You are on page 1of 15

Breoite ar scoil

Pictiúr #1

•Baineann an tsraith pictiúr seo le cailín breoite ar scoil.


•Dé Domhnaigh a bhí ann.
•Chuaigh Aoife amach lena cairde. Chuaigh siad go dtí an club oíche.
•Bhí oíche iontach acu.
•Bhí siad ag éisteacht le ceol agus ag damhsa.
Pictiúr #2

•Nuair a d’fhág na cailíní an club oíche, bhí ocras an domhain orthu.


•Chuaigh siad go dtí bialann.
•Cheannaigh siad sceallóga agus borgaire.
•D’ól siad deoch freisin.
•Bhí siad ag caint faoin oíche a bhí acu.
Pictiúr #3

•Dé Luain a bhí ann.


•Bhuail an clog alairm ag a seacht a chlog.
•Dhúisigh Aoife.
•Níor mhothaigh sí go maith.
•Mhothaigh sí lag agus traochta.
Pictiúr #3

•Chuaigh sí thíos staighre. Bhí sí ag caint le Mam.


•Ní raibh aon trua ag Mam do Aoife.
•D’fhág sí an teach agus shiúil sí go dtí stad an bhus.
•Bhí sé ag stealladh báistí.
•Mhothaigh Aoife go dona.
Pictiúr #4

•Bhí Aoife ar scoil agus bhí scrúdú tíreolais ar siúl.


•Níor mhothaigh sí go maith.
•Bhí pian ina ceann agus ina bolg.
•Bhí a haghaidh chomh bán le sneachta.
•Ní raibh sí ábalta díriú ar an scrúdú.
Pictiúr #5

•Chuir Aoife a lámh suas agus labhair sí leis an múinteoir.


•Thug sé cead di dul go dtí an oifig.
•Labhair Aoife leis an príomhoide. Mhínigh sí an scéal di.
•Bhí an príomhoide tuisceanach agus cabhrach.
•Chuir sí glaoch ar an dochtúir do Aoife.
Pictiúr #6

•Tháinig an dochtúír go dtí an scoil.


•Rinne sé scrúdú ar Aoife.
•Dúirt sé go raibh nimhiú bia uirthi. Thug sé comhairle agus leigheas di.
•Chuaigh sí abhaile agus chaith sí an lá ar fad sa leaba.
•Mar a deireann an seanfhocal, ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte.’

You might also like