You are on page 1of 3

A Thig ná Tit Orm

Sa cheacht seo féachfar ar fhreagra samplach ar an dírbheatháisnéis cháiliúil A Thig ná Tit Orm le
Maidhc Dainín Ó Sé.

A Thig Ná Tit Orm.

Ceist Scrúdaithe 2017:

Déan plé ar an dá thréith is mó, dar leat, a bhaineann le Maidhc Dainín mar a léirítear iad

sa dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm.

Gníomhaíocht Aonair

Sula dtabharfaimid faoin gceist seo is fiú tamall a chaitheamh ar thréithe Mhaidhc Dainín Uí
Shé. Déan liosta sa ghreille de dheich dtréith is dóigh leat atá ag Maidhc Dainín ón léargas a
fhaighimid ar a charachtar sa dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm. Tá dhá thréith shamplacha éagsúla
tugtha.

beogacht
duine a bhí toilteanach seans a ghlacadh

Anois agus an réamhobair sin déanta againn táimid réidh anois le labhairt go mion faoi dhá cheann
díobh.
Freagra Samplach:

Tá mórán tréithe de chuid an údair, Maidhc Dainín Ó Sé le feiceáil i rith na dírbheathaisnéise


seo ach tá dhá cheann ar leith a sheasann amach. Is fúthu siúd a bheidh mé ag scríobh ó thús go
deireadh na haiste seo. An dá thréith atá i gceist ná an cheolmhaireacht agus an fhiontraíocht. Tá an
dá thréith seo lárnach i bpearsantacht an údair, Maidhc Dainín Ó Sé, agus tá samplaí den dá thréith
seo le feiceáil i rith na coda sin den leabhar atá le cíoradh againn.

Duine an-chaidreamhach ar fad a bhí i Maidhc Dainín. Thaitin comhluadar daoine eile go mór
leis agus thaitin sé go mór leis a bheith i mbun ceoil le daoine eile agus os comhair daoine eile
chomh maith. Duine an-cheolmhar a bhí ann, gan aon dabht. D’éisteadh sé le ceol gach seans dá
raibh aige. Thaitin sé go mór leis a bheith ag éisteacht le cláir cheoil ar an raidió mar shampla.
Boscadóir den chéad scoth a bhí i Maidhc Dainín. Ba é a dheartháir, Páidí, a mhúscail an spéis sa
cheol ann agus é ina bhuachaill óg. Bhí spéis mhór ag Páidí sa cheol chomh maith. Lá amháin d’inis
Páidí scéal dó faoi cheoltóir áitiúil a tháinig abhaile ó Shasana agus a bhí ábalta an dá ‘row’ a sheinm
ar an mbosca ceoil le chéile. Bhí poirt iontacha ag an gceoltóir céanna, dar le Páidí. Bhí spéis
Mhaidhc múscailte aige agus theastaigh ó Mhaidhc anois bosca ceoil a cheannach dó féin. Ní raibh
an t-airgead aige áfach ach chabhraigh máthair agus deartháir Mhaidhc leis bosca ceoil a cheannach
ó Cox of Kilcock, comhlacht uirlisí ceoil a bhí lonnaithe thuas i gCill Dara. Níor inis siad d’athair
Mhaidhc gur chaith siad airgead ar an ngléas ceoil ar eagla go mbeadh sé ar buile. Tamall ní ba
dhéanaí nuair a tháinig an bosca ceoil chun an tí bhí Maidhc Dainín faoi dhraíocht ag an ngléas ceoil
seo. Thóg sé tamall air teacht isteach ar an ngléas ach faoi cheann coicíse bhí cúpla port foghlamtha
aige. Mhair an spéis seo sa cheol don chuid eile dá shaol. Sheinneadh sé agus é ina dhéagóir ag
céilithe na gcúrsaí Gaeilge i rith an tsamhraidh agus ba ag ceann de na céilithe seo a thit sé i ngrá den
chéad uair. Eibhlín Ní Shuilleabháin ó chathair Luimní ba ea an cailín. Chaith an bheirt acu súile ar a
chéile oíche amháin nuair a bhí Maidhc thuas ar stáitse i mbun ceoil sa halla agus radharc aige ar na
cailíní breátha ar fad a bhí ag rince thíos faoi. Cuid lárnach de shaol Mhaidhc ba ea an ceol agus an
bosca ceoil ach go háirithe agus bhíodh an bosca ceoil ina theannta i gcónaí pé áit a dtéadh sé. Fear
an-cheolmhar go deo a bhí ann gan amhras.

Gné mhór eile de phearsantacht Mhaidhc Dainín ba ea a chuid fiontraíochta. Thaitin eachtraí
agus a bheith i mbun eachtraíochta go mór leis. Eachtra mhór amháin a léirigh é seo dúinn ná nuair a
bhí sé amuigh “ag gabháil port na habhann aníos ó Bhaile Ghainnín trasna go dtí Droichead an
Chláir”. D’fhéach sé isteach san abhainn agus chonaic sé bradán breá mór. Chuaigh sé ar ais i dtreo
an bhaile agus bhuail sé lena athair ar an tslí agus dúirt a athair leis dul suas go dtí an bothán
uachtair agus píce a fháil agus go rachaidís ar ais le chéile go dtí an abhainn. Chuaigh siad beirt ar ais
go dtí an abhainn faoi dheifir ach mhol Dainín dá mhac gan a bheith ag rith ar eagla go
dtarraingeoidís aird orthu féin. Níor cheart an saghas seo iascaigh a dhéanamh i ndáiríre. “Iascach
neamhdhleathach” a bhí ar siúl acu. Shroicheadar an abhainn arís ach ní fhaca siad aon bhradán.
Dúirt athair Mhaidhc leis a bheith foighneach agus tamall ní ba dhéanaí chonaic siad an bradán arís.
Sháigh Dainín an píce isteach san abhainn ar luas lasrach agus thóg sé an t-iasc amach as an abhainn
ach má rinne bhris an píce ina dhá leath agus isteach ar ais san abhainn a chuaigh an bradán agus
Dainín bocht in éineacht leis agus a phíb agus a fhiacla fós ina bhéal aige. Bhí Maidhc Dainín sna tríthí
ag gáire ach bhí a athair ar deargbhuile. Thug sé bleaist eascainí uaidh. Baineadh geit as Maidhc mar
níor cheap sé go raibh a leithéid d’fhocail ann sa Ghaeilge. Bhí an bheirt acu ar tí éirí as an tóraíocht
ach lean siad orthu ag tóraíocht an bhradáin agus ar deireadh tháinig siad air cúpla uair an chloig ina
dhiaidh sin agus isteach san abhainn láithreach bonn a chuir Dainín a lámh agus rug sé ar cheann de
na bradáin ab áille dá bhfaca Maidhc. Bí ag caint ar shástacht. Bhí ríméad ar athair Mhaidhc agus an
bradán ina sheilbh anois aige. Scéal eachtraíochta den chéad scoth is ea an scéal seo. Léiríonn sé seo
dúinn gur fhear mór eachtraíochta agus fiontraíochta é an t-údar ar thaitin sé go mór leis a bheith
amuigh i mbun spaisteoireachta agus fiontraíochta.

Duine bríomhar, beomhar, meanmach, anamúil a bhí i Maidhc Dainín Ó Sé ó Pharóiste


Múrach i nGaeltacht Chiarraí. Fear mór ceoil agus fiontraíochta a bhí ann gan aon agó. Ní féidir a
shéanadh ach go bhfuil a dhírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm, breac le samplaí, ó thús go deireadh,
den dá thréith sin dá charachtar.

Gluais:

an cheolmhaireacht: an-spéis aige sa cheol

an fhiontraíocht: a bheith gníomhach

le cíoradh: le scrúdú

an-chaidreamhach: an-sóisialta

ar deargbhuile: bhí fearg an domhain air

bleaist eascainí: stream of curses

an tóraíocht: seilg nó fiach

ríméad: áthas an domhain

meanmnach: fuinniúil

anamúil: fuinniúil, fear suilt

You might also like