You are on page 1of 21

IND-EORPAIS

Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge

Is í an Cheiltis ceann de na teangacha Ind-Eorpacha

Is grúpa ollmhór teangacha í an Ind-Eorpais


TÉARMAÍ TÁBHACHTACHA

1. An Teangeolaíocht stairiúil (“historical linguistics”): ag féachaint ar fhorbairt


teangacha ón bpointe is faide siar (agus is féidir a dhul) sa stair.

2. Teanga hipitéiseach í an Ind-Eorpais; níl aon fhianaise dhíreach againn uirthi .i.
Níl aon lámhscríbhinní/inscríbhinní/leabhair srl. againn sa teanga seo, faic.

3. Teangacha gaolmhara (“cognate languages”): sin iad na grúpaí a dhéanann


grúpa mór den Ind-Eorpais.
AN IND-EORPAIS: TEANGA HIPITÉISEACH

“Hypothetical” nó “Proto-”language, is ea an Ind-Eorpais. Is teanga


í nach bhfuil foinsí scríofa aici.
Conas is féidir labhairt fúithi? Is ábhar staidéir é sa Teangeolaíocht
Stairiúil.
Tosnaítear leis an bhfoirm is sine de theanga amháin, agus cuirtear
i gcomparáid le teanga(cha) eile í, féachaint an bhfuil siad gaolta
lena chéile nó nach bhfuil .i. Modh na Comparáide.
Déantar an rud céanna le huimhir mhór teangacha.
TEANGACHA GAOLMHARA (I)
“Cognate” languages; teangacha atá gaolta lena chéile, m.sh.

an Fhraincis, an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Iodáilis, an Rómáinis, an Chatalóinis srl.:


tagann siad ar fad ón “gclann chéanna”, .i. an Laidin

Conas a dhéantar amach go bhfuil siad gaolta? Comparáid idir foirmeacha


d’fhocail, m.sh. athair
père (Fr), padre (Sp), padre (Iod), pai (Prt)
Laid. pater
TEANGACHA GAOLMHARA (II)
Ach teastaíonn GO LEOR samplaí mar seo chun gaol a chruthú, i ngach gné den
teanga (briathra, ainmfhocail, forainmneacha srl.)

m.sh. is (‘am’): suis (Fr), soy (Sp), sono (Iod), sou (Prt)
Laid. sum

Dóthain fianaise ann chun “grúpa Iodáldach” a chruthú


Teangacha ‘beo’ iad seo; nasctar iad le teangacha ‘marbha’
NA TEANGACHA IODÁLDACHA: “CRANN
TEAGHLAIGH”
AN IND-EORPAIS: GRÚPAÍ AGUS
DÁTAÍ

Old Irish is part of the Celtic language family, which itself forms one of the twelve
attested branches of the Indo-European linguistic family. The ancestor language called
Proto-Indo-European (PIE) ... originated most probably in the 4th or 3rd millenium B.C.
in the area north of the Black Sea (modern Ukraine).
AN IND-EORPAIS: GRÚPAÍ AGUS
DÁTAÍ

But by the end of the 3rd millenium B.C. at the latest PIE had begun to split up into
different branches, which must have been mutually understandable as dialects at the
beginning, but developed into seperate languages in the course of time.

David Stifter (2006: 1), Sengoídelc.


GRÚPAÍ
An grúpa Anatólach An grúpa Gréigeach
An grúpa Ind-Iaránach An grúpa Iodáldach
An grúpa Ceilteach
An grúpa Gearmándach An grúpa Airméineach
An grúpa Tocháireach An grúpa Baltach
An grúpa Slaiveach An grúpa Albáineach
AN TEAGHLACH MÓR: CRANN NA hIND-
EORPAISE
LÉITHEOIREACHT
B. Fortson Indo-European Language and Culture: An Introduction (Oxford,
2004) 1-15.
R.S.P. Beekes Comparative Indo-European Linguistics: An Introduction
(Amsterdam, 1995) 1-31.
P. Baldi, ‘Indo-European Languages’, The Major Languages of Western Europe,
ed. B. Comrie (1990, London) 23-57.
L. Bloomfield, Language (1934, London) 3-20.
F. Bodmer, The Loom of Language, ed. L. Hobgen (1944; repr. 1981, London)
69-78.
AN CHEILTIS
TEANGACHA GAOLMHARA (I)

Deirtear gur “brainse” nó “craobh” amháin den Ind-Eorpais í an grúpa Iodáldach (An
Fhraincis, an Spáinnis srl.), is é sin, is féidir a chruthú go dtéann an grúpa seo níos
faide siar ná an Laidin/an grúpa Iodáldach

An Ghaeilge: sa ghrúpa Cheilteach

Fianaise do ghrúpa Ceilteach?


TEANGACHA GAOLMHARA (II)
An próiseas céanna (Modh na Comparáide): comparáid idir na foirmeacha is sine
d’fhocail sa teanga sin, agus teanga(cha) eile atá/a bhí gar di; an Bhreatnais
(Welsh) agus an Ghaeilge m.sh.

mór (G) mawr (Br); cú (G) ci (Br); beo (G) byw (Br)

Arís, go leor samplaí ag teastáil: lán (G) llawn (Br); inis (G) ynys (Br)
TEANGACHA GAOLMHARA (III)
Deirtear go bhfuil gaol idir an Ghaeilis [Goídelic] agus an Bhriotainis [Brythonic].

Mar a chéile, na teangacha a d’fhás as an nGaeilis (An Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, an


Mhanainnis) agus as an mBriotainis (an Bhreatnais, Bhriotáinis, an Choirnis) deirtear go bhfuil
siad sin gaolta freisin

Is leath amháin den Cheiltis iad na teangacha seo: an Cheiltis Inseach (‘Insular Celtic’).
Ceiltis na Mór-Roinne (‘Continental Celtic’): Gaillis, Ceiltibéiris, Lepontais, agus Galáitis.
Síolraíonn said ar fad ón gComh-Cheiltis (‘Common Celtic’).
NA TEANGACHA CEILTEACHA INSEACHA: ‘CRANN TEAGHLAIGH’
ATHRUITHE FUAIME (I)
Bíonn focail ghaolmhara ag teangacha gaolmhara m.sh. beo/byw (Ceiltis),
padre/père (Iodáildis), church/Kirche (Gearmáindis: Béarla, Gearmáinis, Ollainis,
Ioruais, Danmhairgis srl.)

Ach bíonn focail ghaolmhara eile “i bhfolach”, m.sh. sa Cheiltis:

ceann (G) vs. pen(n); fear (G) vs. gŵr (Br); sean (G) vs. hen (Br)
ATHRUITHE FUAIME (II)
Conas a thuigtear gur focail ghaolmhara iad seo?

(1) Dlí(the) na n-athruithe fuaime: athraíonn fuaimeanna i dteangacha éagsúla de


réir rialacha. Tuiscint úr sa teangeolaíocht sa 19ú hAois (regularity of sound laws)

(2) Is ea is mó samplaí a léiríonn na difríochtaí seo (m.sh. “f” sa G vs. “gw” sa


Bhreatnais) is ea is dóichí gur riail atá taobh thiar de
ATHRUITHE FUAIME (III)
An riail is tábhachtaí maidir leis an gCeiltis Inseach: an difear idir ‘c’ v. ‘p’ i dtús
focail: m.sh. ceathair (G) v. pedwar (Br); ceann (G) v. pen(n) (Br); clann (G) v. plant
(Br).

Is féidir linn a chruthú go dtéann an difear seo siar go dtí fuaim níos sine. D’athraigh

an fhuaim seo ar dhá shlí .i. Kw  Q  ‘c’ sa Ghaeilis agus Kw  ‘p’ sa Bhriotainis.

ceathair < *kwetwor; ceann < *kwennom; clann < Laid. planta.
NA TEANGACHA CEILTEACHA: “CRANN TEAGHLAIGH”,
AGUS AN SCARÚINT IDIR “C” AGUS “P”
LÉITHEOIREACHT
D. Ellis Evans, ‘Celtic Origins’, Proc. 1st N. Amer. Cong. of Celt. St., ed. G. W.
MacLennan (1988, Ottawa) 209-22.
B. Ó Cuív (eag.), A View of the Irish Language (BÁC, 1969) 1-22

You might also like