ar fheabhas. I rith an tsosa dúirt duine de na réasúnaithe a bhí in aice leis: "Níl aon cheart agar deora shileadh. Tá an bhanaisteoir seo fíordhona. Agus an t-aisteoir atá ina teannta, tá sé níos measa fós. Is measa fós an dráma ná na haisteoirí. Níl aon fhocal Araibise ag an údar ach is san Araib a thuiteann an dráma so amach. Agus rud eile, fear is ea é ná creideann do na hidéanna inbheirthe. Tabhairfaidh mé duit amáireach fiche paimfléid a ionsaíonn é." "A dhuine uasail," arsa Candide leis an eaglaiseach, "an mó dráma atá agaibh sa bhFrainc?" "A cúig nó a sé mhíle," ar seisean. "Is mór an méid é sin," arsa Candide, "an mó díobh atá go maith?" "A cúig nó a sé déag," arsa an fear eile. "Is mór an méid é sin," arsa Martin. Bhí Candide anashásta le banaisteoir a bhí ina banríon Éilís i dtragóid cuíosach leamh a léirítear uaireanta. "Taitníonn an bhanaisteoir sin go mór liom," ar seisean le Martin, "Tá bréagchosúlacht uirthi leis an iníon uasal Cunegonde. Ba bhreá liom aithne chur uirthi." Thairg an t-eaglaiseach as Perigord é chur in aithne dí. Ó tógadh Candide sa Ghearmáin, d'fhiafraigh sé cad iad na béasanna agus conas a phléití le banríona Shasana sa bhFrainc. "Caitear idirdhealú dhéanamh," arsa an t-eaglaiseach, "faoin tuaith tugtar go tigh ósta iad. I bPáras bíonn meas orthu an fhaid is a bhíonn siad álainn, caitear amach ar carn aoiligh iad nuair a chailltear iad." "Banríona amuigh ar carn aoiligh?" arsa Candide. "Tá," arsa Martin, "tá an ceart ag an eaglaiseach. Bhíos féin i bPáras nuair a d'imigh an bhean uasal Monime ar shlí na fírinne, mar a deirtear. Diúltadh dí an rud ar a dtugann na daoine seo onóir na huaighe - sé sin le rá, cead lobhadh i dteannta bhacaigh an bhaile i reilig ghránna. Cuireadh ina haonar í ar coirnéal shráid Bourgogne - rud a ghoill go mór uirthi, gan dabht, mar bhíodh smaointí an-uaisle aici." "Drochbhéas é sin," arsa Candide. "Cad a cheapann tú?" arsa Martin, "Is mar sin do na daoine seo. Samhail duit féin gach

aon chontrárthacht, gan aon neamhfhreagracht a d'fhéadfadh bheith ann - agus gheobhaidh tú i rialtas, i gcúirteanna, í séipéil agus i dteaspántaisí an náisiúin ait seo iad." "An fíor go ndéantar gáirí i gcónaí i bPáras?" arsa Candide. "Is fíor," arsa an t-eaglaiseach, "ach gáirí gealtanais atá i gceist - mar déantar gearán ar gach rud le scárta gáirí ... na gníomhartha is gráiniúla fiú amháin, déantar le gáirí iad." "Cé hé an bodach úd," arsa Candide, "a cháin chomh géar san liom an dráma a chuir ag caoineadh go binn bog mé agus na haisteoirí a thug an oiread san pléisiúir dom?" "Fear drochshaoil is ea é," arsa an t-eaglaiseach, "a thuilleann a bheatha ag rá oilc i dtaobh gach aon dráma agus gach aon leabhair. Is fuath leis an té a n-éiríonn leis. Ceann de nathracha na litríochta is ea é a mhaireann ar laitheach agus ar nimh. Bileogaí is ea é." "Cad é an rud ar a dtugann tú bileogaí?" arsa Candide. "Fear a scríobhann bileoga," arsa an t-eaglaiseach, "saghas Freron." Is amhlaidh a bhí Candide, Martin agus mo dhuine as Perigord ag díospóireacht ar an staighre, ag féachaint ar na daoine ag teacht amach as an dráma. "Bíodh is go bhfuil fuadar fúm an iníon uasal Cunegonde fheiscint arís," arsa Candide, "ba mhaith liom suipéar a chaitheamh i dteannta na mná uaisle Clairon, mar chítear dom go bhfuil sí iontach maith." Níorbh aon duine an t-eaglaiseach le dul i ngiorracht na mná uaisle Clairon, mar ní chuireadh sise fáilte ach roimh chomhluadar maith. "Tá sí gafa anocht," ar seisean, "ach gheobhaidh mé an onóir tusa thabhairt liom go bean uasalaicmeach agus ina teanntasa cuirfidh tú aithne ar Páras ionann is dá mbeifeá anso le ceithre bliana." Ba dhual do Chandide fiosracht agus lean sé go tigh mná uaisle é a bhí i gceann Faubourg Saint Honoré. Bhíothas ag imirt faró. Bhí dosaen gealltóir brónach ann agus stáicín beag cártaí ag gach éinne acu, clár adharcach a míádh. Bhí tost domhain san aer, éadan na ngealltóirí bán agus gruaim ar éadan an bhaincéara. Bhí bean an tí suite in aice an bhaincéara mhíthrócairigh seo agus í ag féachaint le súil lincse ar gach paroli agus ar gach sept et le va a d'iarr gach aon imearthóir a mharcáil le hadharc ar a chuid cártaí. Go deabhéasach ach go dian chuir sí orthu na hadharca bhaint díobh - ach níor tháinig aon fhearg uirthi d'eagla na custaiméirí chailliúint. Thugadh an bhean uasal so Banmharcas de Parolignac uirthi féin. Bhí iníon aici agus cúig bliana déag slánaithe aici. Bhí sí seo i measc na ngealltóirí agus í ag fógairt le comhartha súile cladhaireachtaí na ndaoine bochta so a bhí ag iarraidh timpistí a míádh dheisiú. Tháinig an t-eaglaiseach as Perigord, Candide agus Martin isteach. Níor éirigh éinne ina sheasamh ná níor bheannaigh dóibh ná níor fhéach orthu. Bhí gach éinne fíorghnóthach lena chártaí. "Bhíodh banbharún Thunder-ten-tronckh níos cúirtéisí," arsa Candide. Mar sin féin chuaigh an t-eaglaiseach ag triall ar cluas an bhanmharcais. D'éirigh sí ina leathsheasamh, bhronn miongháire modhúil ar Candide agus claonadh fíoruasal cinn ar Martin. Thug sí cathaoir agus stáca cártaí do Chandide a chaill leithchéad míle franc le

dhá shraith. Ina dhiaidh san deineadh suipéar gealgháireach agus bhí ionadh ar gach éinne ná raibh brón ar Candide de dheascaibh an méid a chaill sé. Bhí na giollaí ag rá le chéile i dteanga na ngiollaí "Cinnte gur tiarna Sasanach éigin é!" Dála a bhformhór de shuipéir Phárais, bhí an suipéar so ina thost ar dtús, ina fhothrom cainte ansan ná tuigfeadh éinne agus faoi dheireadh lán grinn (a raibh an chuid is mó de leamh go leor), scéala bréige, drochargóintí, beagáinín politíochta agus a lán cúlchainte. Cuireadh síos ar na leabhair nua fiú amháin. "Ar léabhar an t-úirscéal," arsa an t-eaglaiseach as Perigord, "a scríobh an duine maith Gauchat, dochtúir diagachta?" "Léas," arsa duine eile, "ach níor éirigh liom é chríochnú. Tá scata mór leabhartha gan tuiscint againn - ach dá gcuirfí le chéile iad, ní bheidís ar aon dul le míthuiscint Ghauchat, dochtúir diagachta. Táim chomh bréan san de mhéid na ndrochleabhar so go bhfuilim dulta le gealltóireacht faró." "Agus Meascán an Arddéagánaigh Trublet," arsa an t-eaglaiseach, "cad é bhur meas air sin?" "Á, an créatúirín leadránach," arsa an bhean uasal de Parolignac, "nach cúramach a deir sé leat an rud is eol don tsaol! Nach trom a dhéanann sé díospóireacht ar an rud nach fiú a thabhairt faoi ndeara, bíodh is go héadrom. Nach gan ghreann a chuireann sé a mhéar faoi ghreann na ndaoine eile. Ná milleann sé a ngoideann sé. Nach mór an déistean a chuireann sé orm! Ach ní chuirfidh níos sia. Is leor cúpla leathanach de chuid an Arddéagánaigh a léamh." Ag an mbord bhí scoláire tuisceanach a thug tacaíocht don mhéid a dúirt an banmharcas. Cuireadh síos ina dhiaidh san ar na tragóidí. D'fhiafraigh an bhean uasal canathaobh a bhfuil tragóidí ann a léirítear uaireanta ach ná féadfadh éinne a léamh. Is maith a mhínigh an fear tuisceanach conas is féidir beagáinín suime a chur i ndráma ná fuil aon fhiúntas ann. Le beagán focal theaspáin sé nach leor cúpla ceann de na dála chur le chéile a bhíonn sna húirscéalta go léir agus a mheallann lucht éisteachta i gcónaí. Ach caitear bheith nua gan bheith aisteach, uasal go minic agus nádúrtha i gcónaí, croí an duine aithint agus é chur ag caint, bheith i t'fhile mór gan cuma an fhile leigint ar aon phearsa sa dráma, máistríocht absolóideach a bheith agat ar do theanga, í labhairt go glan, le binneas leanúnach, gan leigint don chomhfhuaim aon chiall a ghoid ar na focail. "An té ná leanann na rialacha so go léir," ar seisean, "féadfaidh sé cúpla tragóid a scríobh a gheobhadh bualadh boise san amharclainn - ach ní bheidh sé riamh ar aon rang leis na scríbhneoirí maithe. Is beag iad na tragóidí maithe - cuid acu, ídilí agallmhacha deascríofa deachumtha is ea iad; cuid eile, argóintí politiúla a chuirfeadh suan agus tromchodladh ort is ea iad nó rudaí gránna ataithe; cuid eile, níl iontu ach taibhream geilte, le stíl bharbartha, le habairtí a mhalartaíonn le hapostrófa fada do na déithe (de cheal tuiscint conas focail a rá leis na daoine), le seanráite bréagacha, le gnáthtuairimí fairsingithe." D'éist Candide go cúramach leis an ráiteas so agus ardmheas aige ar an gcainteoir. Agus, ó smaoinigh an banmharcas ar é chur in aice léi, dhruid sé lena cluais agus

d'fhiafraigh dí cérbh é an fear san a bhí ag caint chomh maith sin. "Scoláire is ea é," arsa an bhean uasal, "ná himríonn cártaí in aonchor agus a thugan an t-eaglaiseach leis uaireanta le haghaidh an tsuipéir. Tá cur amach iomlán aige ar na tragóidí agus ar na leabhartha. Dhein sé féin tragóid amháin a fuair faireach agus leabhar ná faca riamh an taobh lasmuigh de shiopa a fhoilsitheoirí ach cóip amháin a bhronn sé orm." "An fear mór!" arsa Candide, "Pangloss eile is ea é." Ansan d'iompaigh sé air agus dúirt: "A dhuine uasail, is dócha go gceapann tú go mbíonn gach aon rud ar fheabhas sa domhan fisiciúil agus sa domhan mórálta, gan go bhféadfadh aon rud bheith ar aon tslí eile?" "Mise an ea?" arsa an scoláire, "A dhuine uasail, ní cheapaim a leithéid in aonchor. Chítear dom go bhfuil gach aon rud bun ós cionn againn - níl fhios ag éinne cad é an áit a oireann dó ná cad is dualgas dó ná cad a dhéanann sé ná cad ba chóir dó dhéanamh. Agus lasmuigh den tsuipéar so atá gealgháireach go leor agus aontacht ár ndóthain le fáil againn ann, chítear dom go gcaitear an méid eile den am le raiceanna gan tuiscint: lucht Jansen in aghaidh lucht Mholina, muintir an Phairlimint in aghaidh muintir na hEaglaise, muintir na litreacha in aghaidh muintir na litreacha, daoine cúirte in aghaidh daoine cúirte, lucht rachmais in aghaidh an phobail, mná in aghaidh a bhfear, gaol in aghaidh a ghaoil ... cogadh síorraí is ea é." "Chonacsa agus rudaí ba mheasa ná san," arsa Candide, "ach scoláire a raibh sé de mhíádh aige fáil crochta ina dhiaidh san, mhúin sé dom go mbíonn na rudaí sin ar fheabhas ... scáthanna ar pictiúir álainn is ea iad." "Bhí do chrochaire ag magadh faoin saol," arsa Martin, "agus sé an rud atá id chuid scáthanna ná smáil uafásacha." "Siad na daoine a dhéanann na smáil," arsa Candide, "agus ní fhéadfaidís gan iad a dhéanamh." "Más ea, níl aon locht orthu," arsa Martin. Níor thuig a bhformhór de na gealltóirí faic sa chaint seo agus leanadar ag ól. Bhí Martin ag díospóireacht leis an scoláire agus d'inis Candide cuid dá eachtraí do bhean an tí. Tar éis an tsuipéir, thug an banmharcas léi Candide go dtína seomra agus chuir ina shuí ar tolg é. "Más ea," ar sise, "tá tú i ndiaidh do chinn i ngrá leis an iníon uasal Cunegonde as Thunder-ten-tronckh go fóill?" "Táim, a bhean uasal," arsa Candide. D'fhreagair an banmharcas le miongháire maoth é: "Freagraíonn tú ar an nós Veistfáileach!" ar sise, "Sé an rud a déarfadh Francach liom ná: Is fíor go rabhas i ngrá leis an iníon uasal ach, ó chonac tú féin, a bhean uasal, is baol gur imigh uaim a grá." "A bhean uasal," arsa Candide, "freagród mar is fearr leat féin." "Thosnaigh do chean uirthi siúd," arsa an banmharcas, "lena ciarsúir a phiocadh suas. Ba mhaith liom go bpiocfá suas mo ghairtéil."

"Déanfad agus fáilte," arsa Candide á phiocadh suas. "Ach ba mhian liom go gcuirfeá orm arís é," arsa an bhean uasal. Chuir Candide uirthi arís é. "Stróinséir tusa, an dtuigeann tú," arsa an bhean uasal, "Uaireanta fágaim mo leannáin Phárais go ceann coicíse gan sásamh, ach géillim duitse cheana, an chéad oíche, mar caitear onóir a thíre thabhairt do fhear óg as an Veistfáil." Thug an bhean álainn faoi ndeara go raibh dhá dhiamant ábhalmhóra ar méireanta an stróinséirín. Mhol sí chomh díograiseach san iad gur shleamhnaíodar ó mhéireanta Chandide go méireanta an bhanmharcais. Nuair d'imigh Candide i dteannta an eaglaisigh as Perigord, bhí beagáinín cathú air toisc ná raibh sé fanta dílis don iníon uasal Cunegonde. Bhí an t-eaglaiseach uasal páirteach leis sa phian, mar ní fuair sé ach cuid anbheag den leithchéad míle franc a chaill Candide sa chluiche agus den dá sheod a bronnadh leath ar áis, leath ar éigin. Sé an aidhm a bhí aige ná pé tairbhe a thiocfadh leis a bhaint as na buntáistí a d'fhéadfadh aithne Chandide a thabhairt dó. Luaigh sé Cunegonde leis go minic agus dúirt Candide leis gur chinnte go n-iarrfadh sé pardún ar an mbean álainn toisc a easpa dílseachta nuair a chífeadh sé sa Veinéis í. Mhéadaigh an fear as Perigord ar a dheabhéasanna agus ar a chúraim agus chuir suim mhín mhaoth ins gach aon rud dá ndúirt Candide, ins gach aon rud dár dhein sé agus ins gach aon rud dár mhian leis a dhéanamh. "An amhlaidh go bhfuil coinne agaibh le chéile sa Veinéis, a dhuine uasail?" ar seisean. "Sea, a dhuine uasail," arsa Candide, "ní mór dom dul ag triall ar an iníon uasal Cunegonde." Ansan d'inis sé - agus é as a mheabhair le pléisiúr a ghrá a luadh - faoi mar ba dhual dó, d'inis sé cuid de na heachtraí a chaith sé i dteannta na mná Veistfáilí cáiliúla san. "Déanaim amach," arsa an t-eaglaiseach, "go bhfuil a lán deisbhéalaí ag an iníon uasal Cunegonde agus go scríobhann sí litreacha iontacha." "Ní bhfuaireas riamh aon cheann," arsa Candide, "mar, an dtuigeann tú, nuair a caitheadh amach as an gcaisleán mé ar son a grá, níor fhéadas scríobh chuici. Tamaillín ina dhiaidh san, chuala go raibh sí caillte. Ansan fuaireas arís í. Agus chailleas arís í. Ar ball chuireas litir dhá mhíle cúig chéad léig ón áit seo agus táim ag fanacht leis an bhfreagra," Chuir an t-eaglaiseach cluas air agus d'éist. Bhí cuma mhachnamhach air. Ar ball d'fhág sé slán ag an mbeirt stróinséirí tar éis póg a thabhairt dóibh. Lá arna mháireach fuair Candide litir nuair a dhúisigh sé ar maidin. Sé an rud a bhí inti ná:

A dhuine uasal, a leannáin fhíordhílis, táim sa chathair seo le seachtain anuas ach táim breoite. Fuaireas amach go bhfuil tusa anso leis. Dá bhféadfainn corraí, sceinnfinn idir do lámha. Fuaireas scéala do thurais ag Bordeaux. D'fhágas ansan Cacambo dílis agus an chailleach. Leanfaid siúd anonn gan mhoill mé. Rug gobharnóir Bhuenos Aires greim ar gach aon rud ach amháin do chroí atá fágtha agam. Tar. Beadsa beo arís nuair a bheidh tusa ós mo chómhair - sin, nó gheobhaidh mé bás den áthas.
Chuir an litir bhreá so, an litir seo gan choinne, áthas do-inste ar Chandide. Agus chuir breoiteacht a Chunegonde dílse faoi dhobrón é. Stractha idir an dá mhothúchán so,

ghabh sé a ór agus a dhiamaint agus i dteannta Mhartin chuaigh do dtí an tigh ósta ina raibh an iníon uasal Cunegonde ag fanacht. Chuaigh sé isteach agus crithíní mothúcháin air, a chroí ag bualadh, a ghuth ag snagaíl. Ba mhian leis cúirtíní na leapa tharraingt, ba mhian leis solas a leigint isteach. "Ná déan," arsa an cailín aimsire, "mharódh an solas í." Agus de phreab dhún sí na cúirtíní arís. "A Chunegonde dhílis," arsa Candide agus é ag gol, "conas tá tú? Muran féidir leat mé fheiscint, labhraímís le chéile ar a laghad." "Níl aon chaint aici," arsa an cailín. Ansan chuir an iníon uasal lámh bheathaithe amach as an leaba. Go ceann i bhfad bháigh Candide le deora í, ansan chlúdaigh le diamaint í agus d'fhág mála lán óir ar an gcathaoir. I lár na sceitimíní seo tháinig póilín agus an t-eaglaiseach as Perigord agus scuad laistiar díobh. "Seo iad an bheirt stróinséirí amhrastúla, an ea?" arsa an póilín. D'ordaigh sé greim a bhreith orthu agus dúirt lena laoich iad a tharraingt go dtí an príosún. "Ní hí seo an íde a fhaghann na cuairteoirí in Eldorado," arsa Candide. "Táim níos Mainiciéí ná riamh," arsa Martin. "Ach, a dhuine uasail," arsa Candide, "cá bhfuil sibh ár dtarraingt?" "Go dtí cillín," arsa an póilín. Nuair a d'éirigh le Martin greim a bhreith air féin, mheas sé ná raibh ach lúbaire sa bhean uasal a leig uirthi gurbh í Cunegonde í, ná raibh ach lúbaire san eaglaiseach uasal as Perigord a bhain tairbhe mhímhacánta as simplíocht Chandide chomh luath agus d'éirigh leis agus ná raibh sa phóilín ach lúbaire eile a bhféadfaidís cur óna slí gan stró. Lean Candide a chomhairle. In áit dul ceangailte i gcúrsaí an Dlí (agus an fonn a bhí air an fhíorChunegonde fheiscint arís gan mhoill), thairg sé trí diamaint bheaga don phóilín a raibh luach trí mhíle piostal, a bheag nó a mhór, ar gach aon cheann acu. "A dhuine uasail," arsa fear an mhaide eabhair leis, "dá mbeadh cionta an domhain go léir curtha id leith, is tusa an fear is macánta ar an saol, Trí cinn de dhiamaint agus trí mhíle piostal ar gach aon cheann acu. A dhuine uasail, gheobhainn bás thar do cheann in áit tú chur sa phríosún. Bítear ag breith ar na stróinséirí go léir - ach leig domhsa. Tá deartháir agam sa Normainn, i nDieppe. Cuirfidh mé ag triall air tú. Agus má tá diamant éigin agat le tabhairt dó, beidh sé chomh cúramach leat is a bheinn féin." "Agus canathaobh go gcuirtear na stróinséirí go léir faoi choimeád?" arsa Candide. Is é an t-eaglaiseach as Perigord a d'fhreagair é: "Toisc gur chuala bacach éigin Arras ráiméis éigin agus d'éist léi, rud ba leor dó le fionaíol a dhéanamh - ní fionaíol ar nós Bhealtaine 1610 ach fionaíol ar nós Nollaig 1594 agus fionaíol ar nós na bhfionaíolacha ará déanta i mblianta agus i míonna éagsúla ag bacaigh eile a chuala ráiméis éigin." Ansan mhínigh an póilín cad a bhí i gceist. "Na harrachtaigh!" arsa Candide ag béicigh, "conas é sin? A leithéid d'uafás i measc

pobail a bhíonn ag rince agus ag amhrán? Ná féadfaidh mé imeacht níos luaithe fós ón tír seo ina mbíonn na moncaithe ag cur feirge ar na tíogair? Chonac mathúna im thír féin. Ní fhaca daoine ach in Eldorado amháin. I gcuntas Dé, a phóilín uasail, tabhair leat go dtí an Veinéis mé, áit a gcaithfidh mé fanacht leis an iníon uasal Cunegonde." "Ní fhéadfainn tú thabhairt ach go dtí an Normain Íochtarach," arsa an póilín. Láithreach d'ordaigh sé na slabhraí bhaint díobh, dúirt go raibh dearmad déanta aige, chuir de a chuid daoine agus thug leis Candide agus Martin go dtí Dieppe, áit ar fhág sé idir lámha a dhearthár iad. Bhí báidín beag Olóinneach thíos ag an gcé. Chabhraigh trí diamaint eile leis an bhfear ba sheirbhísí ar an saol a dhéanamh den Normannach. Chuir sé Candide agus a dhaoine ar bord an bháid a bhí le seol a dhéanamh ar Portsmouth i Sasana. Níorbh é sin bóthar na Veinéise ach cheap Candide go raibh sé saor ón ifreann agus bóthar na Veinéise ghabháil arís chomh luath agus d'fhéadfaí.

CAIBIDIL 23 ina n-instear conas a chuaigh Candide agus Martin go cóstaí Shasana agus an rud a chonaiceadar ansan.
"A Phangloss, a Phangloss!" arsa Candide agus é ar bord an bháid Olóinnigh, "A Mhartin, a Mhartin! A Chunegonde dhílis! Cad é an saol so?" "Rud a bhíonn ar mire agus lán gráinne," arsa Martin. "Tá cur amach agatsa ar Sasana," arsa Candide, "An bhfuiltear chomh gealtach ansan agus atáthar sa bhFrainc?" "Gealtanas eile é," arsa Martin, "Tá fhios agat go bhfuil an dá náisiún ag cur cogaidh ar a chéile mar gheall ar cúpla acra sneachta sa Cheanada agus go gcaitheann siad níos mó ar an gcogadh so ná an tairbhe a bhainfidís as an gCeanada go léir. Ach, a rá leat go beacht an bhfuil níos mó daoine as a meabhair i dtír amháin acu seachas an tír eile, sin rud ná féadfadh mo chiall theoranta a dhéanamh. Níl fhios agam ach amháin go mbíonn na daoine a chífimíd ar ball anghruama de ghnáth." I lár an chomhrá san shroiseadar Portsmouth. Bhí an tráigh lán de dhaoine a bhí ag féachaint ar fear cuíosach ramhar a bhí thíos ar a dhá ghlún agus a dhá shúil faoi chlúdach ar deic cheann de longa an chabhlaigh. Ceathrar saighdiúirí a bhí ós cómhair an fhir seo, scaoileadar go breá ciúin trí philéar gach éinne ina chloigeann agus d'fhill an slua go léir ar a sála agus é lántsásta. "Ach cad é seo?" arsa Candide, "Nó cén deamhan a bhfuil gach aon áit faoina réir?" D'fhiafraigh sé cérbh é an fear ramhar san a bhíothas ag marú go sollúnta. "Aimiréal ab ea é," a dúradh leis. "Agus canathaobh an t-aimiréal so mharú?" "Is amhlaidh," a dúradh leis, "nár mharaigh sé go leor daoine. Chuir sé troid ar aimiréal Francach agus measadh ná raibh sé gairid go leor dó." "Ach," arsa Candide, "bhí an t-aimiréal Francach chomh fada ón aimiréal Sasanach is a bhí sé sin uaidh siúd!" "Bhí, cinnte," a dúradh leis, "ach sa tír seo is maith an rud é aimiréal a mharú ó am go

chéile le spreagadh thabhairt don méid eile." Bhí Candide chomh trí chéile agus chomh scanraithe sin ag an rud a chonaic sé agus ag an rud a chuala sé, ná raibh sé sásta cos a chur ar an talamh fiú amháin ach dhein sé margadh leis an gcaptaen Olóinneach (fiú dá mbeadh sé robálta aige faoi mar a bhí ag an duine eile i Surinam) le hé thabhairt leis gan mhoill go dtí an Veinéis. I gcionn dhá lae bhí an captaen réidh. Leanadar cósta na Fraince, chuadar faoi bhráid Lisboa (agus ghabh crith Candide), chuadar isteach tríd an gCaol go rabhadar sa Mheánmhuir. Faoi dheireadh shroiseadar an Veinéis. "Buíochas le Dia," arsa Candide (agus thug póg do Mhartin), "seo é an áit a bhfeicfidh mé Cunegonde álainn arís. Tá muinín agam as Chacambo faoi mar a bheadh agam asam féin. Tá gach aon rud ceart, tá gach aon rud ar fheabhas, tá gach aon rud chomh maith agud d'fhéadfadh sé bheith."

CAIBIDIL 24 ina n-instear scéalta Phaquette agus an bhráthar Giroflé.
Ní túisce a bhí Candide sa Veinéis ná chuardaigh sé na tithe tábhairne go léir, na caifí go léir agus tithe na striapach go léir - ach ní bhfuair sé Cacambo in aon áit. Gach aon lá chuir sé duine ag triall ar na longa agus ar na báid: diabhal aon scéal ó Chacambo. "Conas," ar seisean le Martin, "a bhí an t-am agamsa gabháil ó Shurinam go Bordeaux, as san go Páras, as san go Dieppe, as san go Portsmouth, dul timpeall chóstaí na Poirtingéile agus na Spáinne, trasna na Meánmhara ar fad agus cúpla mí chaitheamh sa Veinéis - agus níor tháinig Cunegonde álainn go fóill! Ina leaba san ní bhfuaireas ach óinseach mheirdrí agus cléirichín as Perigord. Gan dabht tá Cunegonde caillte agus níl le déanamh agamsa ach bás fháil. Nárbh fhearra dom fanacht i bparrthas Eldorado ná filleadh ar an Eoraip mhallaithe seo! Bhí an ceart agat, a Mhartin dhílis, níl anso ach seachmall agus timpiste." Tháinig lionn dubh air agus ní raibh sé páirteach san opera alla moda ná i siamsaí eile an charnabhail. Níor thug aon bhean uasal spreagadh dó ná níor mheall é. "Caithim a rá," arsa Martin leis, "go bhfuil tú fíorshimplí nuair a cheapais go mbeadh giolla meascach a mbeadh a cúig nó a sé mhilliún thíos sa phóca aige, go mbeadh sé ag cuardach ceithre airde an domhain le do leannán a thabhairt leis go dtí an Veinéis duit. Má aimsíonn sé í, béarfaidh sé uirthi dó féin. Agus mura n-aimsíonn, béarfaidh sé greim ar bhean éigin eile. Molaim duit dearmad a dhéanamh ar do ghiolla Cacambo agus ar do leannán Cunegonde." Ní raibh Martin sólásach in aonchor. Chuaigh brón Chandide i méid agus i nduibheacht agus níor stad Martin dá chruthú dó gur bheag an rud suáilche agus áthas an tsaoil seo - ach amháin in Eldorado, b'fhéidir, áit ná féadfadh éinne dul. Nuair a bhíodar ag cur síos ar an ábhar tábhachtach so agus iad ag fanacht le Cunegonde, chonaic Candide bráthair óg ar chearnóg Shan Marc a raibh cailín faoina oscaill aige. Bhí cuma úr bheathaithe láidir ar an mbráthair agus a dhá shúil ag taitneamh, a aghaidh muiníneach, a shiúl uaibhreach. Bhí an cailín an-álainn agus bhí sí

ag amhrán. Bhí sí ag féachaint ar a bráthair le súil ghra agus ag baint miotóg as a ghruanna ramhra ó am go chéile. "Admhóidh tú ar a laghad," arsa Candide le Martin, "go bhfuil an bheirt sin sásta. Go dtí so ní bhfuaireas in aon tír seachas Eldorado ach daoine míámharacha. Ach an cailín seo agus an bráthair seo, geallaimse duit gur daoine anshásta iad." "Geallaimse duit nach iad," arsa Martin. "Níl le déanamh ach iarraidh orthu an dínnéar a chaitheamh inár dteannta," arsa Candide, "go bhfeicfidh tú an bhfuil dul amú orm." De phreab chuaigh sé faoina ndéin, bheannaigh dóibh agus d'iarr orthu teacht go dtína thigh ósta le macaroni, patraic na Lombairde, uibhe bradáin fhearna, fíon Montepulciano, Lacrima Christi, fíon na Cipire agus fíon Shamos a chaitheamh ina theannta. Las an iníon uasal, ghlac an bráthair leis an gcuireadh agus lean an cailín é agus í ag féachaint ar Candide le súile iontais agus náire a raibh roinnt deora tríothu. Is ar éigin a bhí sí i seomra Chandide go ndúirt sí; "An amhlaidh," ar sise, "ná haithníonn an máistir Candide Paquette?" Go dtí na focail sin níor thug Candide faoi ndeara í toisc ná raibh smaoineamh aige ach ar Cunegonde. "Mo léan is mo chreach, a chailín bhoicht," ar seisean, "arbh í tusa a chuir an dochtúir Pangloss sa chaoi ghalánta ina bhfacasa é?" "Chuireas, fairíor, a mháistir," arsa Paquette, "Chím go bhfuil an scéal go léir agat. Fuaireas scéal na dtimpistí uafásacha a thuit amach do theaghlach iomlán an bhanbharúin agus do Chunegonde. Fágaim le m'uacht ná raibh rud aon phioc níb fhearr i ndán dom féin. Bhíos fíoraineolach nuair a chonaicís mé. An Proinsiascánach a bhí mar athair faoistine agam, is fuiriste a mheall sé mé. Bhí toradh uafásach ar an scéal: chaitheas imeacht ón gcaisleán tamaillín i ndiaidh an lae a chaith an barún tú féin amach le neart cic sa tóin. Murach dochtúir cáiliúil a raibh truaighe aige dom, bhíos marbh. Tré bhuíochas chaitheas seal im leannán ag an dochtúir. Bhí éad gealtach ar a bhean súd agus bhuaileadh sí gan trócaire gach aon lá mé. Uafás mná ab ea í. Bhí an dochtúir ar an bhfear ba ghráinne ar an saol agus mé féin ar an duine ba mhíámharaí, toisc go rabhas ag fáil buillí gan stad ar son fir ná raibh aon ghrá agam dó. Tá fhios agat, a mháistir, gur baol do bhean mhíréireach bheith pósta le dochtúir. Nuair a bhí sé siúd bréan d'imeachtaí a mhná, lá amháin dá raibh slaghdán beag uirthi, thug sé leigheas chomh héifeachtúil sin dí go bhfuair sí bás faoi cheann dhá uair an chloig ins na trithí dubha. Chuir gaolta na máistreás dlí ar an máistir. Theich seisean agus cuireadh mise sa phríosún. Níor shábháil mo neamhchiontacht mé murach go rabhais beagáinín álainn. Shaor an breitheamh mé ach chuaigh i leaba an dochtúra. Is gearr gur thóg comhleannán m'áit, caitheadh amach gan duais mé agus chaitheas leanúint ar an gceard dhéistineach so a thaitníonn chomh mór san leis na fearaibh nuair ná fuil dúinne inti ach tobar na hainnise. Chuas i mbun dualgais sa Veinéis. Ach, a mháistir, dá bhféadfása a shamhailt conas a bhíonn sé caitheamh fáilte chur roimh cheannaí críonna, turnae, manach, bádóir nó cléireach i ndiaidh a chéile, bheith gan chosaint ar aon mhasla ná ar aon timpiste, iasacht sciorta iarraidh ar éigin minic go leor

chun go bhféada fear déistineach é bhaint díot, pé rud a fuairis ó dhuine amháin a thabhairt ar éigin do dhuine eile, bheith faoi dhúchíos ag na constáblaí agus gan aon tóchaí i ndán duit ach aois ghráiniúil, tigh na mbocht agus carn aoiligh - dá bhféadfása é sin a shamhailt, dhéanfása amach go bhfuilim ar na daoine is míámharaí ar an saol." Is amhlaidh a d'oscail Paquette a croí do Chandide maith ós cómhair Mhartin. Dúirt seisean le Candide: "Chíonn tú go bhfuil leathgheall buaite agam cheana." Bhí an bráthair Giroflé fanta sa tseomra bídh agus é ag ól gloine nó go mbeadh an dínnéar ullamh. "Ach," arsa Candide le Paquette, "bhí an chuma chomh gealgháireach, chomh sásta san oirt nuair a bhuaileas libh. Bhís ag amhrán, ag tabhairt póg don bhráthair le háthas nádúrtha. Cheapas go rabhais chomh sásta agus a deir tú anois go bhfuil tu míámharach." "A dhuine uasail," arsa Paquette, "sin ainnis eile na ceirde seo. Inné robáil oifigeach mé agus bhuail mé, inniu caithim leigint orm go bhfuil giúmar maith orm le bráthair a shásamh." Níor theastaigh a thuille ó Chandide. D'admhaigh sé go raibh an ceart ag Martin. Shuíodar isteach i dteannta Phaquette agus an bhráthar. Bhí an béile deas go leor agus faoi dheireadh bhíothas ag caint go neambalbh. "A athair," arsa Candide leis an manach, "de réir dealraimh tá cinniúint agat a chuirfeadh éad ar éinne - tá scoth na sláinte ag taitneamh ar t'aghaidh, fógraíonn do chuma an sásamh, tá cailín fíorálainn agat mar caitheamh aimsire agus dealraíonn sé go bhfuil tú anshásta bheith id bhráthair." "Ambaiste, a dhuine uasail," arsa an bráthair Giroflé, "bheinn sásta dá mbeadh na bráithre go léir faoi bhun na farraige. Céad uair ba mhian liom an mhainistir a chur tré thine agus iompó im Mhusulmánach. Nuair ná raibh slánaithe agam ach cúig bliana déag, chuir mo thuismitheoirí an aibíd ghráiniúil seo orm lena thuille saibhrisí fhágaint ag mo dheartháir mór - mallacht Dé air. Áit chónaithe an éid, na feirge agus an ghealtanais is ea an mhainistir. Is fíor gur dheineas cúpla drochsheanmóin agus gur thuilleas beagán airgid dá bharr - ach goideann an prióir a leath orm agus caithim an méid eile ar na mná. Ach nuair a fhillim ar an mainistir istoíche, bím réidh le mo cheann a bhriseadh ar fallaí an dórtúir agus is mar an gcéanna dom chomhbhráithre go léir." D'iompaigh Martin ar Candide leis an gciúnas ba dhual dó: "Sea," ar seisean, "ná fuil an geall go léir buaite agam?" Thug Candide dhá mhíle piastar do Phaquette agus míle piastar don bhráthair Giroflé. "Geallaimse duit," ar seisean, "go mbeidh siad sásta leis sin." "Ní dóigh liom é, mhuis," arsa Martin, "b'fhéidir leis na piastair sin go mbeidh siad níos míámharaí fós agat." "Bíodh san mar atá," arsa Candide, "ach tugann rud amháin sólás dom: chím gur minic a castar daoine ort ná raibh aon tsúil agat go dtiocfása orthu go deo arís. Ó thánag ar mo chaora dhearg agus ar Paquette, b'fhéidir go dtiocfadsa ar Cunegonde leis." "Tá súil agam," arsa Martin, "go ndéanfaidh sí siúd do shonas lá éigin. Ach sin rud a

bhfuilim an-amhrasach faoi." "Is cruaidh an fear tú," arsa Candide. "Tá seal caite agam ar an saol," arsa Martin. "Ach féach ar na bádóirí seo," arsa Candide, "ná bíonn siad ag amhrán gan stad?" "Ní fhacaís ag baile iad," arsa Martin, "i dteannta a mban agus a gcúraim. Tá a chuid bhróin ag an diúic, tá agus a gcuid féin ag na bádóirí. Bíodh i ndeireadh na dála is gur fearr cinniúint bhádóra ná cinniúint diúic, ceapaim go bhfuil an deifríocht chomh mion san nach fiú trácht uirthi." "Cloistear trácht," arsa Candide, "ar an seanadóir Pococurante ar leis an pálás álainn sin ar an mBrenta agus a chuireann fáilte roimh na stróinséirí. Deirtear gur fear é ná fuair brón riamh." "Ba mhaith liom a leithéid de dhuine neamhchoitianta fheiscint," arsa Martin. Láithreach chuir Candide teachtaire ag iarraidh cead ar an tiarna Pococurante cuairt a thabhairt air lá arna mháireach.

CAIBIDIL 25 ina n-instear conas a chuathas ar cuairt go tigh an tiarna Pococurante, uasal na Veinéise.
Chuaigh Candide agus Martin i ngondala ar an mBrenta agus shroiseadar pálás an uasail Pococurante. Bhí na gairdíní fairsing agus iad ornáidithe le deilbheanna breátha marmair. Bhí ailtireacht an pháláis go hálainn. Chuir fear an tí - duine anshaibhir trí scór bliain - fáilte roimh an mbeirt fhiosrach go cúirtéiseach ach gan aon fhuadar, rud a chuir ionadh ar Candide gan chur as do Mhartin in aonchor. Ar dtús thug beirt chailíní snasta gléasta seacláid dóibh a bhí coipthe go fíormhaith. Níor fhéad Candide gan a náille, a snas agus a n-aicillíocht a mholadh. "Níl na cailíní sin gan mhaitheas," arsa an seanadóir Pococurante, "cuirim im leaba iad, uaireanta, mar táim bréan de mhná uaisle na cathrach, dá bpéacaíocht, dá n-éad, dá dtrodanna, dá ngiúmair, dá n-ísleacht, dá móraíocht, dá seafóid agus de na dánta a chaitheann duine a chumhadh nó a cheannach dóibh. Ach faoi dheireadh táim ag éirí tuirseach den bheirt seo leis." Tar éis an lóin, nuair a bhí Candide ag siúl timpeall áiléir fhada, chuir áille na bpictiúirí ionadh air. D'fhiafraigh sé cén máistir a dhein an chéad dá cheann. "Raphael," arsa an seanadóir, "cheannaíos go daor roinnt bliain ó shin iad - le péacaíocht. Ach ní thaitníonn siad in aonchor liom. Tá an dath fachta anadhonn, níl na figiúirí cruinn a ndóthain agus ní thagann siad amach go soiléir, níl na taipéisí cosmhail le héadach in aonchor. In aon fhocal, pé rud a déarfaí, ní fhaghaim go bhfuil aithris fhírinneach le fáil iontu ar an nádúr. Beidh mé sásta le pictiúir nuair a cheapfaidh mé go bhfuilim ag féachaint ar an nádúr féin - ach níl a leithéid ann. Tá a lán pictiúirí agam ach ní fhéachaim orthu." Roimh an dínnéar chuir Pococurante fios ar na ceoltóirí le concerto dhéanamh. Ba bhinn le Candide an ceol.

"Tá an fothrom so maith go leor go ceann leathuair an chloig," arsa Pococurante, "ach má leanann sé níos sia, cuireann sé tuirse ar gach éinne, bíodh is ná leomhfadh éinne é rá. Na laethanta so níl sa cheol ach ealaí na rudaí deacra sheinnt - agus an rud ná fuil ach deacair, ní fada a thaitníonn sé. B'dhearr liom an opera gan dabht murar éirigh leo arrachtach a dhéanamh de a chuireann déistean orm. an té ar mian leis, téadh sé ag éisteacht le drochthragóidí le ceol ná fuil aon radhairc iontu in aonchor ach ar son cúpla amhrán seafóideach a tharraingt isteach in áit ná hoireann dóibh, rud a chuireann scórnach an bhanaisteora i dteaspántas. an té ar mian leis nó a n-éiríonn leis, tuiteadh sé i laigí áthais ag féachaint ar teanór ag crónán leis tré pháirt Shéasair nó Chato agus é ag siúlóid go míaicillíoch ar na cláracha. Mar liom féin, is le fadó an lá a thugas droim mo láimhe don bhochtanas san ar a dtugtar inniu glóir na hIodáile agus a ndíolann tiarnaí chomh daor san as." Dhein Candide beagáinín argóint - ach go discréideach. D'aontaigh Martin ar fad leis an seanadóir. Shuíodar isteach agus, tar éis dínnéir a bhí ar fheabhas, chuathas sa leabharlainn. Nuair a chonaic Candide cóip Homer a bhí ceangailte go hiontach, mhol sé blas maith an uasail. "Sin leabhar anois," ar seisean, "a bhí ina chúis áthais ag Pangloss Mór, an fealsamh ab fhearr sa Ghearmáin." "Ní haon chúis áthais domhsa é," arsa Pococurante go fuar, "Uair amháin cuireadh ina luí orm gur mhian liom é léamh. Ach na cathanna san go léir a leanann a chéile agus iad go léir mar a chéile, na déithe sin a bhíon síorghnóthach gan bheartú ar aonrud, an Héilin sin atá ina hábhar cogaidh gan bheith ina haisteoir sa dráma ach ar éigin, an Traoi sin a chuirtear faoi léagar gan a gabháil go deo - chuir na rudaí sin go léir tuirse mharaitheach orm. Uaireanta chuireas ceist ar scoláirí an bhfuaireadar a léitheoracht chomh leadránach agus a fuaireas féin. Na daoine macánta, d'admhaíodar go mbíodh an leabhar ag tuitim óna lámha ach nár mhór é bheith i gcónaí sa leabharlainn agat mar shéadchomhartha na hÁrsaíochta ar nós na mbonn meirgeacha san ná féadtar úsáid mar airgead." "Ní hé sin meas do Shoilse ar Virgil?" arsa Candide. "Aontaím," arsa Pococurante go bhfuil leabhair II, IV agus VI dá Aeniad ar fheabhas. Ach mar lena Aenéas cráifeach, le Cloanthus láidir, leis an gcara Achates, le hAscanius beag, le Latinus rí na n-amadán, le hAmata bhúirgéiseach, le Lavinia leamh ... ní dóigh liom go bhfuil aon rud níos fuaire nó níos leadránaí ná iad. Is fearr liom Tasso agus scéalta suanlaíocha Ariosto." "An leomhfainn a fhiafraí díot," arsa Candide, "a dhuine uasail, an mbíonn áthas mór ort nuair a léann tu Horás?" "Tá dánfhocail aige siúd," arsa Pococurante, "a bhféadfadh fear saolta tairbhe bhaint astu agus a thagann go fuiriste don chuimhne ó táid gafa i véarsaí bríomhara. Ach is cuma sa diabhal liom a thuras go Brindisi, a chur síos ar drochdhínnéar, an troid phiocairí sneá idir ní fheadar cén Pupilus a raibh a fhocail, deir sé, lán de bhrachadh agus duine eile a raibh a fhocail lán d'fhínéagra. Níor léas ach le déistean mór a aora ar

na seanamhná agus ar na bandraoithe agus ní fheadar cén fiúntas a bheadh aige ag rá lena chara Maecenas, má chuireann sé siúd i rang na bhfilí liriciúla é, go mbuailfidh sé ar na réiltíní lena éadan uasal. Bíonn meas ag na hamadái ar gach a scríobhann údar meastúil. Ní léim ach dom féin - ní thaitníonn liom ach a n-oireann dom." Chuir an méid a chuala sé ionadh ar Candide nár tógadh le haonrud a mheas dá réir féin. cheap Martin go raibh smaointí Phococurante réasúnta go leor. "Á, féach Ciceró," arsa Candide, "is dócha ná fuil tú tuirseach de bheith ag léamh an fhir mhóir sin." "Ní léim in aonchor é," arsa an Veinéiseach, "Nach cuma dom leithéid má labhair sé ar son Rabirius nó Cluentius! Tá cúiseanna mo dhóthain le féachaint agam féin. Níor mhiste liom a shaothar fealsúnachta ach nuair a chonac go raibh sé in amhras faoi gach aonrud, dheineas amach gurbh ionann mo chuid eolais agus a chuid sin agus ná raibh cabhair éinne ag teastáil uaim le bheith aineolach." "Á, féach ceithre fichid imleabhar de bhailiúcháin Acadamh éigin na heolaíochta," arsa Martin, "B'fhéidir go bhfuil rud égin ar fónamh ansan." "Bheadh," arsa Pococurante, "dá mbeadh slí bioráin a dhéanamh fachta amach ag duine amháin d'údair na ráiméise sin. Ach sna leabhartha san go léir níl ach córais díomhaoine gan aonrud úsáideach." "An mó dráma a chím ansan," arsa Candide, "agus iad as Iodáilis, as Spáinnis, as Fraincis ..." "Tá," arsa an seanadóir, "tá trí mhíle ann acu gan ach trí dhosaen ar fónamh. Mar leis na bailiúcháin sheanmóintí úd, nárbh fhiú leathanach amháin Sheneca iad dá gcuirfeá le chéile iad, mar leis na himleabhartha móra diagachta úd, tuigeann sibh gan dabht ná hosclaímse in aonchor iad - ná ní osclaíonn éinne eile." Thug Martin faoi ndeara seilpeanna a bhí lán de leabhartha Sasanacha. "Ceapaim," ar seisean, "gur maith le poblachtánach a bhformhór de na hoibreacha san a scríobhadh leis an oiread san saoirse." "Sea," arsa Pococurante, "is maith an rud é tuairimí nochtadh. Pribhléid an duine is ea é. Ar fud na hIodáile seo againne ní scríobhtar ach na rudaí ná creidtear. Áitritheoirí dhúchas Shéasair agus Antoine, ní leomhfaidís tuairim a bheith acu gan chaoinchead doiminicigh. Bheinn sásta leis an saoirse a spreagann sprideanna Shasana mura dtruailleodh an paisean agus an fhaicseanaíocht an chuid is fearr den tsaoirse luachmhar san." Thug Candide faoi ndeara cóip Mhilton agus d'fhiafraigh de ar cheap sé gur fear mór an t-údar san. "Cé hé?" arsa Pococurante, "An barbar úd a dhein gluais fhada ar chaibidil I de leabhar Geinisis i deich gcinn de leabhartha véarsaí cruaidhe? Aithriseoir garbh úd na nGréagach a chuir an Cruthú as a chuma? An duine úd a chuireann compás mór as chófra éigin na bhflaitheas i láimh an Mheisiais lena shaothar a leagadh amach, nuair is é an rud a theaspánann Maois dúinn ná an Bheith Shíorraí a chruthaíonn an saol leis an mBriathar? An mbeadh meas agam ar an té a mhill ifreann agus diabhal Thasso, a chuireann Lúicifir uaireanta i riocht buaife agus uaireanta i riocht abhaic? A chuireann na focail chéanna

ina bhéal céad uair? A chuireann ag díospóireacht i dtaobh na diagachta é? A dhéanann aithris i ndáiríre ar cumadóireacht mhagúil Ariosto agus a chuireann na diabhail ag lámhach gunnaí móra sna spéartha? Níor thaitnigh na ráiméisí brónacha san liomsa ná le héinne san Iodáil. Pósadh an Pheaca agus an Bháis agus na nathracha a bheireann an Peaca, cuireann siad fonn urlacain ar éinne a bhfuil blas beagáinín maoth aige. Agus ní oirfeadh a chur síos fada ar óispidéal ach amháin do reilgire. An dán dorcha ait déistineach san, bhí drochmheas air an chéad lá riamh agus is ionann an meas atá agamsa inniu air is a bhí ag lucht a chomhaimsire ina dhúthaigh féin. Deirim an rud a mheasaim, pé scéal é, agus is cuma sa diabhal liom murab ionann an tuairim a bhíonn ag na daoine eile." Chuir an chaint seo brón ar Candide. Bhí meas aige ar Homer, bhí sé beagáinín i ngrá le Milton. "Mo léan," ar seisean ós íseal le Martin, "is baol liom drochmheas fíorardnósach a bheith ag an bhfear so ar ár bhfilí Gearmáineacha." "Am baiste féin," arsa Martin, "níorbh aon díobháil é sin." "Nach mór an fear é," arsa Candide idir a fhiacla, "nach mór an sprid an Pococurante seo. Ní thaitníonn aonrud leis." Tar éis léirmheas na leabhar go léir a dhéanamh ar an nós céanna, chuadar síos sa ghairdín. Mhol Candide a áille. "Ní fheadar an mbeadh aon rud le fáil ba lú blas ná é seo," arsa an máistir, "níl anso againn ach gairdín ar leathchois ach amáireach tabharfaidh mé ord leagan amach is uaisle chur air." Nuair a d'fhág an bheirt fhiosrach slán ag a Shoilse, "Sea anois," arsa Candide le Martin, "aontóidh tú gurb é sin an fear is ámharaí ar an saol mar tá sé ós cionn gach aonrud dá bhfuil aige." "Ná feiceann tú," arsa Martin, "go gcuireann gach aonrud dá bhfuil aige déistean air? Is fadó dúirt Plato nach iad na boilg is fearr a chaitheann amach na bianna go léir." "Ach," arsa Candide, "ná fuil pléisiúr le fáil ag cáineadh gach aonrud, ag braistint na lochtaí in áit a cheapann na daoine eile áille fheiscint?" "Sé sin le rá," arsa Martin, "go bhfuil pléisiúr le fáil ag diúltadh gach aon phléisiúir?" "Más ea," arsa Candide, "níl ámharach go dtí mé féin nuair a chífidh mé an iníon uasal Cunegonde arís." "Is maith an rud é súil éigin a bheith ag duine i gcónaí," arsa Martin. Ina dhiaidh san is uile, lean na laethanta agus na seachtainí a chéile. Níor tháinig Cacambo agus bhí Candide chomh báite sin sa dubrón nár thug sé faoi ndeara nár tháinig Paquette agus an bráthair Giroflé le buíochas a ghabháil leis fiú amháin.

CAIBIDIL 26 ina n-instear conas a chaith Candide agus Martin suipéar i dteannta seisear stróinséirí agus cérbh iad féin.
Oíche amháin, nuair a bhí Candide agus Martin ar tí suí isteach ag an mbord i dteannta

na stróinséirí a raibh lóistín acu san óstán céanna, tháinig fear an éadain dhuibh aniar aduaidh ar Candide agus rug greim ar a láimh: "Bí ullamh le himeacht inár dteannta," ar seisean, "ná teip orainn." D'iompaigh Candide agus cé bhí aige ach Cacambo. Ní raibh aon radharc ba mhó a chuirfeadh ionadh agus áthas air ach radharc Chunegonde amháin. Is beag nár chuaigh sé as a mheabhair leis an áthas. Léim sé ar muineál a chara mhuirnigh. "Tá Cunegonde anso, gan dabht," ar seisean, "nó cá bhfuil sí? Stiúr chuici mé go bhfaghaidh mé bás den áthas ina teannta!" "Níl Cunegonde anso in aonchor," arsa Cacambo, "tá sí i gConstantinople." "A Thiarna!" arsa Candide, "i gConstantinople! Ach dá mbeadh sí sa tSín, raghainn ag eitilt ann. Téanam ort." "Imeoimíd tar éis suipéir," arsa Cacambo, "Ní fhéadfainn a thuille rá leat anois. Táim im sclábhaí agus tá mo mháistir ag fanacht liom. Caithfidh mé freastal air ag an mbord. Ná habair puinn, ach ith do chuid agus fagh réidh." Bhí Candide idir áthas agus bhrón, ar a shuaimhneas toisc a shearbhónta dílis a bheith casta air, ionadh air toisc é bheith ina sclábhaí, ar beiriú toisc go bhfeicfeadh sé a leannán arís, a chroí ar crith, a intinn ar seachrán. Shuigh sé isteach i dteannta Mhartin, a d'fhéach ar na heachtraí seo go léir le croí fuar, agus i dteannta na stróinséirí a tháinig go léir le Carnabhal a chaitheamh sa Veinéis. Bhí Cacambo ag freastal deochanna ar dhuine den tseisear stróinséirí seo agus i ndeireadh an bhéile dhruid sé le cluais a mháistir: "A Mhórgacht," ar seisean, "imeoidh tú nuair is mian leat. Tá an long réidh." D'imigh sé ar na focail seo. Bhí an comhluadar ag féachaint ar a chéile, ionadh orthu ach gan focal a rá, nuair a dhruid searbhónta eile lena mháistir: "A Mhórgacht," ar seisean, "tá do chathaoir iompair i bPadua agus tá an bád réidh." Dhein an máistir comhartha agus d'imigh an searbhónta. D'fhéach an comhluadar ar a chéile arís agus méadaíodh ar an ionadh coitianta. Dhruid an tríú searbhónta leis an tríú stróinséir: "A Mhórgacht," ar seisean, "creid dom - níor chóir go bhfanfása níos sia anso. Faghaidh mé gach aonrud réidh." Agus d'imigh sé leis. Bhí Candide agus Martin cinnte ansan gur saghas mascaráid Charnabhail a bhí i gceist. Dúirt an ceathrú searbhónta leis an gceathrú máistir: "Imeoidh do Mhórgacht nuair is mian léi" agus d'imigh leis. Dúirt an cúigiú searbhónta na focail chéanna leis an gcúigiú máistir. Ach ní mar a chéile focail an tséú searbhónta leis an séú stróinséir a bhí in aice le Candide. "Am baiste féin, a Mhórgacht," ar sé siúd, "níltear sásta creidiúint a thabhairt duitse níos sia ná domhsa ach oiread. Is baol don bheirt againn deireadh na hoíche seo a chaitheamh faoi ghlas. Táim le mo chúram féin a dhéanamh. Slán!" Nuair a bhí na searbhóntaí go léir imithe, d'fhan an seisear stróinséirí, Candide agus Martin ina dtost beag. Faoi dheireadh dúir Candide: "A dhaoine uaisle," ar seisean, "nach ait an gcreann é seo. Canathaobh ar ríthe sibh go léir? Mar liom féin, déanaigh talamh slán de nach aon rí mé féin ná Martin anso atá im

theannta." Ansan dúirt máistir Chacambo go sollúnta as Iodáilis: "Ní dhéanaimse aon ghreann. Ahmed III is ainm dom. Ar feadh na mblianta bhíos im shultán. Chuireas mo dheartháir ón ríocht. Chuir mac mo dhearthár mé féin ón ríocht. Gearradh muineál mo mhinistrí. Caithim mo shaol sa tseanphálás anois ach tá cead agam ón sultán Mahmud, ó mhac mo dhearthár, turas a dhéanamh ó am go chéile ar mhaitheas lem shláinte agus is amhlaidh a thánag go dtí an Veinéis le haghaidh an Charnabhail." Ansan labhair ógánach a bhí in aice le hAhmed: "Ivan is ainm domhsa," ar seisean, "bhíos seal im impire na Rúise Móire. Cuireadh ón impireacht mé agus mise im chliabhán. Cuireadh mo thuismitheoirí faoi ghlas. Tógadh sa phríosún mé. Bíonn cead agam turas a dhéanamh ó am go chéile i dteannta mo ghardaí. Agus is amhlaidh a thánag go dtí an Veinéis le haghaidh an Charnabhail." "Is mise Séarlas rí Shasana," arsa an tríú duine, "Thug m'athair suas a cheart sa ríocht dom. Dheineas troid le hí ghabháil. Stracadh an croí as ocht gcéad dem lucht leanúna agus caitheadh suas ina n-aghaidh é. Cuireadh sa phríosún mé. Táim ag dul 'on Róimh le cuairt a thabhairt ar an rí, ar m'athair, a cuireadh ón ríocht ar mo chuma féin agus ar chuma mo sheanathar. Agus thánag go dtí an Veinéis le haghaidh an Charnabhail." "Is mise rí na bPolóinneach," a dúrt an ceathrú duine ansan, "Chuir foirtiún an chogaidh ó Stáit mo shinsear mé. Thuit an rud céanna amach dom athair rómham. Géillim don chinniúint faoi mar a dhéanann Ahmed sultán, Ivan impire agus Séarlas rí, go méadaí Dia a saol. Agus thánag go dtí an Veinéis le haghaidh an Charnabhail." "Rí na bPolóinneach mise leis," a dúirt an cúigiú duine, "Chailleas mo ríocht dhá uair. Ach thug an chinniúint Stát eile dom agus is mó de mhaitheas atá déanta agam ann ná mar a éirigh le ríthe uile na Sarmáiteach a dhéanamh ar bhruach na Vistula le fadó riamh. Géillim don chinniúint leis. Agus thánag go dtí an Veinéis le haghaidh an Charnabhail." D'fhan an chaint ag an séú rí. "A dhaoine uaisle," ar seisean, "ní tiarna chomh mór libhse mé. Ach ina dhiaidh san is uile, bhíos im rí chomh maith le héinne. Teodor is ainm dom. Toghadh im rí na Corsaice mé. Gairmeadh Mórgach dom agus anois is ar éigin a ghairmtear duine uasal dom. Bhuaileas monadh agus anois níl ná pingin rua agam. Bhí beirt Rúnaithe Stáit agam agus anois is ar éigin atá searbhónta agam. Shuíos lá ar chathaoir ríoga agus chaitheas tamall fada sa phríosún i Londain ar an sop. Is baol dom an sop céanna anso, bíodh is gur thánag go dtí an Veinéis - dálta bhur Mórgachtaí - le haghaidh an Charnabhail." D'éist an cúigear ríthe eile leis an gcaint sin agus truaighe uasal acu dó. Thug gach éinne acu fiche séacain don rí Teodor le haghaidh éadaí agus léinteacha cheannach. Bhronn Candide diamant air a raibh dhá mhíle séacain air. "Cé hé an duine seo," arsa an cúigear ríthe, "a bhfuil ar a acmhainn céad uair níos mó a thabhairt ná éinne againne - agus a thugann é? An rí tusa leis, a dhuine uasail?" "Ní mé, a dhaoine uaisle, ná níor mhian liom a bheith." Ag an neomat céanna ar imíodar ón mbord, tháinig san óstán céanna ceathrar Sár.Mhórgachtaí a raibh a stáit caillte acu de dheascaibh cogaid agus a tháinig go dtí an

Veinéis le haghaidh an Charnabhail. Ach níor thug Candide faoi ndeara an lucht nuathagaithe sin. Ní raibh de chúram air ach a Chunegonde mhuirneach a lorg i gConstantinople.

CAIBIDIL 27 ina n-instear conas a chuaigh Candide go Constantinople.
Bhí cead fachta ag Cacambo ón gcaptaen Turcach, a bhí leis an sultán Ahmed a thabhairt tharnais go Constantinople, le Candide agus Martin a chur ar bord. Chuaigh an bheirt acu ann tar éis síneadh dhéanamh ós cómhair a Mhórgachta dearóile. Ar an mbóthar dúirt Candide le Martin: "Seo seisear ríthe gan ríocht a rabhamar ag ithe ina dteannta agus ar an seisear san thugas déirc do rí amháin. B'fhéidir go bhfuil a lán prionsaí eile atá níos míámharaí fós. Mar liom féin, níor chailleas ach céad caora agus táim ag eitilt i dtreo lámha Chunegonde. A Mhartin dhílis, deirimse fós go raibh an ceart ag Pangloss: tá gach aonrud ar fheabhas." "Tá súil agam go bhfuil," arsa Martin. "Ach," arsa Candide, "is ait an eachtra a fuaireamar sa Veinéis. Ní chualathas riamh trácht ar seisear ríthe ag caitheamh suipéir i dteannta a chéile i dtigh ósta." "Ní haite an rud é sin," arsa Martin, "ná a bhformhór de na rudaí a thuit amach dúinn. Ní hannamh a chuirtear na ríthe as a ríochtaí agus, mar le pé onóir a fuaireamar ag caitheamh suipéir ina dteannta, sin rud nach fiú bacaint leis. Nach cuma cé ina theannta a gcaitear an suipéar ach an suipéar féin a bheith ann?" Ní túisce a bhí Candide ar bord an árthaigh ná léim sé ar muineál a iarghiolla, a chara Cacambo. "Sea," ar seisean, "cad tá Cunegonde a dhéanamh? An ionadh na háille fós í? An bhfuil grá aici orm go fóill? Conas tá sí? Gan dabht cheannaís pálás dí i gConstantinople." "A mháistir dhílis," arsa Cacambo, "tá Cunegonde ag ní plátaí ar bruach Mhuir Mharmara i dtigh prionsa a bhfuil a mhiasa gannchúiseach. Tá sí ina daor i dtigh iarfhlaith dárb ainm Rákóczi, a dtugann an Turcach Mór pinsin trí scillinge sa ló dó ina thearmann. Ach, rud is measa fós, tá a háille caillte aici agus tá sí fachta uafásach gránna." "Á, álainn nó gránna," arsa Candide, "is fear macánta mé agus sé mo dhualgas grá síorraí thabhairt dí. Ach conas is féidir í bheith tuitithe chomh híseal san lena cúig nó a sé mhilliún a rugais leat?" "Tá go maith," arsa Cacambo, "nár chaitheas dhá mhilliún a thabhairt don uasal Don Fernando de Ibaraa y Figueora y Mascarenes y Lampurdos y Suza, gobharnóir Bhuenos Aires, le cead fháil an iníon uasal Cunegonde a bhreith liom? Agus nár ghoid foghlaí mara an méid eile orainn? Nár thug sé leis go Ceann Matapan, go Milo, go Nicaria, go Samos, go Petra, go Dardanelles, go Marmara agus go Scutari sinn? Tá Cunegonde agus an chailleach ag freastal ar an bprionsa a luas leat agus táim féin im sclábhaí ag an iarshultán." "Nach uafásach an tsraith timpistí ag leanúint a chéile iad san!" arsa Candide, "ach tá

cúpla diamant agam go fóill. Is fuiriste a fhuasclóidh mé Cunegonde. Ach is mór an truaighe go bhfuil sí fachta chomh gránna san." Ansan d'iompaigh sé ar Martin. "Cad a cheapann tú," ar seisean, "cé acu againn is mó is díol truaighe, an sultán Ahmed, an t-impire Ivan, an rí Séarlas nó mé féin?" "Cá bhfios domhsa?" arsa Martin, "chaithfinn bheith in bhur gcroí le teacht ar an eolas san." "Á," arsa Candide, "dá mbeadh Pangloss anso, bheadh fhios aige agus déarfadh sé linn é." "Ní fheadar," arsa Martin, "cad í an mhea a d'fhéadfadh a bheith ag Pangloss le míádh na ndaoine mheáchaint agus lena mbrón a mheas. Sé an t-aon rud a cheapaim ná go bhfuil na milliúnta daoine ar an saol atá céad uair níos míámharaí ná an rí Séarlas, an t-impire Ivan agus an sultán Ahmed." "B'fhéidir é," arsa Candide. I gcionn roinnt lá thángadar go canáil na Mara Duibhe. Thosnaigh Candide ag fuascailt Chacambo ar praghas ard agus gan aon am a chailliúint léim sé ar bord loinge i dteannta a chompánach le dul ar lorg Chunegonde ar bhruach Mhuir Mharmara, bíodh is go raibh sí fíorghránna. I measc daoir na rámh bhí dhá rámhaí a bhíodh ag rámhaíocht go dona agus a mbíodh an captaen Leiveantach ag cur roinnt slais leis an bhfuip ar a ghuaille lomnochta ó am go chéile. Spreag truaighe nádúrtha Candide chun féachaint orthu níos cúramaí ná ar na rámhaithe eile agus chuir an trócaire ina ngiorracht é. cheap sé go raibh cosúileacht éigin i dtréithe a n-aghaidheanna máchailte le Pangloss agus leis an mbarún Íosagánach míámharach, le deartháir na hiníne uaisle Cunegonde. Chorraigh an smaoineamh so é agus chuir brón air. D'fhéach sé orthu níos cruinne fós. "Chun na fírinne rá," ar seisean le Cacambo, "mura bhfaca féin an máistir Pangloss ar crochadh agus mura raibh sé de mhíá agam féin an barún a mharú, déarfainn gurbh iad so iad atá ag rámhaíocht ar bord na loinge seo." Ar ainmneacha an bharúin agus Phangloss leis an dá rámhaí béic mhór astu, stad ar a seis agus thuit a rámha óna lámha. Rith an captaen Leiveantach ag triall orthu agus chuaigh na slaiseanna i méid. "Stad, stad, a dhuine uasail," arsa Candide leis, "tabharfaidh mé duit pé méid airgid a theastaíonn uait." "Conas? An é seo Candide?" arsa duine de na rámhaithe. "Conas? An é seo Candide?" arsa an duine eile. "An taibhreamh é seo?" arsa Candide, "An bhfuilim im dhúiseacht? An bhfuilim ar bord na loinge seo? An é seo an barún uasal a mharaíos? An é seo an máistir Pangloss a chonac ina chrochaire?" “Sinn féin atá ann," ar siadsan. "A chaptaein Leiveantaigh uasail," arsa Candide, "an mó airgid a theastaíonn uait le barún Thunder-ten-tronckh, duine de phríomhbharúin na himpireachta, agus leis an duine uasal Pangloss, an meitifisicí is doimhne sa Ghearmáin, fhuascailt?"

"A mhadra Críostaí," arsa an captaen Leiveantach, "ós barúin agus meitifisicithe an dá mhadra rámhaithe Críostaí seo, rudaí fíoronóracha ina dtír féin gan dabht, tabharfaidh tú leithchéad míle séacain dom." "Beidh siad agat, a dhuine uasail, tabhair leat tharnais go Constantinople mar splanc tintrí mé agus gheobhaidh tú an t-airgead gan mhoill. Ní hea, tabhair leat ar dtús go dtí an iníon uasal Cunegonde mé." Ar chéad thairiscint Chandide d'iompaigh an captaen Leiveantach tosach na loinge ar an gcathair agus chuir ag rámhaíocht í níos tapúla ná éan a bheadh ag eitilt tríd an aer. Thug Candide céad póg don bharún agus do Phangloss. "Conas ná fuil tú marbh agam, a bharúin dhílis?" ar seisean, "agus, a Phangloss dhílis, conas atá tú beo fós tar éis do chrochta? Agus canathaobh go bhfuil an bheirt agaibh ag rámhaíocht faoi shlabhra sa Tuirc?" "An fíor go bhfuil mo dheirfiúr dhílis sa tír seo?" arsa an barún. "Is fíor," arsa Cacambo. "Más ea, chím arís mo Chandide dílis," arsa Pangloss. Chuir Candide in aithne do Mhartin agus do Chacambo iad. Thugadar go léir póg dá chéile agus bhíodar go léir ag caint ag an am céanna. Bhí an long ag eitilt agus bhíodar go léir sa chalafort cheana. Cuireadh fios ar Giúdach agus dhíol Candide diamant céad míle séacain leis ar leithchéad, mar "Dar Abram," ar seisean, "ní fhéadfainn a thuille thabhairt duit". D'fhuascail sé an barún agus Pangloss gan mhoill. Thuit sé seo ag cosa a shlánaitheora agus nigh lena dheora iad. Chuir sé siúd a bhuíochas in iúl dó le comhartha a chinn agus gheall dó go dtabharfadh sé an t-airgead tharnais dó chomh luath agus d'fhéadfadh sé. "Ach an féidir," ar seisean, "go mbeadh mo dheirfiúr sa Tuirc?" "Ní féidir ach é," arsa Cacambo, "mar bíonn sí ag ní plátaí i dtigh phrionsa na Transilváine." Cuireadh fios ar bheirt Ghiúdach láithreach. Dhíol Candide a thuille diamant agus d'imíodar go léir ar bord eile le Cunegonde fhuascailt.

CAIBIDIL 28 ina n-instear cad a thuit amach do Chandide, do Chunegonde, do Phangloss, do Mhartin 7rl.
"Gabh mo leithscéal arís," arsa Candide leis an mbarún, "gabh mo leithscéal, a athair oirmhinnigh, ma chuireas sá mór claímh tríot." "Ná luaimís arís é," arsa an barún, "admhaím go rabhas féin beagáinín róbheoga. Ach, ós rud é go dteastaíonn uait a fháil amach cén seans a thug ós do chómhair sa loing mé, déarfaidh mé leat, nuair a bhí mo chnea leigheasta ag bráthair poiticéara an choláiste, gur ionsaigh dream Spáinneach mé agus go rugadh orm. Cuireadh sa phríosún i mBuenos Aires mé nuair a bhí mo dheirfiúr imithe. D'iarras cead filleadh ar an Róimh i dteannta an athar ginearáil. Ceapadh mé le dul im shéiplíneach do ambasadóir na Fraince go Constantinople. Ní rabhas seachtain dulta i mbun dualgais ansan nuair a

casadh Geanasóir óg anadhathúil orm oíche amháin. Bhí an aimsir anathe. Bhí fonn snáimh ar an ógánach. Chuas féin ag snámh. Ní raibh fhios agam gur chion báis é do Chríostaí bheith ina gheilt i dteannta Musulmánaigh óig. D'ordaigh an breitheamh céad slais a thabhairt dom le slat ar bhoinn mo chos agus dhaor chun na rámh mé. Ní chreidim gur deineadh riamh éagóir ab uafásaí. Ach ba mhian liom a fháil amach canathaobh go bhfuil mo dheirfiúr i gcistin phrionsa na Transilváine atá ar a chaomhnú i measc na dTurcach." "Ach tusa," arsa Candide, "a Phangloss dhílis, conais a chím arís tú?" "Is fíor," arsa Pangloss, "go bhfacaís im chrochaire mé. Ar ndóigh, bhíothas chun mé loscadh, Ach is cuimhin leat gan dabht go raibh sé ag báisteach go trom nuair a bhí sé in am mé róstáil. Bhí an stoirm chomh fiáin sin gur theip orthu tine fhadú. Má crochadh mé, ba de cheal rogha é. Cheannaigh máinlia mo chorp, thug leis abhaile mé agus dhiosc mé. Ar dtús dhein sé bunghearradh orm ón imleacán go dtí an branra brád suas. Ba dheacair duine chrochadh ní ba mheasa ná mar a crochadh mé. Fodhéagánach ab ea ardchéastúnach na Cúistiúnachta Naofa agus, bíodh is go loisceadh sé na daoine ar fheabhas, ní raibh aon taithí aige ar an gcrochadh. Bhí an téad fliuch agus níor shleamhnaigh sí go maith, bhí snaidhm uirthi. Le scéal gairid a dhéanamh de scéal fada, bhí an puth ionnam go fóill. Leigeas scread asam leis an mbunghearradh chomh hard san gur thuit mo mháinlia as a sheasamh agus theich lena anam agus é marbh leis an eagla, lánchinnte go raibh sé ag dioscadh an diabhail. Agus má theich, thuit sé ar an staighre arís. Leis an bhfothrom rith a bhean isteach as seomra eile agus chonaic sínte ar an mbord mé agus mo bhunghearradh ionnam. Is mó d'eagla a bhí uirthi siúd ná ar a fear céile. Theich sí agus thuit ina glocs anuas air. Nuair a bhíodar tagaithe chucu féin beagáinín, chuala an bhean ag rá leis an máinlia: "A amadáin, ar cheapais eiriceach a dhioscadh? Ná fuil fhios agat go mbíonn an diabhal i gcorp na ndaoine sin i gcónaí? Raghaidh mé go tapaidh ag lorg sagairt leis an deamhan a dhíbirt as!" Tháinig na crithíní eagla orm nuair a chuala an focal so agus bhailíos pé neart a bhí fágtha agam le rá "Déanaigh trócaire orm!" Faoi dheireadh tháinig misneach sa bhearbóir Poirtingéalach, d'fhuaigh sé mo chroiceann arís, do fhreastail a bhean féin orm agus bhíos im sheasamh i gcionn coicíse. Fuair an bearbóir fostaíocht dom mar ghiolla do Ridire Mhalta a bhí ag dul go dtí an Veinéis. Ach nuair ná raibh dóthain mo thuarastail ag mo mháistir, chuas in aimsir le ceannaí na Veinéise agus leanas go Constantinople é. Lá amháin rith sé liom dul isteach i mosc. Ní raibh istigh ach imam aosta agus bean chráifeach óg an-álainn a bhí ag paidreoireacht. Bhí a brollach nochtaithe ar fad. Idir a dhá cín bhí pobhsae deas tiúilipí, rósanna, anamóiní, fearbáin, bughaí agus lus na mbanríon. Leig sí tuitim dá pobhsae. Phiocas suas é agus thugas tharnais dí í le meas agus le hurraim. Bhíos chomh fada san á thabhairt tharnais gur tháinig fearg ar an imam agus, ó chonaic sé gur Chríostaí mé, ghlaoigh sé ar chúnamh. Tugadh ós cómhair an bhreithimh mé. D'ordaigh sé sin céad slais a thabhairt dom le slat ar bhoinn mo chos agus chuir chun na rámh mé. Slabhraíodh ar aon loing agus ar aon tochta leis an mbarún uasal mé.

Ar bord bhí ceathrar buachaillí as Mharseille, cúigear sagart as Napoli agus beirt mhanach as Chorfú. Dúradar linn go mbíonn a leithéid d'eachtraí ar siúl gach aon lá. D'áitigh an barún gur mhó d'éagóir a fuair sé féin ná mise. Dheineas féin amach go raibh sé i bhfad níos dlisteanaí pobhsae chur tharnais ar brollach mná ná bheith dearglomnocht i dteannta Geanasóra óig. Bhímís ag argóint gan stad agus d'fhaghaimís fiche slais leis an bhfuip gach lá, nuair a thug imeachtaí leanúnacha an tsaoil seo ar bord ár loinge tú le sin fhuascailt." "Sea, a Phangloss dhílis," arsa Candide, "nuair a bhís ad chrochadh, ad dhioscadh, ag fáil slaiseanna agus ag rámhaíocht faoi shlabhra, ar mheasais i gcónaí go raibh gach aonrud ar fheabhas ar an saol?" "Leanaim mo chéad tuairim go fóill," arsa Pangloss, "sa deireadh thiar is fealsamh mé agus ní oirean dom mo thuairim a bhréagnú, mar ní fhéadfadh Leibnitz bheith mícheart, ós rud é gurb é an rud is áille ar an saol ná an chomhréir réamhbheartaithe chomh maith leis an líon agus an t-ábhar mín."

CAIBIDIL 29 ina n-instear conas a d'aimsigh Candide Cunegonde agus an chailleach arís.
Nuair a bhí Candide, an barún, Pangloss, Martin agus Cacambo ag insint a gcuid eachtraí, ag cur síos ar imeachtaí teagmhasacha agus neamhtheagmhasacha na cruinne seo, ag díospóireacht ar na héifeachtaí agus ar na cúiseanna, ar an olc mórálta agus ar an olc fisiciúil, ar an saoirse agus ar an riachtanas, ar na sóláis a gheobhadh duine agus é ag rámhaíocht faoi shlabhra sa Tuirc, thángadar go tigh phrionsa na Transilváine ar bhruach Mhuir Mharmara. Sé an chéad rud a chonaiceadar ná Cunegonde agus an chailleach ag cur naipcíní amach ar tuar. Chuir an radharc so dath bán ar an mbarún. Nuair a chonaic Candide, an leannán maoth, go raibh a Chunegonde álainn fachta buí, a súile dearg, a brollach tirim, a gruanna rocaithe, a géaga gearbach, chúlaigh sé trí choiscéim leis an scanradh agus níor tháinig ar aghaidh arís ach tré mhacántacht. Thug sí póg do Chandide agus dá dheartháir. Tugadh póg don chailleach. D'fhuascail Candide an bheirt acu. Bhí feirm bheag sa chomharsanacht. Dúirt an chailleach le Candide dul isteach inti nó go dtiocfadh feabhas ar chinniúint an chomhluadair. Níor raibh fhios ag Cunegonde go raibh sí fachta gránna toisc ná dúirt éinne léi é. Mheabhraigh sí a ghealltanaisí do Chandide chomh huaibhreach san ná raibh sé de mhisneach ag an mbuachaill maith í dhiúltadh. Agus chuir sé in iúl don bharún go raibh sé chun a dheirféar a phósadh. "Ní cheadóinn go deo," arsa an barún, "a leithéid d'ísleacht díse ná a leithéid de shotal duitse. Ní chuirfear an easonóir seo im leith go deo. Ní fhéadfadh clann mo dheirféar dul isteach i gcaibidilí uaisle na Gearmáine. Ní hea. Ní phósfaidh mo dheirfiúr go deo ach barún na himpireachta." Thuit Cunegonde ar a dhá glúin agus nigh a chosa lena deora. Ach níor ghéill sé. "A amadáin," arsa Candide leis, "d'fhuasclaíos ón rámhaíocht lem airgead féin tú agus d'fhuasclaíos do dheirfiúr. Bhí sí ag ní plátaí anso. Tá sí gránna. Agus tá sé de mhaitheas

agam bean chéile dhéanamh di. Agus ba mhaith leatsa cur inár gcoinnibh! Dá ngéillfinn don fhearg, mharóinn arís tú." "Maraigh arís mé más mian leat," arsa an barún, "ach ní phósfaidh tú mo dheirfiúr an fhaid is a bheadsa beo."

CAIBIDIL 30 ina gcuirtear clabhsúr ar an scéal.
Ina chroí istigh ní raibh aon fhonn ar Candide Cunegonde a phósadh. Ach spreag sotal thar teorainn an bharúin é leis an bpósadh chur i gcrích. Agus bhí Cunegonde ag cur an oiread san brú air ná féadfadh sé éaló as. chuaigh sé i gcomhairle le Pangloss, le Martin agus le Cacambo dílis. Dhein Pangloss meamram deas, bheartaigh Martin ar an mbarún a chaitheamh sa bhfarraige, réitigh Cacambo go gcaithfí é thabhairt tharnais don chaptaen Leiveantach agus é chur ag rámhaíocht arís go dtí go bhféadfaí é chur go dtí an Róimh chun an athair ginearáil ar bord an chéad árthaigh a raghadh siar. Chonacthas go raibh an chomhairle go maith, mhol an chailleach í, ní dúradh faic lena dheirfiúr ach deineadh an gníomh ar roinnt airgid agus bhí an pléisiúr acu Íosagánach a ghabháil agus uabhar bharúin Ghearmáinigh a chur faoi smacht. Tar éis an méid sin timpistí bheadh sé nádúrtha ceapadh, ó bhí sé pósta lena leannán agus ag maireachtaint i dteannta an fhealsaimh Pangloss, an fhealsaimh Martin, Cacambo chiallmhair agus na caillí agus ó bhí an oiread san diamant tugtha aige leis ó sheanadhúthaigh na nIoncaí, go mbeadh Candide ar muin na muice. Ach dhein na Giúdaigh caimiléireacht air go dtí ná raibh faic fágtha aige ach a fheirmín beag. Chuaigh a bhean i ngráinneacht in aghaidh an lae agus fuair míréireach agus dofhulaingthe. Bhí an chailleach breoite agus níos drochghiúmartha fós ná Cunegonde. Bhí Cacambo ag saothrú an ghoirt agus ag dul go Constantinople leis na glasraí dhíol ach bhí an iomarca le déanamh aige agus mhallaigh sé a chinniúint. Thuit Pangloss in éadóchas toisc ná raibh sé ag taitneamh in ólscoil éigin na Gearmáine. Mar le Martin, bhí sé lánchinnte ná bítear níos suaimhneasaí in áit seachas a chéile agus thóg sé gach aonrud le foighneamh. Bhíodh Candide, Martin agus Pangloss ag argóint uaireanta i dtaobh na metitifisice agus na móráltachta. Faoi fhuinneoga na feirme is minic a chítí na báid ag dul thart agus iad lán d'efendithe, de phaiseánna agus de breithimh a bhí á ndíbirt go Lemnos, go Mitylene, go hErzerum; chítí agus breithimh eile, paiseánna eile agus efendithe eile ag teacht le háit na ndaoine a díbríodh a thógaint. Díbrítí agus iad so fá seach. Chítí cinn a bhí líonta go deas le tuí agus iad ar a mbóthar le teaspáint don Doras Ard. Mhéadaíodh na radharcanna so na díospóireachtaí agus, nuair ná raibh aon argóint ar siúl, bhíodh an leamhas chomh tiugh san orthu go ndúirt an chailleach lá amháin: "Ba mhaith liom a fháil amach cé acu is measa; leathmhás a chailliúint, dul trís na slata ag na Bulgáirigh, sciúirseáil agus crochadh le linn autodafe, dioscadh, rámhaíocht faoi shlabhra, na timpistí go léir trínar chuamar fhulang ... nó fanacht anso gan faic a dhéanamh?"

"Ancheist," arsa Candide. Spreag an chaint seo smaointí nua agus bheartaigh Martin, ach go háirithe, gur tháinig an duine ar an saol le maireachtaint i dtrithí an imní nó i leamhas na tuirse. Níor aontaigh Candide leis ach níor dheimhnigh faic. D'admhaigh Pangloss go raibh sé ag fulang go huafásach le fadó riamh ach, ós rud é gur dhearbhaigh sé uair amháin go raibh gach rud ar fheabhas, go raibh sé á dhearbhú go fóill gan focal a chreidiúint de. Sa chomharsanacht bhí deirbhíseach anacháiliúil a raibh ainm air gurbh é an fealsamh ab fhearr sa Tuirc é. Chuadar i gcomhairle leis. Labhair Pangloss thar a gceann: "A mháistir," ar seisean, "thángamar ag iarraidh ort a rá linn canathaobh ar cumadh ainmhí atá chomh hait leis an duine." "Nach cuma duit?" arsa an deirbhíseach, "An é sin do ghnósa?" "Ach, a athair oirmhinnigh," arsa Candide, "tá an t-uafás oilc ar an domhan." "Nach cuma," arsa an deirbhíseach, "olc nó maith a bheith ann? Nuair a chuireann a Mhórgacht árthach éigin go hÉigipt, an smaoiníonn sí an bhfuil na francaigh ar a suaimhneas ar bord?" "Más ea," arsa Pangloss, "cad ba chóir dúin a dhéanamh?" "Éisteacht," arsa an deirbhíseach. "Bhíos ag súil," arsa Pangloss, "go leigfí dom beagáinín díospóireachta dhéanamh leat faoi na héifeachtaí agus faoi na cúiseanna, faoi scoth na ndomhan inbheithe, faoi bhunús an oilc, faoi nádúr na hanma agus faoin gcomhréir réamhbheartaithe ..." Ar na focail sin dhún an deirbhíseach an doras orthu. Lena linn sin tháinig an scéal go rabhthas tar éis dhá visír an Divan agus an mufti thachtadh i gConstantinople agus go raibh cuid mhaith dá ndaoine muinteartha sáite anuas ar cuaillí. Dhein an timpiste sin fothrom mór ins gach aón áit ar feadh cúpla uair an chloig. Nuair a bhí Pangloss, Candide agus Martin ag filleadh ar an bhfeirmín, casadh seanduine breá orthu agus é ag tógaint an aeir ag a dhoras faoi scáth chrann oráiste. Ó bhí Pangloss chomh fiosrach is a bhí sé argónach, d'fhiafraigh sé de cad ab ainm don mhufti a bhí tachtaithe. "Ní fheadar," arsa an seanduine, "ná ní raibh fhios agam riamh cad ab ainm d'aon mhufti ná d'aon visír. Níl aon chur amach agam ar an scéal a luann tú. Na daoine a théann ceangailte sna gnóthaí poiblí, faghann siad bás go suarach uaireanta agus gan dabht ní bhíonn a leithéid goidithe acu. Ach ní chuirim féin aon cheist faoi chúrsaí Chonstantinople. Is leor liom torthaí an ghoirt a shaothraím a chur le díol ann." Ina dhiaidh san d'iarr sé ar na stróinséirí teacht isteach. Thairg a bheirt iníon agus a bheirt mhac saghasanna éagsúla seirbití dá ndéantús féin dóibh chomh maith le huachtar suaite le rúsc ciotrúin, subh líomóidí, líomóidí glasa, anainn, dátaí, cnóanna pistéise, caife moca gan aon mheascán de dhrochcaife Bhatavia agus na nOileán tríd. Ansan chuir cailíní an Mhusulmánaigh mhaith sin cumhrán ar fhéasóga Chandide, Phangloss agus Mhartin. "Gan dabht," arsa Candide leis an Turcach, "tá talamh ábhalmhór agat agus é iontach torthúil?" "Níl agam ach fiche acra," arsa an Turcach, "saothraím i dteannta mo chlainne iad.

coimeádann an obair seo i bhfad uainn trí móroilc: an tuirse, an duáilche agus an gátar." Nuair d'fhill Candide ar an bhfeirm, dhein sé machnamh domhain ar chaint an Turcaigh. Dúirt sé le Pangloss agus le Martin: "Chítear dom go bhfuil cinniúint i bhfad níos fearr bainte amach ag an seanduine maith sin dó féin ná ag an seisear ríthe a raibh sé d'onóir againn suipéar a chaitheamh ina dteannta." "De réir thuarascbháil na bhfealsamh go léir," arsa Pangloss, "baineann contúirt mhór leis an mórgacht agus leis an ardréim - mar, i ndeireadh na dála, nár mharaigh Aod Eglon rí Moab, nár crochadh Absalom lena ghruaig agus trí shlea tríd, nár mharaigh Bása Nadab rí mac Ieroboam agus Zambri Ela rí agus Iehu Ochosias agus Ioiada Athalia, nár deineadh daoir de na ríthe Ioachim, Iechonias agus Sedecias? Tá fhios agaibh na básanna a fuair Croesus, Astyages, Darius, Dionysius as Syracusa, Pyrrhus, Perseus, Hannibal, Iugurtha, Ariovistos, Séasar, Poimp, Nero, Otho, Vitellius, Domitian, Risteard II Shasana, Éaduard II, Anraoi VI, Risteard III, Máire Stíobhart, Séarlas I, tri Anraoi na Fraince agus an t-impire Anraoi IV. Tá fhios agaibh ..." "Tá fhios agam," arsa Candide, "go gcaithfimíd ár ngort a shaothrú." "Tá an ceart agat," arsa Pangloss, "mar, nuair a cuireadh an duine i bparrthas Éidin, cuireadh ansan ut operaretur eum, lena shaothrú, rud a chruthaíonn ná rugadh an duine don díomhaointeas." "Bímís ag obair gan díospóireacht," arsa Martin, "sin é an t-aon tslí le cur suas leis an saol." Thug an dream go léir faoin obair ionmholta so. Thosnaigh gach éinne ag úsáid a bhuanna féin. Baineadh a lán tairbhe as an talamh beag. Is fíor go raibh Cunegonde fíorghránna ach deineadh cócaire iontach maith pastaetha di. Dhein Paquette bróidínéireacht. Bhí cúram an níocháin ar an gcailleach. An bráthair Giroflé, fiú amháin, bhí sé úsáideach - deineadh siúinéir fíormhaith de agus duine macánta fiú amháin. Agus uaireanta deireadh Pangloss le Candide: "Tá na himeachtaí go léir slabhraithe le chéile ar an domhan is fearr de na domhain inbheithe, mar - i ndeireadh na dála - murar díbríodh ó chaisleán álainn tú le neart cic sa tóin ar son grá na hiníne uaisle Cunegonde, murar chuir an Chúistiúnacht faoi choimeád tú, murar rithis ar chois tré Mheiriceá, murar thugais slais mhaith chlaímh don bharún, murar chaillis na caoire go léir a fuairis i dtír mhaith Eldorado, níor ithis anso ciotrúin, subhanna agus cnóanna pistéise ..." "Nach maith a dúraís é sin," arsa Candide, "ach caithfimíd ár ngort a shaothrú."