You are on page 1of 71

Treoirlínte maidir leis

leis an

STÍL TÍ
atá le cur i bhfeidhm
ag an bhfoireann eagarthóireachta
An Gúm Stíl Tí

Clár

An Stíl Tí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 3

Aguisín A: Séimhiú agus Urú i ndiaidh Figiúirí . . . . . . . . . . . . . . . 18

Aguisín B: Teimpléid leathanach an Inphrionta . . . . . . . . . . . . . . . 20

Aguisín C: Treoir ghramadaí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 27

-2-
An Gúm Stíl Tí

AN STÍL TÍ
Is é atá sa cháipéis seo ná treoirleabhar don fhoireann eagarthóireachta sa
Ghúm le cur i bhfeidhm ar na cineálacha éagsúla téacsanna a bhíonn á
réiteach don chló acu. Treoir ghinearálta atá ann maidir leis na ceisteanna
coitianta a bhíonn le réiteach agus téacs Gaeilge á chur in eagar idir phointí
gramadaí, poncaíochta agus leagan amach. Ní tráchtas cuimsitheach
gramadaí í ná ní chlúdaítear inti ach oiread na pointí uile a bheidh le réiteach
ag eagarthóir agus é nó í i mbun oibre. Is é a bheidh á leagan amach sa
cháipéis seo ná na cleachtais atá á gcur i bhfeidhm sa Ghúm i dtaca leis na
pointí sin i gcomhthéacs na bhfoilseachán éagsúil a bhíonn á réiteach ann.

Cuid mhór de na ceisteanna ginearálta a bhaineann le téacs a chur in eagar nó


a leagan amach i dteanga ar bith, beidh comhairle agus treoir ina leith le fáil
sna foilseacháin iomadúla atá ann cheana. Sa Ghúm is iad New Hart’s Rules
agus an MHRA Style Guide an dá fhoilseachán is iondúil a bhíonn á gceadú i
dtaca leis na ceisteanna sin. Níl sé i gceist anseo dul isteach go mion in aon ní
a bhfuil treoir chinnte faoi le fáil sna saothair sin ach amháin má bhíonn gné
ar leith le réiteach a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge.

Is iad na réimsí eagarthóireachta seo thíos a bheidh faoi thrácht sa cháipéis


seo againn. Tá roinnt samplaí tugtha dá bhfuil i gceist faoi gach réimse.

Cúrsaí Gramadaí
- moltaí choiste athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil
- neamhréir idir na foinsí (beirt + t.a./gin. iol.); an t-alt agus na
huimhreacha; an/na chéad trí chapall; gin. i gcás ‘ceathrú, cúigiú
etc; ar dheis/deis chlé/clé etc.’
- an mhír choibhneasta ‘a’ i ndiaidh cad, céard, conas etc.
- Ní hamháin/hionann v ní amháin/ionann.
- Pointí neamhréire eile idir na foinsí
- Nósanna nua atá ag teacht i dtreis i réimsí éagsúla, sa chaint, sa
ríomhaireacht etc.

Leagan amach
- stíl maidir le leagan amach na réamhleathanach, admhálacha
- ainm údair, aistritheora
- eolas faoi uimhreacha ISBN
- áit/méid an lógó ar an gclúdach agus laistigh
- sonrú agus leagan amach gluaise

-3-
An Gúm Stíl Tí

- eangú céad pharagraif


- leabharliosta

Cineálacha Éagsúla Foilseachán


- téacsleabhair bhunscoile agus iar-bhunscoile
- saothair thagartha
- foclóirí téarmaíochta
- leabhair do pháistí
- ficsean do dhéagóirí
- Ábhar Séideán Sí

Poncaíocht
- MHRA
- Hart’s Rules (eagrán nua)
- nósanna tí – a.m./p.m. seachas r.n. agus i.n.
- spás gan bhriseadh a úsáid i gcás réamhfhocail chomhshuite,
múnlaí áirithe gramadaí.
- fleiscíniú a chur ar ceal in Word.
- saincheisteanna a bhaineann le Gaeilge (giorrúcháin – RCh; an
tAE/Ae, obair an/na CNCM etc)

I dtaca le pointí gramadaí de ní mór a admháil go bhfuil tús curtha le plé


bríomhar faoin tslí a bhfuil na rialacha mar atá anois ag freastal ar riachtanais
na teanga sa saol comhaimseartha agus ag freagairt don teanga mar atá sí á
labhairt sa Ghaeltacht. Tá ábhar machnaimh agus díospóireachta soláthraithe
le tamall de bhlianta anuas ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc, Dónall Ó Baoill agus
Nicholas Williams i saothair leo a dhírigh ar na ceisteanna seo.

In 2010 bunaíodh coiste faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus


Gaeltachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil.
Cuireadh obair an choiste sin i gcrích i mí Iúil 2011 agus is é an leagan sin de
na rialacha gramadaí, a bheag nó a mhór, atá in úsáid mar threoir ghramadaí i
dtaca leis na réimsí sin atá pléite in Aguisín C. D’fhoilsigh Tithe an Oireachtais
Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil – Caighdeán Athbhreithnithe sa
bhliain 2012 agus tá cuid mhór dá bhfuil san fhoilseachán sin inleanta i dtaca
le cúrsaí gramadaí de i bhfoilseacháin an Ghúim chomh maith. Beidh
athbhreithniú eile á dhéanamh ar an bhfoilseachán sin in 2015 agus ina
dhiaidh sin táthar ag súil go mbeidh ceist an Chaighdeáin socraithe go ceann i
bhfad. Ní bhaineann an cháipéis stíle seo ach go himeallach leis na ceisteanna

-4-
An Gúm Stíl Tí

gramadaí sin, áfach. Cáipéis oibre í atá dírithe ar chabhair a sholáthar don
eagarthóir agus é/í i mbun oibre.

AN GHRAMADACH AGUS AN PHONCAÍOCHT


Tá gramadach na Gaeilge casta go maith agus mórchuid rialacha ag baint léi.
Bíonn cuid de na rialacha sin an-chaolchúiseach agus mionchúiseach ar fad
agus ní bhíonn siad le cur i bhfeidhm ach go hannamh. Tá mórchuid saothar
gramadaí foilsithe le leathchéad bliain anuas agus ar an mórgóir is gá a rá go
bhfuil siad go léir a bheag nó a mhór ag teacht le chéile maidir leis na
príomhrialacha a bhíonn le cur i bhfeidhm ar ábhar scríofa. Le foilsiú Litriú
agus Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil in 1958 agus Foclóir Gaeilge-
Béarla in 1977 is léir gur tugadh go leor rialacha agus pointí gramadaí chun
réire agus tá an dá shaothar sin chomh maith le Gráiméar Gaeilge na mBráithre
Críostaí, Réamhchúrsa Gramadaí (Mac Giolla Phádraig) agus le déanaí
Cruinnscríobh na Gaeilge (Mac Murchaidh) agus Irish Grammar: A Basic
Handbook (Mac Congháil) mar áis tagartha ag scata mór aistritheoirí,
eagarthóirí agus ag daoine a bhíonn ag plé leis an teanga ar leibhéal sách
mion. Níl aon dabht ach oiread go bhfuil éirithe go hiontach leis an
gcaighdeánú a rinneadh ar an nGaeilge scríofa agus ní gá ach a bhfuil á
fhoilsiú le fiche bliain anuas a chur i gcomparáid lenar foilsíodh trí scór bliain
ó shin chun an fhírinne sin a dheimhniú.

Tarlaíonn sé in áiteanna go bhfuil neamhréir idir cuid de na saothair sin i


dtaca le pointí áirithe gramadaí de, nó go bhfuil éiginnteacht ann maidir le
ceartfheidhmiú na rialacha. Rinne coiste athbhreithnithe an Chaighdeáin
Oifigiúil iarracht cuid mhaith den neamhréir sin a ghlanadh agus rinne moltaí
nua i gcás cuid de na rialacha a bhaineann leis an séimhiú agus leis an tuiseal
ginideach (féach Aguisín C).

Fágann sin fós, áfach, go mbíonn ar eagarthóirí ó am go chéile cinneadh a


dhéanamh faoin treoir a leanfaidh siad nó rogha a dhéanamh faoi na moltaí
agus faoi na cleachtais atá le cur i bhfeidhm acu. Chuige sin atáimid sa
cháipéis seo mar a bhfuil leagtha amach na cleachtais eagarthóireachta atá á
bhfeidhmiú sa Ghúm i gcomhthéacs na gceisteanna thuasluaite.

I gcoitinne is é treoir FGB a leantar maidir le ceisteanna gramadaí a bhfuil


níos mó ná nós amháin ag baint leo. Maidir le saincheisteanna ar leith is mar
seo thíos na nósanna a leantar i gcás gach aon cheann ar leith acusan.

-5-
An Gúm Stíl Tí

Beirt
Beirt + tuiseal ginideach iolra an nós a leantar.

Beirt gharraíodóirí, beirt bhan, beirt iascairí, beirt bháicéirí, beirt


sagart, beirt dochtúirí, beirt fhear mhóra etc.

Idir
Séimhiú a leanann idir de ghnáth ach amháin nuair is achar ama nó spáis idir
dhá rud atá i gceist. Idir dhaoine, idir mhuintir na tíre, idir mhná ach idir
Corcaigh agus Luimneach, idir Bealtaine agus Meán Fómhair.

An Séimhiú
Leantar an cleachtas atá rianaithe i gcáipéis a réitigh Coiste Athbhreithnithe
an Chaighdeáin Oifigiúil (2010-11) atá in Aguisín C leis seo.

An Tuiseal Ginideach i ndiaidh Ainmfhocal Éiginnte


Leantar an cleachtas atá rianaithe in Aguisín C (moltaí choiste athbhreithnithe
an Chaighdeáin Oifigiúil, 2010-11).

Ainmfhocal agus aidiacht i ndiaidh réamhfhocal comhshuite


Leantar an cleachtas atá rianaithe sa cháipéis in Aguisín C (moltaí choiste
athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil, 2010-11 agus mar atá in An
Caighdeán Oifigiúil – Caighdeán Athbhreithnithe, 2012).

An séimhiú i ndiaidh réamhfhocal simplí i gcás liosta


Ní gá an réamhfhocal a chur isteach ach aon uair amháin i gcás liosta i
dtéacsleabhar nó sa chás go mbeadh áireamh ar mhórchuid rudaí a bheadh ar
aon stádas san abairt ní gá ach an séimhiú a chur i bhfeidhm ar an gcéad
ainmfhocal. A leithéid seo:

Gearradh na cánacha sin ar fheirmeoirí, dochtúirí, banaltraí,


múinteoirí agus státseirbhísigh.

ach mura mbíonn i gceist ach dhá rud cuirtear an réamhfhocal agus an
séimhiú i bhfeidhm faoi dhó:

Díon a chur ar thithe agus ar bhotháin.

-6-
An Gúm Stíl Tí

An séimhiú i ndiaidh réamhfhocal simplí i gcás ainmneacha dílse


Más liosta d’ainmneacha dílse atá i gceist cuirtear an réamhfhocal agus an
séimhiú i bhfeidhm ar gach aon cheann acu mar seo a leanas:

An caipín a chur ar Sheán, ar Mháire agus ar Phádraig ar a seal.

Ar dheis/ar chlé
Bíodh go bhfuil ar deis agus ar clé le fáil in FGB, moltar an nós atá bunaithe sa
chaint le fada a leanúint agus ar dheis agus ar chlé a úsáid nuair is ag cur síos
ar shuíomh duine nó ruda atáthar. Tugtar faoi deara gurb é an nós seo atá in
úsáid sa leagan Gaeilge de chláir ríomhaireachta Microsoft.

Ní hionann/ní hamháin etc


Níl na tráchtais ghramadaí ar aon fhocal faoin nós seo. An nós atá le
cleachtadh sna foilseacháin ag an nGúm an ‘h’ a chur roimh an nguta i
bhfrásaí copaileacha mar sin.

Ní hamháin sin ach . . .

Ní hionann an scéal ag Máire. . .

An t-alt roimh ‘céad’ móide uimhir móide ainmfhocal


Níl na foinsí tagartha ar aon fhocal faoin bpointe seo. Tá a leithéid seo mar
shampla molta ag FGB an chéad chúig chapall (the first five horses) agus moltar
cloí le cur chuige FGB agus an fhoirm uatha den alt a úsáid roimh ‘céad’
chomh maith i dtreo is gurb é an leagan uatha den alt a úsáidtear leis na
horduimhreacha uile, céad, dara, tríú etc. Is é a leithéid seo thíos an nós is
inleanta mar sin:

an chéad chúig chapall


an dara cúig chapall

Má bhíonn aidiacht agus ginideach i gceist leantar an nós céanna:

seitreach an chéad chúig chapall mhóra

I gcás na n-uimhreacha ‘céad’, ‘míle’ etc. a n-úsáidtear an uimhir uatha den alt
leo i gcónaí (an céad fear, an ceithre chéad capall) beidh an uimhir uatha den

-7-
An Gúm Stíl Tí

alt le húsáid mar an gcéanna le ‘céad’ (1ú) agus é ag teacht rompu mar seo a
leanas:

an chéad chéad teach a tógadh ar an mbaile.

an chéad mhíle duine a bhain an áit amach.

Teidil leabhar agus irisí


Sa chló iodálach a bhíonn teidil leabhar agus irisí, Cré na Cille, Comhar, The
New Statesman etc. Ní chuirtear aon infhilleadh, séimhiú ná úrú i bhfeidhm ar
theideal atá sa chló iodálach fiú nuair a d’éileodh an struchtúr gramadaí é sin:

Bhí sí ina heagarthóir ar An tÉireannach le linn an ama sin.

Chuir sé go láidir in aghaidh eagarthóir Comhar ag an gcruinniú.

Bhí alt faoi sin ar An tUltach anuraidh.

I gcás ainmneacha comhlachtaí, foilsitheoirí agus institiúidí caitear leo mar a


bheadh ainmfhocail chinnte ann agus cuirtear an t-infhilleadh i bhfeidhm mar
atá sna samplaí seo a leanas thíos:

Leabhar de chuid Choiscéim a bhí ar an ngearrliosta

Foilseacháin Chois Life is mó a díoladh.

Foireann An Phoist a chuaigh ar stailc.

Bunú Chóras Iompair Éireann.

Ní bhaintear leas as an gcló iodálach i gcásanna dá léithéid.

I gcás teideal leabhar mór le rá a aistríodh go Gaeilge, ba cheart an teideal


Gaeilge a thabhairt agus an bunteideal a thabhairt idir lúibíní ina dhiaidh. Sa
chás gur teideal leabhair é a foilsíodh ar dtús i dteanga nach mbaineann leas
as an aibítir Rómhánach (e.g. an Rúisis) ach a bhfuil fáil agus cáil ar an leagan
Béarla de, moltar an teideal Béarla a thabhairt. I gcás leabhair nach bhfuil
leagan Gaeilge de ar fáil moltar an bunteideal amháin a thabhairt agus nach
bhféachfaí le leagan Gaeilge den teideal a sholáthar. An chúis atá leis sin gurb
é is dóichí gurb an leagan Béarla de na saothair sin is mó a chasfaí ar léitheoirí
i siopaí leabhar na tíre agus mar thoradh ar chuardach a dhéanamh ar an
ngréasán.

-8-
An Gúm Stíl Tí

An réamhfhocal ‘i/in’ roimh fhigiúirí


Moltar úsáid ‘fhoirmiúil’ in FGB (i -> in) roimh theidil leabhar, etc.:

. . . mar a rinne an Cadhnach in Cré na Cille.

Ba cheart an nósmhaireacht chéanna a chur i bhfeidhm roimh fhigiúirí freisin:

Cé mhéad ½ in 4?”

An Réamhfhocal ‘i/in’ roimh bhlianta


An réamhfhocal 'i' móide/gan an t-alt is coitianta a bhíonn in úsáid agus bliain
ar leith á lua i dtéacsanna eolais. Tá an dá nós ann, i 1939 agus in 1939 mar
shampla. Tá an chéad cheann bunaithe ar an tslí a ndéarfaí é agus an duine ag
caint. Oibríonn sé i gcásanna áirithe ach cruthaíonn sé fadhbanna in áiteanna
eile, i 1345, i 1259, mar shampla. Is fearr cloí leis an leagan cinnte 'in' i ngach
cás agus déileáil leis an mbliain féin mar aonad scoite neodrach. D'oirfeadh sé
i dtéacsanna áirithe chomh maith sa bhliain 1345 a úsáid. Mar seo a leanas an
nós atá le cur i bhfeidhm:

In 1843 a tharla sé sin.

In 2001 a críochnaíodh é.

Acrainmneacha agus Giorrúcháin


Déileáiltear le hacrainmneacha agus giorrúcháin amhail is dá mba
ainmfhocail neodracha gan inscne iad. Úsáidtear an t-alt de réir mar is cuí.:

Bhí baill an CNCM i láthair.

Chuir APSS ina choinne go láidir.

Nuair a bunaíodh an AE ar dtús.

Ballstáit an AE.

Comhthionól TÉ.

I gcás acrainmneacha an Bhéarla moltar an t-alt (+ réamhfhocal) a úsáid


freisin.

Ceannasaíocht an CIA.

Baill den FBI.

-9-
An Gúm Stíl Tí

Giorrúcháin
Cloítear leis na giorrúcháin Laidine sna cásanna seo a leanas; i.e.; a.m. agus
p.m. i gcúrsaí ama; ibid, op. cit.; et seq.; e.g. i gcúrsaí tagartha.

AD (na Laidine) a úsáidtear chun blianta i ndiaidh bhreith Chríost a chur in


iúl. Roimh an mbliain a chuirtear AD, e.g.,

AD 432 a tháinig Pádraig go hÉirinn.

RCh an giorrúchán (Gaeilge) atá le húsáid chun blianta roimh an ré Chríostaí


a chur in iúl. I ndiaidh na bliana a bhíonn RCh, e.g.,

Thart ar an mbliain 3000 RCh a tógadh Sí an Bhrú.

Nuair atá sé oiriúnach i gcomhthéacs ábhar an téacs a bheadh i gceist ba


cheart córais dátaí eile a lua nó a mhíniú chomh maith. Ba chóir a lua i leabhar
faoi chúrsaí reiligiúin mar shampla go bhfuil córais dhifriúla dátaí i bhfeidhm
ag lucht leanta na reiligiún difriúil agus dátaí de réir na gcóras sin a lua taobh
le dátaí an chórais thuasluaite.
Nuair is mian tréimhse deich mbliana ar leith a chur in iúl agus úsáid a bhaint
as figiúirí is mar seo thíos a scríobhtar an giorrúchán:

Sna 1940idí, 1920idí etc.

Uimhreacha agus Figiúirí


Tá nósanna an tí maidir le huimhreacha agus figiúirí a lua sonraithe in
Aguisín A. Is gá cloí leis na treoracha seo i gcás téacsleabhar go háirithe.
D'fhéadfaí nósanna ní b'ársa a úsáid i gcineálacha leabhar eile dá gceapfadh
an lucht eagair gá a bheith leis.

Uimhreacha go dtí deich míle agus os a chionn


Leanann foilsitheoirí nósanna éagsúla maidir le huimhreacha os cionn míle
agus os cionn deich míle a scríobh ag brath ar an gcineál foilseacháin a bhíonn
i gceist. Is é an córas atá le húsáid i bhfoilseacháin de chuid an Ghúim ná gan
aon chamóg a úsáid i gcás uimhreacha suas go dtí naoi míle naoi gcéad nócha
naoi (é sin san áireamh) agus an chamóg a úsáid as sin suas.

4123 duine

10,145 saighdiúir

- 10 -
An Gúm Stíl Tí

I gcás cúrsaí airgid, áfach, baintear leas as an gcamóg ón míle amach.

€1,456

$12,367

Ceannlitreacha
Úsáidtear ceannlitreacha nuair is teidil oifige, eagraíochta, nó tíre atá i gceist.

Taoiseach na hÉireann

Cumann na bhFeirmeoirí

An Afraic Theas

Ní úsáidtear ceannlitreacha nuair is tagairtí ginearálta atá i gceist áfach

Ba é taoiseach na gcimí é.

Bhunaigh na feirmeoirí cumann chun a gcearta a chosaint.

Tharla an eachtra sin sa taobh thiar theas den Afraic.

An Fleiscín
Is gá fleiscín sna cásanna seo:
1. Nuair a chuirtear an litir t nó n roimh fhocal dar tús guta más cás
beag (litreacha beaga) atá ann: e.g. an t-arán, an t-uan, an t-athair, ár n-
athair, ceol na n-éan, a n-uncail.
Ní chuirtear fleiscín ann nuair is cás mór (ceannlitir) atá sa ghuta: e.g.
an tAthair, an tUachtarán, an tÉireannach, ár nAthair, bua na
nÉireannach.
2. I gcomhfhocail nuair is guta atá i ndeireadh an chéad fhocail agus i
dtús an dara focal: e.g. do-ite, fo-aicme, fo-áit, mí-ádh, mí-onóir, ró-óg,
ró-íseal, so-oilte, so-ólta.
3. I gcomhfhocail nuair is é an consan céanna nó an grúpa consan
céanna atá i ndeireadh an chéad fhocail agus i dtús an dara focal: e.g.
gob-bhinn, droch-chaint, lag-ghlórach, béal-láidir, gnáth-thuarastal.
4. I gcás ina mbeadh doiléire ann mura mbeadh fleiscín ann: e.g. do-
bhlasta, do-ghlactha, do-mhaite, fo-bhaile, fo-bhrat, sean-am, sean-
ancaire, so-bhlasta, so-chaite, so-ghlactha, so-mharaithe.
5. I gcomhfhocail nuair is ceannlitir atá i dtús an dá fhocal: e.g. Ard-
Aighne, Príomh-Aturnae.

- 11 -
An Gúm Stíl Tí

6. (i) I ndiaidh na réimíre ‘an-’: e.g. an-mhór, an-bhreá, an-chluiche.


(ii) I ndiaidh na réimíre ‘dea-’: e.g. dea-bhean, dea-bhéasach, dea-
chomhairle, dea-mhéin.

Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an uimhir iolra den aidiacht a


mbíonn an réimír ‘an-’ roimpi.

Fir an-mhór ba ea iad.

N.B. Ní scríobhtar fleiscín i ndiaidh ‘h’ nuair a chuirtear roimh fhocal é, e.g. a
haon, na hocht gcinn, le hithe, le hól, cá háit, cé hé, trí huaire, an tríú háit
déag, ní hionann, le héirí na gréine, ar dheis Dé go raibh a hanam.

Glactar leis anois nach mbíonn fleiscín i gcomhfhocail a bhfuil brí aonadach
ag baint leo: An Príomhfheidhmeannach, an Príomhoide agus mar sin de.

Is ceart An Fleiscín Neamhbhristeach a úsáid ar an ríomhaire nuair nach


ceart an focal a bhriseadh ag deireadh líne in áit an fhleiscín, e.g. i gcás an
fhocail ‘in-athnuaite’ ba cheart an focal a choimeád le chéile ar eagla na
míthuisceana. In WORD is féidir fleiscín neamhbhristeach a aimsiú ach [CTRL
+ SHIFT + -] a bhrú.

Tá treoir níos mine i dtaobh úsáid na gceannlitreacha agus an fhleiscín i gcás


teidil daoine le fáil sa leabhar Maidir le do Litir le Séamas Daltún (Eagrán nua,
1998, Baile Átha Cliath: An Gúm).

Daiseanna
Dhá chineál daise a úsáidtear san fhoilsitheoireacht, mar atá an Ein-dais agus
an Eim-dais. Is mar seo a aimsítear iad ar an méarchlár in WORD:

Ein-dais – [Ctrl + comhartha lúide agus Numlock ar bun]

Eim-dais — [Ctrl + Alt comhartha lúide agus Numlock ar bun]

An ein-dais is mó a úsáidtear. Is í is ceart a úsáid sna cásanna seo a leanas:


Nuair atá réimse ama nó raon nithe de shaghas ar bith á chur in iúl:

Luan – Aoine
8 – 10 mbliana
Corcaigh – Ciarraí

- 12 -
An Gúm Stíl Tí

Nuair atá briseadh in abairt nó deireadh tobann i gcomhrá á chur in


iúl:

Creidim – agus gan amhras ar bith orm – go bhfuil sé thart.

‘Cá bhfuil an – ’

N.B. Tabhair faoi deara go mbíonn spás ar gach taobh den ein-dais sna
cásanna sin.

An eim-dais a úsáidtear i gcás liosta leabhar, nó ainmneacha daoine a


mbeadh an t-ainm nó an teideal céanna le hathlua díreach i ndiaidh a chéile sa
liosta:

Ó Tuama, Seán, An Grá in Amhráin na nDaoine (Baile Átha Cliath, 1960)


— Filí faoi Sceimhle (Baile Átha Cliath, 1978)
— An Grá i bhFilíocht na nUaisle (Baile Átha Cliath, 1988)

Aonaid tomhais
An córas méadrach tomhais atá le húsáid sna téacsleabhair ach amháin nuair
atá cúis ar leith lena mhalairt. Cloítear leis na siombailí caighdeánacha
idirnáisiúnta chun na haonaid tomhais a chur in iúl, e.g., km, kg, g, m, cm,
mm, etc. Fágtar spás i gcónaí idir an figiúr agus an tsiombail:

5 km

1500 m

27 kg

14.5 cm

An t-aon uair nach mbíonn spás idir an figiúr agus an tsiombail is ea nuair a
úsáidtear an comhartha céime º chun teocht Celsius a chur in iúl. Mar sin:
56ºC.

Comharthaí athfhriotail
Comharthaí single athfhriotail a úsáidtear más comhrá atá i gceist nó má
éilíonn focal nó frása éigin sa téacs iad. Más gá comharthaí athfhriotail a úsáid
arís laistigh de shliocht a bhfuil comharthaí athfhriotail thart air cheana,
úsáidtear comharthaí dúbailte athfhriotail. Seo thíos roinnt samplaí:

- 13 -
An Gúm Stíl Tí

'Leag uait é sin,' ar sise.

'Leag uait é sin,' ar sise. 'Ní thabharfá "nuacht" air sin.'

Tabhair faoi deara sna samplaí thuas gur laistigh den chomhartha athfhriotail
dúnta a chuirtear an chamóg nó an lánstad a thagann ag deireadh an tsleachta
athfhriotail.

Gaelú ainmneacha/logainmneacha iasachta


Fágtar ainmneacha iasachta gan ghaelú mura bhfuil leagan seanbhunaithe
díobh ann. Leantar an córas atá leagtha amach in Atlas Bunscoile (atheagrán,
2013). I gcás ainmneacha traslitrithe ó theangacha iasachta seachas an Béarla
agus i gcás teangacha a bhaineann leas as aibítir eile seachas an aibítir
Rómhánach, ba cheart comhairle an Choiste Téarmaíochta a fháil ina dtaobh –
Stailín, Trotscaí agus a leithéid. Tá eolas faoin gcur chuige a bhíonn i
bhfeidhm ag an gCoiste Téarmaíochta maidir leis na ceisteanna seo le fáil in
Lámhleabhar Téarmaíochta 2010 atá le híoslódáil ón suíomh:
http://www.gaeilge.ie/Tearmai_&_Aistruchain/Treoirlinte.asp

- 14 -
An Gúm Stíl Tí

CINEÁLACHA ÉAGSÚLA FOILSEACHÁN – DEARADH AGUS LEAGAN


AMACH

Na Réamhleathanaigh
Sa ghnáthshlí beidh leath-theideal, leathanach an teidil, leathanach an
inphrionta ar a laghad i gceist sna réamhleathanaigh. Is gnách gur ar chúl
leathanach an teidil a rachaidh an t-ábhar inphrionta. Is gá an nós seo a
leanúint ach amháin i gcás leabhar do pháistí uaireanta nuair a d’éileodh líon
na leathanach sa leabhar leagan amach éagsúil.

Leathanach an Inphrionta / chúl an teidil


Ag brath ar chineál an fhoilseacháin atá i gceist beidh leagan amach éagsúil ar
leathanach an inphrionta nó ar leathanach chúl an teidil. Féach Aguisin A mar
a bhfuil teimpléid éagsúla a bhaineann leis na foilseacháin éagsúla a bhíonn ar
bun ag an nGúm.

Eangú
Ní cheart aon eangú a dhéanamh ar an gcéad pharagraf a thagann i ndiaidh
teideal caibidle nó ranna laistigh de chaibidil. Is cóir eangú thart ar 1 cm (ag
brath ar mhéid an chló, toisí an téacs etc.) a dhéanamh ag tús gach paragraif
eile.

Dearadh clúdaigh
Teideal an leabhair, fotheideal (más ann dó), ainm an údair, sin a gcuirtear de
ghnáth ar chlúdach tosaigh an leabhair. I gcás leabhair do pháistí a mbeadh
maisitheoir i gceist cuirtear a (h)ainm siúd ar an gclúdach tosaigh chomh
maith.

Bíonn blurba nó nóta eolais ar an gclúdach cúil agus má oireann nóta gairid
beathaisnéise faoin údar (i gcás leabhar tagartha, leabhar eolais,
úrscéil/cnuasach gearrscéalta).

Bíonn lógó an Ghúim sa chúinne ar chlé ag bun an chlúdaigh chúil agus é


ailínithe le himeall clé an bhlurba nó an nóta eolais. Sa chúinne ar dheis
cuirtear an barrachód agus é suite i mbosca bán a bhíonn ailínithe le himeall
deas an bhlurba nó an nóta eolais.

Ní chuirtear lógó an Ghúim ar an gclúdach tosaigh.

- 15 -
An Gúm Stíl Tí

Teideal an leabhair agus sloinne an údair a théann ar an droim agus ponc


eatarthu murar féidir dóthain spáis a chur eatarthu. Bíonn 'G' tosaigh an lógó
amháin i mbun an droma sa chaoi is go mbeidh sé inléite go hingearach agus
an leabhar ina sheasamh ar sheilf.

Téacsleabhair Iar-bhunscoile: Gluais bun leathanaigh


I dtéacsleabhair iar-bhunscoile is nós gluais Gaeilge-Béarla de na téarmaí
teicniúla a chur i mbun gach leathanaigh den téacs. Focail nó frásaí a bhfuil
míniú orthu i mbun an leathanaigh ba cheart réiltín faoi chló trom a chur
rompu i gcorp an téacs féin chun é sin a chur in iúl. Más frása atá i gceist, is
roimh an gcéad fhocal sa fhrása ba cheart an réiltín a chur.

Cuirtear foclóir bunaithe ar théarmaí na gluaise i gcúl an leabhair agus na


noda bunúsacha gramadaí ag gabháil leo.

Innéacs i dTéacsleabhair
Bhí nósanna éagsúla i bhfeidhm in imeacht na mblianta maidir leis an ord
aibítre inar cheart ainmneacha agus logainmneacha a liostú, e.g.

M[h]uir Bhán, An, White Sea


m[h]aláire, an, b4 malaria
C[h]omhaireacht Chogaidh, An, The War Cabinet

Dealraíonn sé go raibh consain shéimhithe á n-áireamh in Atlas a Dó (1978),


i.e. cuireadh ‘Cé na Cille Móire’ roimh ‘Chairib, Muir’

In Atlas Bunscoile (2001, atheagrán 2013) is faoi ‘Muir/Mhuir’ atá a


mhacasamhail d’ainm cláraithe.

Muir Chairib
ach
Mhuir Dhubh, An
agus
Fhrainc, an
Fidsí
Fine Gall

I gcás ainmneacha áite nach féidir an t-alt a scarúint uathu (An Mhuir Bhán
etc) ba chóir nósmhaireacht Atlas Bunscoile a leanúint agus an t-ainm a chur in

- 16 -
An Gúm Stíl Tí

ord aibrítre, an ‘h’ san áireamh. I gcás ainmneacha eile moltar nós na
bhfoclóirí a aithint agus foirm shimplí an fhocail amháin a thabhairt (e.g.
maláire) móide an nod gramadaí. Beidh sé le feiceáil ón gcomhthéacs cé acu a
bhíonn an t-alt le ceangal leis nó nach mbíonn.

Úrscéalta do Dhéagóirí: Foclóirín


Cuirtear foclóirín Gaeilge-Béarla nó foclóirín Gaeilge-Gaeigle-Béarla i gcúl
saothar ficsin do dhéagóirí agus é bunaithe ar na focail agus na nathanna a
mheastar a mbeadh deacracht ag léitheoirí áirithe san aoisghrúpa sin leo. Ní
mharcáiltear an téacs féin, is mar áis don léitheoir atá ina ghá a bhíonn an
foclóirín ann.

An Fhoireann Eagarthóireachta
An Gúm

Eanáir 2014

- 17 -
An Gúm Stíl Tí

A GUIS ÍN A

Séimhiú agus Urú i ndiaidh Figiúirí

1. Cuirtear séimhiú nó urú ar ainmfhocail i ndiaidh na bhfigiúirí 1-19:

3 bhuidéal 13 bhuidéal
7 mbuidéal 17 mbuidéal

Tá deacracht ag baint leis na huimhreacha 2 agus 4 mar bíonn foirm ar leith acu
roimh ainmfhocail, i.e. dhá agus ceithre. Níor mhiste, ar an ábhar sin, iad a scríobh
mar leanas i leabhair do naíonáin agus do na bunranganna:

2 (dhá) bhuidéal 4 (ceithre) bhuidéal

2. Ní chuirtear séimhiú ná urú ar ainmfhocail i ndiaidh na bhfigiúirí ó 20 amach:

23 buidéal 105 buidéal


27 buidéal 1761 buidéal

3. Déantar aidiachtaí a infhilleadh ar an ghnáthbhealach i ndiaidh na bhfigiúirí 1-19:

3 bhuidéal fholmha 13 bhuidéal fholmha


7 mbuidéal fholmha 17 mbuidéal fholmha

4. Cuirtear séimhiú ar aidiachtaí ag cáiliú ainmfhocail bhaininscneacha i ndiaidh


bhfigiúiri ó 20 amach ach ní dhéantar aon infhilleadh eile:

23 buidéal folamh 99 cuid chothrom


61 bosca trom 185 caora dhubh

5. Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail i ndiaidh deachúlacha. Cuirtear séimhiú ar


aidiachtaí ag cáiliú ainmfhocail bhaininscneacha:

3.5 buidéal folamh 99.9 cuid chothrom


17.3 buidéal folamh 108.7 uimhir chearnach

6. Mar seo a leanas a scríobhtar codáin:

¼ de bhuidéal folamh 1 de pháirc mhór


3
½ de bhuidéal folamh ⅞ de pháirc mhór

7. Nuair atá réimse uimhreacha á lua is í an riail ghramadaí a théann leis an uimhir
dheireanach san aonad atá le cur i bhfeidhm ar an ainmfhocal a thagann ina diaidh,
e.g.:

- 18 -
An Gúm Stíl Tí

Do pháistí 10-12 bhliain an leabhar seo

Ar dhaoine san aoisghrúpa 6-9 mbliana atá sé dírithe.

- 19 -
An Gúm Stíl Tí

AGUISÍN B

Teimpléid éagsúla a bhaineann le leathanach an Inphrionta nó


leathanach chúl an teidil i bhfoilseacháin éagsúla.

Ní bheidh gach uile líne atá luaite sna teimpléid seo ag teastáil i ngach cás ach
féachadh leis an oiread féidearthachtaí agus a d’fhéadfadh a bheith i gceist a
thabhairt.

Is iad na foilseacháin atá i gceist leis na teimpléid atá tugtha thíos:

Leabhar Tagartha

Leabhar do Pháistí (Aistriúchán)

Bunleabhar do Pháistí

Buntéacsleabhar

Téacsleabhar (Aistriúchán)

Gnáthleabhar.

- 20 -
An Gúm Stíl Tí

[Leabhar Tagartha]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX}


{XXX a chéadfhoilsigh faoin teideal YYY}
{XXX Ltd. a tháirg an buneagrán}
{Is aistriúchán é seo ar YYY a d’fhoilsigh XXX a chéaduair sa bhliain XXXX}
{Tá an scéal seo bunaithe ar smaoineamh …}

{An chéad eagrán XXXX}


{An dara heagrán XXXX}
{Athchló XXXX}
{Athchló leasaithe XXXX}

{An leagan Béarla © XXX, XXXX}


{An leagan Béarla © AN tÚDAR BÉARLA}
{An leagan Gaeilge © Foras na Gaeilge, 2XXX}
{An buntéacs agus na léaráidí © XXXX}
{Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR}
{Téacs © AN tÚDAR/ NA hÚDAIR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR/NA hÚDAIR}

{Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR/NA hEALAÍONTÓIRÍ}


{XXX a mhaisigh}
{XXX a rinne na léaráidí.}
{Dearadh agus leagan amach: XXX}
{XXX a rinne an leagan Gaeilge}

{Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas a thug cead dúinn íomhánna a úsáid:
XXX}
{Iomhá an chlúdaigh: XXX}
{XXX a d’ullmhaigh na léarscáileanna.}

{Gabhaimid buíochas leis an Oifig Logainmneacha as foirmeacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha
na hÉireann.}

{Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn de roinnt téarmaí
teicniúla.}
{Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha
domhanda.}

ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua)


ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog)

XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn}
{XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór}

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a
tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,
gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Le fáil ar an bpost uathu seo:

An Siopa Leabhar, nó An Ceathrú Póilí,


6 Sráid Fhearchair, Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich,
Baile Átha Cliath 2. 216 Bóthar na bhFál,
siopa@cnag.ie Béal Feirste BT12 6AH.
leabhair@an4poili.com

Orduithe ó leabhardhíoltóirí chuig:


Áis,
31 Sráid na bhFíníní,
Baile Átha Cliath 2.
ais@forasnagaeilge.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.

- 21 -
An Gúm Stíl Tí

[Leabhar do Pháistí (Aistriúchán)]

{An leagan Gaeilge © Foras na Gaeilge, 2XXX}


{XXX a chéadfhoilsigh in XXXX faoin teideal YYY}
{XXX Ltd. a tháirg an buneagrán}
{Is aistriúchán é seo ar YYY a d’fhoilsigh XXX a chéaduair sa bhliain XXXX}

{An chéad eagrán XXXX}


{An dara heagrán XXXX}
{Athchló XXXX}
{Athchló leasaithe XXXX}

{An leagan Béarla © XXX, XXXX}


{An leagan Béarla © AN tÚDAR BÉARLA}
{An buntéacs agus na léaráidí © XXXX}
{Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR}
{Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR}
{XXX a mhaisigh}
{Dearadh agus leagan amach: XXX}
{XXX a rinne an leagan Gaeilge}

ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua)


ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog)

XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn}
{XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór}

{Dearbhaíonn údar agus maisitheoir an tsaothair seo a gcearta morálta mar údar agus mar mhaisitheoir.}

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a
tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,
gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Le fáil ar an bpost uathu seo:

An Siopa Leabhar, nó An Ceathrú Póilí,


6 Sráid Fhearchair, Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich,
Baile Átha Cliath 2. 216 Bóthar na bhFál,
siopa@cnag.ie Béal Feirste BT12 6AH.
leabhair@an4poili.com

Orduithe ó leabhardhíoltóirí chuig:


Áis,
31 Sráid na bhFíníní,
Baile Átha Cliath 2.
ais@forasnagaeilge.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.

- 22 -
An Gúm Stíl Tí

[Leabhar
[Leabhar do Pháistí (bunleabhar)]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX}


{Tá an scéal seo bunaithe ar smaoineamh …}

{An chéad eagrán XXXX}


{An dara heagrán XXXX}
{Athchló XXXX}
{Athchló leasaithe XXXX}

{An buntéacs agus na léaráidí © XXXX}


{Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR}
{Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR}
{XXX a mhaisigh}
{Dearadh agus leagan amach: XXX}

ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua)


ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog)

XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn}
{XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór}

Dearbhaíonn údar agus maisitheoir an tsaothair seo a gcearta morálta mar údar agus mar mhaisitheoir.

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a
tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,
gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Le fáil ar an bpost uathu seo:

An Siopa Leabhar, nó An Ceathrú Póilí,


6 Sráid Fhearchair, Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich,
Baile Átha Cliath 2. 216 Bóthar na bhFál,
siopa@cnag.ie Béal Feirste BT12 6AH.
leabhair@an4poili.com

Orduithe ó leabhardhíoltóirí chuig:


Áis,
31 Sráid na bhFíníní,
Baile Átha Cliath 2.
ais@forasnagaeilge.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.

- 23 -
[Bun-
[Bun-téacsleabhar]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX}


{XXX Ltd. a tháirg an buneagrán}

{An chéad eagrán XXXX}


{An dara heagrán XXXX}
{Athchló XXXX}
{Athchló leasaithe XXXX}

{An buntéacs agus na léaráidí © XXXX}


{Téacs © AN tÚDAR/ NA hÚDAIR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR/NA hÚDAIR}
{Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR/NA hEALAÍONTÓIRÍ}
{XXX a mhaisigh}
{Dearadh agus leagan amach: XXX}
{Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas a thug cead dúinn íomhánna a úsáid:
XXX}
{Iomhá an chlúdaigh: XXX}
{XXX a rinne na léaráidí.}
{XXX a d’ullmhaigh na léarscáileanna.}
{Gabhaimid buíochas leis an Oifig Logainmneacha as foirmeacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha
na hÉireann.}
{Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn de roinnt téarmaí
teicniúla.}
{Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha
domhanda.}

ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua)


ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog)

XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn}
{XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór}

{Dearbhaíonn údar agus maisitheoir an tsaothair seo a gcearta morálta mar údar agus mar mhaisitheoir.}

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a
tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,
gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Le fáil ar an bpost uathu seo:

An Siopa Leabhar, nó An Ceathrú Póilí,


6 Sráid Fhearchair, Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich,
Baile Átha Cliath 2. 216 Bóthar na bhFál,
siopa@cnag.ie Béal Feirste BT12 6AH.
leabhair@an4poili.com

Orduithe ó leabhardhíoltóirí chuig:


Áis,
31 Sráid na bhFíníní,
Baile Átha Cliath 2.
ais@forasnagaeilge.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.


.

- 24 -
[Téacsleabhar (Aistriúchán]

{XXX a chéadfhoilsigh faoin teideal YYY}


{XXX Ltd. a tháirg an buneagrán}
{Is aistriúchán é seo ar YYY a d’fhoilsigh XXX a chéaduair sa bhliain XXXX}

{An chéad eagrán XXXX}


{An dara heagrán XXXX}
{Athchló XXXX}
{Athchló leasaithe XXXX}

{An leagan Béarla © XXX, XXXX}


{An leagan Béarla © AN tÚDAR BÉARLA}
{An leagan Gaeilge © Foras na Gaeilge, 2XXX}

{Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR}


{Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR}
{XXX a mhaisigh}

{XXX a rinne an leagan Gaeilge}

ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua)


ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog)

XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn}
{XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór}

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a
tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,
gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Le fáil ar an bpost uathu seo:

An Siopa Leabhar, nó An Ceathrú Póilí,


6 Sráid Fhearchair, Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich,
Baile Átha Cliath 2. 216 Bóthar na bhFál,
siopa@cnag.ie Béal Feirste BT12 6AH.
leabhair@an4poili.com

Orduithe ó leabhardhíoltóirí chuig:


Áis,
31 Sráid na bhFíníní,
Baile Átha Cliath 2.
ais@forasnagaeilge.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.

- 25 -
[Gnáthleabhar]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX}


{XXX a chéadfhoilsigh faoin teideal YYY}
{XXX Ltd. a tháirg an buneagrán}
{Tá an scéal seo bunaithe ar smaoineamh …}

{An chéad eagrán XXXX}


{An dara heagrán XXXX}
{Athchló XXXX}
{Athchló leasaithe XXXX}

{Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR}


{Dearbhaíonn údar an tsaothair seo a chearta morálta mar údar.}

{Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR/NA hEALAÍONTÓIRÍ}


{XXX a mhaisigh}/ {XXX a rinne na léaráidí.}
{Dearadh agus leagan amach: XXX}

{Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas a thug cead dúinn íomhánna a úsáid:
XXX}
{Iomhá an chlúdaigh: XXX}
{XXX a d’ullmhaigh na léarscáileanna.}

{Gabhaimid buíochas leis an Oifig Logainmneacha as foirmeacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha
na hÉireann.}

{Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn de roinnt téarmaí
teicniúla /d’áitainmneacha domhanda.}

ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua)


ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog)

XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn}
{XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór}

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a
tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,
gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Le fáil ar an bpost uathu seo:

An Siopa Leabhar, nó An Ceathrú Póilí,


6 Sráid Fhearchair, Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich,
Baile Átha Cliath 2. 216 Bóthar na bhFál,
siopa@cnag.ie Béal Feirste BT12 6AH.
leabhair@an4poili.com

Orduithe ó leabhardhíoltóirí chuig:


Áis,
31 Sráid na bhFíníní,
Baile Átha Cliath 2.
ais@forasnagaeilge.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.

- 26 -
A GUIS ÍN C
TREOIR GHRAMADA Í

Treoir i dtaca leis na rialacha a bhaineann le gnéithe áirithe den ghramadach atá le
leanúint agus foilseacháin de chuid an Ghúim á réiteach.

- 27 -
An Clár
1 SÉIMHIÚ AGUS URÚ..............................................................................................1
Séimhiú................................................................................................................................. 3
Séimhiú ar an mBriathar ................................................................................................. 13
Urú ar an mBriathar......................................................................................................... 14
h roimh Ghuta ................................................................................................................... 14
d’ roimh Bhriathar............................................................................................................ 15
2 AN tAINMFHOCAL................................................................................................17
3 FOIRM AN AINMNIGH IN IONAD AN GHINIDIGH .......................................20
An tAinmfhocal Cinnte..................................................................................................... 20
An tAinmfhocal Éiginnte.................................................................................................. 22
An tAinm Briathartha ...................................................................................................... 25
4 UIMHREACHA .......................................................................................................26
Na Maoluimhreacha ......................................................................................................... 26
Na Bunuimhreacha ........................................................................................................... 27
An tAlt leis na hUimhreacha............................................................................................ 30
Aidiachtaí leis na Bunuimhreacha................................................................................... 31
Na hOrduimhreacha ......................................................................................................... 33
An Ginideach..................................................................................................................... 34
Codáin ................................................................................................................................ 36
5 AN CHOPAIL ..........................................................................................................38

- 28 -
1 SÉIMHIÚ AGUS URÚ
Séimhiú agus urú ar ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí agus
an ailt uatha

Is féidir séimhiú nó urú a chur ar thúschonsan ainmfhocail sa tabharthach uatha ar lorg


réamhfhocal díobh seo a leanas agus an ailt uatha: ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, mar, ó,
roimh, thar, trí, um.

Treoir chanúintneodrach don scríbhneoireacht sa réimse poiblí agus i réimse na


reachtaíochta:
• uraítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg ag, ar, as, chuig, faoi, le,
mar, ó, roimh, thar, trí, um, e.g. ag an bhfear, thar an gclaí;
• séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg den, don, sa(n), e.g. den
bhainisteoir, don pháiste, sa mhála;
• ní chuirtear séimhiú ná urú ar d, t, e.g. faoin doras, tríd an talamh;
• cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- más ainmfhocal baininscneach atá
ann, e.g. ar an tsráid, faoin tsúil, sa tSín.

Treoir ghinearálta don scríbhneoireacht sna trí mhórchanúint:

Canúint Chonnacht
• uraítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t agus seachas ar lorg den, don), e.g.
ar an gclaí, as an ngnáth, leis an mbuachaill, sa bpáirc;
• séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg den, don, e.g. don
chuairteoir, den pháirc;
• ní chuirtear séimhiú ná urú ar d, t, e.g. faoin doras, tríd an talamh;
• cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- más ainmfhocal baininscneach atá
ann, e.g. ar an tsráid, faoin tsúil, sa tSín.

Canúint na Mumhan
• uraítear túschonsan an ainmfhocail ar lorg gach réamhfhocal seachas sa, e.g. ar an
gclaí, as an ngnáth, leis an mbuachaill, ag an ndoras, as an dteach;
• séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar lorg sa seachas (i) d agus t, nach gcuirtear
séimhiú ná urú orthu, agus (ii) f, a uraítear, e.g. sa bhosca, sa chistin, ach sa
deireadh, sa tráthnóna, sa bhfuacht, sa bhfuinneog;
• cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- ag tús ainmfhocail bhaininscneacha
agus fhirinscneacha araon ar lorg sa, e.g. sa tsráid, sa tsúil, sa tseomra.

Canúint Uladh
• séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t), e.g. ar an chlaí, as an ghnáth,
leis an bhuachaill;
• ní chuirtear séimhiú ná urú ar d, t, e.g. faoin doras, tríd an talamh;
• cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- ag tús ainmfhocail bhaininscneacha
agus fhirinscneacha araon, e.g. ar an tsráid, faoin tsúil, sa tSín, sa tseomra, chuig an
tseansailéir, faoin tsneachta.

1
Tábla 1: Samplaí den séimhiú agus den urú ar ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg
réamhfhocal simplí agus an ailt uatha.

Réimse na Canúint Canúint na Canúint Uladh


Reachtaíochta Chonnacht Mumhan
ag an bhfear ag an bhfear ag an bhfear ag an fhear
ag an mbean ag an mbean ag an mbean ag an bhean
thar an gclaí thar an gclaí thar an gclaí thar an chlaí
tríd an talamh tríd an talamh tríd an dtalamh tríd an talamh
faoin doras faoin doras faoin ndoras faoin doras
den bhainisteoir den bhainisteoir den mbainisteoir den bhainisteoir
don chuairteoir don chuairteoir don gcuairteoir don chuairteoir
don cheist don cheist don gceist don cheist
san fhuacht sa bhfuacht sa bhfuacht san fhuacht
san fhuinneog sa bhfuinneog sa bhfuinneog san fhuinneog
san oifig san oifig san oifig san oifig
sa bhosca sa mbosca sa bhosca sa bhosca
sa doras sa doras sa doras sa doras
sa tuarascáil sa tuarascáil sa tuarascáil sa tuarascáil
t roimh s in Ainmfhocail Fhirinscneacha
ón siopa ón siopa ón siopa ón tsiopa
ag an saighdiúir ag an saighdiúir ag an saighdiúir ag an tsaighdiúir
ar an sagart ar an sagart ar an sagart ar an tsagart
don seanduine don seanduine don seanduine don tseanduine
den salann den salann den salann den tsalann
sa sruth sa sruth sa tsruth sa tsruth
t roimh s in Ainmfhocail Bhaininscneacha
den tsaoire den tsaoire den saoire den tsaoire
den tsláinte den tsláinte den sláinte den tsláinte
sa tsnaidhm sa tsnaidhm sa tsnaidhm sa tsnaidhm
ar an tsráid ar an tsráid ar an sráid ar an tsráid

An aidiacht ag cáiliú ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí agus


an ailt uatha

Treoir chanúintneodrach don scríbhneoireacht sa réimse poiblí agus i réimse na


reachtaíochta:
Séimhítear túschonsan na haidiachta más ainmfhocal baininscneach atá á cháiliú aici ach ní
chuirtear séimhiú ná urú ar an túschonsan más ainmfhocal firinscneach atá á cháiliú aici.

Treoir ghinearálta don scríbhneoireacht sna trí mhórchanúint:

Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan


Séimhítear túschonsan na haidiachta más ainmfhocal baininscneach atá á cháiliú aici ach ní
chuirtear séimhiú ná urú ar an túschonsan más ainmfhocal firinscneach atá á cháiliú aici.

Canúint Uladh
Séimhítear túschonsan na haidiachta i gcónaí.

2
Tábla 2: An aidiacht ag cáiliú ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí
agus an ailt uatha.

Réimse na Canúint Chonnacht Canúint na Canúint Uladh


Reachtaíochta Mumhan
Ainmfhocail Fhirinscneacha
ag an bhfear beag ag an bhfear beag ag an bhfear beag ag an fhear bheag
san fhuacht mór sa bhfuacht mór sa bhfuacht mór san fhuacht mhór
thar an gclaí fada thar an gclaí fada thar an gclaí fada thar an chlaí fhada
den bhainisteoir den bhainisteoir den mbainisteoir den bhainisteoir
gnóthach gnóthach gnóthach ghnóthach
don chuairteoir don chuairteoir don gcuairteoir don chuairteoir
mímhúinte mímhúinte mímhúinte mhímhúinte
sa bhosca mór sa mbosca mór sa bhosca mór sa bhosca mhór
den fhear crosta den fhear crosta den bhfear crosta den fhear chrosta
ar an stól fada caol ar an stól fada caol ar an stól fada caol ar an stól fhada chaol
faoin ardán mór faoin ardán mór faoin ardán mór faoin ardán mhór
sa siopa beag sa siopa beag sa tsiopa beag sa tsiopa bheag
ag an saighdiúir ag an saighdiúir ag an saighdiúir ag an tsaighdiúir
bocht bocht bocht bhocht
ar an sagart ciúin ar an sagart ciúin ar an sagart ciúin ar an tsagart chiúin
don seanduine don seanduine don seanduine don tseanduine
críonna críonna críonna chríonna
den salann bán den salann bán den salann bán den tsalann bhán
sa sruth contúirteach sa sruth contúirteach sa tsruth contúirteach sa tsruth
chontúirteach
Ainmfhocail Bhaininscneacha
don cheist don cheist don gceist don cheist
sheafóideach sheafóideach sheafóideach sheafóideach
faoin móin fhliuch faoin móin fhliuch faoin móin fhliuch faoin mhóin fhliuch
san fhuinneog sa bhfuinneog sa bhfuinneog san fhuinneog
shalach shalach shalach shalach
san oifig ghlan san oifig ghlan san oifig ghlan san oifig ghlan
ag an mbean ag an mbean ag an mbean ag an bhean
shlachtmhar shlachtmhar shlachtmhar shlachtmhar
den bhratach bhán den bhratach bhán den mbratach bhán den bhratach bhán
sa tuarascáil fhada sa tuarascáil fhada sa tuarascáil fhada sa tuarascáil fhada
ar an tsráid mhór ar an tsráid mhór ar an sráid mhór ar an tsráid mhór
den tsláinte mhaith den tsláinte mhaith den sláinte mhaith den tsláinte mhaith
sa tsnaidhm chrua sa tsnaidhm chrua sa tsnaidhm chrua sa tsnaidhm chrua
den tsaoire bhreá den tsaoire bhreá den saoire bhreá den tsaoire bhreá
Séimhiú

Is iad seo a leanas na consain inséimhithe sa Ghaeilge: b, c, d, f, g, m, p, s agus t.


Séimhítear s + guta agus sl-, sn-, sr-, ach ní féidir séimhiú a chur ar sc-, sf-, sm-, sp-, st- ná
sv-.
Ní shéimhítear na consain eile.

3
Séimhiú ar Ainmfhocail
Séimhítear túschonsan ainmfhocail:

1. I ndiaidh an ailt (mura d, t, s an túschonsan):

(a) san ainmneach uatha baininscneach, e.g. an bhean;


(b) sa ghinideach uatha firinscneach, e.g. mac an fhir;
(c) sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, nuair a bhíonn aon cheann
de na réamhfhocail seo a leanas roimh an alt, i gcásanna áirithe (féach lch 2): ag,
ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, mar, ó, roimh, thar, trí, um.
Tabhair do d'aire nach séimhítear an mhaoluimhir i bhfrásaí mar iad seo a leanas:
ón ceathair (a chlog), ag an cúig (a chlog).

2. I ndiaidh na míre gairmí a san uatha agus san iolra, firinscneach agus baininscneach,
e.g. a dhuine chóir, a Mháire, a chairde Gael, a Ghaela!

3. I ndiaidh na n-aidiachtaí seo a leanas:

(a) na haidiachtaí sealbhacha mo, do, a (firinscneach uatha), e.g. mo mhac, do


theach, a pheann;
(b) an aidiacht rannach uile, e.g. an uile fhocal, gach uile sheachtain.

4. I ndiaidh na n-uimhreacha:

(a) aon agus c(h)éad, mura d, t, s an túschonsan, e.g. aon chailín amháin, an chéad
bhróg;
(b) dhá mura mbíonn an aidiacht shealbhach a (3ú pearsa uatha, baininscneach agus
3ú pearsa iolra), ár nó bhur roimhe, e.g. dhá chapall ach a dhá géag (3ú pear.
uatha bain.), ár dhá gcapall, bhur dhá dteach, a dhá mbó (3ú pear. iol.); agus
(c) trí, ceithre, cúig, sé, nuair a bhíonn an t-ainmfhocal san uatha ar a lorg, e.g. trí
bhád, ceithre bhó, cúig mhála, sé theach.

5. I ndiaidh na réamhfhocal simplí:

(a) de, do (agus a < do, e.g. obair a dhéanamh), faoi, mar, ó, roimh, trí, um, e.g. de
Sheán, do bhuachaillí, faoi bhord, mar dhuine, ó bhéal, roimh mhaidin, trí
chalaois, um Shamhain;
(b) ar, e.g. ar bhád, ar charraig, ar dhaoine, ach ní shéimhítear i gcás frásaí
dobhriathartha ná ainmneacha briathartha a chuireann staid nó suíomh i gcéill,
e.g. ar ball, ar bord (loinge), ar deireadh, ar fad, ar meisce, ar muir agus ar tír,
ar tiús, ar bogadh, ar crochadh, ar fáil, ar siúl ach ar fheabhas, ar shiúl
(=imithe);
(c) idir, nuair is comhaireamh a bhíonn i gceist, e.g. idir bhuachaillí agus chailíní,
idir bheag is mhór, ach idir Corcaigh agus Gaillimh, idir breith is baisteadh,
idir meán oíche agus breacadh an lae. Séimhítear an
t-ainmfhocal aonair i ndiaidh idir freisin, e.g. idir dhaoine, idir chomhaltaí;

4
(d) thar, e.g. léim sé amach thar gheata ard, ní raibh thar chúigear acu ann, ní fiú
thar phingin é, níor fhan sé thar bhliain ann, ach ní shéimhítear i gcás frásaí
dobhriathartha, e.g. thar bráid, thar sáile, thar tír.

Ní shéimhítear ar lorg ag, as, chuig, dar, go (dtí), i, le, os, seachas.

6. Séimhítear b, c, g, m agus p ar lorg gan sna cásanna seo a leanas:

(a) Ainmfhocal aonair (i.e. nach bhfuil á cháiliú) nuair is ciall theibí nó mheafarach
atá leis an bhfrása, e.g. dán gan bhrí, saol gan bhuairt, duine gan chiall, tháinig
sé gan choinne, d’imigh sé gan chúis, buille gan ghá, saol gan mhairg, rud gan
mhaith, tá sé gan mhaith, bheith gan mheabhair, fillfidh sí gan mhoill, páiste gan
mhúineadh.

Samplaí le d, s, t agus le f: beidh sé ann gan dabht, duine gan dochar, d’imigh sé
gan fáth gan siocair, ceist gan freagra, saol gan suaimhneas, rud gan tábhacht,
tréimhse gan teorainn.

Tabhair do d'aire go séimhítear an f i bhfrásaí áirithe, e.g. gan fháil, dúil gan
fháil; gan fheiceáil; gan fhios (do), rud a dhéanamh gan fhios, d’imigh siad gan
fhios (do Sheán).

(b) Ainm briathartha aonair i bhfrásaí aidiachtacha a insíonn nach bhfuil an briathar
curtha i ngníomh, e.g. féar gan bhaint (= nach bhfuil bainte), gruaig gan
chíoradh (= nach bhfuil cíortha), bean gan phósadh (= nach bhfuil pósta), aistí
gan mharcáil (= nach bhfuil marcáilte).

Samplaí le d, s, t agus le f: obair gan déanamh (= nach bhfuil déanta), bainne gan
síothlú (= nach bhfuil síothlaithe), saothar gan foilsiú (= nach bhfuil foilsithe).

Ní bhíonn séimhiú ar thúschonsan ar lorg gan sna cásanna seo a leanas:

(a) Ainmfhocal aonair nuair is ciall choincréiteach atá leis an ainmfhocal, e.g.
próiseas a chur i gcrích gan moill (= de réir an sceidil), tháinig sé gan coinne (=
gan am a bheith socraithe roimh ré), ag siúl gan bróga, tá siad gan carr le
seachtain.

(b) Ainmfhocal á cháiliú, e.g. dán gan brí shoiléir, saol gan buairt ar bith, duine gan
ciall linbh, d’imigh sé gan cúis mhaith, rud gan maith dá laghad, bheith gan
pingin rua.

(c) Ainmfhocal i bhfrásaí dar struchtúr gan + ainmfhocal + réamhfhocal, e.g. bhí sé
ina luí gan corraí as ar thaobh an bhóthair, shuigh na páistí gan gíog astu, is
annamh a fheiceann tú é gan pus air, bhí sé ina sheasamh san fhearthainn gan
geansaí féin air, bhí mé i bponc gan pingin i mo phóca agus gan bealach abhaile
agam.

(d) Ainm dílis cinnte, e.g. tháinig tú gan Máire, gan Murchadh gan Mánas.

5
(e) Ainmfhocal nó ainm briathartha i bhfrása ainmfhoclach nó i bhfrása ainm
briathartha ar nós:

(i) Ainm briathartha as féin mar infinideach, e.g. chinn siad gan pósadh
(go fóill), abair leis gan canadh (arís), d’iarr siad orm gan páirceáil
(os comhair an dorais), b’fhearr duit gan filleadh (níos mó), is fearr
gan moilliú (go tobann), shocraigh siad gan fanacht.

(ii) Cuspóir + a + ainm briathartha: is deacair gan gáire (mór) a


dhéanamh in amanna, mhol sí dom gan cóta (trom) a chaitheamh,
bheartaigh sé gan péint (nua) a chur ar an teach, d’fhág siad an
teach gan buíochas (ar bith) a ghabháil léi.

(iii) Ainmní + a + ainm briathartha: b’ait liom gan gearán (oifigiúil) a


theacht uathu, ba dheas gan brú (oibre) a bheith orainn ar feadh
tamaill.

7. I ndiaidh réamhfhocal comhshuite:


Séimhítear ainmfhocal cinnte agus ainmfhocal dílis i ndiaidh réamhfhocal
comhshuite a leanann an ginideach é, e.g. ar aghaidh dhoras an tséipéil, i láthair
bhean an tí, os comhair Sheáin, in aice Bhaile Átha Cliath (féach lch 20).
Ní shéimhítear ainmfhocal éiginnte nach bhfuil cáilithe ach i gcorrabairt
sheanbhunaithe, e.g. tar éis bháis.

8. I ndiaidh ainmfhocal eile:

(a) Má bhíonn ainmfhocal (nach ainm dílis) nó ainm briathartha sa ghinideach faoi
réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), agus é i gcáil
aidiachta, cuirtear séimhiú air.

Bíonn an dara hainmfhocal i gcáil aidiachta nuair a bhíonn an chéad ainmfhocal á


cháiliú aige, mar atá sna haicmí seo a leanas:

(i) Nuair a dhéanann an dara hainmfhocal cur síos ar cén sórt nó cén
cineál é an chéad ainmfhocal, e.g. aimsir sheaca, bean chéile, bliain
bhisigh, céim bhaitsiléara, cloch choirnéil, dlaoi mhullaigh, fianaise
bhréige, foireann bhaile, fuinneog thosaigh, gairm bheatha, líne chúil,
obair shamhraidh, oíche dhrámaíochta, scairt ghutháin, scian phóca,
sláinte mheabhrach, slí bheatha, teanga dhúchais, teanga mhionlaigh,
tír dhúchais, uimhir bhaile;

(ii) Nuair is as an ábhar a luaitear sa dara hainmfhocal a dhéantar an chéad


ainmfhocal, e.g. deoch bhainne, ding mhiotail, fuinneog ghloine, léine
chadáis, pióg mhuiceola, súil ghloine, tine ghuail;

(iii) Nuair a léiríonn an dara hainmfhocal an gníomh a dhéanann an chéad


ainmfhocal nó an úsáid a bhaintear as, e.g. áit chónaithe, áit
pháirceála, bean chaointe, lámh chúnta, litir mholta, scéim mharcála,
uimhir thagartha, uimhir theagmhála;

6
(iv) Nuair a bhíonn gaol comhaisnéise idir an dá ainmfhocal, is é sin le rá
nuair a thagraíonn siad don rud céanna, e.g. cráin mhuice, stail
chapaill, cabaireacht chainte, pusaireacht chaointe.

Ní shéimhítear an dara hainmfhocal sna cásanna seo a leanas:


(i) más d, s, t a thúschonsan i ndiaidh d, n, l, s, t, e.g. bean tí, cos tosaigh,
cúis dlí, cúirt dúiche, péist talún, saighead draíochta, scoil samhraidh,
min sáibh, tonn tuile;
(ii) nuair a thosaíonn sé ar f, e.g. bean feasa, comhla fuinneoige,
iascaireacht farraige, laoi Fiannaíochta, líne filíochta, mí féilire, oifig
fáilte, oifig faisnéise, páirc féir, toghairm finné;
(iii) ar lorg ainmfhocail a bhfuil an bhrí cuid, easpa, iomarca leis nó ar lorg
an chodáin ceathrú, e.g. barraíocht plámáis, breis bainne, a chuid
cabaireachta, díth céille, easpa tobac, iomarca cainte, roinnt blianta,
agus ceathrú míle;
(iv) má thagann ginideach iolra i ndiaidh cnuasainm, e.g. buíon ceoltóirí,
saithe beach, scuaine gasúr, sraith baoithe, táin bó ach clann mhac;
(v) más ball beatha de chuid duine nó ainmhí, nó más páirt de rud, nó más
rud i seilbh duine nó ainmhí atá i gceist, e.g. adharc bó, aghaidh mná,
cos capaill, lámh cailín, súil buachalla, iall bróige, stiúir báid, casóg
buachalla;
(vi) más tréith de chuid an dara focal é an chéad cheann, e.g. breáthacht
mná, finne maidine, laige páiste, maise pearsan, uaisleacht meoin;
(vii) más ainmfhocal éiginnte i ndiaidh ainm briathartha atá ann, e.g. ag
tógáil potaí, ar thógáil cathrach, forbairt pobail, pleanáil corpais,
pleanáil pobail, innealtóireacht bogearraí ach amháin sna leaganacha
seanbhunaithe seo a leanas: ag fáil bháis, ag fáil bhisigh, ag gabháil
cheoil, ag gabháil fhoinn;
(viii) nuair is ainmní nó gníomhaí an ginideach, e.g. coiscéim coiligh,
eascaine baintrí, gáir caillí, géimneach bó, íde béil, léim capaill,
mallacht mná;
(ix) i ndiaidh na bhfocal seo a leanas i dteidil ranna rialtais agus comhairlí
baile nó contae: comhairle, roinn, e.g. An Roinn Cosanta, Comhairle
Contae Chorcaí;
(x) ní shéimhítear an t-ainmfhocal sí, i gcáil aidiachta dó, e.g. bó sí.

(b) Séimhítear ainmfhocal (nach ainm dílis) nó ainm briathartha sa ghinideach má


bhíonn sé faoi réir ag ainmfhocal sa Chéad Díochlaonadh

(i) atá sa ghinideach uatha nó sa ghairmeach uatha, e.g. mac an fhir phoist,
foirmeacha an fhocail bhunaidh, a aingil choimhdeachta; nó
(ii) atá san ainmneach iolra agus a chríochnaíonn ar chonsan caol, e.g. buidéil
bhainne, éisc mhara, cumainn chrábhaidh, innill bhainte.

Tabhair do d’aire nach séimhítear, áfach, d, s, t i ndiaidh d, n, l, s, t, e.g. báid seoil,


comhaid dlí, eastáit tithíochta, poill deataigh, ná f, e.g. baill foirne, crainn
fuinseoige, cuntais feirme, turais farraige.

Faightear macasamhail an tséimhithe sin ar lorg focail áirithe lasmuigh den Chéad
Díochlaonadh freisin:

7
(i) sa ghairmeach uatha i leaganacha seanbhunaithe, e.g. a dhuine chroí, a chara
chléibh;
(ii) tar éis faochain agus lachain, e.g. faochain mhóra, lachain bheaga.

Tabhair do d’aire, nuair a bhíonn aonad ilfhoclach á cháiliú ag ainmfhocal éiginnte sa


ghinideach, gurb é bunfhocal an aonaid ilfhoclaigh a rialaíonn cé acu a bhíonn
séimhiú ar an gcáilitheoir ainmfhoclach nó nach mbíonn, e.g. scoil phobail chathrach
(= cathrach faoi réir ag an mbunfhocal scoil) ach halla pobail cathrach (= cathrach
faoi réir ag an mbunfhocal halla).

(c) Séimhítear ainmfhocal dílis nó aonad cinnte sa ghinideach, e.g. Coláiste Cholmáin,
cuan Bhaile Átha Cliath, díon shiopa an bhúistéara, foireann Dhoire, oibrithe Bhéal
Feirste, mac fhear an tábhairne, muintir Sheáin, obair bhean an tí

ach

(i) ní shéimhítear San, e.g. Lá San Svaítín, Oíche San Seáin;

(ii) ní bhíonn séimhiú ar lorg:

(I) Féile sa ghinideach, e.g. Lá Fhéile Pádraig, Samhradh beag na Féile


Michíl;
(II) Naomh, e.g. litreacha Naomh Pól, cuimhneachán Naomh Peadar;
(III) San, e.g. Ord San Proinsias;

(iii) déantar ainm naoimh a infhilleadh agus a shéimhiú sa ghinideach nuair


nach mbíonn Féile, Naomh nó San roimhe, e.g. Coláiste Cholmáin,
Coláiste Mhuire, Scoil Bhríde, Áras Chrónáin. (Tugtar aitheantas do
leaganacha seanbhunaithe, e.g. an Pota Pádraig, coileach Mártan.)

(iv) ní shéimhítear ainmneacha laethanta, míonna, féilte, ná ainmneacha


teangacha, ach de réir riail 8 (a) thuas, e.g. Lá Samhna, Oíche
Shamhna, tráthnóna Sathairn, maidin Mháirt, leabhar Béarla, an
teanga Ghaeilge, cainteoirí Fraincise, amhráin Ghearmáinise;

(v) ní shéimhítear an t-ainmfhocal ar lorg chun, e.g. chun Seáin, chun


bean an tí.

(vi) ní shéimhítear Dé ná an t-ainmfhocal ar a lorg in ainmneacha na


laethanta, e.g. oíche Dé Máirt.

9. I ndiaidh Mhic, Mhig, Ní, Nic, Uí i sloinnte, e.g. Siobhán Ní Chonchubhair, Úna Nic
Shuibhne, Bean Mháirtín Uí Bhroin, teach Sheáin Mhic Cárthaigh agus Mac (Mag) i
sloinnte áirithe, e.g. Mac Pháidín, Mag Fhinn.

10. I ndiaidh agus (is), nó nuair a cheanglaíonn siad dhá ainmfhocal atá faoi réir ag an
bhfocal céanna le chéile agus nuair a bhíonn séimhiú ar an gcéad ainmfhocal díobh, e.g. idir
fhir is mhná, asal Sheáin nó Mháire.

8
11. I gcomhfhocail, ar lorg réimíre nó aon fhocal eile ach amháin nuair a thagann d, l, n, s, t,
le chéile, e.g. deargbhuile, róschrann, sárdhuine, ach antráth, catsúil, cúldoras, clostrácht,
cuas-súileach, fad-dúiseacht, galltrumpa, greadtine, ilsiolla, leasdeartháir, seanduine,
seansaighdiúir.
Tabhair do d’aire go mbíonn urú i ndiaidh éa-, éi-, e.g. éagóir, éigeart, agus go bhfágtar
roinnt comhfhocal atá seanbhunaithe gan séimhiú, e.g. coiscéim, eascara, fardoras,
foirceann.

12. I ndiaidh na copaile san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus
sa mhodh coinníollach, e.g. ba dhuine mór é, ní leis ab fhaillí é, ar shagart é?, níor
dhochtúir é, nár chapall maith é?, ceapaim gur ghadaí é, deir sé nár dhochar é, cér chás é,
dá mba chailín í, fear dar shloinne Ó Murchadha, má ba bhithiúnach é, murar bhacach é.

Séimhiú ar Aidiachtaí

1. Séimhítear túschonsan aidiacht cháilíochta i ndiaidh ainmfhocail:


(a) san ainmneach, tabharthach agus gairmeach uatha baininscneach, e.g. bean mhór,
don bhean mhór, a bhean mhór;
(b) sa ghinideach agus sa ghairmeach uatha firinscneach, e.g. mac an fhir mhóir, a fhir
mhóir;
(c) san ainmneach agus sa tabharthach iolra má chríochnaíonn an t-ainmfhocal ar
chonsan caol, e.g. fir mhóra, do na fir mhóra;
Eisceacht: caoirigh beaga (bána, móra, etc.).
(d) sa tabharthach uatha firinscneach, más é nós an tséimhithe ar an ainmfhocal atá á
leanúint (i.e. féach patrún Chanúint Uladh ar lch 3), e.g. ag an fhear bheag, ar an
oileán chiúin, as an réigiún chéanna, den fhear chrosta, roimh an lá fhada, san
fhuacht mhór.
Tabhair do d’aire nach séimhítear an aidiacht sa tabharthach uatha firinscneach nuair
nach mbíonn an t-alt ann, e.g. ag fear beag, ar oileán ciúin, i bhfuacht mór, d’fhear
crosta.

Tabhair do d'aire go gcuirtear na gnáthrialacha faoin séimhiú i bhfeidhm ar d, s, t i ndiaidh


d, l, n, s, t i gcás na n-aidiachtaí, e.g. áit dhorcha, an áit shalach, an bhean dhílis, an chos
thinn, an tsúil thinn, maoin shaolta, na báid dhubha, na poill dhoimhne, na poirt dhúbailte.

2. Le bunuimhreacha: tá dhá phatrún ann maidir leis an aidiacht cháilíochta ag cáiliú


ainmfhocail ar lorg bunuimhreach, agus cuirtear séimhiú ar an aidiacht sa dá phatrún
(féach an chaibidil Uimhreacha, lch 26).

Patrún A:
(a) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach uatha) ar lorg ainmfhocal uatha baininscneach
a bhfuil aon bhunuimhir roimhe, seachas sa ghinideach ar lorg aon.
(b) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach iolra) ar lorg cinn.

Tabhair do d’aire nach séimhítear an aidiacht más ainmfhocal uatha firinscneach atá i gceist.

Patrún B:
(a) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach iolra) ar lorg gach ainmfhocail (firinscneach
nó baininscneach) a bhfuil bunuimhir ó dhá go dtí naoi déag roimhe.

9
(b) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach iolra) ar lorg cinn, fichid.

3. Séimhítear aidiacht (nach aidiacht shealbhach í) roimh ainmfhocal ar an gcuma chéanna


ina séimhítear an t-ainmfhocal, e.g. do dhrochdhuine, ar shé euro, ach:

(a) ní shéimhítear cibé ná gach;


(b) ní shéimhítear an aidiacht orduimhreach san ainmneach ná sa ghinideach ach amháin
céad (féach lch 33 thíos) i ndiaidh an ailt, e.g. an cúigiú bean, hata an cúigiú fear.
Tabhair do d’aire go gcuirtear séimhiú nó urú amhail ar ainmfhocal ar an aidiacht
orduimhreach ar lorg réamhfhocal simplí (agus an ailt), e.g. ar an gcúigiú duine, don
cheathrú bean.

4. Bíonn séimhiú ar dhá i gcónaí ach amháin i ndiaidh an ailt (an, don, etc.) i ndiaidh aon
agus i ndiaidh an chéad, e.g. an dá áit, gach aon dá uair an chloig, an chéad dá bhliain.

5. Séimhítear déag i ndiaidh dó agus i ndiaidh ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta


ar lorg bunuimhreach, e.g. trí bhó dhéag, cúig lá dhéag, seacht mí dhéag (ach an tríú bó
déag, an cúigiú lá déag, etc.).

6. Séimhítear fichead i ndiaidh ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol san iolra, e.g.
trí cinn fhichead.

7. Séimhítear aidiachtaí sa chomhfhocal ar lorg réimíre nó aon fhocal eile ach amháin nuair
a thagann d, l, n, s, t le chéile, e.g. beagmhaitheasach, fíorchinnte, neamhghlan, ach an-
trom, bándearg, caolsúileach, costirim, fadsaolach, ildánach, ilteangach, lánsásta.

8. Séimhítear aidiachtaí i ndiaidh na copaile, san aimsir chaite agus san aimsir
ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g. ba dheas uait é, ar mhaith
leat é?, níor bheag an gaisce é, nár dhona an lá é?, dúirt sé gur mhór an leas dó é,
b’fhéidir nár chneasta uaim é, dá mba mhaith leat teacht, má ba shaibhir an fear é,
murarbh fhíor é níor cheart é a rá.

10
Urú

Is iad seo a leanas na consain inuraithe sa Ghaeilge: b, c, d, f, g, p agus t.


Ní uraítear na consain eile.

Cuirtear n- roimh ghuta san áit a ndéanfaí urú ar chonsan, e.g. ár n-áiseanna, a n-
ainmneacha, ocht n-oíche, ach ní chuirtear n- roimh ghuta ar lorg an ailt uatha sa
tabharthach, e.g. ar an uisce, don ollamh, faoin aer.

Urú ar Ainmfhocail
Uraítear túschonsan ainmfhocail:

1. I ndiaidh an ailt:
(a) sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, nuair a bhíonn aon cheann de
na réamhfhocail seo a leanas roimh an alt, i gcásanna áirithe (féach lch 2): ag, ar, as,
chuig, de, do, faoi, i, le, mar, ó, roimh, thar, trí, um.
Tabhair do d'aire nach séimhítear an mhaoluimhir i bhfrásaí mar iad seo a leanas: ón
ceathair (a chlog), ag an cúig (a chlog).

(b) sa ghinideach iolra, firinscneach agus baininscneach, e.g. ainmneacha na mban, ag


aistriú na bhfoirmeacha, ag maisiú na dtithe, ceol na n-éan, seolta na mbád beag,
scoil na gcailíní óga.

2. I ndiaidh na n-aidiachtaí sealbhacha san iolra, e.g. ár n-athair, bhur bpáistí, a


ngluaisteáin.
Bíonn urú i ndiaidh dhá má ghabhann aidiacht shealbhach san iolra roimhe, e.g. ár dhá
gcapall, bhur dhá dteach, a dhá mbó.

3. I ndiaidh na n-uimhreacha seacht go deich agus seacht déag go naoi déag, e.g. seacht
nduine, naoi mbliana, deich n-asal, ocht gcinn déag.
Tabhair do d’aire nach gcuirtear urú ar an ainmfhocal euro.

4. I ndiaidh:
(a) an réamhfhocail i, e.g. i mbaile, i bpáirc.
Scríobhtar in in ionad i n- roimh fhocail a thosaíonn ar ghuta, e.g. in Éirinn, in
oifig agus sna cásanna seo a leanas:
(i) roimh bhur, dhá, e.g. an áit a bhfuil sibh in bhur gcónaí, in dhá áit;
(ii) roimh theideal leabhair, irise, etc., e.g. in An Druma Mór, alt in
Gaelscéal;
(iii) roimh logainm nach bhfuil Gaelaithe, e.g. tá sé ag obair in
Birmingham, is in Barcelona a pósadh iad.

(b) na réamhfhocal ar agus go i gcorrleagan, e.g. ar gcúl, go bhfios dom;

Urú ar Aidiachtaí

Cuirtear urú ar aidiacht a thagann roimh ainmfhocal mar a dhéanfaí ar ainmfhocal, e.g. i
ngach áit, in aon chás, seolta na dtrí bhád, i gcaitheamh na gcúig oíche.

11
Ní chuirtear urú ar aidiacht ar lorg ainmfhocail, e.g. cumann na bhfear
óg.

An réamhlitir t-

t- roimh ghuta

San ainmneach, i ndiaidh an ailt uatha, cuirtear t- roimh:

(a) ainmfhocal firinscneach dar tús guta (seachas iliomad, iomad, oiread), e.g. an t-
asal, an t-éan, agus
(b) aon, aonú, ochtó, ochtódú, ochtú, e.g. an t-aon bhean déag, an t-aonú háit déag,
an t-ochtó bliain, an t-ochtú huair.

t- roimh s-
I ndiaidh an ailt uatha cuirtear t- roimh s- más guta nó l, n, r atá ar a lorg:

(a) i gcás ainmfhocal baininscneach:


(i) san ainmneach uatha, e.g. an tsaoire, an tsláinte, an tsnaidhm, an tsrón;
agus
(ii) sa tabharthach uatha, e.g. roimh an tsaoire, leis an tsláinte, den
tsnaidhm, faoin tsúil, ach féach treoir ghinearálta chanúint na Mumhan
ar lch 1;

(b) i gcás ainmfhocal firinscneach:


(i) sa ghinideach uatha, e.g. teach an tsagairt;
(ii) sa tabharthach uatha, más é nós chanúint Uladh atáthar a leanúint, e.g.
ar an tsuíochán, leis an tslua, sa tsneachta, sa tsruth;
(iii) sa tabharthach uatha ar lorg an réamhfhocail sa, más é treoir ghinearálta
chanúint na Mumhan atáthar a leanúint, e.g. sa tseomra, sa tsneachta.

Ní chuirtear t- roimh s-:

(a) i gcomhfhocail, e.g. an-sásta, seansaighdiúir;


(b) in orduimhreacha ná i mbunuimhreacha, e.g. deireadh an seachtú lá, i dteannta an
seasca euro;
(c) i ndiaidh aon ná céad, e.g. aon salann, aon seanmóir, aon sráid, an chéad sagart.

12
Séimhiú ar an mBriathar
1. Séimhítear an briathar neamhspleách:

(a) san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh
coinníollach, e.g. mhol mé (mhol tú, etc.), mholainn (mholtá, etc.), mholfainn
(mholfá, etc.), mholtaí, mholfaí.

Tabhair do d’aire nach séimhítear an saorbhriathar san aimsir chaite, e.g.


beannaíodh, cruinníodh, sábháladh, tíolacadh, seachas briathra neamhrialta áirithe,
e.g. bhíothas, chonacthas, chualathas, chuathas, thángthas.

(b) i ndiaidh a, coibhneas díreach, agus na míreanna agus na gcónasc seo a leanas: cad,
cathain, cé, cén uair, céard, conas, má, mar, nuair, ó, e.g.

An té a ghlanfaidh an áit
An gluaisteán a thiomáineann sí
Cad (Céard) a bhainfeadh dó?
Cathain (Cén uair) a thiocfaidh sí?
Cé a mholfaidh é?
Conas a mharódh sé é?
Má bhíonn tú ann
De réir mar a thitfidh
Nuair a thiocfaidh siad
Ó chuir tú i mo cheann é

(c) san fhochlásal dearfach atá mar ainmní ag an gcopail i leaganacha mar is ann a
chonaic mé é, is léi a bheidh mé.

Tabhair do d'aire go n-uraítear an briathar faigh san aimsir chaite, san aimsir
fháistineach agus sa mhodh coinníollach, e.g. ní bhfuair mé (tú, etc.), ní bhfaighidh mé
(tú, etc.), ní bhfaighinn (bhfaighfeá, etc.).

2. Séimhítear an briathar spleách san aimsir chaite i ndiaidh na gcónasc agus na míreanna
briathartha seo a leanas: ar, cár, dár, gur, murar, nár, ní, níor, sular, e.g.

Ar chuir sí i bhfolach é?
An bhfuil a fhios agat ar tháinig sé abhaile fós?
An fear ar chuir sí an litir chuige.
Cad é an áit ar chaill tú é?
Cár ghortaigh sí í féin?
Gach duine dár chuir tú in aithne dom.
Sílim gur thuig siad mé.
Murar mharaigh sé é chuaigh sé gairid dó.
Nár phós sé riamh?
An bhean nár chreid an scéal.
Ní fhaca siad mé.
Níor fhéad mé é a dhéanamh.
Bhí mise anseo sular tháinig Seán.

13
Tabhair do d’aire go gcuirtear séimhiú ar an saorbhriathar sna cásanna ina séimhítear na
foirmeacha eile, e.g. ní mholtar dó imeacht, mholtaí sin tráth, ach amháin san aimsir chaite,
e.g. níor moladh é sin, agus ar táthar.

Urú ar an mBriathar
Uraítear an briathar:

1. San fhochlásal coibhneasta:


(a) i ndiaidh a, coibhneas indíreach, agus nach, e.g. an bainne nach n-óltar, an duine a
(nach) gcáintear é, an bhean a (nach) dtagann a páistí ar scoil, an fear a (nach)
gcuirtear cúram air;
(b) i ndiaidh a (gach a) agus dá (de + a, do + a), e.g. d’ólfadh sé a bhfeicfeadh sé, gach
aon duine dá dtagann ann, an t-alt dá dtagraítear anseo.

2. I ndiaidh na míreanna briathartha agus na gcónasc seo a leanas: an, cá, dá


(coinníollach), go, mura, nach, sula, e.g.

An bhfuil an ceart agam?


Cá dtéann an bóthar seo?
Dá mbeadh an t-airgead aige, chaithfeadh sé é.
Abair léi go bhfuil cead aici imeacht.
Go dtuga Dia ciall duit.
Fan go bhfeicfidh tú.
Mura n-iarrfaidh tú é ní bhfaighidh tú é.
Nach n-ólann sé bainne?
Deir siad nach bhfillfidh siad.
Sula dtiocfaidh sí.

h roimh Ghuta
Cuirtear h roimh ghuta sna cásanna seo a leanas:

I gcás Ainmfhocail
1. I ndiaidh an ailt na:
(a) sa ghinideach uatha baininscneach, e.g. ainm na háite;
(b) san ainmneach agus sa tabharthach iolra, e.g. na hainmneacha, sna hionaid
sin.

2. I ndiaidh a, aidiacht shealbhach, 3ú pearsa uatha baininscneach, e.g. a hathair.

3. I ndiaidh na copaile diúltaí ní sna frásaí seo a leanas: ní heol dom, ní hacmhainn dom, ní
háil liom, ní hionadh é.

14
Seachas na hainmfhocail sin, ámh, bíonn túsghuta ainmfhocail lom i ndiaidh ní, e.g. ní
ealaín dheas í, ní iasc atá ann, ní áibhéil é, ní éacht ar bith é.

4. I ndiaidh na n-orduimhreacha, ach amháin céad, e.g. an dara (tríú, etc.) heochair.

5. I ndiaidh trí, ceithre, cúig, sé, ar ainmfhocal san uimhir iolra, e.g. trí (ceithre, sé) huaire,
cúig horlaí déag.

6. I ndiaidh na réamhfhocal go agus le, e.g. ó mhaidin go hoíche, le hintinn mhaith.

7. I ndiaidh cá, e.g. cá háit, cá hiontas?

8. I ndiaidh Ó i sloinnte, e.g. Liam Ó hÓgáin, Seán Ó hAodha.

9. I ndiaidh Dé in Dé hAoine.

I gcás Aidiachta

1. I ndiaidh chomh, go, le, e.g. chomh hard le haon chapall, tá sé go hálainn.

2. I ndiaidh a, na, sna huimhreacha, e.g. ceacht a haon, na hocht gcinn.

3. I ndiaidh na copaile diúltaí ní (i ngach céim den aidiacht), e.g. ní hannamh an rud é, ní
hionann an dá rud, ní haon scoláire mór é, ní hamháin sin, ní heagal dom a leithéid a
rá, ní hairde Seán ná é.

I gcás Dobhriathair

I ndiaidh na copaile diúltaí ní, cuirtear h roimh an dobhriathar amhlaidh, e.g. ní hamhlaidh a
tharla.

I gcás Forainm

I ndiaidh cé agus ní, sna forainmneacha é, í, iad, ea, eisean, ise, iadsan, e.g. cé hé?, cé hí?,
cé hiad?, ní hé, ní hí, ní hea.
I ndiaidh ní sna forainmneacha éard, in, iúd agus eo, e.g. ní héard, ní hin, ní hiúd, ní heo.

I gcás Briathair

I ndiaidh ná leis an modh ordaitheach, e.g. ná himigh, ná habair.

Tabhair do d’aire nach gcuirtear h- roimh an saorbhriathar san aimsir chaite, e.g. ordaíodh,
níor ordaíodh, gur ordaíodh, má ordaíodh.

d’ roimh Bhriathar

Cuirtear d’ roimh ghuta nó fh- san áit a mbeadh séimhiú ar chonsan san aimsir chaite agus
san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g. d’ól sé,
d’fhágamar, d’ithinn, d’fhanadh sibh, d’imeoinn, d’fhreagróinn, an té a d’imigh, an cheist a

15
d’fhreagair sé, nuair a d’fhágaidís an áit, an méid a d’íosfadh sé, má d’fhág sé, má
d’imríomar, má d’fheiceadh sé, má d’aithnídís.

Cuirtear a i gcónaí roimh an ainm briathartha sa struchtúr cuspóir + a + ainm briathartha,


e.g. an obair atá sé a dhéanamh, chun an t-airgead a fháil, abair leis gan é a ithe.

16
2 AN tAINMFHOCAL

Na Díochlaontaí
Roinntear na hainmfhocail ina gcúig Dhíochlaonadh, de réir fhoirm a dtuiseal ginideach
uatha, mar a léirítear i dTábla 3.

Na Tuisil

1. An tAinmneach agus an Cuspóireach


Mar gurb ionann foirm don dá thuiseal seo, san uatha agus san iolra, áirítear iad araon
faoin gcolún Ainmneach i ndíochlaonadh na n-ainmfhocal.

2. An Tabharthach
(a) Den chuid is mó is ionann foirm freisin don tabharthach agus don
ainmneach, uatha agus iolra, agus áirítear an tuiseal sin chomh maith faoin
gcolún Ainmneach.
(b) Tá foirm leithleach sa tabharthach uatha ag Éire, e.g. in Éirinn.
(c) Is í foirm stairiúil an tabharthaigh, uatha agus iolra, a úsáidtear i bhfrásaí
seanbhunaithe a bhfuil brí ar leith leo freisin, e.g. rud a chur faoi chois,
duine a thabhairt ar láimh, dár gcionn, cur i gcéill, bolg le gréin, ar na
mallaibh, ar uairibh, ó chianaibh.

3. An Ginideach
Tugtar foirm an ghinidigh do na díochlaontaí éagsúla i dTábla 3 (féach lch 19 agus sa
trácht ar na díochlaontaí ar leithligh.

4. An Gairmeach
(a) Sa tuiseal gairmeach cuirtear an mhír a roimh an ainmfhocal agus
séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar a lorg.
(b) Is ionann foirm don ghairmeach agus don ainmneach ach amháin sa chéad
díochlaonadh agus ní gá é a shonrú ar leithligh taobh amuigh den
díochlaonadh sin.

An tIolra

Is féidir iolraí na n-ainmfhocal a roinnt ina dhá bpríomhaicme:

1. Iolraí mar iad seo a leanas a bhfuil foirm leithleach acu sa ghinideach:

(a) ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan san ainmneach, uatha agus iolra, e.g.
fear, fir. Sa chéad díochlaonadh amháin atá na hiolraí sin. Is ionann foirm don
ghinideach iolra agus don ainmneach uatha acu.
(b) ainmfhocail a ghabhann an foirceann -a gan coimriú ná malartú guta nó gutaí
ar an mbunfhoirm, e.g. cailleach, cailleacha. Sa dara díochlaonadh is mó atá
na hiolraí sin. Cailleann siad an -a sa ghinideach iolra.
(c) dornán ainmfhocal sa Dara agus sa Chúigiú Díochlaonadh, e.g. dúil, glúin,
súil, caora, faocha, lacha agus corr-ainmfhocal neamhrialta, e.g. bó, bean.

17
2. Iolraí a choinníonn an fhoirm chéanna do gach ceann de na tuisil. Baineann leis an
aicme seo gach iolra nach bhfuil luaite faoi phointe 1 thuas. Tugtar tréaniolraí orthu
uaireanta toisc nach n-athraíonn a bhfoirm.

Caolú

Is ionann caolú i ndíochlaonadh ainmfhocal agus consan leathan a dhéanamh caol. Is é is


consan leathan ann consan a bhfuil guta leathan roimhe. Caolaítear é de ghnáth trí -i- a chur
roimhe, e.g. cnoc, cnoic.

Athraítear gutaí áirithe, go hiondúil, mar seo a leanas nuair a chaolaítear an consan ina
ndiaidh:

a) -ea- agus -io- > -i-, e.g. ceann, cinn; fionn, finn ach in ainmfhocail
aonsiollacha áirithe ea- > ei-, e.g. each, eich;
b) -éa- agus -ia- > -éi-, e.g. béal, béil; iasc, éisc ach fiach (= seilg), fiaigh; srian,
sriain;
c) -ío- > -í-, e.g. síol, síl;
d) in ainmfhocail ilsiollacha, -ach > -aigh, -each > -igh, -íoch > -ígh, e.g.
bithiúnach, bithiúnaigh; cléireach, cléirigh; gaiscíoch, gaiscígh.
Tabhair do d'aire go mbaineann an t-athrú sin leis na hainmfhocail
aonsiollacha seo a leanas: dúch, dúigh; fiach, fiaigh; agus le corr-ainmfhocal
aonsiollach eile, e.g. bruach, bruaigh; fraoch, fraoigh.

Leathnú

Is ionann leathnú i ndíochlaonadh ainmfhocal agus malairt an ní is caolú ann. Déantar an


leathnú de ghnáth tríd an -i- roimh an gconsan deiridh a ligean ar lár, e.g. athair, athar;
droim, droma.
Athraítear gutaí áirithe, go hiondúil, mar a leanas nuair a leathnaítear iad:
a) -ei-, -i- > -ea-, e.g. greim, greama; mil, meala;
b) -éi- > -éa-, e.g. tincéir, tincéara;
c) -ui- > -o-, e.g. fuil, fola.

Coimriú

Is é is coimriú ann guta nó gutaí atá gairid neamhaiceanta a ligean ar lár as focal nuair a
dhéantar infhilleadh gramadaí air, e.g. cathair, cathrach; obair, oibre.

18
TÁBLA 3: GEARRLÉIRIÚ AR NA DÍOCHLAONTAÍ
Díochlaona Uatha Iolra Inscne
dh
Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach
I Críochnaíonn ar chonsan Caolaítear an consan Ar aon fhoirm de Ar aon fhoirm de Firinscneach
leathan, e.g. bád, marcach, deiridh, e.g. báid, ghnáth leis an ghnáth leis an
ceol, cás. marcaigh, ceoil, cáis. nginideach uatha, e.g. ainmneach uatha,
báid, marcaigh. e.g. bád, marcach.
I gcás tréaniolraí is ionann foirm do na tuisil
go léir, e.g. ceolta, cásanna.
II Críochnaíonn ar chonsan Críochnaíonn ar -e, e.g. (1) -a, e.g. bróga, Cailltear an -a, e.g. Baininscneach ach
(leathan nó caol), e.g. bróg, bróige, áite, aislinge, scornacha, bróg, scornach, corrfhocal
áit, aisling, foirm, pian, tír, foirme, péine, tíre, coille; baintreacha. baintreach. firinscneach, e.g.
coill, scornach, baintreach. nó ar -(a)í, e.g. scornaí, im, sliabh.
baintrí. (2) -(e)anna, -í, -acha, -t(h)a, -te, an fhoirm
chéanna do na tuisil go léir, e.g. áiteanna,
aislingí, foirmeacha, pianta, tíortha, coillte.

III Críochnaíonn ar chonsan Críochnaíonn ar -a, e.g. -(a)í, -anna, -acha, -ta, -te, an fhoirm Firinscneach agus
(leathan nó caol), e.g. bádóir, bádóra, éachta, feadaíola, chéanna do na tuisil go léir, e.g. bádóirí, baininscneach
éacht, feadaíl, foráil, gleann, forála, gleanna, lusa, éachtaí, forálacha, gleannta, lusanna,
lus, táin. tána. táinte.
IV Críochnaíonn ar ghuta nó ar -ín, e.g. acra, oibrí, trá, cailín. -í, -(i)the, -nna, an fhoirm chéanna do na Firinscneach agus
Ní athraíonn sa ghinideach. tuisil go léir, e.g. acraí, cailíní, oibrithe, baininscneach
tránna.
V Críochnaíonn ar -il, -in, -ir, nó Críochnaíonn ar chonsan -cha, -na, -í, an fhoirm chéanna do na tuisil Firinscneach agus
ar ghuta, e.g. cabhail, cáin, leathan, e.g. cabhlach, go léir, e.g. cabhlacha, cánacha, baininscneach
athair, monarcha, fiche. cánach, athar, monarchan, aithreacha, monarchana, fichidí.
fichead.

19
3 FOIRM AN AINMNIGH IN IONAD AN GHINIDIGH
I gcásanna áirithe ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal ná ar ainm briathartha ar lorg focal
nó leagan a leanann an ginideach é de ghnáth.

An tAinmfhocal Cinnte
1. Ainmfhocal + Ainmfhocal Eile:
Má bhíonn ainmfhocal cinnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocal eile fágtar an chéad
ainmfhocal san ainmneach de ghnáth nuair a bhíonn sé faoi réir ag focal nó ag leagan a
leanann an ginideach é.
Séimhítear túschonsan an ainmfhocail sin seachas i bhfrásaí ainm briathartha (féach pointe
2 thíos).

Is ainmfhocal cinnte:

(a) ainm duine áirithe nó áit áirithe, e.g. Domhnach Broc, Seán (ní áirítear ainm aicme, e.g.
Éireannach, Sasanach, mar ainmfhocal cinnte)
(b) ainmfhocal a bhfuil an t-alt roimhe, e.g. an fear, an bhean
(c) ainmfhocal a bhfuil aidiacht shealbhach roimhe, e.g. mo mhac, a hathair
(d) ainmfhocal a bhfuil gach (gach aon, gach uile) roimhe, e.g. gach máthair
(e) ainmfhocal a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg, e.g. mac na baintrí
(f) ainmfhocal a bhfuil uimhir ar a lorg, e.g. Cuid III, riail a sé.

Samplaí:

(a) mac Sheáin — cóta mhac Sheáin;


muintir Shligigh — ag cáineadh mhuintir Shligigh;
cathair Phort Láirge — pobal chathair Phort Láirge.
(b) fear an tí — hata fhear an tí;
clann an fhir oibre — ag moladh chlann an fhir oibre;
mná na tíre — caint mhná na tíre.
(c) doras a thí — os cionn dhoras a thí;
iníon mo dhearthár — fear céile iníon mo dhearthár;
iasacht a ghunna — ag iarraidh iasacht a ghunna.
(d) tús gach bliana — tar éis thús gach bliana;
teideal gach leabhair — ag meabhrú theideal gach leabhair.
(e) Ollscoil na hÉireann — Oifigí Ollscoil na hÉireann;
obair na hoifige — i dteannta obair na hoifige;
Craobh na hÉireann — cluiche ceannais Chraobh na hÉireann;
Imeacht na nIarlaí — i ndiaidh Imeacht na nIarlaí;
Rannóg an Aistriúcháin — caighdeán litrithe Rannóg an Aistriúcháin — ag léiriú
chaighdeán litrithe Rannóg an Aistriúcháin.
(f) caibidil a trí déag — tús chaibidil a trí déag;
complacht a cúig — saighdiúirí chomplacht a cúig.

Ach más ainm briathartha an chéad ainmfhocal atá faoi réir ag focal, nó ag leagan, a
leanann an ginideach é déantar athrú an ghinidigh air i ndiaidh ainmfhocail agus
séimhítear é de réir na ngnáthrialacha a bhaineann le séimhiú ar ainmfhocal ar lorg
ainmfhocal eile, e.g. bean chasta na tuirne, fear cosanta na tíre, fir bhuailte an arbhair.
20
Tabhair do d’aire gurb amhlaidh atá i gcás aonad éiginnte más ainm briathartha an chéad
ainmfhocal sa ghinideach, e.g. fear díolta páipéar, lucht múchta tine, etc.

2. Ainmní/cuspóir + a + ainm briathartha:


Nuair a bhíonn ainmfhocal nó frása ainmfhoclach á cheangal ag an réamhfhocal a (< do)
le hainm briathartha ina dhiaidh fágtar an t-ainmfhocal san ainmneach ar lorg focal nó
leagan a leanann an ginideach é, e.g.

ag iarraidh caint a bhaint asam


ag iarraidh mo chos a bhriseadh
ag iarraidh na ba bána a dhíol

chun fear an tí a ghabháil


chun obair an tí a dhéanamh
d’fhonn airgead a thuilleamh

i gcoinne muintir na hÉireann a bheith sa chogadh


i mbun an teach pobail a thógáil
le linn na fir oibre a fhostú
tar éis an t-ordú a chomhlíonadh

ar aigne an litir a scríobh


ar tí na fuinneoga móra a dhúnadh

(Cuirtear an t-ainmfhocal sa tabharthach i ndiaidh réamhfhocal lena ngabhann an tuiseal sin,


e.g. leis an ngnó a dhéanamh, leis an charr a dhíol, as an asal a dhíol).

21
An tAinmfhocal Éiginnte
Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar aon ainmfhocal éiginnte atá cáilithe ag na cáilitheoirí seo a
leanas, ach amháin nuair a leanann ainmfhocal éiginnte uimhir phearsanta, e.g. triúr fear léannta.

(a) aidiacht cháilíochta, e.g. beag, casta, folamh, suimiúil, etc.


(b) ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta, e.g. bréige, breise, ionaid, miotail, etc.
(c) frása aidiachtach, e.g. ar bith, as an ngnáth, thar barr, etc.
(d) clásal aidiachtach, e.g. a bhfuil clú agus cáil air, atá ar fheabhas, nach ndónn, etc.
(e) an aidiacht éiginnte aon (= ar bith)
(f) na réimíreanna an-, dea-, sár-.

1. ag + ainm briathartha + ainmfhocal éiginnte cáilithe


Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte cáilithe (ná ar a cháilitheoir) a
thagann go díreach i ndiaidh ainm briathartha a bhfuil ag (nó a < do) roimhe.

Samplaí:
(a) nuair a bhíonn aidiacht cháilíochta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g.
Uatha Iolra
ag déanamh bád beag ag déanamh báid bheaga
ag léamh leabhar suimiúil ag léamh leabhair shuimiúla
ag deisiú fuinneog bhriste ag deisiú fuinneoga briste
ag scríobh litir fhada ag scríobh litreacha fada
ag lorg fear mór ag lorg fir mhóra
ag caitheamh casóg éadrom ag caitheamh casóga éadroma

(b) nuair a bhíonn ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta ag cáiliú an


ainmfhocail, e.g.
Uatha Iolra
ag déanamh bád seoil ag déanamh báid seoil
ag léamh leabhar gramadaí ag léamh leabhair ghramadaí
ag glanadh fuinneog ghloine ag glanadh fuinneoga gloine
ag scríobh litir ghearáin ag scríobh litreacha gearáin
ag lorg fear gnó ag lorg fir ghnó
ag caitheamh casóg shíoda ag caitheamh casóga síoda

(c) nuair a bhíonn frása aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. bhí sé ag


caitheamh casóg gan cochall, bhí sí ag déanamh iarracht ar leith, níl mé ag
iarraidh leithscéal ar bith, níor mhaith liom bheith ag déanamh turas in aisce.
Tabhair do d’aire gur frása aidiachtach agus nach frása dobhriathartha atá i
gceist, i.e. gurb é an t-ainmfhocal atá á cháiliú ag an bhfrása, ní an briathar.

(d) nuair a bhíonn clásal aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. ní fiú bheith ag
léamh dréacht nach bhfuil críochnaithe fós, tá mé ag iarraidh dochtúir atá
cáilithe, tá sí ag lorg teach a bhfuil garáiste leis.

(e) nuair a bhíonn an aidiacht éiginnte aon roimh an ainmfhocal, e.g. níl sé ag fágáil
aon smál, níl siad ag iarraidh aon mhilseáin (iolra), níl tú ag déanamh aon
dochar.

22
(f) nuair a bhíonn na réimíreanna an-, dea-, sár- leis an ainmfhocal, e.g. ag
déanamh an-obair, ag déanamh sáriarracht, ag lorg dea-thoradh.

Tabhair do d’aire nuair a bhíonn an t-alt roimh an ainmfhocal go gcuirtear infhilleadh an


ghinidigh i bhfeidhm i ngach cás ó (a) go (f) thuas, e.g. ag déanamh an bháid bhig, ag
déanamh na mbád beag; ag déanamh an bháid seoil, ag déanamh na mbád seoil; bhí sé ag
caitheamh na casóige gan cochall; táim ag iarraidh an dochtúra atá cáilithe, tá mé ag
iarraidh na ndochtúirí atá cáilithe; d’ainneoin na sáriarrachta.

2. Réamhfhocal comhshuite + ainmfhocal éiginnte cáilithe


Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte cáilithe (ná ar a cháilitheoir) a
thagann go díreach i ndiaidh réamhfhocal comhshuite.

(a) nuair a bhíonn aidiacht cháilíochta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g.


Uatha Iolra
ar aghaidh fuinneog ghlan ar aghaidh fuinneoga glana
de bharr costas riachtanach de bharr costais riachtanacha
i gcoinne múinteoir dúthrachtach i gcoinne múinteoirí dúthrachtacha
in ionad bróg dhearg in ionad bróga dearga

(b) nuair a bhíonn ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g.
Uatha Iolra
ar aghaidh fuinneog ghloine ar aghaidh fuinneoga gloine
de bharr costas breise de bharr costais bhreise
i gcoinne múinteoir cúnta i gcoinne múinteoirí cúnta
in ionad bróg leathair in ionad bróga leathair

(c) nuair a bhíonn frása aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. a bheith i dteideal airgead
ar ais, bhí sí i mbun obair in aisce, in ainneoin leithscéal ar bith, tháinig sé ar thóir casóg
gan cochall.

(d) nuair a bhíonn clásal aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. ar chúl teach a bhfuil
garáiste leis, i gcomhluadar dochtúir atá cáilithe, ní fiú bheith i mbun dréacht nach bhfuil
gá leis.

(e) nuair a bhíonn an aidiacht éiginnte aon roimh an ainmfhocal, e.g. de cheal aon mhilseáin
(iolra), níl sé i bhfabhar aon mholadh, níl tú i mbun aon obair.

(f) nuair a bhíonn na réimíreanna treise an-, dea-, sár- leis an ainmfhocal, e.g. de dheasca
dea-thoradh, i lár sár-leabhar, i mbun an-obair, i ndiaidh sáriarracht.

Tabhair do d’aire nuair a bhíonn an t-alt roimh an ainmfhocal go gcuirtear infhilleadh an


ghinidigh i bhfeidhm i ngach cás ó (a) go (f) thuas, e.g. in ionad na bróige deirge, in ionad na
mbróg dearg; le haghaidh an bhréagáin adhmaid, le haghaidh na mbréagán adhmaid; tháinig sé
ar thóir na casóige gan cochall, tháinig sé ar thóir na gcasóg gan cochall; i gcomhluadar an
dochtúra atá cáilithe, i gcomhluadar na ndochtúirí atá cáilithe; i ndiaidh na sáriarrachta, i
ndiaidh na sáriarrachtaí.

3. Ainmfhocal + aidiacht ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é de ghnáth


Má bhíonn ainmfhocal + aidiacht faoi réir ag ainmfhocal eile ní chuirtear athrú an
ghinidigh i bhfeidhm ar an ainmfhocal ná ar an aidiacht.
23
Uatha Iolra
ábhar saothar clúiteach ábhair shaothair chlúiteacha
cumhdach bord plaisteach cumhdaigh bhoird phlaisteacha
iníon fear mór iníonacha fir mhóra
mac bean bheag páistí mná beaga
póca casóg dhubh cnaipí casóga dubha
sáil bróg éadrom sála bróga éadroma
seol bád dubh seolta báid dhubha
tuarastal oifigeach sinsearach rúnaithe oifigigh shinsearacha

a chuid arán donn a cuid bonnóga milse


a lán fíon dearg a lán fir oibre
roinnt seacláid the roinnt milseáin bhoga

Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta an t-ainmfhocal éiginnte atá á cháiliú a
chur sa ghinideach i gcónaí sa chás seo.

4. Ainmfhocal + Cáilitheoir Ainmfhoclach ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é


de ghnáth
Má bhíonn ainmfhocal agus cáilitheoir ainmfhoclach faoi réir ag ainmfhocal eile ní
chuirtear athrú an ghinidigh ar an dara hainmfhocal.

Uatha Iolra
bonn bróg leathair boinn bhróga leathair
cnaipe casóg shamhraidh cnaipí casóga samhraidh
cuóta bád iascaireachta cuótaí báid iascaireachta
cuirtíní fuinneog dhín cuirtíní fuinneoga dín
tuarastal oifigeach cléireachais dualgais oifigigh chléireachais

a chuid arán coirce a cuid bonnóga coirce


a lán leann úll a lán pióga feola
roinnt ábhar machnaimh roinnt mic léinn

Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta an t-ainmfhocal éiginnte atá á cháiliú a
chur sa ghinideach i gcónaí sa chás seo.

24
An tAinm Briathartha
1. Ní théann athrú an ghinidigh ar ainm briathartha nuair a bhíonn an forainm réamhthagrach
a roimhe, e.g. tá sé tar éis a admháil go ndearna sé é, tá sé ag iarraidh a dheimhniú go
mbeidh gach ní ina cheart.

2. Mura bhfuil ginideach mar ghnáth-ainmfhocal ag ainm briathartha is iondúil nach ndéantar
athrú an ghinidigh air sna cásanna seo a leanas:

(a) Nuair a bhíonn sé ina chuspóir go díreach ar lorg ainm briathartha eile a bhfuil ag (nó a <
do) roimhe, e.g.

ag cur caitheamh ann


a chur scaipeadh ar an airgead
ag déanamh athrú (marú, scrúdú)
ag fáil ardú (cáiliú)
ag iarraidh éirí (seasamh, suí)
ag tabhairt bualadh (moladh, ordú) dó

(b) Nuair a thagann sé go díreach i ndiaidh réamhfhocal a ghabhann an ginideach, e.g.

ar tí briseadh
ar tí (chun, tar éis) pósadh
chun dul abhaile
i riocht scríobh
tá an lá ag dul chun síneadh
tar éis éirí (suí)
tar éis greadadh leis
tá sé chun séideadh níos measa

Tabhair do d’aire, áfach, go ndéantar athrú an ghinidigh:

(i) nuair a thagann an t-alt idir an t-ainm briathartha agus an cuspóir, e.g. ag ceannach an tí
mhóir, ag treabhadh na páirce bige;

(ii) nuair a thagann aidiacht shealbhach idir an t-ainm briathartha agus cuspóir nach bhfuil
aidiacht ná cáilitheoir ainmfhoclach leis, e.g. ar tí a phósta, fearacht a athar.

25
4 UIMHREACHA

Na Maoluimhreacha
Is mar atá leagtha amach anseo thíos a ghabhann na maoluimhreacha:
(a) nuair a úsáidtear iad sa chomhaireamh lom, e.g. a haon, a dó;
(b) más rompu a thagann an focal atá faoi réir acu, e.g. sa bhliain míle, cúig chéad
nócha a dó, bus a dó;
(c) nuair a úsáidtear iad chun an t-am a insint, e.g. a haon a chlog, cúig nóiméad
tar éis a dó, ceathrú tar éis a trí, leathuair tar éis a ceathair, fiche nóiméad
chun a sé, ceathrú chun a dó dhéag; agus
(d) nuair a úsáidtear iad leis an réamhfhocal de agus ainmfhocal sa tuiseal
tabharthach, uimhir iolra, ar a lorg, e.g. a ceathair déag de bhlianta ó shin.

Bíonn an mhír a roimh na maoluimhreacha ó 0 go 19 go hiondúil:

0-19
0 a náid 10 a deich
1 a haon 11 a haon déag
2 a dó 12 a dó dhéag
3 a trí 13 a trí déag
4 a ceathair 14 a ceathair déag
5 a cúig 15 a cúig déag
6 a sé 16 a sé déag
7 a seacht 17 a seacht déag
8 a hocht 18 a hocht déag
9 a naoi 19 a naoi déag

Ó 20 ar aghaidh is é an córas seo a leanas a leantar:

20 ar aghaidh
20 fiche 60 seasca
21 fiche (is) a haon 61, 62, seasca (is) a haon; seasca (is)
etc. a dó, etc.
22 fiche (is) a dó 70 seachtó
23 fiche (is) a trí 71, 72, seachtó (is) a haon; seachtó
etc. (is) a dó, etc.
24 fiche (is) a ceathair 80 ochtó
25 fiche (is) a cúig 81, 82, ochtó (is) a haon; ochtó (is) a
etc. dó, etc.
26 fiche (is) a sé 90 nócha
27 fiche (is) a seacht 91, 92, nócha (is) a haon; nócha (is) a
etc. dó, etc.
28 fiche (is) a hocht 100 céad
29 fiche (is) a naoi 101, 102 céad is a haon; céad is a dó; ...
… 110 céad is a deich
30 tríocha 111, 112... céad is a haon déag; céad is a
120 dó dhéag;... céad (is a) fiche

- 26 -
31, 32, tríocha (is) a haon; tríocha (is) 221, 222, dhá chéad fiche (is) a haon;
etc. a dó, etc. etc. dhá chéad fiche (is) a dó, etc.
40 daichead 1,333, míle, trí chéad tríocha (is) a
1,334, etc. trí; míle, trí chéad tríocha (is)
a ceathair, etc.
41, 42, daichead (is) a haon; daichead 11,111, aon mhíle dhéag, céad (is) a
etc. (is) a dó, etc. etc. haon déag, etc.
50 caoga 1,234,567 milliún, dhá chéad tríocha (is)
a ceathair míle, cúig chéad
seasca (is) a seacht
51, 52, caoga (is) a haon; caoga (is) a
etc. dó, etc.

Na Bunuimhreacha
Is san ainmneach uatha a bhíonn an t-ainmfhocal tar éis na bunuimhreach (seachas an
dornán d’eisceachtaí in Foirmeacha iolra ar lch 29). Séimhítear túschonsan an
ainmfhocail uatha tar éis 1-6 agus 11-16 (seachas d, s, t ar lorg aon) agus uraítear
túschonsain agus túsghutaí araon tar éis 7-10 agus 17-19. Ní chuirtear séimhiú ná urú
ar an ainmfhocal ar lorg iolraithe de 10.

Ainmfhocal dar tús consan Ainmfhocal dar tús guta


bosca amháin (aon bhosca amháin) uachtarán amháin (aon uachtarán amháin)
dhá bhád dhá altóir
trí bheartas trí oíche
ceithre chúirt ceithre oifig
cúig chás cúig iasacht
sé phríosún sé eala
seacht gcolún seacht n-eastát
ocht gcóip ocht n-uaireadóir
naoi bprionsabal naoi n-albam
deich mbileog deich n-úll
fiche peann fiche abairt
tríocha caibidil tríocha ollmhargadh
caoga leabhar caoga óstán

Is í foirm an ainmnigh uatha de bos, bróg, cluas, cos, lámh a úsáidtear i ndiaidh 2
agus uimhreacha a chríochnaíonn ar 2 (e.g. 12, 22, 102, 10112), e.g. dhá bhos, dhá
bhróg déag, dhá chluas, dhá chos, dhá lámh.

- 27 -
Déag
Cuirtear séimhiú ar déag sna cásanna seo a leanas:
(a) sa mhaoluimhir dó dhéag; agus
(b) nuair a bhíonn sé ag cáiliú ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta, e.g. dhá
lá dhéag, trí mhí dhéag, ceithre thábla dhéag, ocht n-oíche dhéag.

Ní shéimhítear déag i ndiaidh na bhfoirmeacha iolra, e.g. trí huaire déag, ceithre
bliana déag, cúig slata déag, naoi bpingine déag.

Tabhair do d’aire, nuair a bhíonn aonad ilfhoclach á chomhaireamh,


a) gur i ndiaidh an aonaid ilfhoclaigh (i.e. ainmfhocal agus a cháilitheoir) a
thagann d(h)éag, agus
b) gurb é bunfhocal an aonaid ilfhoclaigh a rialaíonn an séimhiú ar déag, e.g. trí
champa samhraidh dhéag, naoi mbille cánach dhéag ach dhá chás cúirte
déag,

Má tá déag mar chuid de bhunuimhir beidh déag díreach i ndiaidh na míre den
bhunuimhir atá á cáiliú aige, e.g. seacht milliún déag euro.

Is iondúil leis na déaga, áfach, an leagan seo a leanas a úsáid: aon (dhá, etc.) cheann
déag de bháid mhóra. Is féidir feidhm a bhaint as an múnla sin freisin i gcás
uimhreacha eile, e.g. seacht gcinn de bháid mhóra, ceithre cinn is fiche de bháid
mhóra.

Os cionn 20

Is féidir na bunuimhreacha os cionn 20 a scríobh ar dhá bhealach, Patrún A agus


Patrún B thíos.

Patrún A:
Bíonn an gnáthathrú tosaigh ar an ainmfhocal i ndiaidh na bunuimhreach.

Patrún B:
Cuirtear an uimhir iomlán roimh an ainmfhocal agus ní chuirtear séimhiú ná urú ar an
ainmfhocal i ndiaidh na huimhreach.

Patrún A Patrún B
trí bhád is fiche fiche (is) a trí bád
ocht gcruinniú is seasca seasca (is) a hocht cruinniú
cúig euro is tríocha tríocha (is) a cúig euro

Os cionn 100
I bPatrún A, le huimhreacha os cionn 100 féadtar fiche, tríocha . . . nócha agus na
haonaid a chur droim ar ais mar seo a leanas: céad fiche is aon chapall amháin (121);
dhá mhíle, trí chéad tríocha is ceithre chapall (2,334); milliún, dhá chéad tríocha is
ceithre mhíle, cúig chéad seasca is seacht gcapall (1,234,567).

- 28 -
I bPatrún B leantar den struchtúr bunuimhir + ainmfhocal uatha gan athrú tosaigh,
e.g. céad fiche (is) a haon capall (121); dhá mhíle, trí chéad tríocha (is) a ceathair
capall (2,334); milliún, dhá chéad tríocha (is) a ceathair míle, cúig chéad seasca (is)
a seacht capall (1,234,567).
Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta cloí le Patrún A.

Foirmeacha iolra

Is foirm iolra de na hainmfhocail aird, bliain, ceann, cloch, cloigeann, fiche, orlach,
pingin, scilling, seachtain, slat, troigh agus uair, mar a thugtar thíos, a úsáidtear leis
na bunuimhreacha 3 - 10 agus 13 - 19.
Ainmneach uatha Iolra tar éis 3 - 10, 13 - 19
Aird Airde
Bliain Bliana
Ceann* Cinn
Cloch* Clocha
Cloigeann* Cloigne
Fiche Fichid
Orlach Orlaí
Pingin Pingine
Scilling Scillinge
Seachtain Seachtaine
Slat* Slata
Troigh Troithe
Uair* Uaire

Tabhair do d’aire nach séimhítear túchonsan an ainmfhocail iolra tar éis 3 - 6 agus
cuirtear h roimh thúsghuta an ainmfhocail iolra tar éis na n-uimhreacha sin, e.g.
ceithre bliana, trí huaire.

Tabhair do d’aire, freisin, gur gá an t-ainmneach uatha de na hainmfhocail a bhfuil


réitlín leo thuas a úsáid nuair nach aonad tomhais atá i gceist, e.g. trí cinn de leabhair
ach bhí sé ag breathnú orm amhail is go raibh trí cheann orm; d’iompair sé trí
clocha plúir abhaile leis ach chaith sé trí chloch leis an doras.

Is mar ghnáth-ainmfhocal a chaitear le uair sa fhrása uair an chloig, e.g. bhí an t-


eitleán seacht n-uair an chloig déag mall, chaith mé trí uair an chloig ann.
Is mar ghnáth-ainmfhocail, freisin, a chaitear le caoga, trian, ubh, e.g. tabhair dom
cúig chaoga; trí thrian; cheannaigh mé cúig ubh déag.

Bunuimhreacha a scríobhtar ina ndigití


Nuair is ina digit nó ina digití a bhíonn an bhunuimhir ó 1 - 19 á scríobh, bíonn an t-
ainmfhocal go díreach mar a bheadh sé agus an bhunuimhir á scríobh ina focal. Ní
shéimhítear ná ní uraítear an t-ainmfhocal ó 20 ar aghaidh ná i ndiaidh aon
bhunuimhir a bhfuil deachúil nó codán ag gabháil léi, e.g.

1 pháipéar 11 seachtain
2 cheann 12 euro

- 29 -
3 altóir 13 horlaí
4 chúirt 17 seachtaine
5 huaire 20 cuntasóir
6 phríosún 1.652 ciliméadar
7 bhfreagra 365 lá
8 n-aicme 0.15 gram
9 bprionsabal 104 cruinniú boird
10 dtroithe 2,359 ticéad

An tAlt leis na hUimhreacha

Bunuimhreacha 1 - 2, 11 - 12, agus iolraithe de 10

Is í an uimhir uatha den alt a úsáidtear leis na huimhreacha 1 - 2, 11 - 12, 20, 30, … ,
90, 100, 1,000, 1,000,000:

an t-aon lá (dhéag)
an dá aspal (déag)
an fiche capall dubh
an céad cathaoir bhán
an míle plean forbartha

Bunuimhreacha 3 - 9 agus 13 - 19

Is í an uimhir iolra den alt a úsáidtear roimh na bunuimhreacha 3 - 9 agus 13 - 19:

na trí chú
na ceithre chapall
na cúig bliana déag
na hocht mí
na naoi mbó dhéag
na trí chéad teach
na seacht gcéad fear
na ceithre mhíle dhéag gunna
na naoi milliún déag is fiche euro

Tabhair do d’aire gurb í an uimhir iolra den alt a úsáidtear leis na bunuimhreacha 3 - 9
agus 13 - 19 nuair a thagann céad, míle, milliún, etc. ina ndiaidh mar chuid de
bhunuimhir mhór.

- 30 -
Aidiachtaí leis na Bunuimhreacha
1
Is é aon an t-aon bhunuimhir a n-infhilltear an t-ainmfhocal ina diaidh agus bíonn an
aidiacht ag teacht le hinscne agus tuiseal an ainmfhocail:

Ainmfhocail fhirinscneacha Ainmfhocail bhaininscneacha


Ain. (& (ar) aon chapall dubh amháin (ar) aon bhó dhubh amháin
Tabh.)
Gin. moing aon chapaill dhuibh adharca aon bhó duibhe amháin
amháin

2-19
Tá dhá phatrún ann maidir leis an aidiacht cháilíochta ag cáiliú ainmfhocail ar lorg
bunuimhreach ó 2 go dtí 19, Patrún A agus Patrún B thíos.

Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal san uatha (firinscneach nó baininscneach), bíonn an


aidiacht san ainmneach iolra agus í séimhithe.

Ainmfhocail fhirinscneacha Ainmfhocail bhaininscneacha


2 dhá mhála mhóra dhá sheilf mhóra
3 trí lá ghaofara trí oíche ghaofara
4 ceithre phointe dheacra ceithre cheist dheacra
5 cúig bhalún bhána cúig eitleog bhána
6 sé leathanach ghlana sé bhileog ghlana
7 seacht n-ispín theo seacht rollóg theo
8 ocht ndoiciméad chasta ocht gcáipéis chasta
9 naoi gcarr chumhachtacha naoi veain chumhachtacha
10 deich suíochán bhoga deich gcathaoir bhoga
11 aon chapall déag dhubha aon bhó dhéag dhubha
12 dhá mhála dhéag mhóra dhá sheilf déag mhóra
13 trí lá dhéag ghaofara trí oíche dhéag ghaofara
14 ceithre phointe dhéag dheacra ceithre cheist déag dheacra
15 cúig bhalún déag bhána cúig eitleog déag bhána
16 sé leathanach déag ghlana sé bhileog déag ghlana
17 seacht n-ispín déag theo seacht rollóg déag theo
18 ocht ndoiciméad déag chasta ocht gcáipéis déag chasta
19 naoi gcarr déag chumhachtacha naoi veain déag chumhachtacha

Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal san iolra, bíonn an aidiacht san ainmneach iolra agus
séimhítear í ar lorg consan caol, trí cinn mhóra.

- 31 -
20, 30, ..., 90, 100, 1,000, 1,000,000 etc.
Ar lorg fiche, tríocha … nócha, céad, míle, milliún, bíonn an aidiacht san uimhir uatha
agus ar aon inscne leis an ainmfhocal, e.g. an fiche capall dubh, an céad bó dhubh, an
míle leabhar gorm, trí chéad fear mór, seacht míle bó dhubh, na naoi milliún déag
ticéad dearg.

Na hUimhreacha Pearsanta

1 duine (amháin) 11 aon duine dhéag


2 beirt 12 dháréag*
3 triúr 13 trí dhuine dhéag
4 ceathrar 14 ceithre dhuine dhéag
5 cúigear 15 cúig dhuine dhéag
6 seisear 16 sé dhuine dhéag
7 seachtar 17 seacht nduine dhéag
8 ochtar 18 ocht nduine dhéag
9 naonúr 19 naoi nduine dhéag
10 deichniúr 20 fiche duine

*Is é dháréag (12) an t-aon fhocal den chineál sin a úsáidtear sna déaga.
Cailleann dháréag an séimhiú i ndiaidh an ailt (an, don, etc.), i ndiaidh aon agus i
ndiaidh an chéad, e.g. an Dáréag Aspal, gach aon dáréag acu, an chéad dáréag a
cháiligh.

Os cionn 20 déantar mar is gnách le nithe agus mar atá leagtha amach i bPatrún A
agus i bPatrún B thuas (féach lch 28), e.g.
Patrún A Patrún B
21 duine is fiche fiche (is) a haon duine
32 dhá dhuine is tríocha tríocha (is) a haon duine
43 trí dhuine is daichead daichead (is) a trí duine

Os cionn 100 i bPatrún A, féadtar fiche, tríocha . . . nócha agus na haonaid a chur
droim ar ais mar seo a leanas: céad fiche is aon duine amháin (121); dhá mhíle, trí
chéad tríocha is ceithre dhuine (2,334); milliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle,
cúig chéad seasca is seacht nduine (1,234,567).

I bPatrún B leantar den struchtúr bunuimhir + ainmfhocal uatha gan athrú tosaigh,
e.g. céad fiche (is) a haon duine (121); dhá mhíle, trí chéad tríocha (is) a ceathair
duine (2,334); milliún, dhá chéad tríocha (is) a ceathair míle, cúig chéad seasca (is) a
seacht duine (1,234,567).

Tabhair do d’aire gurb


é an gnás i réimse na reachtaíochta cloí le Patrún A thuas.

Ainmfhocal agus Aidiacht leis an Uimhir Phearsanta

Is í foirm an ghinidigh iolra den ainmfhocal a thagann i ndiaidh na n-uimhreacha


pearsanta. Séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) i ndiaidh beirt. Ní
bhíonn séimhiú ná urú i ndiaidh na n-uimhreacha pearsanta lasmuigh de sin.

- 32 -
Bíonn foirm na haidiachta ag teacht le foirm an ainmfhocail agus í ag brath ar cibé
acu an tréaniolra nó lagiolra atá ag an ainmfhocal.

Tréaniolraí Lagiolraí
2 beirt fhiaclóirí/dochtúirí/altraí gnóthacha beirt mhanach/sagart/easpag cráifeach
3 triúr fiaclóirí/dochtúirí/altraí gnóthacha triúr manach/sagart/easpag cráifeach
4 ceathrar fiaclóirí/dochtúirí/altraí ceathrar manach/sagart/easpag cráifeach
gnóthacha
5 cúigear fiaclóirí/dochtúirí/altraí cúigear manach/sagart/easpag cráifeach
gnóthacha
6 seisear fiaclóirí/dochtúirí/altraí gnóthacha seisear manach/sagart/easpag cráifeach
7 seachtar fiaclóirí/dochtúirí/altraí seachtar manach/sagart/easpag cráifeach
gnóthacha
8 ochtar fiaclóirí/dochtúirí/altraí gnóthacha ochtar manach/sagart/easpag cráifeach
9 naonúr fiaclóirí/dochtúirí/altraí gnóthacha naonúr manach/sagart/easpag cráifeach
10 deichniúr fiaclóirí/dochtúirí/altraí deichniúr manach/sagart/easpag cráifeach
gnóthacha
12 dháréag fiaclóirí/dochtúirí/altraí dháréag manach/sagart/easpag cráifeach
gnóthacha

Tabhair do d’aire nach ndéantar aon athrú ar thúschonsan na haidiachta tar éis
ainmfhocal baininscneach iolra (lagiolra), e.g. ceathrar ban beag.
Na hOrduimhreacha

1 an chéad chapall (bhó, asal)


2 an dara (dóú) capall (bó, hasal)
3 an tríú capall (bó, hasal)
4 an ceathrú capall (bó, hasal)
5 an cúigiú capall (bó, hasal)
6 an séú capall (bó, hasal)
7 an seachtú capall (bó, hasal)
8 an t-ochtú capall (bó, hasal)
9 an naoú capall (bó, hasal)
10 an deichiú capall (bó, hasal)
11 an t-aonú capall (bó, hasal) déag
12 an dóú capall (bó, hasal) déag
13 an tríú capall (bó, hasal) déag
14 an ceathrú capall (bó, hasal) déag
15 an cúigiú capall (bó, hasal) déag
16 an séú capall (bó, hasal) déag
17 an seachtú capall (bó, hasal) déag
18 an t-ochtú capall (bó, hasal) déag
19 an naoú capall (bó, hasal) déag
20 an fichiú capall (bó, hasal)
30 an tríochadú capall (bó, hasal)
40 an daicheadú capall (bó, hasal)

- 33 -
50 an caogadú capall (bó, hasal)
60 an seascadú capall (bó, hasal)
70 an seachtódú capall (bó, hasal)
80 an t-ochtódú capall (bó, hasal)
90 an nóchadú capall (bó, hasal)
100 an céadú capall (bó, hasal)
1,000 an míliú capall (bó, hasal)
1,000,000 an milliúnú capall (bó, hasal)

Samplaí eile:

21 (22, an t-aonú (dóú, capall (bó, hasal) is fiche


etc.) etc.)
131 (132, an céad tríocha is capall (bó, hasal)
etc.) aonú (dóú, etc.)
211 (212, an dá chéad is aonú capall (bó, hasal) déag
etc.) (dóú, etc.)
312,564 an trí chéad is dhá capall (bó, hasal)
mhíle dhéag,
cúig chéad
seasca is ceathrú
2,342,493 an dá mhilliún, trí capall (bó, hasal)
chéad daichead
is dhá mhíle,
ceithre chéad
nócha is tríú
Tabhair do d'aire nach séimhítear déag in am ar bith mar chuid d’orduimhir.

De ghnáth cuirtear an t-alt roimh an gcéad uimhir san orduimhir mura mbíonn
aidiacht shealbhach, nó gach, roimpi, e.g. an dá chéad is tríú lá, ach a dheichiú bliain.

Bíonn séimhiú ar an bhfocal céad i ndiaidh an ailt (uatha agus iolra), e.g. an chéad
uan, na chéad uain. Is féidir é a urú ar an ngnáthbhealach, áfach, tar éis réamhfhocal
lena ngabhann urú, e.g. ar an gcéad lá den mhí.

An Ginideach

Bunuimhreacha
Téann athrú foirme ar ainmfhocal sa ghinideach i ndiaidh aon, nuair nach mbíonn
déag ag gabháil leis, agus athrú de réir inscne an ainmfhocail ar an alt, e.g. ualach aon
chapaill amháin; i gcaitheamh na haon oíche amháin sin ach stáblaí an aon chapall
déag.

Ní théann aon athrú foirme sa ghinideach leis na huimhreacha eile, ach má bhíonn an
t-alt ag gabháil leo imríonn sé ar thúslitir na huimhreach mar a d’imreodh ar
ainmfhocal firinscneach (ach gan f a shéimhiú ná t a chur roimh s), e.g. luach dhá
bhullán, féar trí bhó, báid sé chrann, cogadh cúig bliana, cóiste sé shuíochán déag,
suim fiche punt, luach an dá theach, luach na dtrí bhó, bád na gceithre chrann, i

- 34 -
gcaitheamh na gcúig bliana déag, costas an fiche (seachtó, chéad, mhíle, mhilliún)
cathaoir.

Firinscneach Baininscneach
ag seinm an aon phoirt amháin i gcaitheamh na haon seachtaine amháin
luach an dá theach (mór/mhóra) teorainn an dá pháirc (mhór/mhóra)
seolta na dtrí bhád (mór/mhóra) úinéir na dtrí long (mhór/mhóra)
muintir na gceithre bhaile (beag/bheaga) daltaí na gceithre scoil (mhór/mhóra)
ag ithe na seacht mbriosca (beag/bheaga) luach na seacht gcasóg (dhonn/dhonna)
aidhmeanna an fiche plean (bliantúil) cuspóirí an fiche straitéis (chlúiteach)

Uimhreacha Pearsanta
Ní théann athrú an ghinidigh ar uimhir phearsanta má bhíonn ainmfhocal ar a lorg,
e.g. carranna seisear fear, árais seachtar banríonacha saibhre, nótaí ochtar
léachtóirí díograiseacha.

Imríonn an t-alt ar thúslitir na n-uimhreacha pearsanta mar a d’imreodh ar ainmfhocal


firinscneach, e.g. carranna an tseisear fear gnó, árais an tseachtar banríonacha
saibhre, nótaí an ochtar léachtóirí díograiseacha.

Tabhair do d’aire go dtéann athrú an ghinidigh ar an uimhir phearsanta beirt má


bhíonn an t-alt roimpi, e.g. iompar na beirte gasúr cantalach ach iompar bheirt
ghasúr chantalacha; ainmneacha na beirte banaltraí cineálta ach ainmneacha bheirt
bhanaltraí chineálta.

Téann athrú an ghinidigh ar an uimhir phearsanta mura mbíonn ainmfhocal ina diaidh,
e.g. cion beirte, díol triúir, carranna an tseisir, árais an tseachtair, nótaí an ochtair.

Orduimhreacha
Díochlaontar an t-ainmfhocal ar lorg céad agus géilleann an t-alt in an chéad d’uimhir
agus d’inscne an ainmfhocail a cháilíonn sé, e.g. an chéad bhean, clann na chéad
mhná, an chéad fhear, clann an chéad fhir, na chéad taiscéalaithe, eachtraí na chéad
taiscéalaithe.

An t-alt firinscneach a bhíonn roimh na horduimhreacha eile i gcónaí. Ní dhéantar


athrú an ghinidigh ar thúslitir na n-orduimhreacha seachas (i) céad agus (ii)
orduimhreacha a thosaíonn ar ghuta, e.g. aonú, ochtú, ochtódú.

Cuirtear séimhiú ar thúschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg céad ach ní


dhéantar aon athrú tosaigh ar thúsghuta. Le gach orduimhir eile fanann túschonsan an
ainmfhocail gan athrú ach cuirtear h roimh thúsghuta.

Ní dhéantar díochlaonadh choíche ar an ainmfhocal tar éis orduimhreacha ach amháin


tar éis céad, e.g. mac an dara bean, hata an ceathrú mainicín, bróga an cúigiú
himreoir, buaiteoir an seachtú comórtas, peaca in aghaidh an ochtú haithne, fad an
seachtódú salm, ag deireadh an fichiú haois, i lár an naoú haois déag tús an chúig
chéad seachtó is cúigiú bliain.

- 35 -
Bíonn an aidiacht ag teacht le hinscne agus le tuiseal an ainmfhocail agus ní
shéimhítear déag in am ar bith mar chuid d’orduimhir.

Firinscneach Baininscneach
1 paisinéirí an chéad bháid / eitleáin tús na chéad bhliana / abairte
2 paisinéirí an dara bád / heitleán tús an dara bliain / habairt
3 paisinéirí an tríú bád / heitleán tús an tríú bliain / habairt
4 paisinéirí an ceathrú bád / heitleán tús an ceathrú bliain / habairt
5 paisinéirí an cúigiú bád / heitleán tús an cúigiú bliain / habairt
6 paisinéirí an séú bád / heitleán tús an séú bliain / habairt
7 paisinéirí an seachtú bád / heitleán tús an seachtú bliain / habairt
8 paisinéirí an ochtú bád / heitleán tús an ochtú bliain / habairt
9 paisinéirí an naoú bád / heitleán tús an naoú bliain / habairt
10 paisinéirí an deichiú bád / heitleán tús an deichiú bliain / habairt

Codáin

1/4 ceathrú 1/22 (an) fiche dóú cuid


1/3 trian 1/23 (an) fiche tríú cuid
1/2 leath 1/24 (an) fiche ceathrú cuid
2/3 dhá thrian 1/25 (an) fiche cúigiú cuid
3/4 trí cheathrú 1/26 (an) fiche séú cuid
4/5 ceithre chúigiú 1/27 (an) fiche seachtú cuid
5/6 cúig shéú 1/28 (an) fiche ochtú cuid
6/7 sé sheachtú 1/29 (an) fiche naoú cuid
7/8 23/29 fiche a trí d'fhiche
seacht n-ochtú naoithe
8/9 ocht naoú 1/30 tríochadú
9/10 naoi ndeichiú 34/27 tríocha a ceathair
d’fhiche seachtuithe
10/11 deich n-aondéagú 1/40 daicheadú
11/12 a haon déag de 1/50
dhódhéaguithe caogadú
12/13 a dó dhéag de thrídéaguithe 1/60 seascadú
13/14 a trí déag de 1/70
cheathairdéaguithe seachtódú
14/15 a ceathair déag de 63/76 seasca a trí de sheachtó
chúigdéaguithe séithe
15/16 a cúig déag de shédéaguithe 1/80 ochtódú
16/17 a sé déag de 74/83 seachtó a ceathair
sheachtdéaguithe d’ochtó tríthe
17/18 a seacht déag 1/90 nóchadú
d’ochtdéaguithe
18/19 a hocht déag de 82/92 ochtó a dó de nócha
naoidéaguithe dóithe
1/20 fichiú 91/99 nócha a haon de nócha
naoithe

- 36 -
3/20 trí fhichiú 1/100 céadú
8/20 ocht bhfichiú 137/245 céad tríocha a seacht de
dhá chéad daichead
cúigithe

- 37 -
5 AN CHOPAIL
Aimsirí Príomha

AN MODH TÁSCACH

An Aimsir Láithreach, an Aimsir Ghnáthláithreach agus an Aimsir Fháistineach

Ceisteach
Deimhneach Diúltach Deimhneach Diúltach
Neamhspleách is ní an nach
Spleách gur nach
(gurb)
Coibhneasta Díreach is nach
Coibhneasta Neamhdhíreach ar nach
(arb)

Is mar seo a leanas a bhíonn an fhoirm phríomha is agus í i gcumasc le cónaisc,


forainmneacha agus réamhfhocail áirithe:

Cónaisc:
Cónasc má mura ó sula
Cumasc le is más mura ós sular
murab sularb

Forainmneacha:
Forainm cé cá
Cumasc le is cé cá
cér cárb

Réamhfhocail:
Réamhfhocal do faoi le ó trí
Cumasc le is dar faoinar lenar ónar trínar
darb faoinarb lenarb ónarb trínarb

Foirmeacha a chríochnaíonn ar -b
Seachas i gcás gur(b), is iad na foirmeacha príomha a chríochnaíonn ar -b a úsáidtear
roimh ghuta, e.g.

Roimh Chonsan Roimh Ghuta


an té ar leis an gluaisteán an té arb eol dó an freagra
mura mian léi fanacht murab áil léi fanacht
sular féidir é sin a dhéanamh sularb ailtire cáilithe thú
cér díobh í? cárb as thú?

- 38 -
leabhar dar teideal Dúil fear darb ainm Seán Ó Néill
áit inar minic ar cuairt é áit inarb annamh ar cuairt é

gur / gurb

Sna haimsirí príomha is í an fhoirm gur a úsáidtear roimh thúschonsan.


Úsáidtear gur roimh thúsghuta, freisin, seachas sna cásanna seo a leanas inarb í an
fhoirm gurb a úsáidtear:

(a) roimh na forainmneacha é, í, iad, ea; eisean, ise, iadsan; éard; eo, in, iúd;
(b) roimh an dobhriathar amhlaidh;
(c) roimh na hainmfhocail acmhainn, áil, éigean, eol sna frásaí réamhfhoclacha is
acmhainn dom, is áil liom, is éigean dom, is eol dom.

e.g.

gur
Dealraíonn sé gur eisceacht atá ann.
Deirtear gur álainn an áit í an Róimh.
Measaim gur an-bhreá an gearrscéal é.
Deir sí gur amuigh ag siúl atá sé.
Cheap sé gur ag feabhsú a bhí cúrsaí eacnamaíochta.
Measann sé gur aige féin amháin atá an freagra.
Déarfainn gur á moladh a bhí sé.

gurb
Is léir gurb iad na daoine céanna atá i gceist.
Beartaíodh an fhorbairt a chur siar go dtí gurb acmhainn dóibh é.
Deir siad gurb éigean do chách bheith níos cúramaí feasta.
Gach seans gurb amhlaidh atá.

Tabhair do d’aire i gcás acmhainn agus éigean gur mar ghnáth-ainmfhocail a chaitear
leo nuair nach is acmhainn dom = is féidir liom agus is éigean (dom) = is gá (dom)
faoi seach a bhíonn i gceist, e.g. is cinnte gur acmhainn eacnamaíochta í an
fharraige, ní dóigh liom gur éigean ar ghnás na teanga é.

- 39 -
AN MODH FOSHUITEACH LÁITHREACH

Deimhneach Diúltach
gura nára
(gurab) (nárab)

Is iad na foirmeacha gurab agus nárab a úsáidtear roimh ghuta, e.g.

Roimh Chonsan Roimh Ghuta


Gura fada buan iad. Gurab amhlaidh duit!
Nára fada go bhfeicfimid a chéile Nárab é a leas é!
arís.

Aimsirí Stairiúla
An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach

Ceisteach
Deimhneach Diúltach Deimhneach Diúltach

Neamhspleách ba níor (níorbh) ar nár (nárbh)


(b’) (arbh)
Spleách gur nár (nárbh)
(gurbh)
Coibhneasta Díreach ba nár (nárbh)
(ab)
Coibhneasta ar nár (nárbh)
Neamhdhíreach (arbh)

b’ / ba (An Fhoirm Stairiúil Neamhspleách Dheimhneach)

Is é b’ an fhoirm a thagann roimh fh- a bhfuil guta ar a lorg. Is é b’, leis, a thagann
roimh thúsghuta sna cásanna seo a leanas:
• ainmfhocal;
• aidiacht;
• dobhriathar aidiachtach agus an dobhriathar amhlaidh;
• na forainmneacha eo, in, iúd.

e.g.

B’ábhar imní é.
B’acmhainn dó lámh chúnta a thabhairt óir bhí an t-am aige.
B’aisteoir í.
Fiú dá mb’áil léi ní fhéadfadh sí dul.

- 40 -
B’éigean dom leithscéal a ghabháil sa deireadh.
B’eol di gurbh í a bhí as bealach.
B’fhear cliste é.
B’fhéidir nach mbeinn ann amárach.
B’údar náire é.
B’álainn le mo chroí iad.
B’ait leis nár tháinig siad.
B’álainn an radharc é.
B’fhiú dul chuig an dochtúir leis an gcasacht sin.
B’fhuar an lá é.
B’iontach liom é.

B’ait liom sin.


B’álainn mar a chan sí.
B’amhlaidh a tharla sa deireadh.
B’annamh a thagadh sé.
B’fhada an rás a rith sí.

B’eo an bealach a thaispeáin sé dá mhac.


B’in a dúirt mé leat inné.
B’iúd iad ag imeacht ar cosa in airde.

Is é ba an fhoirm a thagann roimh thúschonsain seachas fh- a bhfuil guta ar a lorg. Is é


ba, freisin, a thagann roimh thúsghuta sna cásanna seo a leanas:
• na forainmneacha é, í, iad, ea, éard, eisean, ise, iadsan;
• réamhfhocal simplí agus réamhfhocal comhshuite;
• forainm réamhfhoclach;
• dobhriathar seachas amhlaidh agus dobhriathar aidiachtach;
• roinnt cásanna eile.

e.g.
Ba é an fuacht a rinne an dochar.
Ba í Áine ba chúis leis.
Ba iadsan a bhí i gceist aige.
Ba éard a bhí uaithi ná cluas éisteachta.
Ar mhac léinn sa choláiste é? Ba ea.

Ba ag magadh a bhí mé.


Ba in Albain a chaitheadh sé an samhradh.
Ba ar aghaidh an tí a d’fhág mé an rothar.
Ba as Sligeach í.
Ba i lár na páirce a d’imir sé.

Dá mba aige a bheadh sé, bheadh sé caite aige.


Ba uirthi féin an locht.
Dá mba orainn féin a bheadh a n-aird.
Ba uaidh a tháinig an litir.

Ba amuigh sa gharraí a fuarthas é.


Dá mba aneas a bheadh sí ag séideadh.

- 41 -
Dá mba anois a dhéanfaí é.
Ba inné a tháinig sé.

Dá mba á cháineadh a bheadh sé.


Dá mba a lán oibre a bheadh i gceist.
Dá mba Ó Néill an sloinne a bheadh uirthi.

ba i gcumasc

Is mar seo a leanas a bhíonn an fhoirm stairiúil ba i gcumasc le cónaisc,


forainmneacha agus réamhfhocail áirithe:

Cónaisc:
Cónasc mura sula

Cumasc le ba murar sular


murarbh sularbh

Forainmneacha:
Forainm cé cá
Cumasc le ba cér cár
cérbh cárbh
Réamhfhocail:
Réamhfhocal do faoi le ó trí
Cumasc le ba dar faoinar lenar ónar trínar
darbh faoinarbh lenarbh ónarbh trínarbh

Foirmeacha a chríochnaíonn ar -bh


Is iad na foirmeacha stairiúla a chríochnaíonn -bh a úsáidtear roimh ghuta nó roimh
fh a bhfuil guta ar a lorg, e.g.

Roimh Chonsan Roimh Ghuta


níor mhúinteoir é níorbh ollamh é
ar cheart dó bheith ann inné? arbh aon ionadh é?
nár bhocht an scéal é? nárbh aisteach an scéal é?
measadh gur chiallmhaire fanacht measadh gurbh fhearr fanacht
duine ar chuma leis faoin scéal duine arbh fhuath leis
ainmhithe
murar mhian leo fanacht murarbh áil leo fanacht
sular mhúinteoir é sularbh fheirmeoir é
cér díobh í? cárbh as na Lochlannaigh?
irisleabhar dar theideal Fáinne an Lae fear darbh ainm Seán Ó Néill
áit inar mhinic ar cuairt é áit inarbh annamh ar cuairt é

- 42 -
Foirmeacha eile

Nuair a thagann an chopail le dá nó má sna haimsirí stairiúla, is mar seo a leanas a


scríobhtar iad:
(a) dá mba nó má ba sna cásanna arb í an fhoirm ba a úsáidtear iontu thuas;
(b) dá mb’ nó má b’ sna cásanna arb í an fhoirm b’ a úsáidtear iontu thuas.

An Dobhriathar Céime

(a) Is iad ní ba agus ní b’ foirmeacha an dobhriathair chéime roimh aidiachtaí


agus roimh dhobhriathair sna haimsirí stairiúla.
(b) Is é ní ba a thagann roimh thúschonsain seachas fh- a bhfuil guta ar a lorg, e.g.
bhí sí ní ba chliste ná an chuid eile; bheadh an leagan amach sin ní ba
shlachtmhaire; dá mbuailfeadh sé ní ba chrua é; scríobh sé ní ba mhinice as
sin amach.
(c) Is é ní b’ an fhoirm a thagann roimh thúsghutaí agus roimh fh- a bhfuil guta ar
a lorg, e.g. bhí sí ní b’éirimiúla ná an chuid eile; bheadh an leagan amach sin
ní b’fhearr; dá mbuailfeadh sé ní b’éasca é; scríobh sé ní b’annaimhe as sin
amach.

ba / ab (An Fhoirm Choibhneasta Dhíreach Dheimhneach Stairiúil)


(a) Is í an fhoirm ba a úsáidtear sna cásanna arb í an fhoirm ba a úsáidtear iontu
thuas;
(b) Is í an fhoirm ab a úsáidtear sna cásanna arb í an fhoirm b’ a úsáidtear iontu
thuas.

- 43 -

You might also like