You are on page 1of 9

Ar Maidin

Oscail an doras,
Téigh isteach.
Seo é do bhord,
Suí isteach.
Faigh do mhála,
Is oscail é.
Tóg amach do leabhar,
Is bí ag léamh.
Duilleoga
Duilleoga deasa deasa,
Duilleoga deasa buí.
Duilleoga deasa deasa,
Ag damhsa ar an gclaí.

Duilleoga deasa deasa,


Duilleoga deasa buí.
Duilleoga deasa deasa,
S’acu atá an spraoi.

Duilleoga deasa deasa,


Duilleoga deasa buí.
Duilleoga deasa deasa,
Ar thalamh ina luí.
1, 2, 3
A haon, a dó,
Muc is bó.
A trí, a ceathair,
Mála, leathair.
A cúig, a sé,
Bainne is tae.
A seacht, a hocht,
Paiste bocht.
A naoi, a deich,
Uisce te.
An Maith Leat?
An maith leat pizza?
An maith leat ubh?
An maith leat burgar?
An maith leat subh?
An maith leat milseáin?
An maith leat prátaí?
An maith leat brioscáin?
An maith leat cácaí?
An Bricfeasta
Ithim leite,
Ithim ubh,
Ólaim tae,
Is maith liom subh.
Bainne ar an leite,
Im ar an arán,
Siúcra ar thae,
Agus bímse lán.
Lámh Lámh Rile
Lámh lámh eile, a haon, a dó
Cos cos eile, a haon, a dó
Suil suil eile, a haon, a dó
Cluas cluas eile a haon, a dó
Ceann srón, beal, smig, agus
fíacla bána sa bheal istigh.
Mise an Trean
Mise an traein, puf, puf,puf,
Mise an madra, bhuf, bhuf, bhuf.
Mise an bus, bíp, bíp, bíp,
Mise an sicín, síp, síp, síp.

You might also like