You are on page 1of 64

Clár

Brollach

Réamhrá

Cumhacht na Cuimhne ti

Cosc ar Iascach 25

An Dúmhálaí 35

Aithrí an Táilliúra 47
Brollach

Múinteoir, Gaeilgeoir agus ceoltóir a bhfuil an-cháil


air thart ar Chill Mhóibhí agus ar Bhealach an Doirín
is ea Seosamh Mac Gabhann atá ina Uachtarán ar
an gCumann Scoildrámaíochta ó 1984. Tá a shaol
múinteoireachta caite aige ag saothrú ar son a chuid
daltaí, agus le forbairt an cheoil agus na drámaíochta
sa cheantar agus sa scoil. Tá clú air ar fud na mbailte
móra ina mbíonn an Fhéile Scoildrámaíochta ar siúl
agus is minic a chuid drámaí ar an stáitse ag an
bhFéile Náisiúnta, á léiriú ag a scoil féin nó ag
scoileanna eile.

Cumhacht na Cuimhne
'TTá foramharc samplach ar a chuid oibre sa leabhar seo:
drámaí faoi pháistí scoile agus iad i mbun pleidhcíochta
de chineál amháin nó de chineál eile. Tá dráma amháin
bunaithe ar bhéaloideas cheantar Bhealach an Doirín
ann, is é sin “Aithrí an Táilliúra”, bunaithe ar an scéal
“Táilliúir Ros Comáin' a d'inis Pádraig Ó Riagáin, an
cainteoir dúchais deireanach ó Chill Mhóibhí. Chuala
mé é ó thaifeadadh m'athar Peadar Ó Nuadháin, agus
d'inis an scéalaí é féin é ag Feis Mhór Bhealach an
Doirín sa bhliain 1959.

Nóirín, Ní Nuadháin
lwils-og luilHth & Oh: wm- iémmíoe.) nuostiúií
“BÍo€ ns nóis is w& soin iimogh imda pe:
& a&súisiid gig An nasieáeir siiM4 ain :
hal n&f Faoi & airissseicsharh nasn
bhun rós 8 Ú atcén An we AC Aisee
ghCohamáib eo sh ÍAoagf3 nee rimdial aisss83
wMiiaidie sú Mal gúséadhisráis.- hose usamas lí
fne w gion) baose auwdy “ anwiága má
cá as ihhre ns w iethhóy hands a.Ainiih aj “afs
as hé dh Hon. w “á ioimh & Fe ir
Ns &

Mo sgilopsl ta nanana big á háaoiú


buaidh fmeAiióirí mmóim FÓN; is acahi
Sn
AMAEes —mbil sa as.
THA Í na.hniosaifs 3
ASca9e CIE imid a
“—S
“AA SUáipe5 Ó) six xiSait e arais na |
anal

RANN bhinfh ú | o-irís3


osna "$ Sea 2-5 áin
UI
edaidit sódh si aaBus. ns a
4
Hi H

uhe
We. w Mé

-
Réamhrá

Buntáistí na drámaíochta
Tá buntáistí pearsanta sóisialta mothúchánacha agus
teangeolaíocha ag baint leis an drámaíocht. Is breá le
páistí a bheith ag aisteoireacht agus ag spraoi i
bpearsana daoine eile ar an stáitse. Tugann léiriú an
dráma misneach agus féinmhuinín do dhaltaí agus
maolaíonn ar chúthaileacht daltaí áirithe. “Tagann
feabhas ar a gcuid Gaeilge agus tagann méadú ar a stór
focal agus thar rud ar bith eile, úsáidtear an Ghaeilge i
gcomhthéacs a bhfuil ciall leis.

Drámaíocht stáitse u. tobchumadh,


Ar ndóigh, ní hé an léiriú poiblí ar an stáitse is
tábhachtaí. Tá sé tábhachtach go mbeadh gach páiste
sa rang páirteach sa dráma más féidir. Tá béim níos mó
anois i saol na drámaíochta scoile ar an tobchumadh
agus ar imirt i rólanna, ach ó thaobh na Gaeilge mar
dhara teanga de, san áit nach féidir leis na daltaí a
bheith ag tobchumadh mar nach bhfuil líofacht acu, tá
áit fós ag an drámaíocht stáitse.

Léitheoireacht gam, léariú


Is fiú téacs an dráma a léamh, fiú mura léireofaí riamh
ar an stáitse é. Is ceart an léitheoireacht seo a ullmhú
cosúil le haon cheacht léitheoireachta eile. Is iad
fuaimeanna na Gaeilge an locht is mó a bhíonn ar
dhrámaí a léirítear i nGaeilge. Ní fheictear an síneadh
fada, go háirithe ar an litir 'é”, agus ní fheictear an
séimhiú ar an gcéad litir; mar shampla is í an fhuaim
(go hiondúil) atá ag bh agus mh ná /U/ , agus ag th agus
sh ná /h/. D'fhéadfaí an dráma a thaifeadadh freisin
agus d'fhéadfadh an dalta éisteacht leis an taifeadadh
agus an pháirt á léamh nó á foghlaim aige/áici.

Eagarthóireacht
Athraíodh cuid mhaith den bhunlitriú ar son an
chaighdeáin ach ba mhór an trua dá ndéarfaí focail
áirithe sa chaoi a bhfuil siad litrithe i gcónaí. Beidh a
fhios ag an múinteoir/Tléiritheoir, nach ndeirtear a
fhios, mar shampla, ach caithfear é a scríobh. Nuair a
bhíonn téacs scríofa go caighdeánach is féidir aon
chanúint a úsáid sa léiriú. Mar sin, is féidir Cad é mar ...
nó Cén chaoi a bhfuil ... nó Conas atá ... a rá. Ní gá brath
ar an téacs. Ba cheart é a úsáid mar bhunchloch, agus
cur leis nó baint uaidh de réir mar a oireann sé do
chúinsí na ndaltaí agus an cheantair ina bhfuil sé á
léamh nóáléiriú.

Nóirín, Ní Nuadháin
Cumhacht na Cuimhne
12

Pearsana
BRÍD
TREASA
DEIRDRE
SARAH
RITA
ÚNA
CAITLÍN
ÁINE
MÁIRE
iad ar fad thart ar 14 bhuain d'aois

Suíomh Seomra i meánscoil agus ríomhaire ann

Am Oíche gheimhridh

Scéal Comharobair ar siúl ag na scoláirí. Iad Istigh sa


ScOil san oíche ag iarraidh tuarascáil a chur le
chéile. Stoirm amuigh. Bíonn gearradh
cumhachta ann agus cailltear an méid den
tuarascáil nach raibh sábháilte acu. Éiríonn
leo trí obair le chéile. Buanna éagsúla ag
daoine difriúla.

Nóta Is féidir na pearsana a athrú, nó daoine nua a


chruthú agus cuid de na línte a ghearradh agus
iad a roinnt orthu. Is féidir ainmneacha
comhaimseartha a thabhairt ar na pearsana
agus ar an múinteoir. Is féidir buachaillí nó
meascán cailíní agus buachaillí a úsáid.
Nuair a osclaítear an brat tá Treasa ag obair ar ríomhaire
agus raidió ar siúl taobh léi. Pobcheol ar siúl. Tagann BRÍD
agus DEIRDRE isteach agus beart leabhar ina lámha acu.

BRÍD (ag glaoch): A Threasa, múch an raidió sin.


TREASA: Á, a Bhríd.
BRÍD: Múch é, a deirim leat! (Suíonn sí ag an. mbord
agus osclaíonn sí leabhar.)
TREASA: Bhí clár maith ceoil ar siúl, agus theastaigh
uaim éa chloisteáil. (Pus u;rtha)
BRÍD: Ní féidir a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine.
Tá a fhios agat an phráinn atá leis an tuarascáil
seo.
TREASA: Tá a fhios agam. Nach é sin an fáth a
bhfuilimid anseo an tráth seo d'oíche.
BRÍD: Nár tháinig aon duine eile fós” Dúirt mé leo
a bheith ar ais anseo ar a seacht a chlog, agus
féach anois, tá sé beagnach a hocht, agus níl
ann ach an triúr againne.
DEIRDRE: Agus tá a fhios acu go léir go gcaithfidh an
tuarascáil seo a bheith ar bhinse Bhean Uí
Riain ar a deich achlog ar maidin.
TREASA: Nach bhfuil an chuid is mó de ar an ríomhaire
anseo againn” A Bhríd, féach air seo sula
dtosaíonn tú ag déanamh taighde sna leabhair
sin. Seo léaráid faoi thruailliú, a rinne mé ar
an ríomhaire. An gcuirfidh mé isteach í?
(Téann BRÍD agus DEIRDRE chomh fada léi agus
féachann ar an scáileán.)
Cumhacht na Cuimhne

BRÍD: Cuir, cinnte. Níl aon rud mar sin sa


tsaorlíníocht atá déanta ag Sarah.
TREASA: Tá mise beagnach críochnaithe anseo. An
bhfuair tú aon rud suimiúil sa leabharlann?
BRÍD: Bhí mé préachta leis an bhfuacht amuigh
ansin mar ní raibh an teas ar siúl. Tá cúpla
rud beag sna leabhair seo a thug mé liom ach,
dáiríre, dheamhan mórán faoi thruailliú atá sa
leabharlann sin.
TREASA: Is beag eile atá le déanamh againn, mar sin,
ach an tuarascáil a chur le chéile isía
phriontáil.
DEIRDRE: Nach áisiúil an rud é an ríomhaire i gcomhair
tuarascáil mar seo! Murach é bheimis marbh
ag scríobh. Ach tógfaidh sé tamall maith éa
chur le chéile, fiú agus é ar an ríomhaire.
TREASA: Is ea. (Abasr ea”) Beidh orainn na hailt a
aistriú ó áit amháin go dtí áit eile sa chomhad
agus iad a chur in ord agus in eagar.
Beidh tusa in ann é sin a dhéanamh.
TREASA: Ó, beidh mé. Éist! Cloisim duine éigin ag
teacht.
(Buailtear cnag ar an doras.)
BRÍD: Tar isteach.
(Tagann SARAH agus RITA isteach. Cuma. an-
fhuar orthu, cótaí móra agus hataí orthu. Cairt ag
Sarah.)
Cá raibh sibhse” Bhí gach duine le bheith
anseo ag a seacht.
SARAH: Tá brón orainn. Déarfainn go raibh sibhse
anseo sular thosaigh an stoirm.
TREASA: Cén stoirm?
SARAH: Tá stoirm andláidir amuigh. Tá sé deacairía
chloisteáil istigh anseo, ach tá an bóthar
Seosamh Mac Gabhann m
15

clúdaithe le géaga crann atá briste ag an


ngaoth.
(Ag baint di; a. cóta.)
RITA: Bhí mé réidh le teacht ach ní ligfeadh mo
mhamaí amach mé go dtiocfadh sí abhaile ón
obair. D'fhág sí ag an ngeata mé. Gheall mé
glaocha chur uirthi nuair a bheimid réidh le dul
abhaile.
BRÍD: Agus an raibh aon rud faoin stoirm seo ar an
raidió” (Le Treasa) Tusa, a Threasa a bhí ag
éisteacht leis nuair a tháinig mé isteach?
TREASA: Ag éisteacht le ceol a bhí mise. Ní raibh suim
agamsa san aimsir.
BRÍD (le Sarah): Ní fhaca tú na cailíní eile ar an
mbealach, an bhfaca?
SARAH: Ní fhaca. Ach tá mé cinnte go dtiocfaidh siad.
Tá moill curtha ag an stoirm orthu, is dócha.
BRÍD: Tá súil agam nach gcuirfidh Áine chun
bóthair anocht. Bheadh sé an-bhaolach di i
stoirm mar sin.
TREASA: Seans maith nach ligfeadh a mamaí amach í.
Chrochamar na cairteanna a rinne tú, a
Sharah. Tá siad go hálainn.
SARAH: Tá siad ceart go leor, is dócha.
TREASA: Ceart go leor! Níl tú mórtasach go leor asat
féin. Tá súil agam go ngnóthfaimid duais don
tionscadal seo.
BRÍD: Is beag seans atá againn, braithim.
SARAH: Ar aon nós críochnóidh mise an chairt seo.
Rinne mé cuid mhaith de sa bhaile. (Tosaíonn
sí ag obair ar an gcairl.)
TREASA: Tá na cailíní eile ag teacht. Cloisim iad.
(Osclaítear an doras. Tagann ÚNA agus CAITLÍN
isteach.)
ha Cumhacht na Cuimhne
16

CAITLÍN: Ó,Ó ... (Cuma fhuar orthu) Dá bhfeicfeadh


sibh an áit amuigh.
ÚNA: Tá na crainn ag lúbadh leis an ngaoth.
CAITLÍN: Agus tá an tsráid clúdaithe le duilleoga.
ÚNA: Tá crann mór leagtha in aice na scoile.
Bhíomar ag rá go raibh sé baolach a bheith
amuigh anois.
(Íslítear an solas leictreach agus fanann sé
leathmhúchta ar feadh cúbla soicind. Ní bhíonn
focal as na cailíní go lastar an solas arís.)
TREASA (atá críochnaithe ag an ríomhaire): Dá mbeadh
Máire agus Áine anseo anois, d'fhéadfaimis
an tuarascáil a chur le chéile agus dul abhaile.
Tá neart eolais ar an ríomhaire againn ach é a
chur in ord agus in eagar agus é a phriontáil.
CAITLÍN: Tá, is dócha. (Caitheann sí báipéar ó mhilseán
alá á ithe aicí ar an urlár.)
SARAH: A Chaitlín, cuir an Páipéar sin sa chiseán. Cén
mhaith dúinn a bheith ag scríobh tuarascáil ar
thruailliú, agus ag an am céanna ag caitheamh
Páipéir ar fud na háite.
CAITLÍN (ag tógáil an bháibéir agus á chur sa chaseán,)
Rinne mé dearmad. :
SARAH: Is maith an rud nach raibh Bean Uí Riain
anseo. Cad é sin a deir sí? (Ag déanamh aithrise
ar ghlór Bhean Uí Riain) Ní bhíonn earráid ina
dearmad go dtí go ndiúltaíonn tú é a cheartú.
(Déanann na cailíní go léir gáire.)
BRÍD (ag dúnadh leabhair a bhí á léamh aici): An
bhfuil na cairteanna beagnach críochnaithe
agatsa, a Sharah?
SARAH: Tá mé críochnaithe anois díreach.
BRÍD: Is fearr dúinne tosú ar an tuarascáil a chur
le
chéile.
Seosamh Mac Gabhann |
17

ÚNA: Ó); go maith. (Le fonn)


BRÍD (ag suí ag an mbord 1 lár an tseomra): A chailíní,
bailigí thart ar an mbord anseo.
(Osclaítear an doras de bhreab agus cloistear an
ghaoth ag séideadh go láidir. Baintear geit as na
cailíní go léir ach amháin as Bríd.)
A “Threasa, dún an doras sin. Anois, cá
dtosóimid.
SARAH: Ceapaim go mba chóir dúinn tosú le 'Cad is
truailliú ann?”
(Tá gach duine ciúin. Féachann BRÍD ar gach
duine.)
BRÍD: An bhfuil gach duine sásta leis sin?
CAILÍNÍ: Iain a tanishtaá
ten
(Scríobhamn BRÍD an. méid sin.)
BRÍD: Cad é an dara halt a bheas againn?
CAITLÍN: “An dochar a dhéanann sé don timpeallacht.
TREASA: Nó, “Cé a dhéanann truailliú” agus ansin,
b'fhéidir, “An dochar a dhéanann sé.
DEIRDRE: Ceapaim gur fearr 'Conas fáil réidh le
truailliú” don dara halt.
CAILÍNÍ: Ní hea, ní hea, ní hea.
(Tosaíonn siad. ag argóint — duine amháin á. rá
seo, duine eile á rá, siúd)
BRÍD (ag glaoch): Go réidh ... go réidh, achailíní.
Cad a cheapann tusa, a Úna?
Mise?
BRÍD: Is ea, tusa. Cad a cheapann tú?
ÚNA: Cad a cheapaimsc faoi cén rud?
BRÍD: Ara, nach raibh tú ag éisteacht” Cad é an dara
halt den tuarascáil?
ÚNA (sos beag sula bhfreagraíonn sí): Cad iad na hailt
eile atá againn?
(Déanann na cailíní gáire. Stobann an gáire go
Cumhacht na Cuimhne
lar

tobann nuaár a mhúchtar na soilse. Scréachann na


cailíní.)
Cad a dhéanfaimid anois? Tá an leictreachas
múchta ar fad.
BRÍD: Fan socair go bhfeicfimid. B'fhéidir go
dtiocfadh an chumhacht ar ais.
ÚNA: Níl seans ann. Dá bhfeicfeá an áit amuigh,
bheadh afhios agat nach bhfuil seans ann.
SARAH: Seans gur thit géag ar na cáblaí agus gur
briseadh iad.
CAITLÍN: Nach orainn a bhí an mí-ádh ag teacht anseo
anocht.
ÚNA: Is í Bean Uí Riain is cúis leis an mí-ádh, í féin
agus a spriocdháta.
TREASA: Céard faoi ghlaoch ar Bhean Uí Riain?” Beidh
sise in ann cabhrú linn.
BRÍD: Ní bheadh seans aici teacht anseo. Tá sé
chomh dorcha sin amuigh.
SARAH: Eistigí! Cloisim duine éigin ag teacht.
(Osclaítear an doras agus siúlann MÁIRE a3steach,
lamba ar lasadh ina lámh aici, Áine taobh thiar
dá agus bata bán ina lámh aicí chun í féin a
threorú.)
BRÍD: Dia dár sábháil, conas a tháinig sibhse?
MÁIRE: D'fhan mé le hÁine mar nach raibh sí in ann
siú! go tapa. Is uafásach an oíche í. (Ag fágáil
an lamba ar an mbord agus ag baint di a cóta.)
ÁINE: Tá sé ina ghála ceart amuigh. Tá gach rud á
scuabadh leis an ngaoth; bruscar, duilleoga
agus slinnte.
TREASA: Agus cad mar gheall oraibhse” Conas a
d'éirigh libh teacht?
ÁINE: Shiúil muid, duine i ndiaidh an duine, an-
chóngarach don bhalla ar thaobh an chosáin.
Seosamh Mac Gabhann m
19

MÁIRE: Ach, díreach agus muid taobh amuigh den


ScCOIl, múchadh na soilse go léir. Bhí sé chomh
dubh le pic, agus ní raibh mise in ann faic a
fheiceáil. Ach, buíochas le Dia, bhí Áine in ann
a bealach a dhéanamh isteach gan aon stró.
ÚNA: Ach céard tá le déanamh anois?
CAITLÍN: Táimid sáinnithe istigh anseo. Ní féidir linn
dul abhaile agus é chomh dorcha sin amuigh.
TREASA: Agus beimid préachta leis an bhfuacht anseo
mar tá an teas múchta freisin.
SARAH: Céard faoi ghlaoch a chur ar m'athair?” Gheall
mé glao a chur air nuair a bheimis
críochnaithe anseo. Bheadh sé in ann gach
duine athabhairt abhaile.
BRÍD: Ach ní bheidh tú in ann glao a chur air gan fón.
ÁINE: Beidh mise in ann. Tá guthán póca agamsa.
SARAH: Tar amach liomsa agus déanfaimid an glao ón
seomra eile.
CAITLÍN: Ach céard faoin tuarascáil? Ní bheidh sé
againn don mhúinteoir ar maidin.
BRÍD: Tá an t-eolas ar an ríomhaire, nach bhfuil? Ní
bheidh le déanamh againn aché a chur le
chéile agus é a phriontáil. Beidh Treasa in
ann é sin a dhéanamh í féin. Nach mbeidh?
TREASA: Bhuel, beidh.
BRÍD: Dealraíonn sé nach bhfuil tú ró-chinnte.
TREASA: Bhuel, níor shocraigh muid cén t-ord a
bheadh ar na hailt.
BRÍD: Is féidir é sin a dhéanamh le solas an lampa sula
dtéimid abhaile. Agus tá mé cinnte go
dtabharfaidh Bean Uí Riain seans duit é a
chríochnú ar maidin. Má tharlaíonn nach
mbeidh an chumhacht ar ais ní bheidh aon scoil
ann.
Cumhacht na Cuimhne
20

ÚNA: Iontach!
(Tagann SARAH agus ÁINE ar ais agus iad ag siúl
go mall.)
SARAH: Anois, táimid i sáinn cheart anois. Níl an
guthán ag obair.
(Féachann na cailíní ar a chéile agus ní deir aon
duine dada ar feadh tamaallín.)
TREASA: An bhfuil sibh cinnte? Níor cheart go n-imeodh
an guthán nuair a bhíonn gearradh cumhachta
ann.
ÚNA: Anois, tá muid i gcruachás ceart.
CAITLÍN (leath ag gol): Beidh orainn fanacht anseo ar
feadh na hoíche gan teas, gan bhia, gan dada.
MÁIRE: —Ach, siúráilte, tiocfaidh siad chun muid a
bhailiú. ” Tá a fhios acu sa bhaile cá
bhfuilimid.
TREASA: Ach níl a fhios againn an mbeidh siad in ann
teacht. Tá an stoirm an-dona.
ÁINE::” Éistigí ar feadh nóiméid.
(Éisteann gach duine.)
Níl an stoirm chomh dona sin anois.
BRÍD: Ach ní féidir aon rudachloisteáil istigh anseo.
ÁINE: Ní féidir leatsa, is dócha, ach is féidir liomsa.
(Féachann BRÍD uirthí ar feadh tamaillín gam aon
rud a rá.)
BRÍD: Níl aon réiteach ar an scéal ach a bheith
foighneach. Ní haon mhaith a bheith ag
gearán is ag cur milleáin arachéile.
ÚNA: Huth! Tá sé éasca agatsaé sin a rá, mar is tusa
is cúis leis go bhfuilimid sa riocht seo.
Murach tusa.
(Lastar an solas. Gártha áthais ó na cailíní agus
tosaíonn siad go léir ag léim thart.)
RITA: Buíochas mór le Dia.
Seosamh Mac Gabhann

CAITLÍN (ag gáire): Am raibh tusa ag guí?


RITA: Bhí, cinnte.
BRÍD: A chailíní, ós rud é go bhfuil an chumhacht ar
ais, ar ais linn ag obair.
(Suíonn TREASA ag an. ríomhaire agus cuireann, sí
ar obaar é.)
A Úna, cabhraigh le Sarah na cairteanna a
chur le chéile. A Chaitlín, cabhraigh liom féin
agus le Treasa an tuarascáil a chur le chéile.
(Bailíonn, an bheirt acu thart ar Threasa.)
MÁIRE: Cad mar gheall ormsa agus Rita” Cad a
dhéanfaimidne?
BRÍD: Fan go bhfeicfidh mé. D'fhéadfadh sibh na
leabhair seo a thóg mé ón leabharlann a chur
ar ais. Cuir ar ais sa rannóg “Eolas ginearálta'
iad. Beidh sibh in ann é sin a dhéanamh, nach
mbeidh?
MÁIRE (fearg uirtha): Cinnte, beimid. (Ag bailiú na
leabhar, ach ansin stobamn sí.) Cheap mé go
raibh muid go léir ag teastáil uaibh chun an
tuarascáil a chur le chéile. Mura raibh muid ag
teastáil, cén fáth ar iarr tú orainn teacht anseo
ar chor ar bith?
” RITA: Ná bac, a Mháire. Cuirfimid na leabhair ar ais.
(Tógann MÁIRE na leabhair agus téann sí féin
agus RITA amach. Ní ró-shásta atá Máire.)
BRÍD: Níl a fhios agam cén fáth ar cuireadh an
bheirt sin sa ghrúpa seo linne...
SARAH: Nach bhfuil tú rud beag dian orthue Tá siad
ceart go leor.
Féach, a Sharah, aon duine nach bhfuil in ann
obair a dhéanamh ar an ríomhaire na
laethanta seo, is beag an maitheas atá ann nó
inti. Chuala tú é sin go minic.
EI Cumhacht na Cuimhne

SARAH: Chuala, ach ní gá dúinn aontú leis.


BRÍD: Don ghlúin atá anois ann is é seo ré an
ríomhaire.
TREASA: Ó, ó ... táimid i dtrioblóid.
(Baintear geit as na cailíní. Bailíonn siad go léir
thart ar an. ríomhasre.)
BRÍD: Cén fáth? Céard tá cearr?
TREASA: Níl an tuarascáil ar an ríomhaire. Tá sí caillte.
SARAH: Caillte! An bhfuil tú cinnte?” Ní fhéadfadh sí
a bheith caillte.
TREASA: Is oth liom a rá go bhfuil.
BRÍD (fearg uirthi): As ucht Dé ort agus céard a
rinne tú leis?
DEIRDRE: Tóg go bog é, a Bhríd!
TREASA: Ní dhearna mise dada léi. Chuir mé an t-eolas
ar fad ar an ríomhaire ach ní raibh seans agam
é a shábháil nuair a tharla an lánmhúchadh.
BRÍD: Agus nach ndúradh linn na mílte uair gach
rud a chuireann tú ar an ríomhaire a shábháil
láithreach.
TREASA (fearg uirthi): Ach ní raibh seans agam. Ní
dúirt aon duine liom go raibh lánmhúchadh
ag teacht. (Go ciúin) Tá brón orm.
SARAH: Bhucl, sin sin. (Ag suí síos)
ÚNA: Agus nach féidir linn rud ar bith a dhéanamh?
BRÍD: Céard is féidir a dhéanamh? (Ag suí síos) Tá
gach rud caillte. (Sos)
(Suíonn na cailíní eile. Tagann MÁIRE agus RITA
isteach. “Tá ionadh orthu.)
RITA: Céard a tharla? An bhfuil rud éigin cearr?
ÚNA: Tá gach ruda bhí ar an ríomhaire caillte.
ÁINE: Caillte” Conas tá sé caillte?
BRÍD: Rinneamar dearmadé a shábháil.
Seosamh Mac Gabhann Ei
23

TREASA (go borb): Ní dhearna mise dearmad. Ní raibh


seans againn.
BRÍD: Nach cuma. Rinne tú dearmad.
TREASA (/ée brí): Ní dhearna mise dearmad. Earráid a
bhí ann.
BRÍD: Ó bíodh agat. (Go searbh.)
MÁIRE: —Ach, céard atá le déanamh anois?
BRÍD: Dada. Rachaimid abhaile.
(Éiríonn. BRÍD agus tosaíonn. ag cur a cóta, uirthí.)
ÁINE: Fan! Fan nóiméad! (Féachann na cailíní uartha.)
Tá an tuarascáil ar fad nach mór i mo cheann
agam óbheith ag éisteacht libhse. A Mháire, tá
tusa in ann scríobh go tapa. Cabhróimid go léir
leat. Faigh páipéar go beo, a Mháire.
(Suíonn, MÁIRE ag an. mbord le beann, agus básbéar.
Seasann ÁINE i lár im aice lé. Tá ionadh ar na
cailíní go léir. Druideann TREASA, DEIRDRE, RITA
agus ÚNA chomh fada leo chun cabhrú, leo agus
tosaíonn siad ag obair. —Cloistear Áine ag rá
“Truailliú? agus Treasa ag htrú T-R-U-A-I-L
fist)
SARAH: Féach! Cén fáth nach gcuirimid ar an
ríomhaire é?
BRÍD: Lig leo. Ní bheadh aon mhuinín agam as
ríomhaire anois agus cá bhfios dúinn nach n-
imeodh an chumhacht arís, agus go gcaillfí
gach rud in athuair.
SARAH: Bhuel, tá ceacht foghlamtha agamsa, agus is é
sin go bhfuil bua na cuimhne ag daoine freisin.
RITA: Agus nach féidir brath go hiomlán ar
chuimhne an ríomhaire!
DEIRDRE: Bhuel, a chailíní, ní neart go cur le chéile!

BRAT
Cosc ar Iascach

Pearsana
SEÁN
PÓL
STIOFÁN
MÁIRE
ÉAMONN
SÉAMUS
CAITLÍN
MÁIRTÍN
GEARÓID

Suíomh Faoin tuath; bóthar. Claí ar cúl, cró ar clé,


comhartha taobh istigh den chlaí agus 'Cosc
ar Iascach' scríofa air.

Am Tráthnóna fómhair

Scéal —BPáiste amháin ag iascach gan chead, a chara


ag faire, agus an chuid eile ag goid úll. .
Buaileann grúpa amháin bob ar an ngrúpa
eile.

Nóta Is féidir aisteoirí breise a chur sa dráma.


Nuair a osclaítear an brat tagann SEÁN agus PÓL isteach go
ciúin, slat iascaigh ag Seán agus mála ag Pól. Léimeann
SEÁN ar an gclaí agus féachann sé amach ar cúl.

SEÁN: Táimid i gceart. Níl aon duine sa bhaile.


PÓL: Cá bhfuil an teach?
SEÁN: — Tá sé thuas ansin i measc na gcrann.
PÓL (ar an. gclaí freisin): Ó feicim anois é agus níl
aon deatach ón simléar.
SEÁN: — Téann sé chuig an mbaile mór gach Máirt
chun an dól a fháil agus ní fhilleann sé go
tráthnóna, agus é ar meisce go minic.
PÓL: An bhfuil an abhainn in aice an tí?
SEÁN: Sníonn sí os comhair an tí amach.
PÓL: An bhfuil tú cinnte nach maith leis daoine a
bheith ag iascach inti?
SEÁN: An bhfuil mé cinnte” Nach bhfeiceann tú an
comhartha sin?
(Léann PÓL an comhartha.)
PÓL: Agus cén fáth, meas tú?
SEÁN: Ara, is leathamadán é. Tá leathdhosaen
comharthaí ceile aige ar fud na háite. Tá ceann
maith thuas in aice an tí: “Bí aireach-tarbh
agus ainmhithc fiáine'.
PÓL (ag gáire): Á, níl tú dáiríre. .. Tarbh agus
ainmhithe fiáine!
SEÁN: — Tháinig sé ar bheirt bhuachaillí a bhí ag
iascach inti timpeall mí ó shin, agus chaith sé
isteach san abhainn iad. Murach go raibh siad
in ann snámh bheadh deireadh leo.
Cosc ar Iascach
28

PÓL: Má bheireann sé orainne beidh deireadh linn.


SEÁN: Conas a bhéarfadh sé orainn” Nach
d
bhfuilimi in ann rith?
PÓL: 'Tá, ach ní haon Éamonn Coughlan muid. BMEa
SEÁN: Bhucl, tá mise ag dul ag iascach ar aon nós.
Fan anseo tusa ag faire.
PÓL: Á, nach féidir liom dul leat?
SEÁN: Ní féidir. Caithfidh duine amháin fanacht ag
faire ar eagla go dtiocfadh Máirtín i ngan fhios
dúinn. Coinnigh súil ghéar ar an mbóthar agus
má fheiceann tú ag teacht é, glaoigh orm
chomh hard in Éirinn agus is féidir leat.
Rachaidh mise taobh thiar den chnoc agus
casfaidh mé leatsa thíos ag an gcrosaire. Beidh
mise ag imeacht anois ach bí aireach thusa.
PÓL: Ó beidh mé.
(Imíonn SEÁN. Léimeann PÓL ar an. gclaí agus
glaonn sé.)
Tá súil agam go n-éireoidh leat breith ar
bhradán.
(Cuireann sé méar lena bhéal nuair a smaoiníonn
sé ar céard atá déanta aige. Suíonn sé ar chloch
ag faire. Tar éis tamaillín tógann sé feadóg stáin
as a bhóca agus tosaíonn sé ar cheol a sheinm.
S(obann sé go tobann nuair a chloiseann, sé báistí
ag leacht. Téann sé 4 bhfolach go tapa.)
(Tagann STIOFÁN, MÁIRE, ÉAMONN, CAITLÍN
SÉAMUS agus BRÍD 4s(éach. )
STIOFÁN: Nach ndúirt mé libh a bheith ciúin. —

MÁIRE: Nach álainn an radharc atá againn ón áit seo?


Ní raibh mé thuas anseo riamh cheana.
STIOFÁN: Níl am againn bacadh leis an radharc álainn
anois. Caithfimid dul i mbun oibre.
ÉAMONN: Bhuel, céard a dhéanfaimid?
Seosamh Mac Gabhann
25

STIOFÁN: Caithfimid plean a leagan amach.


CAITLÍN: Ní bheidh aon bhaint agamsa leis. Nár bhagair
an múinteoir orainn gan a bheith ag goid úll.
ÉAMONN: Ara, ná bac leis. Faitíos a bhí air go
ngoidfimis na húlla atá aige féin.
CAITLÍN: Ach níl sé ceart úlla a ghoid.
MÁIRE: Agus mura bhfuil sé ceart, cén fáth ar tháinig
tú linn ar chor ar bith?
SÉAMUS: Ara stopaigí, nó beidh Máirtín ar ais ón
mbaile mór.
STIOFÁN: Agus maróidh sé muid má bheireann sé
orainn sa ghairdín úll.
ÉAMONN: Ssssh! Éistigí! Caithfimid a bheith ciúin mar is
duine ait é ar shlí. Bíonn sé ag sleamhnú thart
go ciúin agus d'fhéadfadh sé teacht as áit ar
bith. Agus níor mhaith liom go mbéarfadh sé
orainn agus an scéal a insint don mhúinteoir.
STIOFÁN: Ní bhéarfaidh sé orainn má bhíonn plean
maith againn. Anois, seo é an plean. Tá an
gairdín úll ar chúl an tí. Nuair a
shroichf imidne an teach, rachaidh ceathrar
isteach san úllord.
(Leanann MÁIRE ar aghaidh leis an bplean.)
Fanfaidh beirt ar an mbóithrín, agus má
fheiceann siad ag teacht é ligfidh siad fead
astu trí huaire. Tiocfaimidne ar ais anseo agus
roinnfimid na húlla go cothrom eadrainn go
léir.
SÉAMUS: Ceart go leor. Is maith an plean é.
MÁIRE: Ach, dá dtiocfadh sé i ngan fhios daoibh!
CAITÍN: Ní maith liom é seo ar chor ar bith.
STIOFÁN: Ach ba mhaith leat na húlla a ithe, is dócha.
Beimid ag imeacht ar aon nós ach, in ainm
Dé, bígí ciúin go dtagaimidne ar ais slán.
Cosc ar Iascach

(Imíonn na báistí go cúúin. Tagann PÓL isteach


agus fanann sé tamaillín ag féachaint ima ndiaadh.)
PÓL: Dar m'anam! Má thagann Máirtín i ngan
fhios, nach ann a bheidh an chraic. Ba bhreá
liom bob a bhualadh orthu. (Tógann sé amach
an fheadóg. Suíonm sé ar an gcloch agus leanann
sé ar aghaadh ag seimm.)
(7ar éis tamaillín tagann MÁIRTÍN asteach go ciúin
taobh thiar dó. Éalaíonn sé chomh fada leis agus
beireann, sé greim mwamnál ar Phól.)
MÁIRTÍN: Rug mé ort ar deireadh, a leipreacháin. II
ams

Taispeáin dom an próca óir.


(Tosaíonn, Pól ag screadach.)
Há! Há! Ní bheidh orm dul chuig an mbaile
mór faoi choinne an dól a thuilleadh. Beidh
mé saibhir... saibhir ... saibhir...
PÓL: Ach, ní leipreachán mé!
MÁIRTÍN: Taispeáin dom an próca óir nó tachtfaidh mé
thú le mo dhá lámh.
PÓL (ag glaoch): Ní leipreachán mé .. . ní
leipreachán mé. Is mise Pól Mac Éil as
Machaire Buí! (Ag screadach) Cabhraigh liom!
Cabhraigh liom!
MÁIRTÍN: Bhí a fhios agam go mbéarfainn ar...
(Stopann sé go tobann agus féachann. ar Phól.)
Mac le Seán Mac Éil, an ea?
PÓL: 1s ea.
(Ligeann Máirtín saor é.)
MÁIRTÍN: Agus cad tá ar siúl agat thuas anseo? Imigh
leat abhaile fad is tá tú slán. Tá mise ag dul
isteach sa chró féachaint an mbeadh aon ubh
ann. (Téann sé isteach sa chró agus dúnammn sé an
doras ima dhiaidh.)
Seosamh Mac Gabhann

(Éalaíonn PÓL go dtí an doras agus cuireann, sé


an. bolta, asr.)
PÓL (ag rith ar ais óm doras): Tá ceann de na
hainmhithe fiáine sin i ngaiste agam agus ní
éireoidh leis éaló as.
(Tosaíonn MÁIRTÍN ag bualadh ar dhoras an chró.)
MÁIRTÍN (ag glaoch): Haigh! Oscail an doras seo. Lig
amach as seo mé. Maróidh mé thú go cinnte
mura n-osclaíonn tú an doras seo.
PÓL (ag gáire): Tá sé cosúil le tarbh i siopa gréithe.
B'fhéidir go n-éireoidh liom bob a bhualadh
ar lucht goidte na n-úll. (Féachann ar an
bhfeadóg. Séideann trí huaire í.)
(Ritheann SEÁN isteach. Níl a fhios aige go bhfuil
Máirtín sa chró agus tosaíonn sé ar a scéal a insint.)
SEÁN: Fuair mé bradán . .. fuair mé bradán .. . an
ceann ba mhó dá bhfuair mé riamh. Bhí méi
mo shuí ar phort na habhann ag iascach le
péisteoga ach ní raibh mé ag marú dada. Ansin
smaoinigh mé ar bhaoite beag a bhí i mo
bhosca . . . baoite a bhfuair mé cúpla breac leis
anuraidh. Thóg mé amach é agus chuir mé ar
an dorú é. Ansin chaith mé an dorú amach ...
ó déarfainn go ndeachaidh sé caoga slat amach
san abhainn. Rinne mé an dorúa ghlinneáil go
mall agus nuair a bhí an baoite timpeall tríocha
slat uaim, rug sé air agus bhí sé ina dhearg
chatha as sin amach ...
(Buaileann MÁIRTÍN go fíochmhar ar dhoras am
chró. Preabann SEÁN go dtí am taobh eile den
ardán, agus é ag breathnú, ar dhoras am chró.)
MÁIRTÍN (ag liúireach): Póitseálaithe, rógairí, cladhairí,
maróidh mé an bheirt agaibh nuair a
thiocfaidh mé as seo.
Cosc ar lascach

SEÁN: Cé hé féin? Cé tá istigh sa chró agat?


PÓL: Máirtín Bhillí.
SEÁN: Máirtín . . . agus bhí sé istigh ansin ag
éisteacht liom ag cur síos ar an tslí ar rug mé
ar an mbradán ...
PÓL (ag cur méire lena bhéal): Bhí mé ag iarraidh stop
a chur leat ach níor thug tú aon aird orm ...
SEÁN: Ó céard a dhéanfaidh mé ar chor ar bith?
(Cloistear na báistí eile ag teacht ag luúareach.)
SEÁN: Conas táimid chun é a ligean amach as sin?
PÓL: Ná bac leis sin anois. Tar liomsa.
SEÁN: Cén fáth?
PÓL: Ná bac leis an bhfáth anois. “Tar liomsa.
Brostaigh ort.
SEÁN: Ach ní féidir linn é a fhágáil sa chró...
(Beireann, PÓL asr agus tarraingíonn sé den ardán
é. Tagann na báistí eile aisteach.)
SÉAMUS: Bhucl, ní fhaca mé an oiread sin úlla le mo
bheo.
GEARÓID: Bhí na craobhacha ag lúbadh go talamh le
húlla móra dearga.
STIOFÁN (Gonadh air): Níl siad anseo.
ÉAMONN: Meas tú, an raibh siad ag iarraidh bob a
bhualadh orainn?
STIOFÁN: Níl a fhios agam, ach nach cuma nuair a tháinig
muid slán agus an oiread sin úlla againn.
ÉAMONN (ag gáire): An bhfaca sibh an mála mór a fuair
Gearóid? Agus tá a phócaí lán freisin.
GEARÓID (ag gáire): Bhuel, bhí mo phócaí lán tar éis
dhá nóiméad san úllord.
(Tosaíonn gach duine ag gáire agus ag roinnt na
n-úll.)
MÁIRTÍN (ag bualadh ar dhoras an chró): Rógairí,
cladhairí, póitseálaithe. Maróidh mé gach
Seosamh Mac Gabhann |a3|
aa

duine agaibh nuair a thiocfaidh mé as seo.


(Leagann sé an doras de bhlimb agus amach, leis
de léim. Ritheann sé den ardán 3 ndáaidh, lucht
goidte na, n-úll.)
(Tagann PÓL agus SEÁN isteach ón taobh eile ag
gáire agus ag bailaú, na n-úll.)
PÓL: Theastaigh uaim bob a bhualadh orthu, ach tá
súil le Dia agam nach mbéarfaidh Máirtín
orthu.
SEÁN: Bhuel, má bheireann féin, is fearr breac sa
phota ná bradán sa linn.
(Déanann an. bheirt gáire groíúal.)

BRAT
An Dúmhálaí
Pearsana

PÓL an dúmhálaí
SEÁN buachaill ar an bhfoireann beile
SEOSAMH buachaill ar an bhfoireann beile
MARC buachaill ar an bhfoireann beile
AINTÍN ÚNA —seanaintín Phóil agus Áine
ÁINE deirfiúr Phóil
PAULA cara Áine
TREASA cara Áine
RÓISÍN cara Áine
Buachaillí agus cailíní eile

Suíomh Cistin

Scéal Tógann Áine £30 as mála a seanaintín,


caitheann £10 de, agus faigheann a deartháir
Pól amach faoi. Tá sé ar intinn ag Áine an t-
airgeada chur ar ais ach tá Pól ag ligean air go
bhfuil sé chun an scéal a insint dá seanaintín.
Is dúmhálaí (bullaí) ceart é Pól agus déanann
Áine iarracht é a shásamh go dtí go dtugann
na cailíní an t-airgead atá caite aici di agus
nuair a chuireann sí é sin leis an méid atá
fágtha bíonn an £30 ar ais i mála Aintín Úna
sula i bhfad.
Nuair a osclaítear an brat tá Pól leis féin ar an ardán. Tá
sé ar a ghlúine ag glanadh an. urláir áit ar dhoirt sé bainne.
Tagann a chairde, SEOSAMH, SEÁN agus MARC ástéach ach ní
fheiceann siad Pól 3 dtosach.

SEÁN (ag cur a chánn isteach): Heileo! Aon duine sa


bhaile?
MARC (ag teacht isteach): Caithfidh sé go bhfuil siad
go léir imithe.
SEOSAMH (atá tar éis Pól a fheiceáil): Haigh, a Phóil.
Céard atá ar siúl agat?
PÓL: Dhoirt mé bainne agus caithfidh mé é a
ghlanadh.
SEÁN: Caithfidh, is dócha.
MARC: Táimidne ag dul chuig páirc na himeartha
chun cluiche peile a bheith againn. An bhfuil
tú ag teacht?
PÓL: Níl. Tá na céadta rud le déanamh anseo fós
agam.
' SEOSAMH: Ach nach féidir le duine éigin eile an obair
sin go léir a dhéanamh?
SEÁN: Bhíomar ag brath ort don chleachtadh inniu.
Ná déan dearmad go bhfuil cluiche againn i
gcomórtas chraobh an chontae Dé Sathairn
seo chugainn.
MARC: Tá gach duine eile ón bhfoireann le bheith
ann inniu.
PÓL: Fág mise as an áireamh inniu. Bíodh
cleachtadh breá agaibh féin.
SEÁN: Ní chreidim gurbéPól atá á rá sin. Céard tá
is]. An Dúmhálaí

ag tarlú duit? An cúl báire is fearr ar an


bhfoireann.
SEOSAMH (ag magadh): Á, ná bac leis.
PÓL (ag triomú a lámha): Tá Mamaí agus Daidí
imithe ag siopadóireacht. Ní raibh aon
airgead agam don dioscó anocht ach gheall .
ine an t-airgead a thabhairt dom dá
gcabhróinn léi leis an obair tí.
SEOSAMH: Agus cá bhfuair Áine an t-airgead? Níor
ghnóthaigh sí an lató?
PÓL: Níl a fhios agam cá bhfuair sí an t-airgead.
Faigheann sí airgead póca ó Mhamaí ó am go
ham, is dócha.
MARC: An bhfuil Áine imithe ag siopadóireacht freisin?
PÓL: Níl. Tá sí féin agus a cairde ag ceannach T- .
léine don dioscó anocht. Beidh sí ar ais
nóiméad ar bith. (Faigheann sé an bord iarnála
agus cuireann sé ima sheasamh é.)
AINTÍN ÚNA (as radharc): Heileo! Heileo! A Phóil, an
bhfuil tú ansin?
SEOSAMH: Cé tá sa seomra?
PÓL (go hard, lena Aintín): Tá. (Le Seosamh) Sin í mo
sheanaintín. “Tháinig sí abhaile ón ospidéal
cúpla lá ó shin. Caithfidh duine éigin fanacht
léii gcónaí. Dá mbeadh an seans aici d'imeodh
sí léi ar strae mar níl cuimhne ró-mhaith aici.
AINTÍN ÚNA: A Phóil! A Phóil!
PÓL (os ard): Céard tá uait?
AINTÍN ÚNA: Ó... céard é anois? Tá dearmad déanta
agam air.
PÓL: Déanann sí dearmad ar gach rud agus
cailleann sí gach rud.
SEÁN: Caithfimidne a bheith ag imeacht, ach
glaofaimid isteach ort ar an mbealach ar ais.
Seosamh Mac Gabhann 39]
39

SEOSAMH: Slán leat, a Phóil, feicfidh mé níos deireanaí


thú.
AINTÍN ÚNA (ag oscailt dhoras an tseomra chodlata agus ag
seasamh ann ina culaith oíche): Chuimhnigh
mé... chuimhnigh mé ar an rud a bhí le rá
agam.
PÓL: Céard abhí le rá agat?
AINTÍN ÚNA: Ó is ea... ..sinéé. Tháinig gadaí isteach i
mo sheomra agus ghoid sé tríocha punt uaim.
PÓL: Gadaí sa seomra?” An bhfaca tú é?
AINTÍN ÚNA: Ní fhaca ... ní dóigh liom go bhfaca. Ach
bhí sé ann. Tá a fhios agam go raibh.
PÓL: Á, ná bí ag cumadh scéil. Ní raibh aon ghadaí
i do sheomra. Nach raibh mise anseo an t-am
ar fad. Conas atháinig sé isteach?
AINTÍN ÚNA: Níl a fhios agam. An fhuinneog isteach, is
dócha.
PÓL (fós ag iarnáil): An fhuinneog isteach! An
bhfuil an fhuinneog briste?
AINTÍN ÚNA: Níl. Ní dóigh liom go bhfuil. Fan go
bhfeicfidh mé. (Téann sí isteach ach filleann tar
éis nóiméid.) Níl, ach tháinig sé isteach agus
ghoid sé tríocha punt uaim. Féach! (Ag iompó
a mála oscailte bun os cionn) Bhí tríocha punt
ann aréir agus níl sé ann anois.
PÓL: Ceart go leor . .. ceart go leor .. . níl sé ann
anois. (Leis féin) Ach tá sé caillte agat nó
curtha i bhfolach in áit éigin. (Os ard) Imigh
ar ais sa leaba agus gheobhaidh mise cupán
tae duit . . . (Faigheann sé nóta fiche bunt 3 bbóca
Jíons Áine a bhí á n-iarnáil aige. Féachann sé asr
ar feadh tamaillín. Ansin cuireann sé ar aás sa
bhóca é Cuireann sé an jíons agus am clár
iarnála ar 4aas.)
An Dúmhálaí
40

AINTÍN ÚNA (ag dul siar sa seomra codlata): Tá a fhios


agam go raibh sé sa mhála. Ghoid gadaí é.
PÓL (leis féin): Ghoid gadaí é agus tá a fhios agam
cé hí an gadaí. Cuireann sé sin casadh iomlán
sa scéal. (Bailíonn sé na héadaí a bhí ar an
mbord aige don iarnáil agus caitheann sé ar an
mbord iad. Suíonn sé ar chathaoir ualleach in aace
na. tine, cuireann. sé a. chosa in airde ar stól agus
éisteann sé le raidió beag trí na cluasáin.)
(Tar éis tamaillín tagann ÁINE isteach. Beart ascg
agus cuireann, sí ar an, mbord é.)
PÓL (nuair a fheiceann sé Áine): Ó, tá tusa ar ais. Ar
cheannaigh tú an T-léine?
ÁINE: Cheannaigh. (Tar éis cúbla nóiméad) Cén
fáth?
PÓL: Cé mhéada thug tú air?
ÁINE: Bhucl, bhí deich bpunt caoga air, ach fuair mé
ar dheich bpunt é. B'in an méid airgid a bhí
agam.
PÓL (ag smaoineamh): Ó is ea... tuigim.
ÁINE: Féach, a Phóil, brostaigh ort agus déan na
jabanna eile atá le déanamh agat. Beidh na
cailíní ag teacht anseo tar éis tamaillín chun
dul chuig an dioscó.
PÓL: Fan ort anois. Tá athrú iomlán ar an scéal sin.
Tá mise ar stailc. Tusa atá chun na jabanna
sin a dhéanamh anois.
ÁINE: Ceart go leor, mar sin, ach ní bheidh aon
airgead le fáil agat uaimse don dioscó.
PÓL: An gcuirfidh tú geall?
ÁINE: Ní chuirfidh mé geall. Níl aon airgead agatsa
chun geall a chur.
PÓL: B'fhéidir é ach ní fada a bheidh sé mar sin.
Tá cupán tae ó Aintín Úna. Faigh di é.
Seosamh Mac Gabhann m
! 41

ÁINE: Faigh féin di é.


PÓL: Tá sé chomh maith agam an nuacht a insint
duit.
ÁINE: Cén nuacht?
PÓL: Tá gadaí tar éis tríocha punt a ghoid ó Aintín
Úna. Bhí sí chun fios a chur ar na gardaí ach
chuir mé stop léi.
(Áine ag amn mbord, an beart ima lámh, ach
stobamn sí go tobann. Pól ag féachaimt uirtha)
Ach ní raibh an gadaí róchliste. An bhfuil a
fhios agat cén áit ar chuir sí an t-airgead i
bhfolach?” Bhuel, tá a fhios agamsa agus tá a
fhios agam cé hí an gadaí. Anois, an bhfuil tú
chun cupán taca fháil do d'Aintín Úna? Agus
faigh cóc domsa.
ÁINE: Ní mise do sclábhaíse.
PÓL Ceart go leor, mar sin. (Ag glaoch) A Aintín
Úna. ..a Aintín Una ....
ÁINE (ag briseadh isteach air): Ssssssh! —Fan.
Déanfaidh mé é. (Téann sí go dtí an cuasneoir.
Tugann sí cóc do Phól, tar éis féachaint go feargach
air.)
PÓL: Níl an chathaoir seo sách compordach. Faigh
cuisín do mo dhroim. (Faigheann sí é. Pól ag
slogadh le fonn) Déan deifir anois agus nuair a
bheas an tae réitithe agat do d'Aintín,
caithfidh tú mo bhróga a ghlanadh.
ÁINE (ag éirí bréan den obaar ar fad): Níl mé chun do
sheanbhróga a ghlanadh.
PÓL (ag glaoch): A Aintín Úúarrá
(Ritheann ÁINE beireann ar na bróga agus
tosaíonn sí ar iad a ghlanadh. “Tagann RÓISÍN,
PAULA agus TREASA isteach.)
CAILÍNÍ (le hÁine): Haigh! Haigh, a Phóil!
sa

An Dúmhálaí
42

RÓISÍN (le Pól): Nach tusa atá go breá compordach


ansin cois na tine.
PÓL (aoibh an gháire ar a aghaidh,): Ó cinnte! Tá mé
ag baint taitnimh as gach nóiméad de.
PAULA: Tá cluiche peile ar siúl thuas sa pháirc. Cheap
mé go mbeifeá thuas ansin ag imirt. GIEEI
aon
gun
ainm
dhaniú
E

PÓL: Ó, tá mé níos compordaí anseo. Agus, ar aon


nós, caithfidh mé féachaint chuige go
ndéanfaidh Áine an obair i gceart.
(Ní thuigeann na. cailíní an chaint seo ó Phól.)
TREASA: Bhucl, a Áine, an raibh an T-léine ceart go
leor?
ÁINE: Ó bhí. Bhí sé go deas orm.
RÓISÍN (ag féachaint ar an mbeart ar an mbord): Ach
féach, a Áine, níor oscail tú an beart fós. Féach
air.
ÁINE (náire uirtha): Ní . . . mí raibh am agam fós.
PAULA: Cuir ort anois é. Ba mhaith linn é a fheiceáil
Otr[t.
ÁINE (ag teacht chuici féin beagáinín): Ceart go leor.
(Ag tabhairt na mbróg do Phól) Seo duit do
bhróga.
(An beart ag Áine nuair a ghlaonn, Pól amach.)
PÓL: Níl na bróga seo sách glan. Glan arís iad.
ÁINE: Tá siad glan. Mura bhfuil, glan féin iad.
PÓL (ag glaoch): A Aintín Úna ...
(Beireann. Áine ar na bróga agus tosaíonn sí á
nglanadh arís. Bíonn na cailíní ag féachaint ar a
chéile agus ar an mbeirt faoi seo.)
RÓISÍN: Ná habair go bhfuil tú i do sclábhaí aige. Lig
dó a bhróga féin a ghlanadh. Dá ndéarfadh
mo dheartháir liomsa rud mar sin a
dhéanamh, tá a fhios agam céard a
dhéanfainn leis.
Seosamh Mac Gabhann aa
43

PAULA: —Agus céard é seo faoi Aintín Úna?


ÁINE (tar éis a. bheith, ag gol): Ó, ní dada é.
(Tagann AINTÍN ÚNA amach agus seasann sí 3
ndoras a seomra, codlata.)
AINTÍN ÚNA: An bhfuair sibh an gadaí sin fós?
(Féachann gach. duine eile ar a chéile.)
Agus tá mo chuid spéaclaí aige anois. An
bhfaca aon duine mo chuid spéaclaí” Bíonn
daoine i gcónaí ag goid rudaí sa teach seo.
(Ritheann. ÁINE chuici.)
ÁINE: Féach, a Aintín, ní cóir duit éirí as an leaba.
Imigh síos agus tabharfaidh mé cupán tae duit.
(Istigh sa seomra) Féach, tá do chuid spéaclaí
anseo.
PÓL: Bíonn sí i gcónaí ag cailleadh rudaí agus
ceapann sí gur gadaí a ghoid iad.
BUACHAILLÍ (as radharc): A Phóil, an bhfuil na jabanna
sin déanta agat fós?
PÓL: Sin iad na buachaillí ag teacht ar ais ón
gcluiche. Caithfidh mé dul amach chun iad a
fheiceáil. (Téann sé amach.)
PAULA (ag déanamh aithrise ar an nglór amuigh): A
Phóil, an bhfuil na jabanna sin déanta agat
fós? Ó, an cladhaire—ag ligean air go raibh sé
an-ghnóthach sa teach.
ÁINE (ag teacht ar ais ag gol): Cá bhfuil Pól?
RÓISÍN: Tá sé imithe amach leis na buachaillí.
TREASA: Céard tá ort, a Áine?” Cén fáth a bhfuil tú ag
gol?
ÁINE: Ó ní dada é. Tá mé ceart go leor.
RÓISÍN: Féacha Áine, níl tú ceart go leor. Tá rud éigin
cearr. Tá a fhios againn go maith go bhfuil.
PAULA: Inis dúinn céard é féin. B'fhéidir gur féidir
linn cabhrú leat. :
An Dúmhálaí sg
mo
“ile

44 E:

(ina suí síos agus fós ag gol): Ar maidin nuair a


m
ÁINE
bhí mé ag cóiriú na leapa bhí airgead ar fud
an urláir ag Aintín Úna. Bhí sí féin sa seomra
folctha agus chuir mé cúpla punt i mo phóca
chun T-léine nua a cheannach. Bhí mé chun é
a chur ar ais a luaithe is a bheadh a luach
faighte agam ó Mhamaí. Ach fuair Pól amach
gur thóg mé é... (Tosaíonn sí ag gol.)
RÓISÍN: Agus anois tá sé ag déanamh dúmhála ort. Tá
sé ag bagairt scéala a dhéanamh ort le
d'Aintín mura ndéanann tú gach rud a
ordaíonn sé duit a dhéanamh.
PAULA: Agus cá bhfuil an chuid eile den airgead—an
t-airgead nár chaith tú ar an T-léine?
ÁINE: Tá sé i bpóca mo jíons.
(Téann sí chun é a fháil. Fad as tá sí imathe tógann
Paula cúpla bunt as a bóca agus faigheann sí brunt
an duine ó na cailíní eile. Ní fheiceann Áine é seo.)
PAULA: Tá réiteach na faidhbe againne. Táimid chun
an T-léine nua sin a bhronnadh ort. Cuir an
deich bpunt seo leis an airgead sin i do lámh
agus cuir ar ais i seomra d'aintín é.
ÁINE: Ó ní féidir liom é a thógáil uaibh.
RÓISÍN: Is féidir leat. Brostaigh.
PAULA (ag tabhairt an airgid dá): Déan deifir agus cuir
ar ais é i ngan fhios.
ÁINE: Bhuel, céard is féidir liom a rá?
TREASA: Ná habair dada, ach cuir ar ais go tapa é.
ÁINE (ag fáil cubán tae d'Aintín Úna go tapa): Bhuel, is
fíor an seanfhocal gur fearr cara sa chúirt...
Tá brón orm anois gur thóg mé an t-airgead.
PAULA: Brostaigh ort nó beidh Pól ar ais. Ná lig ort
dada nuair a thagann sé isteach.
Seosamh Mac Gabhann [4s|
45

(Téann ÁINE, isteach sa seomra. “Tosaíonn Paula


ag gáire léi féin.)
RÓISÍN (le Paula): An bhfuil tusa ceart go leor?
PAULA: Tá mé, ach bhí mé ag smaoineamh go
bhféadfaimis cleas a imirt ar Phól nuair a
thagann sé isteach.
ÁINE (ag teacht ón seomra agus aoibh an gháire uirtha):
Tá gach rud ceart go leor anois.
PAULA: Bhuel, beagnach, ach céard faoi chleas a imirt
a Phól?
ÁINE: Shhhhh .... tá na buachaillí ag teacht.
(Tagann PÓL SEOSAMH, MARC agus SEÁN isteach.
Áine ag ligean uirthí go bhfual sí ag obair go dian ag
glanadh bhróga Phóil. Suíonn PÓL síos agus é ag
caint leis ma buachaillí agus cuireann sé suas a
chosa.)
SEOSAMH (ag teacht isteach): Beidh an chéad chluiche
eile againn in aghaidh fhoireann na
Príomhshráide.
PÓL: Beimid in ann iad a bhualadh cinnte.
SEÁN: Caithfimid nó beimid as an gcomórtas ar fad.
SEOSAMH (leis na cailíní): Ó haigh! An bhfuil sibh réidh
don dioscó?
RÓISÍN: Réidh don dioscó? Ó tá ... tá.
(Tugann ÁINE a bhróga do Phól. Féachann sé
orthu.)
ÁINE: Tá siad glan anois, nach bhfuil?
PÓL: Tá siad ceart go leor. Faigh cúpla fód móna
don tine.
ÁINE: Faigh féin iad.
PÓL: A Aintín Úna! (Féachann sé ar Áine ach. ní
bhogann sí.) A Aintín Úna! .
(Gach duine ag féachaint air. Osclaíonn Aintín
Úna an doras agus tagann sí amach.)
ad

An Dúmhálaí
46-
AINTÍN ÚNA: Ar chuala mé duine éigin ag glaoch orm?
Bhí mé ag teacht amach leis an gcupán.
PAULA: “Chuala tú. Bhí Pól ag glaoch ort.
PÓL (ag féachaint ar Áine): Tá a fhios agam cé hí an
gadaí, a Aintín.
AINTÍN ÚNA: Cén gadaí?
pOIS An gadaí a ghoid do chuid airgid.
AINTÍN ÚNA: Ach níor ghoid aon duine mo chuid airgid.
Tá sé anseo sa mhála agam. (Taiséeánann sí
an. t-airgead.)
po: Ach dúirt tú...?
AINTÍN ÚNA: An ndúirt?” Ní cuimhin liom. (Ag du ar as)
Bíonn daoine ag cailleadh rudaí sa teach seo i
gcónaí.
(Tugann na cailíní faoi Phól, á bhualadh le
cuasíní.)
PÓL (ag glaoch): Haigh! Haigh! Céard atá ar siúl
agaibh” Stopaigí ... Haigh!... Stopaigí!...

BRAT
Aithrí an Táilliúra
|48)

Pearsana
TADHG an. táilliúir
PEADAR comharsa
MÁIRE deirfiúr le Tadhg
ANTAINE tábhairneoir
AN SAGART

Suímh
Radharc 1 seomra codlata i dteach an
táiliúra
Radharc 2 tábhairne
Radharc 3 taobh an bhóthair
Radharc 4 seomra dorcha
Radharc 5 séipéal
Radharc 6 seomra codlata i dteach an
táiliúra

Scéal
Scéal béaloidis ó cheantar Chill Cheallaigh in
aice le Bealach an Doirín i gContae Ros
Comáin, “Táilliúir Ros Comáin”, é seo atá
cóirithe ag an údar.
Bíonn an táilliúir de shíor ag ól. Buaileann a
chairde bob air. Cuireann siad isteach i seomra
dorcha é agus ceapann sé go bhfuil sé in
ifreann. Ceapann sé go bhfuair sé bás agus é ar
meisce. Tógann sé an bledge ansin.
Radharc 1

Nuasr a ardaítear an brat tá Tadhg, an táilliúsr, sa, leaba


agus Peadar ima sheasamh taobh, leis.

PEADAR: Tá sé chomh maith duit dul a chodladh, a


Thaidhg. Sin é a mhol an dochtúir.
TADHG (ag iarraidh éirí aniar sa leaba): Ná himigh
uaim, a Pheadair. Ná himigh uaim. Tá faitíos
orm roimh an áit eile.
PEADAR: Cén áit eile?
TADHG: An áit thíos . .. an áit dhubh dhorcha ... gan
aon fhuinneoga ... gan doras ... an áit ina
raibh mé ar feadh seachtaine.
PEADAR: Céard a chuir é sin i do cheann” Ní gá go
mbeadh aon fhaitíos ort roimh an áit thíos.
Nach ndúirt an sagart leat go bhfuil gach rud
réitithe agat?
TADHG: Tá an ceart agat, a Pheadair. Sin é díreach a
dúirt an sagart liom... nach raibh gá le faitíos
ná imní a bheith orm. (Ag uí sar) Cén t-am
atá Máire le bheith anseo?
PEADAR: Bhí sí le bheith ag Aerfort na Sionainne ar a
cúig, agus ba chóir go mbeadh sí anseo ar a
naoi tar éis béile a ithe.
TADHG: Cén t-am é anois, a Pheadair?
PEADAR: Tá sé beagnacha hocht.
TADHG: Ba bhreá liom Máire a fheiceáil. Deirfiúr ní
b'fhearr ní raibh ag aon duine riamh.
Aithrí an Táilliúra

PEADAR: Agus cailín ní ba dhathúla ní raibh sa


pharóiste ó d'imigh sí.
TADHG: Cheap mise uair amháin go ndéanfadh sibh
beirt an lánúin ba bhreátha sa pharóiste.
PEADAR: Á, ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.
TADHG: Éist! Sin gluaisteán.
PEADAR (ag an bhfuinneog, ag féachaint amach): Níor
stop sé. Tá siad ina scuainí fada ag déanamh
ar an tábhairne thuas anseo. (Ag (éacht ar 445
ón bhfuinneog) Ní chuireann praghas an
pheitril ná praghas an óil isteach mórán
orthu.
TADHG: Cé tá ag seinm ann anocht?
PEADAR: Paddy Mór, ceapaim. Is ea, bhí sé ann aréir
agus bhí gach mac máthar ar an mbaile, fir,
mná agus páistí ann ag liúireach is ag
screadach.
TADHG: Nach mbíonn an-spraoi acu na laethanta seo.
Nuair a bhí muidne óg ní raibh am againn
smaoineamh ar an tábhairne ach oíche
amháin sa tseachtain — oíche Dé Domhnaigh.
Meas tú an mbíonn súil acu le dada na
laethanta seo?
PEADAR: Ní dóigh liom go mbíonn. “Tá an iomarca acu;
an iomarca airgid, an iomarca le hithe is le
hól, an iomarca de gach rud.
TADHG: Tá athrú an-mhór tagtha ar an saol le cúig
bhliana fichead anuas. An t-am sin bhíodh tusa
ag siúinéireacht thíos agus mise ag
táilliúireacht anseo sé lá na seachtaine. Agus
ní bhíodh am againn smaoineamh ar dhada
ach an obair a bhíodh ar siúl againn .. .
(“Tosaíonn TADHC ag casachtach.)
(Brostaíonn PEADAR chuige.)
Seosamh Mac Gabhann nm
si

PEADAR: Luigh siar anois, a Thaidhg. Tóg go bog é


agus ná bí ag cur as duit féin.
TADHG (go lag-ghlórach): Tá mé ceart. Tá mé ceart go
leor arís. -OAch, fan liom, a Pheadair, go
dtiocfaidh Máire.
PEADAR: Fanfaidh mé ach b'fhearr duit dul a chodladh,
dá bhféadfá.
TADHG (ag ardú. aniar sa leaba aris): Ná himigh uaim.
Ná himigh uaim, a Pheadair. Bhí mé tar éis
culaith nua a dhéanamh duit . . tar éis a
bheith ag obair go crua ar feadh na seachtaine
agus . . . agus . . . chuaigh mé chuig an
tábhairne go luath... Bhí ceol ann... feadóg
mhór ... ceapaim. Cloisim anois é... éist...
Nach gcloiseann tú é,a Pheadaire. .. An ceol
Le. Cloisim an ceol...

(Íslítear na soilse ar radharc 1.)


Radharc 2

Nuair a ardaítear na soilse feicimid teach tábhairne; cuntar,


stólta, gloiní ar an, gcuntar srl. Tá Antaine, an tábhairneoir
taobh, thiar den chuntar ag obaar. Seosamh ag semm agus
Paadar ina shuí ar stól ag ól. Beirt nó triúr eile ag an
gcuntar ag ól is ag caint.

ANTAINE (stopann an ceol): Dia go deo leat, a Joe!


Bheadh sé deacair é sin a shárú. Cuirfidh mé
geall nach mbeidh ceol mar sin ag an damhsa
anocht.
SEOSAMH: An ceart agat ansin is dócha, a Antoine. Dá
mbeadh spás agat don damhsa.
ANTAINE: Ná bac leis an gcaint sin. Nuair a bhíonn slua
agam anseo, ní chun damhsa a theastaíonn
siad uaim.
SEOSAMH: An raibh tú ag éisteacht leis an seanmóir ar
maidin” Bhí an sagart sin an-dian ar lucht
díolta an óil.
ANTAINE: Tá mé bréan de bheith ag éisteacht leis an
seanmóir céanna ó bhí an chéad mhisiún sa
pharóiste, fiche bhain ó shin. Cheapfá nach
bhfuil thíos ach meisceoirí is lucht déanta
Poitín agus nach bhfuil thuas ach staonairí.
PEADAR (ag gáire): Déarfainn dá mbeadh sé mar sin go
mbeadh stil de shaghas éigin acu thíos.
SEOSAMH: Is ea, agus dá mbeadh stil acu thíos, ní suas
ach síos a bheadh cuid de na leaids ag
iarraidh dul, dá mbeadh rogha acu.
Seosamh Mac Gabhann

ANTAINE: Dá dtabharfaí cead a gcinn do chuid de na


sagairt sin, bheadh na tábhairneoirí uile sa tír
seo ar an dól.
PEADAR: Bhuel, ní raibh aon rud aige in aghaidh lucht
an óil, ach (ag tabhairt sunc do Sheosamh) dúirt
sé nach raibh seans ar bith ag na daoine a
dhíolann an t-ól leo.
ANTAINE: Féach! Ní ormsa atá an locht. Níl neart agam
air má thosaíonn siad ag titim thart timpeall
na háite tar éis cúpla pionta.
PEADAR (ag magadh faoi): Cuirfimid mar seo é; ní
chuireann tú ar meisce iad ach ní dhiúltaíonn
tú iad fad is atá airgead acu.
ANTAINE: Anois, a Pheadair, caithfidh sé nach bhfuil tú
dáiríre. An bhfuil tusa ag rá liom go
gcaithfidh mé deoch a dhiúltú do dhaoine a
bhfuil airgead acu agus fonn orthu é a
chaitheamh?
PEADAR: Bhuel, tá dualgais ort, bíodh a fhios agat.
ANTAINE: Is minic a cheapaimse go mba chóir go mbeadh
bóna bán is éadaí dubha ortsa. An chéad
dualgas atá orm, is dom féin é, agus is é an
dualgas sin slí bheatha a bhaint amach dom
féin.
PEADAR: Anois, a Antoine, d'fhéadfá slí bheatha a
bhaint amach gan a bheith ag díol piontaí le
daoine ar nós an táilliúra agus é ar meisce
cheana féin.
ANTAINE: Á, ná bí ag caint liom faoin táilliúir. Ní féidir
liom é a dhiúltú go mbíonn deireadh caite
aige.
SEOSAMH: Cá bhfuil sé anocht?” Ní fhaca mé é.
ANTAINE: Ssssssh. (Closstear an. táilliúir ag teacht.) Éist!
Feicfidh tú é sula i bhfad. Tá sé ag teacht an
Aithrí an Táilliúra
54
treo seo. (Leanann ANTAINE air ag obair.)
(Tosaíonn na buachaillí ag ól. Brúnn an táilliúir
a bhealach isteach chuig am gcuntar.)
TADHG (ag bualadh gloine fholamh, síos ar an gcuntar): A
fhir chóir, níl aon anítífreexe fágtha sa ghloine
seo. Líon arís í.
ANTAINE: Anois, a Thaidhg, nach bhfuil dóthain ólta
agat?
TADHG (ag cur airgid ar an gcuntar): Beidh a fhios ag
Tadhg nuair a bheas a dhóthain ólta aige.
Bíonn afhios ag Tadhg i gcónaí .. . bíonn a
fhios aige i gcónaí. (Leanann sé ar aghaidh ag
rá focal ach ní chloistear iad. Líonann Antaine a
ghloine le huisce beatha. Titeann Tadhg ima
chodladh ar an gcuntar.)
PEADAR: Nach mór an díol trua é” Agus táilliúir níos
fearr ná é ní raibh sa taobh seo tíre riamh.
SEOSAMH: Rinne sé an-jab den chulaith sin ort.
ANTAINE (ag gáire): Seans go bhfanfaidh Máire nuair a
fheicfidh sí sa chulaith nua sin thú ag an
damhsa anocht.
PEADAR: Beidh sí i Nua Eabhrac roimh dheireadh na
míosa.
ANTAINE: Ní chuirfinn aon mhilleán uirthi gur fhág sí
an táilliúir, ach is scéal eile é a bheith ag
imeacht ó Pheadar anseo.
SEOSAMH: Dá mbeadh deartháir mar é agam, tá a fhios
agam céard a dhéanfainn leis.
PEADAR: Á, céard is féidir a dhéanamh leiss Ní
fhéadfadh aon duine cónaí leis nuair a
bhíonn sé ar bhabhta ragairne mar seo, agus
chomh maith leis sin nuair nach mbíonn
Pingin rua fágtha aige maidin Dé Luain.
SEOSAMH: Ná bac leis, a Pheadair. A Antaine, céard
Seosamh Mac Gabhann

faoin amhrán sin a chas tú dúinn oíche Dé


Domhnaigh seo caite?
ANTAINE: Cén t-amhrán é sin?
SEOSAMH: Á, tá a fhios agat—an ceann sin faoin táilliúir.
(Casann Antaine “An, Táialliúar Aerach. Nuair a
bhíonn an t-amhrán ar siúl ar feadh tamaall
seasann an táilliúir ag am gcuntar agus am
ghloine uisce beatha ima lámh aige. Ach, tar és
nóiméid. titeann sé ar am urlár agus brastear am
ghloine. Stobann an t-amhrán go tobann agus
seasann. gach. duine ag féachaint ar an, táallaúar.
Tagann Antaine amach.)
ANTAINE: Ní bheidh gloine fágtha san áit seo má
leanann sé air mar seo.
(Ardaíonn sé an. táilliúar den urlár.)
TADHG: Bhí mé féin is Peadar is Antaine anseo...
ANTAINE: Seo, imigh leat abhaile anois.
(Cuireann sé an doras amach ansin é, ansin
dúnann, sé am doras.) Ní féidir aon rud eile a
dhéanamh leis ach é a chaitheamh amach.
(Tosaíonn na, ceoltóirí ar ríl a sheinm.)

(Íslítear na soilse ar radharc 2.)


Radharc 3

Nuair a ardaítear na soilse feicimád, an, táalliúar ima, luí agus é


ar meisce ar thaobh an bhóthair. Breacadh an lae atá ann agus
na héin ag canadh. Cloistear fir ag teacht agus iad. ag caint.
Tagann SEOSAMH agus ANTAINE isteach go gealgháireach ón
damhsa.

ANTAINE: Agus ar chreid sí an scéal sin uait?


SEOSAMH: Níl a fhios agam faoi sin, ach b'éigean dom
rud éigina insint di.
ANTAINE: Fan go gcasfaidh sí leat arís.
SEOSAMH: Seachnóidh mé í go mbeidh dearmad déanta
aici ar an scéal.
PEADAR (ag feacht isteach): Cén scéal é sin, a Sheosaimh?
SEOSAMH: A ruidín beag príobháideach. Ní bheadh
aon suim agatsa sa scéal. (Suíonn sé ar an
gclaí, agus ag déanamh aathrase ar an. táillsúar,
tosaíonn sé) Bhí mé féin is Peadar is... is
Antaine anseo.
ANTAINE: Céard a dhéanfaimid leis” Ní féidir linn éa
fhágáil anseo ar feadh na hoíche.
SEOSAMH: Dá bhfágfaí féin, níorbh í an chéad oíche aige
ansin í.
PEADAR: Má chuidíonn sibhse liom, déanfaidh mise jab
den táilliúir. An bhfuil aon seomra agatsa, a
Antaine, nach bhfuil aon f huinneog air?
ANTAINE: Tá, cinnte. Tá seomra stóir ar chúl an tí ósta
agus níl aon rud ann faoi láthair. Cén fáth?
PEADAR: Bhuel, féach, a Antaine, caithfidh tusa cabhrú
Seosamh Mac Gabhann

Homsa. Cuirfimid isteach ansin é ar feadh


seachtaine.
ANTAINE: Ar feadh seachtaine?
PEADAR: Ar feadh seachtaine. Cuir thusa brat dubh
thart ort féin. Athraigh do ghlór agus labhair
go han-gharbh. “Tabharfaidh tú a bhricfeasta
agus a dhinnéar chuige ar feadh seachtaine.
Beimidne ar ais oíche Shathairn agus íocfaimid
pé ar bith bille a bheas ann in aghaidh an
táilliúra.
SEOSAMH: Ach, ní féidir leat é a fhágáil ann ar feadh
seachtaine. Nuair a dhúiseoidh sé beidh
ionadh air faoi cá bhfuil sé. Agus céard faoi
Mháire, a dheirfiúr?
PEADAR: Anois, a Antaine, cuir glas ar an doras.
Rachaidh mise chun cainte le Máire nuair
nach bhfillfidh sé abhaile amárach. Tuigfidh
sí gur chun leas an táilliúra a rinneamar e.
SEOSAMH: Nílim ró-thugtha don chleas. D'fhéadfadh
mí-ádh mór de shaghas éigin teacht as.
PEADAR: Cén mí-ádh a d'fhéadfadh teacht as?
Beireadh an bheirt agaibh greim ar a chosa
agus béarfaidh mise ar a lámha. (Beireann
Peadar greim garbh ar a lámha.)
ANTAINE: Tóg go bog é, a Pheadair, nó brisfidh tú a
lámha.
PEADAR: Brisfidh mé a mhuineál damanta mura
gcuirfidh an cleas seo ar bhealach a leasa é.
(Imíonn siad ag iombar an táilliúra is ag canadh
“An, Táilliúir Aerach, .)

(Íslítear na soilse ar radhasc 3.)


Radharc 4

Solas beag ar an táilliúir atá ag srannadh 3 gcúinne an


[seomra dhorcha. Tá tolg agus cathaoir amháin sa. seomra
dorcha. Cloistear torann slabhraí. Corraíonn an. táilliúir.
Torann slabhraí arís Dúisíonn an táilliúir. “Torann
eochracha agus doras ag oscaall.

TADHC: Céard é sin” (Cuimiíonn sé a cheann.) Cá


bhfuil mé? (Féachann sé thart.) Cá bhfuil mé?
(Tagann ANTAINE isteach, brat dubh air agus béile
á iompar aige.)
Cá bhfuil mé?
ANTAINE (a nglór garbh): Tá tú in ifreann.
TADHG: “Gnpiontlag je ireann aa, Ó, a
dhiabhail...
(Preabann ANTAINE.)
Agus cén fáth a bhfuil mise in ifreann?
ANTAINE: Nach minic a chuala tú an seanmóir: Duine ar
bith a fhaigheann bás agus é ar meisce, síos go
hifreann a ghabhfas sé.
TADHG: Ó, a dhiabhail. (Preabann Antaine arís.
Féachann an táilliúsr go faiteach air. Lageann an
táilliúar scréach as.)
ANTAINE: Anois, a Thaidhg, ná bac leis sin. Níl aon
duine le teacht i gcabhair ort.
TADHG: Níl aon duine le teacht i gcabhair orm ...
Agus an mbeidh mé in ifreann go brách?
ANTAINE (ag cur glas ar an doras): Go brách agus go deo,
mura ndéana tú aithrí... (Ag imeacht) . . . mura
Seosamh Mac Gabhann

ndéana tú aithrí .. . mura ndéana tú aithrí...


(Ritheann. TADHG go dtí an doras. Déanann sé
iarracht éaní. Croitheann sé an doras. Siúlann sé
ar aás go dlí an leaba go mall agus caitheann sé é
féim uartha ag gol.)
TADHC (ag gol): Beidh mé in ifreann go brách agus go
deo mura ndéanaim aithrí ... . (ag smaoineamh.)
.. . mura ndéanaim aithrí... (Léimeann sé ón
leaba, téann sé ar a ghlúine go taba agus gearrann,
fíor na croise air féin.)
Ocht lá dhéag de bheannacht dhílis Dé...

(Íslítear na, soilse ar radharc 4.)


Radharc 5

Nuair a ardaítear na soilse tá an sagart ag tosú ar


sheanmóir. Tá cuid den bhobal—Antaine, Tadhg, Seosamh,
Máire sr|. le feiceáil sa. séibéal.

AN SAGART: A Phobail Dé!


Molaim an díograis a bhí le feiceáil i measc
phobal an pharóiste seo i rith na seachtaine
seo caite, agus iarraim oraibh leanúint ar
aghaidh leis i rith na seachtaine atá fágtha.
Nuair a bhíonn misean mar seo i bparóiste,
bíonn seans ag gach duine rud ar bith atá
mícheart ina shaol a chur ina cheart.
In ainm an Athar, is an Mhic, is an Spioraid
Naoimh.
Bhíodh Laasarus ag brath ar an mbia athit ó
bhord an fhir shaibhir. Bhí bia agus deoch go
flúirseach sa saol seo ag an bhfear saibhir.
Ach nuair a fuaireadar araon bás bhí athrú
scéil ann. Bhí an fear bocht, Laasarus, ar a
sháimhín só agus bhí an fear saibhir cráite ag
an tart. Is uafásach an rud é an tart.
Tachtann duine de cheal dí. Sin é an pionós
atá i ndán do dhuine ar bith a fhaigheann bás
agus é ar meisce. Sin é an ciapadh atá i ndán
dó in ifreann ....
TADHG (ana sheasamh i measc an. tslua agus a dhorn an
airde aige leis an sagart):
Stop! Stop! Chuaigh tú fada go leor. Bhí
Seosamh Mac Gabhann

mise in ifreann sé lá na seachtaine agus bia ná


freastal ní bhfuair aon duine riamh chomh
maith agus a fuair mise...
(Beireann, PEADAR agus SEOSAMH ar an. táilliúir
chun é a chaitheamh amach. Glaonn, an táilliúir
“Stob! Stob!' agus é á chaitheamh amach.)

(Íslítear na. soilse ar radharc 5.)


Radharc 6

Nuair a ardaítear na soilse tá an táilliúir ima. shuí suas sa


leaba, é corraithe go mór agus é ag glaoch. “Stob! Stob! Stop!"
Tá greim láimhe ag Peadar air, agus tá Máire ana seasamh
in aice na leaba ar an taobh, eile.

PEADAR (ag croitheadh Thaidhg): A Thaidhg A


Thaidhg! Bhí tú ag brionglóideach.
TADHG: Ná himigh uaim, a Pheadair.
PEADAR: Ní imeoidh mé. Fanfaidh mé leat. Féach cé tá
anseo?” Do dheirfiúr, Máire.
TADHG: Máire! Cá bhfuil sí?
MÁIRE (ag brostú chuige agus ag breith ar lámh air): A
Thaidhg...a Thaidhg... (Briseann sí amach
ag 801.)
PEADAR: Tháinig sí ceathrú uaire ó shin nuair a bhí tú
ag brionglóideach.
TADHG: Tá áthas orm gur tháinig tú, a Mháire. Bhí
mé ag brionglóideach ansin faoi eachtra a
tharla dom sular imigh tú go Meiriceá, fiche
bliin ó shin, eachtra a chuir athrú iomlán ar
mo shaol.
PEADAR: Thóg sé an pléedge an uair sin agus níor ól sé
braon óshin.
TADHG: Má thugaimse an óledge duit is gearr a thógfas
tú é. Tabharfaidh mé m'fhocal duit. .. go
brách arís ní ghabhfaidh mé le fána...
(Beireann. Peadar ar mhuimnchille a cóta ar Mháire
agus tugann sé 4 leataobh í.)
Seosamh Mac Gabhann

PEADAR: Tá sé ar ais arís ag brionglóideach. Is maith


an rud gur tháinig tú mar ní fada eile a
mhairfidh sé.
MÁIRE: Céard a d'éirigh dó, a Pheadair” An ndúirt an
dochtúir céardabhí air?
PEADAR: Ó, an fear bocht. Tá galar air nach bhfuil
leigheas air. Bhí an sagart leis is tá gach rud
curtha i dtoll a chéile aige.
TADHG (go lag-ghlórach): Go brách arís ní ghabhfaidh
mé le fána... a Pheadair... a Pheadair ...
(Luíonn sé siar sa leaba.)
(Brostaíonn Peadar chuige. Tar éis féachaint ai,
téann sé ar a ghlúine. Gearrann sé fíor na croise
air féin agus tosaíonn sé ag rá Phaidir na Mambh.)
PEADAR: Ocht lá dhéag de bheannacht dhílis Dé is na
hEaglaise...
(ÍSlítear na soilse go mall agus cloistear 'Aue
Maria' á chanadh.)

BRAT
tae Ea mm “i

úg ráhivs nó. búsinú il mire


sigh mo) Meon i
lia don sis nigwa sr tnel ag sn)
, uI AA ia Ó ó dasag bhl
c
RA aw
“A 'aAU bai$
E “a W. mai Ly-
ÁTIOEHh ah ahmbua gab
how sadhá
AOIS Ua “i Kk NA! T0 aFaiái:aig, aógasomw&b)
Ka90,, uo a0w6/' án uaiN puoeié) sia nA. Mh cál
&ag24 1 éist cá we 30090“ máá 4
mm“ A “ ó “ is Im - a .

-A sassiR/ Ww:3 Is TA FS sú seól, i I

ta é imosv osna Sármanfaha enaihhh


rn
ti i '

taifha RA Semus
iúi; Ex
5

á w i" “As EA.

á E I
á

V i Ma w “(as La A Aisce sis;


I
[ ) IR: & fa aba me -—- fras

et ná Mrioecl, fiche
Gá ó ala lais á ages gai Imniái JC
. “. n
fé i ' . há sé hAir siaiggus néor(á AR3

is mm múr Ui ié gorair sis.

worth b sheasiss gá: jÍ


mc Um sos

aiiirtiin
(UIMHNE
... Ceacht ríomhaireachta - ceacht saoil ... bob á bhualadh ag
ógánaigh ar a chéile ... leatrom dearthár ar a dheirfiúr ...
táilliúir a chaith seal in ifreann ...
Ceithre dhráma ghairide do dhéagóirí óga atá taitneamhach le
léamh, agus a mbainfidh cách sult as a léiriú.
As Bealach an Doirín i gCo. Ros Comáin do Sheosamh Mac
Gabhann, Uachtarán an Chumainn Scoildrámaíochta.
Tá a shaol múinteoireachta caite aige ag saothrú ar son a
dhaltaí agus le forbairt an cheoil agus na drámaíochta ina
cheantar féin. Fiche dráma ar fad atá scriofa aige, idir
dhrámaí do pháistí bunscoile, do dhéagóirí agus do
dhaoine fásta, agus Craobh na hEireann bainte amach
aige lena bhformhór. Tá dráma amháin leis, “Oileán na
bhFaoileán', ar an gcúrsa Gaeilge don Teastas Sóisearach
(foilsíodh den chéad uair é in 33 Dráimaí Gaeilge do Ghasúir
Scoile in eagar ag Nóirín Ní Nuadháin).
Nóirín Ní Nuadháin, as Bealach an Doirín, a chuir in eagar.

£4 / & 5.08
LSEBN f 902420-26-8

as FA 90 2 4240264

sv
Cló Iar-Chonnachta
Indreabhán, Co. na Gaillimhe, Éire.
Teil: 091-593307 Eacs: 091-593362
r-phost: cic(áiol.ie
http://www.cic.ie

You might also like