Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Padraic O Conaire Rogha Scealta
Padraic O Conaire Rogha Scealta
Padraic O Conaire Rogha Scealta
Ebook220 pages3 hours

Padraic O Conaire Rogha Scealta

Rating: 5 out of 5 stars

5/5

()

Read preview

About this ebook

(An Irish-language title) A collection of short stories from Padraic O Conaire which includes some stories not in print for many years. Diarmuid de Faoite chose the stories for this collection.

LanguageGaeilge
Release dateSep 1, 2008
ISBN9781905560929
Padraic O Conaire Rogha Scealta
Author

Padraic O Conaire

O Conaire was born in Galway in 1882. His father was forced to emigrate to the United States of America, where he died shortly afterwards. O Conaire's mother died in 1893, with the result that the orphaned O Conaire (and his brothers Isaac and Michael) were sent to live with their uncle in Ros Muc. He attended school in Turlach Beag. He emigrated to London in 1899 where he got a job with the Board of Education. He became involved in the work of the Gaelic League. A pioneer in the Irish Literary Revival in this century, O'Conaire and Patrick Pearse are regarded as being the two most important Irish language short story writers during the first decades of the 20th century. He was married to Molly Ni Mhanais, with whom he had four children. O Conaire returned to Ireland in 1914, leaving his family in London. Living mostly in Galway, he earned a meagre living through writing, teaching at Gaeltacht summer schools, and as an occasional organiser for the Gaelic League. He died on a visit to Dublin in 1928 after complaining of internal pains while at the head office of the Gaelic League. He was 46. A statue to his memory was erected in 1935 in the John F. Kennedy Memorial Park in the heart of Galway City, at Eyre Square Eyre Square.

Related to Padraic O Conaire Rogha Scealta

Related ebooks

Related categories

Reviews for Padraic O Conaire Rogha Scealta

Rating: 5 out of 5 stars
5/5

1 rating0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Padraic O Conaire Rogha Scealta - Padraic O Conaire

    Réamhrá

    Meas tú cén áit is fearr tosú? Cé acu scéal? Cén chuid den duine? Bhí an fear tacsaí dár dtabhairt siar go dtí an Spidéal nuair a dhúisigh sé ó mo chuid machnaimh mé, ag rá go raibh bóthar Bhearna blocáilte ag oibreacha bóthair. Tógaimis bóthar an phortaigh, má tá, a deirimse, tógfaidh sé an fhad céanna orainn, is tá an lá go deas. Suas linn ar an gcnoc, agus faoin am a raibh an teach deireanach curtha dínn againn, bhí áilleacht an radhairc thuas agus siamsaíocht an bhóthair chaim ag líonadh an chairr le gáire agus seanchas. "Jays, a mhac, ní raibh mé thuas anseo le fada", canúint láidir na cathrach ar a bhéal aige.

    Labhair muid faoin gcraic a bhíodh acu fadó agus ar charachtair a bhí ar ár n-aithne, cuid acu a bhí tinn anois. "Sea, tá an ailse sin ina bitch cheart, a d’aontaigh sé, cailleadh deirfiúr liom i mBoston dá bharr, tá cúpla mí ó shin. Rinneamar comhbhrón cineáilín bacach leis ach ní éistfeadh sé linn. An chéad rud eile, d’fhógair sé os ard, An bhfuil a fhios agaibh céard é féin ach ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm Pádraic Ó Conaire a fheiceáil ag teacht timpeall an choirnéil sin ina chairrín asail!" Rinneamar gáire mór faoin bpictiúr iontach a bhí cruthaithe aige dúinn os ár gcomhair. Ní den chéad uair é, bhí taibhse Phádraic tar éis é féin a nochtadh is gan súil ar bith againn leis. Bhí dhá rud ar an saol seo a shantaigh Pádraic riamh: dea-chomhluadar agus siúl aonair ar bhóthar sléibhe. Bhí an chosúlacht air, ag an nóiméad sin, gur theastaigh an dá rud in éineacht uaidh. B’ábhar maith scéil i gcónaí an scéalaí úd, agus níor lig a thaibhse síos muid: ruaig sé an doilíos croí go beo agus ghiorraigh sé an bóthar dúinn le mioneachtraí a shaoil. Tar éis tamaill chiúnaíomar roinnt arís nó gur thosaigh áilleacht an radhairc ag líonadh an chairr an athuair.

    Ach, a leaids, nach mór an peaca é gur bhog siad é. An fear tacsaí arís ach go raibh athrú suntasach le cloisteáil ina ghlór, é roinnt dorcha, shílfeá. An dealbh de Phádraic Ó Conaire ar an bhFaiche Mhór, curtha i bhfolach ag an mBardas, a bhí i gceist aige, an dealbh céanna ag ar tógadh na mílte pictiúr is cuimhneachán. Bhí tost ann. Mór an feall é, a dúirt duine againn. M’anam gurb ea, a d’fhreagair sé féin, a chuid malaí dorcha ag dúnadh isteach ar a chéile. Níl oiread agus duine amháin a tháinig abhaile ar cuairt as clann s’againne nár tógadh a bpictiúr ag an dealbh sin, oiread is duine. Is ná labhair liom ar thurasóirí! Stop sé soicind, tháinig cineál tocht air. Sin deireadh le sean-Ghaillimh anois, a d’fhógair sé, ach gur ordú a bhí ann. Thriomaigh an chaint sa tost míchompordach agus d’imigh an áilleacht uainn. D’éirigh an bóthar portaigh fada agus achrannach. Ar deireadh thiar, chasamar amach ar an bpríomhbhóthar arís, isteach i mbéal an tráchta. Faoiseamh éigin.

    Nuair a shroicheamar an Spidéal, ní ghlacfadh sé ach le cuid den táille a bhí ag dul dó. Chuir sé a lámh isteach ina phóca tóna agus thóg sé amach a sparán. D’oscail sé an sparán agus thóg sé pictiúr as: pictiúr dá dheirfiúr chaillte agus í ina bean óg, ina suí thuas ar ghlúin Shean-Phádraic. Tógadh an pictiúr an lá sula ndeachaigh sí ar imirce go Boston.

    Tosóidh mé leis an dealbh, más ea.

    Ní haon timpiste é go bhfuil dealbh Phádraic ag breathnú síos; bhí a fhios ag Albert Power, an dealbhóir, céard a bhí ar bun aige. Leanann muid súile agus cruth Phádraic síos. Tá ceann faoi aige mar go bhfuil brón air, ach é machnamhach freisin. Leanann muid na línte síos go dtí an peann luaidhe ina ghlaic, síos thar a ghlúine, síos go dtí na bróga troma siúil. Agus céard é seo ag a chosa? Éiníní, agus coinín beag faiteach.

    Tá dealbh Phádraic cliste. Ar an gcéad amharc níl ann ach leipreachán, agus ba mhaith le Pádraic, cheapfainn, go bhféadfaí an dallamullóg sin a chur ort. Ar an dara hamharc, chíonn muid an brón mór tuisceanach sa bhfear, rud a choinnigh sé faoi cheilt ach a tháinig go barr uisce i gcónaí sna scéalta is fearr uaidh; chítear an uaisleacht sin ina bhaithis. Ar an tríú hamharc, feiceann muid an cholainn atá buailte ag drochshaol ach é láidir freisin. Ar an gceathrú hamharc, chítear an bochtanas agus na héadaí gioblacha. Ar an gcúigiú hamharc, chíonn muid an fear siúil. Ar an séú hamharc feiceann muid ainmhithe na coille agus éanlaith na spéire. Ar an seachtú hamharc, an t-amharc deireanach, chíonn muid briseadh fir. Más ea, agus má tá mé féin in ann an scríbhneoir céanna a léamh, sílim go mba mhaith le Pádraic sa chnuasach gearrscéalta seo Dia an dúlra a chur in aithne duit i dtosach. Ansin ba mhaith leis é féin a chur in aithne duit. Ina dhiaidh sin ba mhaith leis a chúis a chur in aithne duit.I lár an leabhair ba mhaith leis muintir na hÉireann a chur in aithne duit, a ndroch-nósanna is a gcuid fuatha. Ina dhiaidh sin arís brisfidh sé do chroí faoi dhó. Ag tosú slán a rá leat nochtfaidh sé feic saolta duit: é féin. Is mura raibh sé sách géar ort go dtí seo beidh sé sách géar air féin. Tá Pádraic dorcha – an é nach raibh a fhios agat nó an é an chaoi gur chuir an chosúlacht leipreacháin sin an dallamullóg ort? Ach ar fhaitíos tú a bheith fágtha faoi thromluí, sílim go mba mhaith leis tú a chur in aithne arís do mhíorúiltí na coille ag an deireadh. Nuair atá an saol chomh crua sin, cén rogha eile atá againn?

    Fiafraíodh díom cúpla uair cad chuige ar bhain mé úsáid as focla Phádraic, den chuid is mó, sna drámaí stáitse, raidió agus teilifíse a scríobh mé faoin bhfear agus a shaol. Agus mé ag scríobh an réamhrá seo tagann an freagra chugam go héasca: mar nach bhféadfainn féin iad a scríobh. Is dá mbeinn anseo go dtí Lá an Luain, ní fhéadfainn. Mar is asal mise atá faoi chuing an duine; asal fiáin sléibhe eisean, agus is uaisle – fiú más boichte – an t-asal fiáin sléibhe. Ní mise a scríobh é sin ach an oiread, dála an scéil. Ó Ná Lig Sinn i gCathú an líne sin, ón gcnuasach is fearr uaidh, An Chéad Chloch. Sa scéal seo tréigeann saor cloiche an chathair chun tabhairt faoi mhórshaothar dealbhóireachta a bhí ceaptha aige a chur i ngníomh. Tagann cathú air, filleann sé ar an gcathair, agus ní éiríonn leis riamh an saothar a chur i gcrích. Ceapaim go dtugadh Ó Conaire, an fánaí, aghaidh ar an uaigneas go minic chun cathú na cathrach a sheachaint. Ach ní críoch shona a bhí lena scéal siúd ach an oiread. Cé gur minic dó inspioráid agus tógáil croí a thógáil ón dúlra, seachas an saothar mór sin a chríochnú, scríobh sé scéalta beaga simplí, tuairiscí coille. Cén fáth? Leis an dé a choinneáil ann, is dócha. Is ionann na dealbha beaga a dhéanann an saor cloiche i Ná Lig Sinn i gCathú agus na scórtha scéalta beaga a scríobh Pádraic. Scéalta beaga deasa, inste agus athinste arís.

    Creidim go mba fáidh é Pádraic: chonaic sé an treo a ghabhfadh sé sular thóg sé an bóthar sin air féin. Ach ainneoin fadradharc na todhchaí a bheith aige, níor éirigh leis é féin a stopadh ó dhul síos bóthar a aimhleasa. An chinniúint? Cuimhním ar Chríost agus fios aige cad a bhí roimhe i nGairdín Geitséamainí. Tuige nár éalaigh sé? Tuige nár chas sé? Tuige ar thug sé aghaidh ar an ifreann sin a chonaic sé go soiléir roimhe amach? Lena scéal a chomhlíonadh? Le críoch a chur leis? Ní hamháin gur ráiteas fealsúnachta é Ná Lig Sinn i gCathú ach tairngreacht freisin atá ann. Is aisling agus tromluí in eindí é agus creidim go nochtann Pádraic é féin sa scéal sin níos mó ná in aon cheann eile. Admhaíonn sé a chuid laigeachtaí agus a chuid buanna ann. Is é Pádraic a chuir bac air féin chun nach n-éireodh leis an cuspóir is airde a bhaint amach: a mhórshaothar a chríochnú.

    Níor fhág Pádraic aon Cré na Cille Ulysses ina dhiaidh. D’fhág sé na céadta smidirín de scéalta agus d’aistí. Folaithe ina measc tá uaisleacht, tuiscint, aoibhneas, comhbhá, mionstaidéar, nuálacht agus ceardaíocht pinn. Tá seoda anseo is ansiúd le fáil ann a chuirfeadh súile gearrchaile ag lonradh is a chuirfeadh éad ar scríbhneoir ar bith ar fiú trácht air. Sa smionagar timpeall ar chosa an tsaoir chloiche tá clocha beaga glioscarnacha ann. Chuaigh Pádraic ag mianadóireacht go domhain agus tá na seoda a d’aimsigh sé i ndoimhneas a anama fós ag soilsiú dúinne.

    Má bhí rud amháin a chuir as dom agus mé ag treabhadh trí shaothar Phádraic Uí Chonaire, ba é an easpa seasmhachta é, gan fios a bheith agam ó scéal go scéal an seoid nó seafóid a bheadh romham. Shamhlaigh mé Pádraic, amanta, ina imreoir cantalach peile, mé féin ina bhainisteoir aige, gan tuairim agam ó lá go lá cén sórt cluiche a d’imreodh sé: lá maith lá dona ach go raibh dóthain den genius ann lena áit ar an bpainéal a chinntiú i gcónaí. Chuirfeadh sé frustrachas aisteach ar bhainisteoir ar bith!

    I mo thuairimse, tá dornán scéalta ag Pádraic atá go sármhaith ar fad; astu sin tá ceann nó péire atá chomh gar don fhoirfeacht agus is féidir le scéal daonna a bheith. Ba é Pádraic Mac Piarais, is cosúil, a rinne eagarthóireacht ar na scéalta is fearr uaidh. Cailleadh a eagarthóir i 1916, agus ina dhiaidh sin ní rómhinic a tugadh a dhúshlán agus thit caighdeán na hoibre dá réir.

    Ach má bhíonn ort scéal a chur amach chuile sheachtain, iompóidh tú i do cholúnaí agus beidh an rian sin le feiceáil ar do chuid oibre. D’iompaigh Ó Conaire ina cholúnaí mar nach bhféadfadh sé airgead a shaothrú as an scríbhneoireacht ar aon bhealach eile. An raibh an dara rogha aige? Bhí sé beo ar a pheann i dtír a bhí beo bocht, ag scríobh teanga nach raibh a léamh ach ag an mbeagán. Chaithfeadh sé a bheatha a thabhairt i dtír. In ainneoin sin, anois is arís d’éirigh leis píosaí cumasacha ar fad a chumadh.

    Ach thairis sin ar fad rinne Pádraic Ó Conaire píosa ealaíne beo as féin. Thug sé a chúl don ardnósachas, don rónaofacht, don tsochaí iomlán, agus rinne sé a rud féin, go neamhbhalbh ar gach éinne. Bhí misneach damanta aige. I dtír a bhí lán le carachtair spéisiúla, aisteacha sheas an carachtar seo amach idir chulaith, iompar, bhéasa, dhearcadh, thallann agus chuma liom.

    Ba dhoiligh Pádraic a chur in aon bhosca ar leith. Má bhí treabh ar bith ann a d’fhéadfaí a lua leis ba iad an lucht siúil iad. Ach, ar ndóigh, má luíonn tú le tincéirí, le clocha, le haer úr na hoíche amuigh agus leis an mbraon crua, ná bí ag ceapadh go mbeidh áit ag an mbord duit níos mó. Ní fháilteofar romhat a thuilleadh. Mura bhfuil tú sásta iarracht éigin a dhéanamh géilleadh do choinbhinsiúin na linne, ní scaoilfear isteach in aon chlub tú. Tá rialacha ann, bíodh a fhios agat, cuma cé chomh hainrialta is atá an club sin in ainm is a bheith. N’fheadar fiú ar cuireadh fíorfháilte roimhe i gclub a chomhscríbhneoirí, agus is cinnte gur sheachain go leor acu é – an feairín aisteach, leathólta go minic, maide láidir ina ghlaic aige, a shiúladh isteach go lár na príomhchathrach ó shléibhte Chill Mhantáin anuas, agus asal fiáin ina bhé nó ina muse aige!

    N’fheadar, i ndeireadh thiar, an raibh Pádraic ag iarraidh a bheith ina bhall d’aon chlub; b’fhearr leis a bheith ina mhairtíreach: fulaingt agus bás a fháil ar son na cúise, ach oiread le Mac Piarais é féin. Más é sin a bhí uaidh, sin é a fuair sé: cailleadh roimh a am é, fuair sé a dhealbh agus fuair sé an cárta ballraíochta don chlub sin sa deireadh: i gCumann na bhFilí Marbha.

    Drochmhargadh a bhí ann cinnte agus is muide atá thíos leis, an gadaí bradach.

    Dhún mé na súile. D’fhan mé gan cor a chur díom ag éisteacht leis an gceol aoibhinn sin agus ag iarraidh a dhéanamh amach cén fáth gur bhronn Dia a leithéid de bhinneas ar chlanna na n-eite agus na ngob agus d’fhág sé an chlann daonna mar atáid.

    Béal an Uaignis

    Cá bhfágann sé sin muid? Cén bóthar a thógfas muid? An bóthar sléibhe nó an príomhbhóthar? Níl a fhios agam. B’fhéidir gur fearr ceist a chur ar an tiománaí. Ach dá mbeadh Pádraic ag tiomáint agus an cairrín asail faoina thóin aige, seans maith go gcuirfeadh sé muide, na léitheoirí, idir na seaftaí, mar, tar éis an tsaoil, is uaisle fiú más boichte an t-asal fiáin sléibhe thairis a dheartháir atá faoi chuing an duine.

    Is éard atá anseo mar sin ná rogha scéalta ó pheann Phádraic Uí Chonaire. Ar nós rogha duine ar bith is rogha phearsanta é agus bí cinnte de go bhfuil sárscéalta eile scríofa ag an gConaireach nach bhfuil le fáil anseo. Ach fainic bheag ort: creid é nó ná creid, sa lá atá inniu ann níl ach sé cinn déag de ghearrscéalta Uí Chonaire i gcló sa teanga inar scríobhadh iad.

    Is éard atá anseo mar sin, i ndáiríre, ná iarracht éigin chun an scéal thuas a chur ina cheart agus Pádraic Ó Conaire a chur i lár an aonaigh arís, seachas i lár músaeim, trí bhlaiseadh níos iomláine de ghearrscéalta Uí Chonaire a chur ar fáil don seandream, don mheándream agus don dream óg.

    Más duine thú nár chas le Pádraic cheana, geallaim duit go bhfuil cara nua déanta agat; don té atá ag filleadh air, tá fáilte romhat abhaile. Aon cheist eile? Fiafraigh den tiománaí:

    Tar liomsa go dtógfar do chroí brúite, go mborrófar do mheanma, go leigheasfar do ghalar dubhach, go bhfáilteoimid beirt roimh an earrach agus roimh athbheochan an tsaoil.

    Cuireadh

    Diarmuid de Faoite

    Iúil, 2008

    Cuireadh

    Siúil uait liomsa, a chara na gcarad, amach faoi na beanna arda maorga, faoi choillte duaiseacha giúise, thar shruthláin cheolmhara, le bruach linnte fuara sléibhe mar a gcónaíonn na mílte éanlaith; siúil uait liomsa mar tá an t-earrach ar fáil, tá an fhuil nua ag éirí i mo chuisleacha agus do chuisleachasa, tá na huain ag rince agus ag méiligh ar na bánta, an sú ag éirí i ngach luibh dá bhfásann, boige agus beatha i ngach gaoth dá séideann, goradh geanúil ón ngréin, na spéartha lách cineálta i ndiaidh drochshíonta agus doicheall an gheimhridh. Cuir ort agus gluais liomsa …

    Tréig an chathair agus nósa na cathrach; scaoil díot anuas an brón agus an imní agus an doilíos croí; caith díot seanghiobail ghruama do shaoil agus do gheimhridh fhada anróitigh, agus tar liomsa go bhfeicfidh tú an t-earrach aoibhinn ag teacht, go gcuirfidh tú aithne ar éanlaith na coille, ar mhionbheithígh na ngort, ar fheithidí bídeacha na dtom, ar an mbreac ina pholl srutha, ar an gcoinín beag faiteach, ar an ngiorria mear, ar an mbroc dásach, ar an sionnach, ar an ngráinneog dhealgnach, ar an iora rua sa gcrann, ar an dobharchú i gcumar abhann; tar liomsa do dtógfar do chroí brúite, go mborraítear do mheanma, go leigheasfar do ghalar dubhach, go bhfáilteoimid beirt roimh an earrach agus roimh athbheochan an tsaoil …

    Is é an chaoi a rachaimid an chuid is mó den bhealach de shiúl cos; ach beidh an t-asal beag dubh linn, agus an carr glasuaine gleoite a cheannaigh mé dó ina dhiaidh, agus ár n-earraí uile go léir istigh ann ionas nach mbeidh ualach ar bith orainn má chaitheann tusa díot an brón agus an doilíos croí …

    Agus ní ualach mór a bheas ar an asal bocht ach oiread: ní bheidh air ach rudaí a bheas ag teastáil uainn i gcomhair ár dturais – puball a rinneas féin de sheanseol báid, le drúcht agus fliche na hoíche a choinneáil amach uainn, bosca agus ábhar bia ann agus gléas lena ullmhú, dhá phíosa den seanseol dá ndearnas mo phuball a dhéanfas dhá leaba thirime dúinn; sea sin a bheas againn ar an gcarr, ach an cúpla súsa a thabharfas tú féin leat.

    Nach againn a bheas an saol! An bóthar breá fada bán sínte amach romhainn dár mealladh agus dár ngríosadh chun siúil, cumhracht an earraigh ag éirí aníos as an ithir, teas bog ón ngréin, leoithne aneas luchtaithe le baltaí aoibhne na créafóige agus na n-úrghas, agus mise agus tusa ag gluaiseacht linn ar ár gcomhairle agus ar ár suaimhneas.

    Tiocfaidh blátha den uile chineál amach ag baint barr áilne dá chéile. Gabhfaidh tusa ag strapadóireacht sna creagáin chloch ar thóir na gcineál nach bhfaca tú go minic cheana, ach fanfaidh mise liom féin leataobh an bhóthair i mo

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1