Professional Documents
Culture Documents
Lydia Uí Ruairc Ceacht 10 Mo Ghrá Sa Idir Lúibíní
Lydia Uí Ruairc Ceacht 10 Mo Ghrá Sa Idir Lúibíní
Sa cheacht seo déanfar plé ar an dán Mo Ghrá-sa (idir lúibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill. Tá ceisteanna
agus nótaí ag baint leis an gceacht seo.
https://www.tg4.ie/ga/brandai-eile/foghlaim/danta/mo-ghra-sa-idir-luibini/proifil-nuala-ni-
dhomhnaill/
https://www.tg4.ie/ga/brandai-eile/foghlaim/danta/mo-ghra-sa-idir-luibini/mo-ghra-sa-idir-luibini-
le-nuala-ni-dhomhnaill/
Deir Nuala Ní Dhomhnaill go bhfuil spéis aici sa bhreith, sa bhás agus sa mhéid atá idir eatarthu, an
grá. Déan plé ar léiriú an ghrá sa dán seo, Mo Ghrá-sa (idir lúibíní).
Níl amhras ar bith ann ach gur dán grá é Mo Ghrá-sa (idir lúibíní). Cé go ndéanann an file
mugadh magadh faoina fear le linn an dáin seo is léir go bhfuil sí buíoch dó agus sásta leis. Sa chéad
véarsa deir an file nach bhfuil a grá-sa ‘mar bhláth na n-airní/a bhíonn i ngairdín/(nó ar chrann ar bith).’
Tá idirthéacsúlacht le feiceáil san íomhá den bhláth bán álainn seo. Sna seandánta Gaelacha ag na filí
fadó bhíodh a gcuid leannán á gcur i gcomparáid acu le bláthanna áille bána a léirigh a ndathúlacht, a
soineantacht agus a n-óige. Tá an file ag dul i gcoinne an traidisiúin sin láithreach, áfach, agus í a rá
nach bhfuil a fear dathúil mar sin. Níl sé bán agus geal, tá sé dorcha agus fiáin. Ní thagann sé leis an
tseaníomhá de dhathúlacht ar chor ar bith. Sin an fáth a dtaitníonn sé léi!
Ní haon ‘nóinín’ é ach a mhalairt. Is fear é nach bhfuil aon bhaint aige le galántacht agus beidh
sé amhlaidh go lá a bháis. Ní duine sofaisticiúil ná galánta é, ní chuireann sé spéis i mbláthanna ach is
cuma leis an bhfile faoi nithe suaracha den chineál sin. Is fear é a thugann aire di agus ar féidir léi brath
air. Is cuma léi faoi nóiníní dáiríre nuair atá buanghrá aige di. Níl sna nóiníní ach cur i gcéill dar leis an
bhfile.
Deir an file ‘ní haon ghlaise ceolmhar iad a shúile/ (táid róchóngarach dá chéile/ ar an gcéad dul
síos). De ghnáth bíonn mian do chroí níos áille agus níos dathúla ná aon duine eile ar domhan ach tá
an file réadúil. Tuigeann sí nach bhfuil a fear ar nós prionsa ná maincín ach ní chuireann sin as di.
Déanann sí é a léiriú mar atá, le lochtanna agus le fabhtaí. Ní hé sin le rá, áfach, nach bhfuil grá aici dó
agus nach bhfuil sé foirfe ina súile féin.
Níl gruaig mhín ar nós síoda aige. Arís, sna seandánta traidisiúnta bhíodh sé de nós ag na filí
gruaig
álainn a leannáin a mholadh go hard ach tá gruaig an fhir sa dán seo ar nós gruaig fhiáin na gcailleach
in Macbeth de chuid Shakespeare. ‘tá ribí a chuid gruaige/(mar bhean dhubh Shakespeare)/ina wire
deilgní). Ní thugann an fear aire dó féin is léir ach, arís, is cuma léi faoi sin mar ag deireadh an lae, ní
hé an rud is tábhachtaí don bheirt acu. Cuireann siad luach ar rudaí atá níos doimhne sa chaidreamh.
Deir an file go ‘dtugann sé dom úlla/(is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar caora finiúna)’. Is
cinnte gur fear maith é fear an fhile. Tugann sé aire di, cuireann sé rudaí ar fáil di, bíonn sé
flaithiúil agus é sona. Léiríonn an dán seo gur fearr a bheith dílis, cineálta agus tuisceanach seachas
dathúil, rómánsúil agus galánta. Cé go bhfuil an dán seo breac le jócanna ó thús go deireadh,
tá croí an dáin lán le grá agus le teachtaireacht láidir – nach bhfuil grá geal an fhile mar aon le duine
ar bith eile agus sin mar is fearr léi é!
Ceisteanna Scrúdaithe
• ‘Léirítear an grá ar bhealach neamhchoinbhinsinúil sa dán seo.’ Do thuairim uait faoin
ráiteas sin.
• ‘Is duine neamhghnách é grá geal an fhile sa dán seo.’ Déan plé ar an ráiteas sin.
• Déan plé ar úsáid dhá theicnic fhileata sa dán seo agus an chaoi a mbaintear úsáid astu.