Professional Documents
Culture Documents
2023 An Spailpín Fánach
2023 An Spailpín Fánach
Téama an dáin
• Is é saol an spailpín téama an dáin seo.
• Sa dán seo, bhí an file ag caint faoina shaol agus faoina obair. Tá sé soiléir go
raibh sé míshásta. Níor thaitin a shaol leis ar chor ar bith.
2
• Bhí an file ag obair mar spailpín – oibrí bocht feirme. Chuaigh sé ó áit go háit ag
lorg oibre. Chuaigh sé go dtí margadh híreálta chun post a fháil. Sheas sé ar
thaobh na sráide agus roghnaigh feirmeoir é. Shiúil sé leis an bhfeirmeoir go dtí
an fheirm.
3
• Bhog an spailpín timpeall na tíre ag lorg oibre. Chuaigh sé go dtí Cill Chainnigh
agus Tiobraid Árann ag obair. Bhog sé ó áit go háit go minic. Dá bharr, ní raibh
teach ná baile aige. Ní raibh aon áit chónaithe aige. Ní raibh clann ná cairde aige.
Bhí saol uaigneach aige.
• Ach, bhí dóchas ina shaol. Ba mhaith leis earcú leis na hÉireannaigh Aontaithe. Ba
mhaith leis troid i gcoinne na Sasanach. Mar sin, bheadh saol níos fearr aige.
4
• D’úsáid an file an chéad phearsa sa dán seo. Labhair sé go díreach linn faoina
scéal féin. Is teicníocht an-chliste é seo.
5
Meadaracht an dáin
• Is amhrán agus dán simplí ceolmhar é seo. Is féidir an t-amhrán seo a
chloistéail fós.
• Tá abairtí fada ceolmhara sa dán. Tá trí véarsa sa dán & tá siad ar chomhfhad.
6
• Níl ach lánstad amháin ag deireadh gach véarsa. Dá bharr, tá rithim deas ag an
dán.
• leathan – láidir