You are on page 1of 3

An Modh Coinníollach (The Conditional Tense) 23/4/21

- Bíonn ‘coinníoll’ (condition) i gceist.


- Chun ‘would’ a rá
- Nuair atá ‘dá’ (if) san abairt

RIALACHA GINEARÁLTA

- Cosúil leis an Aimsir Chaite:

h ar chonsan
d’ ar ghuta
d’ agus h ar F

- Dá (if) + urú

M.sh: Dá mbeinn i mo phríomhoide sa scoil seo, thógfainn linn snámha faoi dhíon

(If I was the principal in this school, I would build an indoor swimming pool)

- Mura (if not) + urú

M.sh: Mura mbeinn i mo dhalta, ligfinn mo scíth don lá ar fad

(If I wasn’t a pupil, I would relax for the whole day)

- An Fhoirm Dhiúltach = Ní + h
- An Fhoirm Cheisteach = An + urú

AN CHÉAD RÉIMNIÚ (GRÚPA 1 - BRIATHRA GEARRA)

Deirí:

LEATHAN CAOL
-fainn -finn
-fá -feá
-fadh sé/sí -feadh sé/sí
-faimis -fimis
-fadh sibh -feadh sibh
-faidís -fidís
-faí (SB) -fí (SB)
Samplaí:

TÓG (to take/build) CAITH (to throw/wear/spend/smoke…)

Thógfainn Chaithfinn
Thógfá Chaithfeá
Thógfadh sé/sí Chaithfeadh sé/sí
Thógfaimis Chaithfimis
Thógfadh sibh Chaithfeadh sibh
Thógfaidís Chaithfidís
Thógfaí (SB) Chaithfí (SB)

NÓTA:

Tá na briathra Sábháil (to save), Taispeáin (to show) agus Tiomáin (to drive) sa
chéad réimniú (in the first group).
-> Faigheann siad na deirí thuas (the above endings).
Ach baintear an ‘i’ den dara siolla de na briathra ‘sábháil’ -> shábhálfainn agus
‘taispeáin’ -> thaispeánfainn
Fanann ‘tiomáin’ mar an gcéanna -> thiomáinfinn

AN DARA RÉIMNIÚ (GRÚPA 2 - BRIATHRA FADA)

Briathra a chríochnaíonn ar -aigh/-igh den chuid is mó.

BAIN an -aigh (leathan) nó an -igh (caol) agus cuir na deirí leis na briathra:

LEATHAN CAOL
-óinn -eoinn
-ófá -eofá
-ódh sé/sí -eodh sé/sí
-óimis -eoimis
-ódh sibh -eodh sibh
-óidís -eoidís
-ófaí (SB) -eofaí (SB)

Samplaí:
ULLMHAIGH (to prepare) CUIDIGH (to help)

ULLMHAIGH CUIDIGH

D’ullmhóinn Chuideoinn
D’ullmhófá Chuideofá
D’ullmhódh sé/sí Chuideodh sé/sí
D’ullmhóimis Chuideoimis
D’ullmhódh sibh Chuideodh sibh
D’ullmhóidís Chuideodís
D’ullmhófaí (SB) Chuideofaí (SB)

Briathra eile a bhfuil dhá shiolla iontu, m.sh INIS (to tell), FREAGAIR (to answer)

Féach ar an dara siolla, bain na gutaí agus lean ar aghaidh mar is gnách. (Look at the
second syllable, take out the vowels and continue as usual)

Má tá guta leathan sa dara siolla, tá an briathar leathan, muna bhfuil, tá an briathar


caol. (If there is a broad vowel in the second syllable, the verb is broad, if not, the verb is
slender)

FREAGAIR -> is iad A agus I na gutaí, mar sin tá an briathar leathan


INIS -> Is é I an t-aon ghuta, mar sin tá an briathar caol.

Samplaí:

FREAGAIR (to answer) INIS (to tell)

FREAGAIR-> Freagr INIS -> Ins

D’fhreagróinn D’inseoinn
D’fhreagrófá D’inseofá
D’fhreagródh sé/sí D’inseodh sé/sí
D’fhreagróimis D’inseoimis
D’fhreagródh sibh D’inseodh sibh
D’fhreagróidís D’inseodís

NÓTA: Tá na briathra Tuirling (to get off) agus Foghlaim (to learn) sa dara réimniú.
Fanann siad mar an gcéanna (ní bhaintear aon litir) agus cuirtear na deirí thuas leo:

Tuirling -> Thuirlingeoinn


Foghlaim -> D’fhoghlaimeoinn

You might also like