You are on page 1of 1

2.

3 Scaipeadh
Ionfhabhtuithe

Torthaí

2
5
3
7 1

8
4

Míniú ar na Torthaí
1. Ba chóir feoil amh a choinneáil ar an tseilf is ísle sa chuisneoir nó ar phláta chun cosc a chur ar
shileadh fola agus miocrób díobhálach ar na nithe eile sa chuisneoir agus éilliú na nithe sin.
2. Cuireann gnáth-theochtaí cuisneora (2–5oC) cosc ar fhás agus ar iomadú miocrób. Trí dhoras
an chuisneora a fhágáil oscailte, téitear an cuisneoir agus féadann miocróib fás agus iomadú.
Nuair atá an iomarca miocrób ann, tá sé dainséarach.
3. Tríd an spúnóg a lí féadtar miocróib dhíobhálacha sa bhéal a scaipeadh chuig an meascán bia,
nó aon mhiocrób a aistriú ón meascán amh isteach sa bhéal.
4. Cabhraítear le cosc a chur ar scaipeadh ionfhabhtuithe tríd an mbéal a chlúdach le ciarsúr
páipéir nuair atáthar ag sraothartach nó ag casachtach.
5. Sáinníonn ribeoga agus múcas taobh istigh den tsrón aon mhiocrób gan iarraidh a
ionanálaimid. D'fhéadfadh miocróib dhíobhálacha a bheith sa smuga a bhaintear den tsrón
agus d'fhéadfaimis iad a scaipeadh go dtí ár mbia agus go daoine eile lenár gcuid lámh.
6. Bíonn baictéir dhíobhálacha cosúil le Salmonella, in uibheacha amha uaireanta agus
d'fhéadfaidís ionfhabhtú putóige a chur orainn dá n-íosfaí iad.
7. Ba chóir gach gearradh agus spota a chlúdach nuair atáthar ag cócaireacht chun cosc a chur
ar leathadh miocrób ó fhuil go bia.
8. Seans go raibh an peann luaidhe i dteagmháil le miocróib dhíobhálacha timpeall an tseomra,
agus tríd an bpeann luaidhe a chur sa bhéal féadtar na miocróib seo a leathadh chuig an
mbéal nó chuig an bputóg.
9. Iompraíonn cuileoga miocróib a d'fhéadfadh a bheith díobhálach ó áit go háit.
9. Féadann feithidí ionfhabhtuithe a leathadh chuig ár mbia. Dá mba rud é go raibh béile

You might also like