Professional Documents
Culture Documents
Bileoga Ranga 1 Deireadh Fómhair
Bileoga Ranga 1 Deireadh Fómhair
Téarmaíocht na filíochta
Nuair a scríobhtar dán sa Nua-Ghaeilge Luath, leantar rialacha áirithe. Braitheann na rialacha
sin ar an meadaracht a úsáidtear don dán. Ach an mheadaracht a thuiscint, is fearr a thuigfear
dearadh nó struchtúr an dáin.
Deibhidhe
Seo iad na rialacha a bhaineann le deibhidhe:
a. Uimhir siollaí sa líne: 7
b. Uimhir siollaí i bhfocal deiridh na línte: x + x+1; x = a/c, x+1 = b/d
c. Uaim: i ngach líne sa rann [a/b/c/d]
d. Comhardadh deiridh: rinn agus airdrinn [a/b; c/d]*
e. Comhardadh inmheánach: c/d**
* Is cineál ar leith comhardaidh é seo. I ndeibhidhe, bíonn comhardadh deiridh ann atá difriúil
le comhardadh deiridh na meadarachtaí eile. Rinn agus airdrinn an t-ainm atá air, agus
ciallíonn rinn agus airdrinn go bhfuil comhardadh idir fhocail nach bhfuil ar aonfhad. An
nodaireacht a úsáidtear dó seo ná: 7x + 7x+1
** Focal éigin i líne c, agus focal i líne d seachas an focal deiridh.
1
GA3016 Filíocht na Nua-Ghaeilge 1 Deireadh Fómhair 2018
(c) Bá Elision
Ciallaíonn ‘bá’ go gcailltear siolla, nó go ‘mbáitear’ siolla sa líne.
Is féidir guta ag tús focail neamhaiceanta a bhá ar mhaithe leis an meadaracht.
e.g. ní lem’ theachtaire as a thoigh.
Tá ocht siolla anseo. Más deibhidhe atá ann, seacht siolla is ceart a bheith sa líne.
An réiteach air seo ná guta an fhocail as a bhá. Mar sin, léitear an líne mar seo:
ní lem’ theachtaire as a thoigh
Ritheann ‘as’ isteach leis an bhfocal roimhe, agus cailltear siolla amháin dá réir.
Nuair a dhéantar comhaireamh ar an líne arís, seo mar atá sí:
ní lem’ theachtaires a thoigh
= ní | lem | theach| tair | es | a | thoigh
N.B. Tá bunriail amháin leis an mbá: is dhá ghuta a thagann le chéile (deireadh focail amháin,
tús an fhocail ina dhiaidh) a thugann deis dúinn siolla a ‘bhá’; an dara guta sin, caithfidh sé
bheith i bhfocal neamhaiceanta.
e.g. ní lem’ theachtaire as a thoigh: focal neamhaiceanta é as
2
GA3016 Filíocht na Nua-Ghaeilge 1 Deireadh Fómhair 2018
Faightear go leor dánta ón tréimhse seo a scríobhadh i ndeibhidhe. Seo roinnt ceisteanna le
freagairt chun a chinntiú go bhfuil an mheadaracht cheart againn.
Ceisteanna
1. Comhairigh na siollaí sna ranna samplacha; an bhfuil seacht siolla i ngach líne?
2. Ba cheart go mbeadh siolla breise san fhocal deiridh in b/d seachas mar atá in a/c; an
bhfuil?
3. An bhfuil uaim i ngach líne? Breac síos na focal uamacha go léir lena chéile (e.g.
mé:Mhág)
3
GA3016 Filíocht na Nua-Ghaeilge 1 Deireadh Fómhair 2018