Professional Documents
Culture Documents
Eleathanach 55
Eleathanach 55
Seo eagrán speisialta den ELeathanach. Go raibh míle maith agaibh go léir as na hailt a sheol sibh chugainn. Bhí sé
an-deacair na buaiteoirí a roghnú ach tá ocht n-alt shuimiúla thíos. Comhghairdeachas leis na buaiteoirí uile.
Bainígí taitneamh as an Eleathanach speisialta seo!
Furry Vengeance
Tá scannán nua darbh ainm ‘Furry Vengeance’ sa phictiúrlann faoi láthair. Tá sé faoi dhuine darbh ainm
Dave. Is fear gnó é Dave agus bogann sé chuig coill chun áit agus comhlacht nua a chruthú.
Tá a oibrithe ag gearradh na gcrann síos toisc go bhfuil siad ag iarraidh tithe móra a thógáil in ionad na
coille. Tosaíonn na hainmhithe áitiúla ag troid leis na tógálaithe agus le Dave agus imríonn siad cleasa air.
‘Rebel’ le R. J. Anderson
Táimse ag léamh an leabhair ‘Rebel’. Is é an dara leabhar sa tsraith leabhar ‘Knife’ é. Is é ‘Knife’ an chéad
leabhar, ‘Rebel’ an dara leabhar agus beidh an tríú leabhar ag teacht go luath. Is leabhair draíochta iad.
Tá sióg darb ainm Linden sa scéal. Cónaíonn sí i gcrann darach leis na sióga ar fad eile. Téann sí ag lorg
sióga eile chun a draíocht a fháil ar ais. Cabhraíonn sí le buachaill óg agus téann siad isteach sa chathair.
Is leabhar an-suimiúil é agus tá sé oiriúnach do pháistí 9+. Is leabhar do chailíní é. Is é an leabhar is fearr
liomsa go dtí seo. Is breá liom ‘Rebel’!
Scríbhneoir: Ciara, Rang a 5, Scoil Uí Dhálaigh, Cill Dara.
Nuair a chuaigh Bella ag imirt daorchluiche leis an gclann Cullen, tháinig triúr vaimpírí olca go dtí an cluiche.
D’éalaigh sí sular ith an vaimpír olc í. D’fhág Edward agus bhí brón uirthi.
Más maith leat ‘Twilight’, léigh ‘New Moon’, ‘Eclipse’ agus ‘Breaking Dawn’.
Scríbhneoir: Sophie, Rang a 6, Our Lady of Good Counsel G.N.S, Áth Cliath
Tá a lán carachtair eile sa scéal: Badger, Mrs Fox agus a clann agus ainmhithe eile na coille. Tá francach
mímhúinte ann freisin.
Tá na cleasa a imríonn Mr Fox an–mhaith. An éiríonn leis na feirmeoirí Mr fox nó a chlann a fháil? Caithfidh
tú an scéal a léamh!
Scríbhneoir: Joe Rang a 4, Scoil Sailearna, Gaillimh
Insíonn an leabhar seo a lán rudaí difriúla dúinn faoi Serena agus a lán rudaí faoi cad a dhéanann sí nuair nach
bhfuil sí ag imirt leadóige. Ba mhaith le Serena a bheith mar laoch do pháistí atá ag imirt leadóige.
Nuair a phiocann tú suas an leabhar seo ní theastaíonn uait é a chur síos! Ádh mór ort Serena i Wimbledon i
mbliana!
Scríbhneoir: Megan, Rang a 5, Gaelscoil Osraí, Cill Chainnigh.
Ghoid Stanley bróga reatha. Bhí air dul go príosún speisialta, ‘Camp Green Lake’. Bhí sceitimíní ar Stanley.
Ach ní raibh ‘Camp Green Lake’ go maith; bhí sé go dona. Bhí poll i ngach áit. Ní raibh na daoine ansin go
deas agus bhí Stanley trína chéile. Scríobh Stanley litir chuig a Mhamaí.
Bhí an leabhar go hiontach agus bhí gach duine ag léamh an leabhair inár rang. Scríobh Louis Sachar,
Meiriceánach, an leabhar.
Scríbhneoir: Rafiat, Rang a 5, Scoil Choca Naofa, Cill Dara.
Is Lochlannach é Daid Hiccup. Ba mhaith le Hiccup a bheith ina Lochlannach. Tháinig an scannán amach ar
an 31ú de Mhárta in Éirinn. Ceapaim go bhfuil an scannán ar fheabhas.
Tá guth Hiccup déanta ag Jay Baruchel. Tá guth Aistrid (cara Hiccup) déanta ag America Ferrera. Tá
guth Stoick (Daid Hiccup) déanta ag Gerard Butler.
Scríbhneoir: Dónal, Rang a 5, Gaelscoil Mhic Easmainn, Ciarraí
Bíonn Alex ag magadh leis an draíocht. Tá Justin iontach maith agus bíonn sé ag éisteacht lena dtuismitheoirí.
Tá Max iontach greannmhar. Ní maith le Alex a bheith ag obair. Is maith le Justin obair baile a dhéanamh. Is
maith le Max a bheith ag magadh.
Bhí cumhachtaí draíochta ag a n-athair ach phós sé Mamaí Alex, Max agus Justin agus ní raibh aon draíocht
fágtha aige. Thaitin an scannán go mór liom.
Scríbhneoir: Sinéad, S.N. Na Dúchoraidh, Dún na nGall