Professional Documents
Culture Documents
2023 Oisín I DTír Na NÓg
2023 Oisín I DTír Na NÓg
N A C A R A C H TA I R : O I S Í N
• Sa scéal seo feicimid go bhfuil dhá thaobh an-éagsúil ag baint le Oisín.
• Ag tús an scéil, feicimid é mar fear, ard, láidir agus dathúil. Bhí sé ag marcaíocht capaill.
• Ba dhuine cróga agus gaisciúil é freisin. Bhí sé mar bhall de na Fianna. Ba iad na Fianna arm na hÉireann ag an am.
Mar sin, bhí Oisín láidir agus cróga.Throid sé in aghaidh Fómhar Builleach & bhuaigh sé an cath.
• Thit Niamh i ngrá le hOisín mar gheall ar na tréithe seo. D’fhág sé Éire léi agus bhí saol breá acu i dTír
na nÓg.
• D’athraigh Oisín sa scéal seo nuair a d’fhill sé ar Éirinn.
• Thuig sé go raibh na Fianna, a chlann agus a chairde go léir marbh. Bhí sé brónach agus maoithneach.
• Bhí gach rud in Éirinn difriúil. Bhí teach Fhinn lán le fialaí agus neantóga. Bhí mearbhall ar Oisín.
• Thit Oisín den chapall agus bhris an geasa a bhí air. D’athraigh sé ar an spota. Bhí sé sean, críonna,
caite, lag agus dall. Bhí sé go hiomlán difriúil.
• Feicimid anseo go bhfuil codarsnacht ann i gcarachtar Oisín.
• Ba charachtar grámhar é Oisín.
• Bhí an-ghrá aige do na Fianna, Fionn, a chlann, a chairde agus Niamh.
• Bhí sé an-bhrónach nuair a d’fhág sé Éire le Niamh. Bhí sé brónach ag fágáil slán le Fionn agus na
Fianna. Bhí sé ag caoineadh.
• Nuair a bhí sé i dTír na nÓg, chrónaigh sé a chlann agus na Fianna in Éirinn.
• Bhí grá aige do Niamh freisin. D’fhág sé a chlann agus a chairde agus chuaigh sé go dtí Tír na nÓg
léi.
NA CARACHTAI R: NIAMH
• Is príomhcharachtar í Niamh sa scéal seo.
• Bean álainn a bhí inti. Bhí gruaig fhada fhionn uirthi. Bhí na fir go léir i ngrá léi. Chonaiceamar í ag tús an scéil.
Bhí sí ag marcaíocht capaill bháin.
• Chuala sí scéalta faoi Oisín. Thit sí i ngrá le hOisín agus tháinig sí go hÉirinn chun buaileadh leis.
• Ba bhean láidir-aigeanta í. Bhí sí ag iarraidh Oisín a phósadh. Ní bheadh sí sásta le haon rud eile.
• Mheall sí Oisín lena háilleacht, agus d’fhág sé Éire léi.
• Chuaigh siad go dtí Tír na nÓg agus bhí saol breá acu le chéile. Bhí triúr pháiste acu. Bhí saol sona acu.
• Ní raibh Niamh sásta nuair a bhí Oisín ag iarraidh teacht ar ais go hÉirinn. Bhí imní agus buairt uirthi. Cheap sí
nach bhfillfeadh sé go Tír na nÓg.
• Mar sin, chuir sí geasa air. Dá leagfadh sé a chos ar thalamh na hÉireann bheadh sé ina sheanfhear.
• Anseo, feicimid Niamh mar charachtar láidir agus cumhachtach.
NA CARACHTAI R: NAOMH PÁDRAIG