Maidin gheimhreadh go moch, Sheas sé amuigh an oíche go léir Is bhí sé fuar agus fliuch.
Ní raibh air ach scairf bheag dhearg
Is hata ar a cheann, Nuair a d’oscail mé an doras dó Shiúil sé isteach le fonn.
D’oscail sé doras an tseomra suí
Is isteach leis ann gan choinne, Bhain sé an hata is bhain sé a scairf Is shuigh sé síos cois tine.
Bhí ocras agus tart air
Is thairg mé bia dó, Ghlac sé leis go toilteanach Is shuigh sé ar a sháimhín só.
Ach bhí preab mhór i ndán dom
Nuair a bhí an bia réidh, Mar ní raibh fágtha cois na tine Ach linn bheag uisce glé! Lá Nollag – Le Éamonn Ó Ríordáin Maidin Nollag Dúisím óm’ chodladh Is an ghrian ag éirí sa spéir, Amach as an leaba, Mo chroí ag preabadh Is dúisím an chlann go léir.
Céim ar chéim, Léim ar léim Síos an staighre go beo, Gach duine ar bís Is cuma an aois, Seo an lá is fearr go deo.
Ansin isteach linne,
Duine i ndiaidh duine Go dtí an seomra mór suí, Is bímid lánsásta, Daoine óga is daoine fásta Is gabhaimid buíochas ó chroí.
Bíonn an fear é féin
Imithe i gcéin I ndiaidh obair bhreá na hoíche, Ach leanfaidh sé go buan Ag obair faoi rún Ag cur áthais ar dhaoine choíche.