Professional Documents
Culture Documents
Rugadh Naomh Bríd i bhFochaird, Contae an Lú. Rugadh isteach i gclann saibhir í agus
Dubtach an t-ainm a bhí ar a hathair. Nuair a bhí sí ag fás aníos ba pháiste an-chiúin í agus
bhí suim mhór aici san fhoghlam. Chuidigh sí le a lán dualgais thart ar an fheirm cosúil le
ag buachailleacht agus ag cruinniú ime. Níos mó ná aon rud eile, ba bhreá le Bríd cuidiú le
daoine ar nós bacaigh, daoine a bhí tinn agus daoine uaighneacha. Ba mhinic a thug sí bia do
na daoine sin nó am a chaitheamh leo, rud a cuidigh go mór leo. D’fhás Bríd aníos ina bhean
álainn agus bhí a lán ardtiarna ag iarraidh í a phosadh. Ní raibh Bríd ag iarraidh posadh agus
shocraigh sí a bheith ina bhean rialta ina áit. Bhí athair Bhríd ar buile ach bhí a fhios ag Bríd
nár thuig sé.
Bhí a fhios ag Bríd agus ag na mná rialta eile go raibh a lán oibre le déanamh acu. Ba mhian
le Bríd clochar a thógáil dóibh faoi chrann darach áit a raibh sí ina cónaí i gCill Dara. Chuaigh
Bríd le hiarraidh ar an ardtiarna píosa talaimh a thabhairt di chun an clochar a thógáil. Ní
raibh an t-ardtiarna ródheas agus ní raibh sé sásta talamh ar bith a thabhairt di, mar sin de,
rinne sí margadh leis. D’fhiosraigh sí an dtiocfadh léi an méid talaimh a fháil is a chlúdódh a
clóca. Rinne an t-ardtiarna gáire uirthi mar shíl sé gur cheist amaideach í agus d’aontaigh sé
leis. Nuair a chuaigh Bríd amach chuig an pháirc chun clóca s’aici a chur síos faoin chrann
darach, tharla rud éigin speisialta a bhain geit as an ardtiarna. Thosaigh an clóca ag fás
agus ag fás, níor stad sé ag fás go dtí go raibh
go leor talaimh clúdaithe go dtiocfadh le Bríd a
clochar a thógáil. Bhí sí sásta mar bhí a fhios aici
gur chuidigh Dia léi lena plean. Nuair a tógadh an
clochar tháinig a lán daoine chun Bríd a fheiceáil
ionas go dtiocfadh léi cuidiú leo. Roimh i bhfad bhí
clú agus cáil uirthi ar fud na tíre as na dea-rudaí
a rinne sí.
Page 1 of 4
D’fhan Bríd leis mar chomhluadar. Thosaigh sí ag insint dó faoi shaol Íosa agus na flaithis.
Bhí luachair scaipthe thar an chloch urlár faoina leaba agus thóg Bríd cuid acu agus thosaigh
sí ag fíodóireacht chun croise a dhéanamh. Mhínigh sí gurb ionann an cros agus an Tríonóid
Naofa, an t-Athair, an mac agus an Spiorad Naomh. Chreid an taoiseach go mór í gur athraigh
sé féin ina Chríostaí láithreach ansin. Seo an fáth a ndéanann muid crosa Naomh Bríd.
Ceiliúrtar Lá Fhéile Naomh Bríd ar an chéad lá de mhí Feabhra gach bliain. Is í ceann de na
naoimh is tábhachta in Éirinn go dtí an lá atá inniu ann.
Page 2 of 4
Naomh Bríd
1. Cá háit ar rugadh Naomh Bríd?
Page 3 of 4
Naomh Bríd - Atebion
1. Cá háit ar rugadh Naomh Bríd?
Rugadh Naomh Bríd i bhFochaird, Contae an Lú.
Page 4 of 4