Professional Documents
Culture Documents
An Ghaeltacht
An Ghaeltacht
Coláiste Samhraidh,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe.
4ú Iúil.
A Liam, a chara,
Beatha agus sláinte. … anseo. Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte. Táim
anseo ar chúrsa Ghaeilge sa Ghaeltacht, creid é nó ná creid.
Táim ar lóistín i dTigh Uí Néill. Nóra is ainm don bhean an tí. Is cócaire iontach
í. Tugann sí béilí breá blasta dúinn gach lá. Chomh maith le sin, tá sí deas,
cairdiúil agus fial flaithiúil.
Bíonn ranganna againn gach maidin. Tosnaíonn na ranganna ar a naoi a chlog gach
maidin. Críochnaíonn na ranganna ar a haon chlog gach lá. Gach iarnóin, bíonn
cluichí againn (sa halla phobail). Imrímid Peil Ghaelach, Iomanaíocht agus
cispheil. Anois is arís téim ag snámh san fharraige nó ag surfáil. Gach óiche,
bíonn céilí nó Tráth na gCeist (Quiz) againn. Bíonn an craic againn ag damhsa leis
na buachaillí/na cailíní. Chuaigh mé ar turas lae go dtí Oileán Árainn. Thóg mé an
bád. Bhí an turas tapa. Bhí rothar ar cíos againn. Chuaigh muid ag rothaíocht
timpeall an oileáin. Bhí an radharc go hálainn. Chuaigh mé go dtí Dún Aonghus
agus chonaic mé rónta (seals) ar an trá.
Bíonn an craic agam anseo.
Slán go fóill
Do chara