You are on page 1of 5

Saoire Gréine

ag sú na gréine uachtar gréine spéaclaí gréine bricíní gréine ag fámaireacht


sunbathing sun cream sun glasses freckles sight-seeing

na radhairc san fharraige ar an trá on óstán deas foirgnimh stairiúla


the views in the sea the beach nice hotel historical building

sleamhnáin uisce uachtar reoite eitpheil béile blasta ar muin na muice


water slide ice-cream volleyball tasty meal on the pig’s back
Chuaigh mé ar laethanta saoire go dtí an Spáinn. Chuaigh

me le mo theaghlach an samhradh seo caite. Fuaireamar

eitleán ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhíomar ar bís! Nuair

a shroicheamar an t-óstán chuamar go dtí an linn snámha.

Chaitheamar an lá ag sú na gréine. Bhí an t-óstán go hálainn.


Bhí ár seomra an-chompordach. Bhí an ghrian ag scoilteadh
na gcloch. D’itheamar béile blasta sa bhialann áitiúil gach
oíche. I rith an lae, chuamar go dtí an trá. Shnámh mé san
fharraige agus d’imir mé eitpheil. Bhí sé deas agus ní raibh
sé rófhuar. Chuaigh mé agus mo dheirfiúr ag fámaireacht.
Chonaiceamar na radhairc agus na foirgnimh stairiúla.
Bhíomar ar muin na muice! Cheannaigh mé bronntanas beag
do mo chara Aisling. Chaith mé spéaclaí gréine mar bhí sé
an-ghrianmhar. Fuair mé bricíní gréine freisin. Lá amháin,
chuamar ar thuras bus timpeall an bhaile. Bhí sé go
hiontach! Bhí brón an domhain orm ag teacht abhaile. Ní
dhéanfaidh mé dearmad ar an turas sin go deo.

Saoire Campála
carbhán leamhacháin ispíní
puball tent tine fire
caravan marshmallows sausages

ag rothaíocht tríd na sléibhte amhráin faoi na réaltaí mála codlata


cycling through the mountains songs under the stars sleeping bag

faoi tuath the láthair campála cois tine by in aice leis an


loch lake
countryside camp site the fire beside the
I rith an tsamhraidh, chuaigh mé ar shaoire campála faoin tuath le mo

theaghlach. Bhí an láthair campála suite i gContae Chorcaigh. Chuamar

síos sa charbhán ar an Aoine. Chaitheamar deireadh seachtaine ann.

D’fhanamar i bpuball in aice leis an loch. Gach lá chuamar ag snámh. Ar

an Aoine, chuamar ag rothaíocht tríd na sléibhte. San oíche,

d’itheamar ispíní agus sceallóga. Chanamar amhráin cois tine. Sheinn

mo dhaid an giotar, bhí sé go hálainn! Sa trathnóna, thugamar cuairt ar


an mbaile. Cheannaíomar milseáin sa siopa áitiúil. Ar an Satharn,
shiúlamar timpeall an loch. Chuamar ag iascaireacht freisin, bhí sé go
hiontach! Faraor, ní raibh an aimsir go deas. Bhí sé ag stealladh báistí.
Chodail mé i mála codlata faoi na réaltaí. Ní raibh sé rófhuar. Ar an
Domhnach, dhúisigh mé go luath. D’itheamar brisfeasta in aice leis an
loch. D’ith mé toasta agus subh. D’ól mé sú oráiste. Bhí na crainnte go
deas agus chuala mé na héin ag canadh. D’fhilleamar abhaile ansin. Bhí
an turas fada ach thit mé i mo chodladh sa charbhán - bhí mé
tuirseach traochta. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an saoire sin go deo!

Cluiche Peile
lucht féachana réiteoir an fhoireann an t-imreoir
Slua crowd
viewers referee the team the player

na himreoirí geansaí peile ar an bpáirc ag screadáil


Fiáin wild
the players football jersey on the pitch screaming

ag béiceadh cúl cúlbáire an scór the ar bís


shouting goal goalkeeper score excited
Dé Domhaigh a bhí ann. Chuaigh mé go dtí cluiche peile le mo Dhad i
bpáirc an Chrócaigh. Fuair mé na ticéidí do mo bhreithlá. Thosaigh an
chluiche ar a haon a chlog. Bhíomar ar bís! Bhí foireann Bhaile Átha
Cliath ag imirt in aghaidh Maigh Eo. Rith an fhoireann amach ar an
bpáirc. Chuaigh an slua fiáin! Bhí gach duine ag screadáil agus ag
béiceadh. Chaith mé geansaí peile - bhí sé gorm agus dúghorm. Tar éis
tamall, thosaigh an chluiche. Bhí an aimsir go deas, buíochas le Dia
agus bhí radharc maith againn. Fuair Baile Atha Cliath cúl sa chéad
leath. Bhí na himreoirí go hiontach! Ag leath-am, chuaigh mé go dtí an
siopa. Cheannaigh mé barra seacláide agus canna cóc. Sa dara leath,
fuair Maigh Eo cúl iontach. Ní raibh an cúlbaire sásta! Bhí sceitimíní
orm ansin. Scóráil Brian Fenton cúl agus thosaigh an slua ag bulaadh
bos. Rinne imreoir eile feall agus thug an réiteoir cárta buí dó! Thóg
siad an t-imreoir eile amach ar sínteán - bhí a chos gortaithe. Go
tobann, shéid an réiteoir an feadóg - bhí an cluiche críochnaithe!
Bhuaigh Baile Átha Cliath! Bhí an lucht féachana sona sásta. Ní
dhéanfaidh mé dearmad ar an gcluiche sin go deo.

Turas go dtí an Ghaeltacht


an t-am ar
lóistín bean an tí woman Tráth na gCeist
fógra notice fad the whole
accomodation of the house quiz
time
le bheith macánta san fharraige cathair bráisléad ag filleadh
to be honest in the sea city bracelet returning
ag caoineadh turas trip / iarnón céilí an lá deireanach
crying journey afternoon a dance the last day

Chonaic mé fógra faoin nGaeltacht ar scoil. Líon mé isteach foirm

iarratais agus chuaigh mé ar thuras scoile go dtí coláiste samhraidh le mo

rang. Thógamar an bus le chéile. Bhíomar ar bís! Shroich an bus Gaillimh

ar a naoi a chlog. D’fhreastail mé ar ranganna Gaeilge ar maidin. Bhí na

daoine cairdiúil. D’fhoghlaim mé a lán Gaeilge mar bhí mé ag caint Gaeilge

an t-am ar fad. San iarnón, d’imir mé peil sa choláiste. Bhí céilí ar siúl

gach oíche. Bhí mé ag damhsa an oíche ar fad. Uaireanta, bhí Tráth na

gCeist againn. D’itheamar dinneár sa teach lóistín. Bhí an bia blásta, le

bheith macánta. Bhí bean an tí an-chabhrach agus bhí fear an tí an-chiúin!

Lá amháin, chuamar go dtí an trá. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch

agus ní raibh scamall sa spéir. Chuamar ag snámh san fharraige. Bhí céilí

againn ar an trá - thaitin sé go mór liom! Lá eile, chuamar ar turas bus go

dtí cathair na Gaillimhe. Cheannaigh mé bronntanas do mo dheirfiúr.

Scríobh mé litir abhaile agus sheol mé an braisléad di. Bhí brón orm ag

filleadh abhaile. Rinne mé a lán cairde nua agus bhí mé ag

caoineadh ar an lá deireanach. D’fhill mé abhaile inné. Ní dhéanfaidh mé


dearmad ar an turas sin go deo.

You might also like