You are on page 1of 1

Soraidh slán don oidhche a-réir

[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha no. 38]

Niall Mór Mac Muireadaigh

1 Soraidh slán don oidhche a-réir


fada géar ag dul ar gcúl;
dá ndáiltí mo chur i gcroich,
is truagh nách í a-nocht a tús.

2 Atáid dias is tigh-se a-nocht


ar nách ceileann rosg a rún;
gion go bhfuilid béal re béal,
is géar géar silleadh a súl.

3 Tocht an ní chuireas an chiall


ar shilleadh siubhlach na súl;
cá feirrde an tocht do-ní an béal
sgéal do-ní an rosg ar a rún?

4 Uch, ní léigid lucht na mbréag


smid tar mo bhéal, a rosg mall;
tuig an ní[se] adeir mo shúil,
agus tú insan chúil úd thall:

5 “Cuinnibh dhúinn an oidhche a-nocht,


truagh gan sinn mar so go brách;
ná léig an mhaidean is-teach,
éirigh ’s cuir a-mach an lá!”

6 Uch, a Mhuire, a bhuime sheang,


ós tú is ceann ar gach cléir,
tárthaigh agus gabh mo lámh, -
soraidh slán don oidhche a-réir!

You might also like